Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an idirlíon on the Internet
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
idirlíon internet
" Ligeann WAP (Wireless Application Protocol / Prótacal Feidhmiúcháin Neamhshreangaithe) d'úsáideoirí guthán soghluaiste agus ríomhairí neamhshreangaithe araon teacht ar an idirlíon agus úsáid a bhaint as.
húsáideoirí an idirlín Internet users
" Níl an lá tagtha fós gur féidir le húsáideoirí an idirlín brath ar leibhéil réasúnta príobháideachta - agus is beag duine a bhfuil a fhios aige go díreach cé mhéad dá chuid eolais phearsanta atá gan chosaint.
an t-idirlíon the internet
" Gach uair a úsáideann duine an t-idirlíon bailítear eolas faoi, agus is beag smacht atá ag aon duine ar an rud a dhéantar leis na sonraí sin.
bhrabhsálaí idirlín Internet browser
" Ina leithéid de chás, is fearr i gcónaí a chinntiú go bhfuil pictiúr de "ghlas dúnta" le feiscint ar dheis ag bun na fuinneoige den bhrabhsálaí idirlín.
ar thairseach na réabhlóide idirlín on the threshold of the Internet revolution
" Bhíomar ar thairseach na réabhlóide idirlín díreach agus Gaeltext á sheoladh ag Aertel agus bhí "saineolaithe" ann a cheap go mb'fhéidir go raibh deireadh le ré an teilithéacs le teacht ré nua na gcipirspásairí! Ach a mhalairt a tharla.
idirlíon Internet
" Tá sé beartaithe ag an stáisiún tús a chur le craoladh beo ar an idirlíon am éigin an bhliain seo chugainn agus ba mhaith le Fionnuala go bhfaigheadh siad ceadúnas le craoladh ar bhonn náisiúnta amach anseo.
an t-idirlíon the Internet
" Ach is mó athrú atá tagtha ar an domhan ó bhí 1977 ann: géinteicneolaíocht; an t-idirlíon; físteicneolaíocht; teileafóin shoghluaiste.
soláthraí seirbhísí idirlín ISP
" Ansin chuaigh an teachtaireacht go dtí an Micí eile, a oibríonn don soláthraí seirbhísí idirlín.
comhlacht soghluaiste idirlín Internet mobile company
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
ré an idirlín the Internet era
" Le ré an idirlín tá na teorainneacha sin ag imeacht.
idirlíon Internet
" I gcónaí ag smaoineamh ar dhóigheanna nua chun teagmháil a dhéanamh leis an phobal agus coinneáil céim amháin chun tosaigh ar na hiomaitheoirí, lainseáil muintir Uí Chionnaith dánlann shamhalta ar an idirlíon le déanaí www.
idirlín Internet
" Tá inrochtaineacht ar cheann de na téarmaí is tábhachtaí i saol an idirlín faoi láthair.
soláthraí seirbhísí idirlín internet service providor
" Go luath ina dhiaidh sin, dhiúltaigh Freeserve, an soláthraí seirbhísí idirlín, glacadh le suíomh an *Portadown News* níos mó.
chláracha plé an idirlín Internet discussion forums
" Ar chláracha plé an idirlín nochtann daoine a gcuid tuairimí agus déanann plé ar na fíricí.
idirlíon Internet
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad? Ar na laigí a bhaineann leis an Aonad tá go bhfuil an soláthar teoranta ó thaobh uaireanta craolta agus nach mbíonn muid ag craoladh ag na buaicamanna - ach amháin ar an idirlíon.
idirlíon Internet
" Is trua nach bhfuil níos mó ábhair ar fáil do dhaoine óga ar dhlúthdhioscaí oideachasúla agus ar an idirlíon.
eolaire idirlín Internet directory
" com) - leagan den eolaire idirlín Yahoo! atá dírithe ar pháistí.
an idirlíon the Internet
" De réir an chloig atá ag an mbiúró ar an idirlíon agus a thaispeánann athruithe daonra gach cúpla nóiméad, bhí 19.
an t-idirlíon the Internet
" Ceann de na cúiseanna leis sin ná go mbíonn ar an tomhaltóir íoc chun an t-idirlíon a úsáid agus chun gach fógra a léamh.
a bhuí sin don idirlíon thanks to the Internet
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
an t-idirlíon the Internet
" Ba é an ríomhaire agus an t-idirlíon a thóg an fhad sin mé.
an idirlín the Internet
" Ach áit go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an saol ná in úsáid an idirlín chun siopadóireacht agus gnó bainc a dhéanamh, agus chun teilea-obair a dhéanamh.
an idirlíon The Internet
" " Tá an-úsáid bainte ag muintir Ecotopia as an idirlíon chun eolas a scaipeadh faoin teacht le chéile - mar shampla, tá liosta ríomhphoist agus suíomh gréasáin bunaithe acu.
lucht scimeála an idirlín Internet surfers
" An chuid is mó den am, bím ag déanamh taighde ar an Ghaeilge fá choinne foclóra Fionlainnise agus Gaeilge atá mé a chur ar an idirlíon, nó ag scríobh leathanaigh eolais nó siamsaíochta as Gaeilge le haghaidh lucht scimeála an idirlín.
seomra ríomhaireachta agus idirlín computing and Internet room
" Tá áiseanna le haghaidh gach cluiche faoi dhíon san Áislann, chomh maith le leabharlann, seomra ríomhaireachta agus idirlín, seomraí feistis, cistin, seomraí cruinnithe, seomra do na naíonraí, seomra snúcair agus pictiúrlann/amharclann is féidir a chur in áirithe do chruinnithe móra chomh maith.
brabhsálaí idirlín web browser
" Le córas *webmail*, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh.
costais arda idirlín high Internet costs
" ) Tá sé seo tábhachtach i dtíortha le costais arda idirlín ar nós na hÉireann ach níl sé ina chur isteach mór i Meiriceá, mar shampla.
ar an idirlíon on the Internet
" Chuir muid aithne ar a chéile ar an idirlíon fríd an liosta Gaelic-L agus bhí sé an-chuiditheach i gcónaí.
an idirlíon the Internet
" An t-idirlíon ======= Mar a bheifeá ag súil, baineann an ghairm is sine ar domhan úsáid as an idirlíon agus as an nuatheicneolaíocht.
úsáideoirí idirlín Internet users
" Faigheann úsáideoirí idirlín tairiscintí ina mbosca teachtaireachtaí ríomhphoist a chuireann ar an eolas iad faoi shuímh ghréasáin ar féidir leo cuairt a thabhairt orthu agus "na hearraí" atá ar taispeáint a cheannach gan bráca nó dainséar.
suirbhé idirlín Internet survey
" I suirbhé idirlín a rinne an comhlacht Netvalue, tháinig an Iodáil sa cheathrú háit san Eoraip maidir le húsáid an idirlín chun gnéas a fháil; measadh go raibh suas le dhá mhilliún agus trí chéad míle fear ag úsáid an chur chuige seo.
foilseachán idirlín internet publications
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
an idirlíon the Internet
" Bhí an fhianaise a cuireadh ar fáil trí bliana d'aois agus é le fáil ag aon duine ar an idirlíon.
an idirlíon the Internet
" An mbaineann sibh mórán úsáide as an teicneolaíocht? Bainimid úsáid as an idirlíon, agus as bogearraí éagsúla ar nós Excel, Access, Word agus Outlook.
d'úsáideoirí idirlín of Internet users
" Deir beagnach 70% d'úsáideoirí idirlín anseo nach bhfuil comhlachtaí ag déanamh go leor chun a léiriú go bhfuil sé slán dul ag siopadóireacht ar an idirlíon.
an idirlíon the Internet
" D'aimsigh mé an áit ar an idirlíon - tá ceol ar shuíomh gréasáin s'acu agus fógraítear an lóistín mar áit ina bhfuil cosc ar thobac.
caife idirlín Internet cafe
" Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat.
i gcúrsaí idirlín in Internet matters
" Tá mistéir mhór ag baint le coincheap an bhandaleithid leathain i gcúrsaí idirlín faoi láthair.
idirlíon Internet
" Chuir an tIonad tús le cúrsa ar an idirlíon mí Mheán Fómhair seo caite agus cheana féin tá suas le céad duine tar éis clárú do na cúrsaí atá curtha ar fáil, go leor acu as tíortha i bhfad i gcéin mar na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, An Chambóid, agus An Afganastáin.
húsáid an idirlín Internet use
" Cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha maidir le húsáid an idirlín i gcúrsaí gnó, tá go leor fadhbanna le sárú sna tíortha sin go fóill.
ar an idirlíon on the Internet
" com (an siopa leabhar Gaeilge is mó ar an idirlíon) féna scáth freisin.
trí mheán an idirlín through the medium of the Internet
" net nuair a bhunaigh sibh é? Ranganna Gaeilge labhartha a chur ar fáil trí mheán an idirlín a thabharfadh cabhair do dhaltaí ar fud an domhain chun an Ghaeilge a labhairt, agus san am céanna an ceangal a dhéanamh idir na foghlaimeoirí agus lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht i slí is go bhfaigheadh siad spreagadh chun leanúint ar aghaidh á labhairt agus á tabhairt dá gclann.
tríd an idirlíon through the Internet
" D'fhiafraigh mé de faoin "chóras gréasáin teicneolaíochta eolais" agus dúirt sé nach raibh i gceist ach córas le hearraí a dhíol tríd an idirlíon.
ceangal idirlín internet connection
" Ansin, fuair mé ceangal idirlín agus d'fhiafraigh mé i seomra cainte cén áit a bhféadfainn an Ghaeilge a fhoghlaim.
ar an idirlíon on the internet
" Tá sé cruthaithe ag *Beo!, *a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.
le cabhair an idirlín with help from the internet
" An líon síniú is airde ariamh a bailíodh le chéile ar aon ábhar amháin, le cabhair an idirlín, ar ndóigh.
bhrabhsálaí idirlín Internet browser
" com" isteach i do bhrabhsálaí idirlín, feicfidh tú suíomh ag comhlacht i Hong Kong atá tar éis an t-ainm sin a cheannach - suíomh dána a dhéanann iarracht é féin a chur in áit do ghnáthleathanaigh baile.
an idirlíon the Internet
" Tá sí ag reáchtáil cúrsa Gaeilge tríd an idirlíon.
scigpháipéar idirlín skit Internet newspaper
" scigpháipéar idirlín ======= Ar an *Irish News*, an páipéar laethúil naisiúnach ó thuaidh, tá leathanach seachtainiúil ag Newton Emerson, eagarthóir an *Portadown News*.
an t-idirlíon the Internet
" Is mór an chabhair é an t-idirlíon nuair atá duine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe muna bhfuil cónaí air in Éirinn.
ghnáthchuardach idirlín ordinary Internet search
" Freisin, tá Google ag giniúint airgid trí naisc urraithe a thaispeáint taobh leis na torthaí ar ghnáthchuardach idirlín.
brabhsálaí idirlín Internet browser
" Mar shampla, is féidir an Google Toolbar a chur ag obair le Internet Explorer chun fógraí aníos a bhlocáil, nó is féidir brabhsálaí idirlín ar nós Opera (www.
ar an idirlíon on the Internet
" Is féidir teacht ar na híomhánna sin ar an idirlíon agus d'fhéadfaí iad a phróiseáil chun an scríbhneoireacht iontu a dhéanamh níos soiléire.
an idirlíon the Internet
" Laistigh de chúpla uair an chloig de róbó NASA grianghraif a ghlacadh ar dhromchla Mars, bíonn na grianghraif chéanna le fáil ar an idirlíon.
ar an idirlíon on the Internet
" Ní bhíonn searmanas mar seo i gcónaí riachtanach, áfach - is féidir cárta cúnaint a shíniú chomh maith ar an idirlíon.
brabhsálaí idirlín Internet browser
" Go deimhin is féidir an áis chumhachtach seo a úsáid le cláir eile ar nós brabhsálaí idirlín agus próiseálaí focal.
caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon each copy of EasyReader must be registered on the Internet
" Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.
an t-idirlíon the Internet
" " Tá lucht éisteachta nua anois ag an amhránaí ó tháinig an t-idirlíon ar an saol, Meiriceánaigh go háirithe.
ar an idirlíon on the internet
" An fhadhb atá agamsa (agus ag a lán daoine eile sa lá atá inniu ann), áfach, ná easpa ama, go háirithe agus gan mé i mo chónaí sa phríomhchathair! An deacracht is mó, i mo thuairimse, ná an easpa deiseanna ar chomhrá a dhéanamh le daoine eile, ach amháin sna seomraí cainte ar an idirlíon.
ar fud na cruinne ar an idirlíon all over the world on the internet
" Anois tá an stáisiún ar fáil ar fud na tíre ar na hardmhinicíochtaí agus ar fud na cruinne ar an idirlíon.
an t-idirlíon the Internet
" Tá níos mó áiseanna ann na laethanta seo mar chúnamh don fhoghlaimeoir nua ná mar a bhí ann nuair a thosaigh mise - an t-idirlíon thar gach uile ní.
thar an idirlíon over the Internet
" Tar éis duit na grianghraif atá roghnaithe agat a sheoladh chucu thar an idirlíon is féidir iad a íoc le cárta creidmheasa chun na híomhánna a chlóbhualadh duit agus a sheoladh ar ais sa phost chugat.
cúrsaí tráchtála ar an idirlíon internet commerce
" Thaitin sé leo deis a bheith acu labhairt le gníomhaire taistil a bhí in ann comhairle a thabhairt dóibh faoina dturas, agus ní raibh muinín acu i slándáil cúrsaí tráchtála ar an idirlíon.
ar an idirlíon on the internet
" Tá an t-ádh dearg ar fhoghlaimeoirí na laethanta seo mar go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 le fáil ar an idirlíon, agus molaim dóibh a bheith ag éisteacht leo.
scimeáil ar an idirlíon surfing the internet
" Éinne a bhfuil gnáthmhóideim aige, agus atá ag brath ar dhiailiú-rochtain, tuigfidh sé an frustrachas a bhaineann le nascleanúint agus scimeáil ar an idirlíon.
soláthraithe seirbhísí idirlín internet service providers
" "Tá dream darb ainm Ildána ann agus is soláthraithe seirbhísí idirlín iad.
ar an idirlíon on the internet
" Éistim leis an raidió Iodáilise ar an idirlíon, agus léim nuachtáin sa dóigh chéanna.
an t-idirlíon the internet
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
ag scimeáil ar an idirlíon surfing the internet
" Ní bheadh sé fíor a mhaíomh gur íocadh go fial mé as bheith díomhaíon 95% den am, mar níor íocadh, ach ar a laghad d'fhoghlaim mé an t-uafás faoi bheith ag scimeáil ar an idirlíon.
trí mheán an idirlín through the medium of the internet
" Ar an dóigh chéanna, ba cheart go mbeadh duine i Lyon na Fraince in ann a theacht trí mheán an idirlín ar an eolas gurbh ionann bunús ainm a bhaile dúchais féin agus an t-ainm Dún Lúiche i dTír Chonaill.
ar an idirlíon on the internet
" Cuireann an ollscoil anseo an tseirbhís seo ar fáil, saor in aisce, ar an idirlíon gach seachtain.
cultúr idirlín internet culture
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
ar an idirlíon on the internet
" Fuair mé eolas ar an idirlíon faoi chúrsa a bhí á thairiscint ag Oideas Gael ((www.
cultúr idirlín internet culture
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
ar an idirlíon on the internet
" Fuair mé eolas ar an idirlíon faoi chúrsa a bhí á thairiscint ag Oideas Gael ((www.
ar an idirlíon go príomha mostly on the internet
" Thart ar an am céanna cuirfear tús le cúrsa nua raidió a bheas ar fáil ar an idirlíon go príomha.
an idirlíon the internet
" Ar an idirlíon, is féidir leat nuacht na lae a fháil, irisí a léamh, comhrá a dhéanamh le daoine eile, gramadach a fhoghlaim, agus mórán rudaí eile.
ar an idirlíon on the internet
" ” Deir Emily Darling, múinteoir Béarla tríocha bliain d’aois as Auburn, Massachusetts atá geallta le fear ar bhuail sí leis ar an idirlíon, mórán an rud céanna.
murach an t-idirlíon if it wasn't for the internet
" Ach murach an t-idirlíon, ní chasfaí ar a chéile muid ar chor ar bith.
don idirlíon to the internet
" Táim ag tagairt go speisialta don teilifís, d’fhíseáin, don ghuthán agus don idirlíon.
an t-idirlíon the internet
" Deis iontach is ea an t-idirlíon chun an aidhm chultúrtha úd a fhógairt go soiléir agus a chur chun cinn.
comhlachtaí idirlín internet companies
" Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil.
ar an idirlíon on the internet
" Chomh maith leis sin, caitheann muid níos mó ama ag amharc ar phictiúir a sheolann muid chuig a chéile ar an idirlíon – bealach bríomhar idirnáisiúnta cumarsáide a ligeann duinn ár dtaithí saoil a chur i láthair pé pobail atá ann lena fheiceáil agus a chuireann muid ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla a bhíonn ag tuairisciú ó na tíortha a bhfuil trioblóid iontú.
an idirlíon the internet
" Ar an idirlíon, is féidir leat nuacht na lae a fháil, irisí a léamh, comhrá a dhéanamh le daoine eile, gramadach a fhoghlaim, agus mórán rudaí eile.
an t-idirlíon the internet
"an t-idirlíon agus gutháin siúil tar éis an iriseoireacht a dhéanamh daonlathach - agus tá siad tar éis uirlisí nua a thabhairt do na póilíní freisin.
ar an idirlíon on the internet
" Chomh maith leis sin, caitheann muid níos mó ama ag amharc ar phictiúir a sheolann muid chuig a chéile ar an idirlíon – bealach bríomhar idirnáisiúnta cumarsáide a ligeann duinn ár dtaithí saoil a chur i láthair pé pobail atá ann lena fheiceáil agus a chuireann muid ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla a bhíonn ag tuairisciú ó na tíortha a bhfuil trioblóid iontú.
tionscadal idirlín internet project
" Ní dhearnadh rud ar bith cosúil le Wikipedia roimhe seo agus is é an tionscadal idirlín is mó a bhfuil rannpháirtithe aige.
ar an idirlíon on the internet
" Go mbeadh ranganna á dtairiscint againn ar an idirlíon agus foghlaimeoirí as gach cearn den domhan ag freastal orthu.
ar an idirlíon on the internet
" Go mbeadh ranganna á dtairiscint againn ar an idirlíon agus foghlaimeoirí as gach cearn den domhan ag freastal orthu.
ar an idirlíon on the internet
" Éistím le Raidió na Gaeltachta agus féachaim ar TG4 ar an idirlíon – is uirlisí iontacha iad sin.
i mbrabhsálaithe idirlín in internet browsers
" B’fhéidir go gcuirfidh an cur chuige réabhlóideach seo an bhrabhsáil ar ais i mbrabhsálaithe idirlín! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ar an idirlíon on the internet
" “Na Dùrachdan” teideal an chláir agus is féidir éisteacht leis ar an idirlíon.
ar an idirlíon on the internet
" B’fhéidir nuair a rachaidh an t-alt seo amach ar an idirlíon ar fud an domhain go mbeidh gach rud socraithe síos ach faoi láthair, agus sinn ag druidim i dtreo dheireadh mhí na Samhna, tá an domhan tré chéile.
ar an idirlíon on the internet
" Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
i mbrabhsálaithe idirlín in internet browsers
" B’fhéidir go gcuirfidh an cur chuige réabhlóideach seo an bhrabhsáil ar ais i mbrabhsálaithe idirlín! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna sa chomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ar an idirlíon on the internet
" Chomh maith leis sin, le tamall anuas, tá teacht agam ar an Ghaeilge ar an idirlíon.
ag brabhsáil ar an idirlíon browsing the internet
" Ach le déanaí bhraith mé go raibh go leor deiseanna teicneolaíochta á gcailliúint agam – gach áit a ndeachaigh mé bhí daoine ag brabhsáil ar an idirlíon ar a ríomhaire glúine agus ag seiceáil a ríomhphoist.
an t-idirlíon the internet
d’úsáideoirí idirlín internet users
" Níl an tseirbhís ach ag 20% (nó 200,000) d’úsáideoirí idirlín na tíre agus tá formhór na ndaoine seo ina gcónaí i gcathracha agus i roinnt bailte móra.