Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Giúdaigh the Jews
" Ansin pléadh inimircigh a tháinig níos moille, mar na Giúdaigh - bhí pobal rathúil acu ag tús an 20ú haois, ach níl ach 200 duine ann anois.
Giúdaigh Jews
" "Tá Giúdaigh, Arabaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ina gcónaí sa tsráid seo," arsa Gerry McCullough a d'fhág a theach cónaithe féin i dtuaisceart Bhéal Feirste i ndiaidh 20 ionsaí taobh istigh de 18 mí.
ráitis fhrith-Ghiúdacha anti-Semetic statements
" B'éard is cúis leis an raic ná ráitis fhrith-Ghiúdacha a dúradh a rinne an scríbhneoir Francis Stuart ar chlár teilifíse a craoladh ar Channel 4.
Ghiúdaigh Jews
" Deirtear go bhfuil níos mó ná 30 grúpa san iarthar amháin, idir threibheanna de dhúchasaigh, Ghiúdaigh, Sheapánaigh, Rúisigh, agus dhaoine a shíolraigh ó na sclábhaithe Afracacha; gach dream acu lena gcuid nósanna agus cultúr féin.
Giúdaigh Jews
" Bhí ilghnéitheacht chiníoch i gceist sa chomharsanacht ag an am sin, agus bhí daoine dubha chomh maith le Giúdaigh ansin.
na Giúdaigh the Jews
" Cuireadh na Giúdaigh faoi Dhlíthe Nuremberg, ansin ó 1941 seoladh go dtí baile geiteo darbh ainm Terezín iad, ansin ó Terezín go dtí na campaí díothaithe.
an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis the Judeo-Christian beliefs on sexuality
" Tá an-mholadh tugtha ag an Eite Dheas Chráifeach don chlár seo, ach deir siad siúd atá ina choinne go bhfuil an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis mar bhunús leis, agus nár cheart go mbeadh sé seo amhlaidh i gcuraclam na scoileanna poiblí.
mhaoin Ghiúdach Jewish property
" Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
Chomhairle Lárnach na nGiúdach the Central Council of Jews
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
Giúdaigh Jews
" Nuair a smaoiním ar na huaireanta fada a chaith mé ag lorg fíricí a bhí riachtanach chun mo phost a dhéanamh i gceart - An bhfuil coilíneacht lobhar taobh amuigh de New Orleans, i ndáiríre? Cén stát sna Stáit Aontaithe a bhfuil an ráta is airde póstaí idir col ceathracha ann? Cén difear atá idir Giúdaigh *Hasidic *agus cineálacha eile Giúdach? - deirim liom féin gur mór an trua nach raibh Wikipedia ((www.
Giúdaigh Jews
" Chuimhnigh mé ar an eachtra seo nuair a chuala mé focail Mháire Mhic Ghiolla Íosa, ag cur an dearcaidh a bhí ag Protastúnaigh i leith na gCaitliceach i gcomparáid le dearcadh na Naitsithe ar na Giúdaigh (agus samplaí eile den chiníochas).
Ghiúdaigh Jews
" "Ach thugadh siad fuath díchéillí ar Ghiúdaigh dá bpáistí ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine i dTuaisceart Éireann fuath díchéillí dá bpáistí, mar shampla, ar Chaitlicigh, ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine fuath náireach agus díchéillí dá bpáistí orthu siúd a raibh dath difriúil orthu agus na rudaí sin ar fad," a dúirt sí.
scoil Ghiúdach Jewish school
" Tá Louis é féin pósta le Chookie, múinteoir bunscoile i scoil Ghiúdach Stratford i Ráth Garbh.
post an raibí Ghiúdaigh the Jewish rabbi's job
" Tá post an mhinistir Phrotastúnaigh (#51) i bhfad níos airde ná ceann an tsagairt Chaitlicigh (#102), agus post an raibí Ghiúdaigh (#140).
Giúdaigh Jews
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
Ghiúdacha Jewish
" Scrúdaíonn Debray forbairt an choincheapa den dia aibítreach, mar a thugann sé air, trí mheán sraith de mhaitrísí struchtúraitheacha, idir Ghiúdacha, Héilléanacha agus Rómhánacha, a dhealbhaigh agus a chódaigh tógáil éifeachtach pholaitíochta agus diagachta in imeacht na n-aoiseanna.
Ghiúdacha Jewish
" Scrúdaíonn Debray forbairt an choincheapa den dia aibítreach, mar a thugann sé air, trí mheán sraith de mhaitrísí struchtúraitheacha, idir Ghiúdacha, Héilléanacha agus Rómhánacha, a dhealbhaigh agus a chódaigh tógáil éifeachtach pholaitíochta agus diagachta in imeacht na n-aoiseanna.
Giúdaigh Jews
" Cé gur mná Gael-Mheiriceánacha ab ea céatadán ard de na múinteoirí i scoileanna Nua-Eabhrac roimhe seo, in aigne dhaltaí an lae inniu is Giúdaigh iad na múinteoirí geala ar fad, ach amháin má deir siad a mhalairt.
an ciníochas frith-Ghiúdach the anti-Jewish racism
" Níor chabhraigh ach oiread an ciníochas frith-Ghiúdach a bhí le sonrú i gcuid dá bhfoilseacháin.
leath na nGiúdach sin, half of those Jews,
" B’as Lublin do bhreis is leath na nGiúdach sin, ní nach ionadh agus Lublin ina ionad Giúdach chomh tábhachtach sin roimh an gcogadh.
ionad Giúdach Jewish centre
" B’as Lublin do bhreis is leath na nGiúdach sin, ní nach ionadh agus Lublin ina ionad Giúdach chomh tábhachtach sin roimh an gcogadh.
thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh. they started to shut in the Jewish inhabitants.
" Agus forlámhas glactha ag na Naitsígh ar an gcathair i Meán Fómhair 1939, thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh.
na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa the Jews who were murdered in the camp
" I mbeairic eile tá cás miotail ina bhfuil na mílte bróg ar leis na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa iad.
a thug dídean do Ghiúdaigh who gave refuge to Jews
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
a thug dídean do Ghiúdaigh the importance of the environment
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
Giúdach Jewish
" Bhí a chuid sinsear Caitliceach, Baisteach, Aindiagach, Búdaíoch, Hiondúch, Giúdach agus Moslamach.
Giúdach Jews
" Tá thart ar 650 Giúdach ina gcónaí i nGiobráltar agus is leosan formhór na siopaí ansin.
beirt Ghiúdach two Jews
" ”* Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
na Giúdaigh. the Jews
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
seancheantar na nGiúdach, Old Jewish quarter
" Is féidir an-chuid de na príomhradhairc a fheiceáil in aon lá amháin agus do scíth a ligean ag ól Zywiec nó Ozocim, nó d’fhéadfá triail a bhaint as na céadta cineál éagsúil vodka atá ar fáil – má bhíonn tú cróga go leor! **Campaí géibhinn**Bhí seancheantar na nGiúdach, Kazimerz, mar chathair inti féin go dtí an bhliain 1791.
Giúdach Jew
" Ní raibh an t-ainm Bob Dylan glactha aige go fóill – Robert Zimmerman a bhí air, Giúdach óg ó Minnesota a raibh giotár, guth úr agus eag-amhráin aige.
lonnaíochtaí na nGiúdach Jewish settlements
" D’éirigh Sharansky as a phost mar aire rialtais in Iosrael, áfach, mar gheall ar an gcinneadh lonnaíochtaí na nGiúdach a tharraingt as Stráice Gaza.
gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda the World Jewish Congress
" Ba iad muintir Bronfman (atá i gceannas ar an gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda) i gCeanada, ar leo Seagram & Sons, ba mhó a rinne go maith as an smugláil alcóil i bpáirtíocht leis an mbithiúnach Giúdach míchlúiteach Meyer Lansky.
idir Ghiúdach agus Ghintlí both Jew and Gentile
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh counters Jewish teaching
" Is 'ailse' é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.
bpobal Giúdach Jewish people
" Is dlí é a mbaintear drochúsáid as, dlí a chuireann i gcuimhne dó na ruathair a dhéantaí ar an bpobal Giúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda, dlí atá cumtha chun eagla a chur ar an ngnáthdhuine gan aon bhaint a bheith aige le duine sans papiers.
frith-Ghiúdach anti-Semite
" Is frith-Ghiúdach é, agus tá ciontú aige mar gheall ar seo : "Publishing material likely to incite racial hatred " (1998).
Giúdach Jewish
" com/watch?v=FSXZNm2jGVE) Is é an Coiste Giúdach Meiriceánach (CGM) ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí arb iad an Brúghrúpa iad.
nGiúdach Jew(s)
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
leas na nGiúdach Jewish welfare
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
Ghiúdaigh na Polainne the Polish Jews
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
theoiric chomhcheilge fhrith-Ghiúdach anti-Semitic conspiracy theories
" Aithint an Mhóraimh ========== Cé gur féidir leis na hIosraelaigh scigmhagadh a dhéanamh faoi líomhaintí mar sin mar “theoiric chomhcheilge fhrith-Ghiúdach” – beag beann ar na fíricí – rinne Qaddafi rud éigin níos luaithe sa bhliain sin a chuir isteach go mór orthu.
na sean-Ghiúdaigh a cuireadh fé ghéibheann the old Jews who were interned
" Déanann fear amháin comparáid idir muintir na Gaeilge agus na sean-Ghiúdaigh a cuireadh fé ghéibheann ag Pharaoh.
Séanann Giúdaigh gur mana dá gcuid a bhí ann Jews deny that it was a motto of theirs
" Séanann Giúdaigh gur mana dá gcuid a bhí ann ar baineadh úsáid as 50 bliain roimh bhunú na gluaiseachta Síónaigh ach i 1901, dúirt an scríbhneoir Giúdach Israel Zangwill: "*Palestine has but a small population of Arabs and fellahin and wandering, lawless, blackmailing Bedouin tribes*.
lámhach na nGiúdach shooting of the Jews
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
fuil agus mothúcháin daonna an Ghiúdaigh blood and the human feeling of Jew(s)
" Do thaispeáin Jerzy Gralek (Shylock) fuil agus mothúcháin daonna an Ghiúdaigh dúinn os comhair na habhann in aice le hOspidéal na Trócaire.
a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn which bring to light for us the story of Jews
" Cé gur bhain rún an Fhrancaigh le ré ársa, is féidir linn na tréithe chéanna a aithint i saothar an stairí Bhriotanaigh Simon Schama, ach go háirithe ina chláracha teilifíse nua a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn ar an mBBC, *The Story of the Jews*.
oilithreacht na nGiúdach the Jews exile
" Más ea, ba dheacair an rud é scéal níos leanúnaí ná oilithreacht na nGiúdach ó ré Pharaoh go dtí ré an tSoilsithe a dh’fháilt.
crógacht na nGiúdach the courage of the Jews
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
ar riocht na nGiúdach on the state of the Jews
" Mionscagadh fíorphearsanta ar riocht na nGiúdach is ea é.
mar gheall ar iompar na nGiúdach about Jewish behaviour
" With that knowledge, with that sense of the Jews having never had the power of their own national home, how could you not be a Zionist?*” Múineann na cláracha breátha seo aige ceachtanna éagsúla dúinn, ceachtanna mar gheall ar iompar na nGiúdach san Éigipt agus mar gheall ar na foinsí Giúdacha a chruthaigh naimhdeas Wagner dos na Giúdaigh níos déanaí.
bhfillfeadh na Giúdaigh the Jews would return
" Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta.
gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh shoulder to shoulder with the Jews
" Thosaigh an lucht féachana – cúpla céad duine - ag siúl ina gcuideachta, muidinne Caitlicigh, Protastúnaigh ag mórshiúl gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh .
Ní Giúdaigh a bhí ionainn we weren’t Jews
" Ní Giúdaigh a bhí ionainn ach lucht na gCeart Sibhialta.
Otharlann na nGiúdach of the Jewish hospitals
" Tacaíonn tromlach an phobail leis an gcairt ar fud an chúige, ach tháinig dreamanna mionlaigh – uachtarán Otharlann na nGiúdach, Dr.
sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa the Jews were corralled into the Warsaw Ghetto
" Cuimhnímis nuair a sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa, ní raibh de chosaint acu ach na tolláin a thógadar.
phobal Giúdach Jews
" Imeallú SAM agus tubaiste don phobal Giúdach atá ag titim amach mar gheall ar an ‘obliterating the hopes of another people’ atá ar siúl sa Mheán-Oirthear le dhá ghlúin anuas.