Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'aithneodh Gaeilgeoirí that Irish speakers would recognise
" Cé gur scar na teangacha sin ón Ghaeilge i bhfad ní ba luaithe, tá cúpla focal Briotáinise a d'aithneodh Gaeilgeoirí, mar shampla, *du *(dubh); *glas *(glas agus gorm); *kamm *(cam); *mat *(maith); *kanan *(canadh); agus *an ti *(an teach).
Gaeilgeoir Irish speaker
" Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
Gaeilgeoir i gcéin tipiciúil a typical Irish speaker abroad
" Ní chreidim gur "Gaeilgeoir i gcéin tipiciúil" mé féin, agus níl mé cinnte an bhfuil a leithéid ann ach oiread.
mo chomh-Ghaeilgeoir dílis my loyal fellow Irish speaker
" Chuir mé tús maith le caidreamh nua freisin agus, tar éis bliana de shuirí, lán de thurais eitleáin agus glaonna teileafóin go mall san oíche, d'fhág mé mo shaol míshásúil i Meiriceá agus bhog mé go Sasana chun mo chomh-Ghaeilgeoir dílis a phósadh.
Gaeilgeoir den scoth an excellent Irish speaker
" Ciarraíoch go smior agus Gaeilgeoir den scoth é.
cearta Gaeilgeoirí a chosaint to protect the rights of Irish speakers
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
Gaeilgeoir ócáideach occasional Irish speaker
" Obair na paróiste an cúram a bhí air agus, diaidh ar ndiaidh, chaill sé teagmháil leis an teanga bheo agus rinneadh Gaeilgeoir ócáideach de, duine de na daoine sin a raibh cáilíocht ollscoile teanga acu ach nár bhain úsáid as an teanga ar bhealach ar bith rialta.
Gaeilgeoirí aitheanta, recognized Irish speakers,
" Bullaí fir, a Gharage! “Agus, ós ag caint dúinn ar an Seanad, nach bhfuil sé lán go doras cheana féin le Gaeilgeoirí aitheanta, leithéidí Davina Norris agus Shane Cross agus Ivana Bare Cheek! An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge.
na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe the United Gay Irish Speakers
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
Gaeilgeoirí ó dhúchas native Irish speakers
" Bhí Gaeilge ag go leor den dream a bhí ag teacht ach bhí siad go léir mar a bheadh Gaeilgeoirí ó dhúchas ann, beagnach, nuair a tháinig siad amach ó Bhean Uí Chadhain.
os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí. in front of an audience full of Irish speakers
" Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí.
an ghlúin Gaeilgeoirí aníos the next generation of Irish speakers
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
Gaeilgeoirí uaisle Laighean the noble Irish speakers of Leinster
" Is minic a chloisinn ‘Cill Mhantaín’ ag Gaeilgeoirí uaisle Laighean, cuir i gcás.
chóilíniú le Gaeilgeoirí díograiseacha to colonize with Irish enthusiasts
" ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ a thug sé ar an bhfís a bhí aige: an Ghaeltacht a chóilíniú le Gaeilgeoirí díograiseacha.
Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile the Irish network knows each other
" Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile =============== Tháinig an duine ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh.
tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, every Irish speaker in the Six Counties is being penalised,
" Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.