Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i leith na nGormach. as regards black people.
" Ní raibh sé ar intinn acu drochmheas a léiriú agus díobháil a dhéanamh, ach mar sin féin thaispeáin scéal grinn an ghrúpa seo sean-Iodálach chomh deacair is a bheas sé fáil réidh leis an seandearcadh atá ag daoine áirithe sna Stáit Aontaithe i leith na nGormach.
go háirithe más Gormach é! especially if he is black!
" Agus ní fios go fóill cén dearcadh a bheidh ag an gcéad uachtarán eile i leith na heaglaise seo, go háirithe más Gormach é! *Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
streachailt na nGormach. struggle of black people
" Rinne siad amhlaidh le haird an domhain mhóir a tharraingt ar streachailt na nGormach.
gormaigh black people
" Cé gur gormaigh iad deich faoin chéad de dhaonra na cathrach, ní bhíonn daoine de chuid an phobail sin le feiceáil i bhformhór na n-áiteanna i Learpholl mar bíonn drogall orthu a gceantar féin (Liverpool 8/Toxteth) a fhágáil mar gheall ar chiníochas.
ghormacha blues
" D’fhéadfá a rá, cosúil le Mary, go bhfuil repertoire s’acu bunaithe ar shnagcheol agus ar ghormacha, ach le vibe níos óige agus níos comhaimseartha.
fuascailt na nGormach Black emancipation
" Martin Luther King ina cheannaire agus ina urlabhraí ar son chearta an chine ghoirm, ach lámhachadh agus maraíodh é i mí Aibreán 1968 i Memphis, Tennessee agus cuireadh siar fuascailt na nGormach le blianta.
Gormach black people
" Tá i bhfad níos mó Gormach sa cheantar ná cheana, agus cloistear Spáinnis ar an tsráid go minic.
Gormach of Black people
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
níl Gormaigh ar bith there are no Blacks
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
Is lú i bhfad na Gormaigh fostaithe a lot less Blacks are employed
" Is lú i bhfad na Gormaigh fostaithe ná na Gealaigh, agus dá réir sin is mó an choiriúlacht ina measc.
Gormaigh áitiúla local black people
" Fiafraítear den sagart “*Who’s goin’ home*” in áit, “cé a cailleadh?” Feictear Gormaigh áitiúla ó chomharsanacht Tremé (sráid cháiliúil) ag rince sna boulevards ársa agus iad gléasta in éadaí ildaite na Meiriceánach dúchais, .
na gormacha ‘the blues’
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
a thuig cás na nGormach who understood the side of the Black People
" Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í a thuig cás na nGormach ar chor ar bith.