Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a léirigh who produced
" Is iad féin a léirigh gach albam go dtí seo, cé go raibh siad ag smaoineamh go minic ar dhuine eile a thabhairt isteach leis an obair seo a dhéanamh.
léiríodar they showed
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
a léiriú explain, illustrate
" Tá an traidisiún rómhór, níos mó i bhfad ná aon ionad cuairteoirí, ná aon fhís ar leith, ná aon iarracht a dhéanfadh aon duine againn ar é a léiriú.
léiriú poiblí public performance
" Is cinnte go bhfuil athrú mór tagtha ar a shaol ó bhí sé páirteach sa chéad léiriú poiblí de Riverdance, le linn an tsosa sa Eurovision in Earrach na bliana 1994.
á léiriú producing it
" Bhí clár á chraoladh againn mar gheall ar Choláiste na bhFiann - bhí mise á léiriú agus ag ligean do na déagóirí an chaint a dhéanamh.
léiriú illustration
" Is léiriú é seo ar an easpa ceannaireachta atá á tabhairt ag na heagraíochtaí Gaeilge ar cheist an ilchultúrachais (nach ionann é agus "faisean an Ilchultúrachais").
Léiriú illustration
" Léiriú amháin ar dheacrachtaí an pháirtí is ea gur bhog Harney ó Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas go dtí Baile Átha Cliath Lár-Thiar, dáilcheantar nua a bhfuil trí shuíochán leis.
chun a léiriú to show
" D'éirigh go hiontach leis an gcluiche Tetris roinnt blianta ó shin, agus beidh ar Microsoft teacht suas le cluiche cosúil leis chun a léiriú gur réabhlóid seachas éabhlóid atá san Xbox.
a léiriú to produce
" Táimid i ndiaidh ár gcéad dráma raidió le fada an lá a léiriú, rud a bheas le cluinstean gan mhoill.
léirithe produced
" Cé go bhfuil cúpla ceoltóir eile i dteannta Bhreanndáin ar an albam (Neil Martin ar an dordveidhil agus ar an méarchlár, agus Noel O'Grady ar an mbasoucaí) albam aonair atá ann i ndáiríre, léirithe go héifeachtach ag Gavin Ralston agus foilsithe go neamhspleách ag Breanndán féin.
a léirigh é who produced it
" Is é an giotáraí Astrálach Steve Cooney a léirigh é agus rinneadh an taifeadadh ina stiúideo i gContae Chill Dara.
easpa ómóis a léiriú to show a lack of respect
" Cén fáth a mbíonn orainn easpa ómóis a léiriú don bhratach náisiúnta ag an am céanna? An Cluiche Álainn ======= Tugtar "An Cluiche Álainn" ar an sacar ach is deacair a thuiscint cén fáth.
Léiriú illustration
" Cheana féin, tá Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí tar éis imní a Léiriú maidir le seasamh Chumann Múinteoirí Éireann, atá i gcoinne aon seiceáil a dhéanamh ar aon mhúinteoir atá ag teagasc faoi láthair.
léiríodh dom it was shown to me
" Ba é an rud ba thábhachtaí ná gur léiríodh dom nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná leathmharbh ach beo bríomhar agus í á labhairt i measc na bpáistí óga.
léirithe illustrations
" Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
an dóigh ar léirítear iad how they are shown
" Tugann a shaothar léargas ar an chaidreamh casta atá ann idir áiteanna agus eachtraí, agus an dóigh ar léirítear iad agus a ndéantar cur síos orthu ó thaobh cuimhne de.
a léiríonn which shows
" Cad é atá ar siúl in Éirinn faoi láthair? Tá fianaise ag teacht chun cinn an t-am ar fad na laethanta seo a léiríonn go bhfuil caimiléireacht fhadbhunaithe i gceist i go leor réimsí de chuid na sochaí.
léiriú illustration
" Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
léiriú illustration
" Dhealraigh sé gur scéal ab ea é a thug léiriú ar cheisteanna tromchúiseacha ag baint leis an teicneolaíocht, le cúrsaí eitice agus fealsúnachta.
léiriú illustration
" Bhí meascán de smaointe agus meáin le feiceáil i saothar an cheathrair ealaíontóirí a bhí ar an ghearrliosta, idir innill aisteacha, sceitseanna, léaráidí, scríbhneoireacht (Keith Tyson); imsuiteáil fiseáin ag léiriú Canary Wharf faoi cheo agus ag eitilt thart ag amharc anuas ar Londain (Catherine Yass).
a léiriú to illustrate
" Is breá le Christopher Fox, Stiúrthóir Institiúid an Léinn Éireannaigh, an tsuim atá ag na mic léinn i ngach rud a bhaineann le hÉirinn a léiriú trí scéal a insint faoin Ghaeilge.
mar a léiríodh thuas as was shown above
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá an-chuid acu mar a léiríodh thuas.
léiriú production
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
léiriú illustration
" Tá The Villages i lár stát Florida ar cheann de na pobail do lucht scoir is mó a mheallann daoine sna Stáit Aontaithe agus is léiriú maith é ar an saghas áite a bhíonn i gceist sna pobail seo sa réigiún Grianchreasa.
léiriú insight
" Thug an pictiúr seo léiriú ar an saol crua a bhí ag na daoine ag an am.
Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan to show Gaeltacht life to the world
" Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.
léiriú production
" Gaeilge, aisteoireacht, fuaim, léiriú.
Léiríomar gearrscannán we produced a short film
" Léiríomar gearrscannán do Bhord Scannán na hÉireann agus bhí baint nach beag againn i léirithe scannáin eile.
léiriú production
" Cheana, bhíodh drámaí Gaeilge á léiriú ag grúpaí amaitéaracha, cumainn drámaíochta is a leithéid, a bhí an-mhaith ina slí féin ach dáiríre nach raibh an t-am acu is dócha barr feabhais a chur ar cheird na haisteoireachta.
rud a léiríonn which shows
" " Agus ón lá sin bíonn cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar an reilig chun bláthanna a fhágail ar an leacht, rud a léiríonn tionchar an Éireannaigh seo.
Léirigh sé it showed
" Léirigh sé go n-oibreodh an teicneolaíocht agus nach amaidí a bhí ann.
a léiríonn which shows
" Chun an cruinneas i do cheantar féin a mheas, is féidir léarscáil a fháil a léiríonn na haeróga ar fad i gceantar faoi leith ar an suíomh gréasáin cuimsitheach atá ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide anseo in Éirinn (www.
a léiríonn which shows
" Ach tá go leor eolais tar éis teacht chun cinn a léiríonn gur lean MI6 air ag feidhmiú sa stát seo.
léiriú illustration
" Mar léiriú ar an meon úd chonaiceamar cúpla bliain ó shin an chaoi inar iompar foireann na Stát Aontaithe iad féin i gcomórtas gailf Chorn Ryder.
léiriú illustration
" Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae.
ag léiriú easpa tuisceana showing lack of understanding
" Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae.
a léiríonn which show
" Chuir an Coimisiún figiúirí nua ar fáil le gairid a léiríonn cuid de na contrárthachtaí a bhaineann le polasaithe talmhaíochta an Aontais Eorpaigh.
léirithe produced
" Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal.
léiriú illustration
" Is léiriú iad a chuid dánta ar an cheol atá taobh istigh de féin.
léiriú illustration
" léiriú é seo ar an éifeacht láidir a bhí ag ionsaithe 9/11 ar na háiteacha sin ar a dtugtar na "buirgí seachtracha".
léirigh sí she showed
" Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.
a scileanna léirithe his production skills
" Dónal Lunny as a scileanna léirithe.
mar a léiríodh as was shown
" An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B'fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.
mar a léiríonn an stair dúinn as history shows us
" I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil, mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad.
léiriú illustration
" Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
ag léiriú showing
" Tá an sobalchlár seo, atá á úsáid mar áis foghlama i méanscoileanna ar fud na hÉireann, ag léiriú don dream óg go bhfuil an Ghaeilge beo beathach agus gur féidir gach ábhar comhaimseartha a phlé trí mheán na teanga.
léiriú illustration
" Thug Rialtas na hAstráile léiriú eile le deireanaí - cé nach raibh aon ghá leis - ar an meas atá acu ar lucht iarrtha tearmainn, ar chonarthaí idirnáisiúnta agus ar thuairimí an phobail idirnáisiúnta.
ag léiriú fir showing a man
" Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.
lena míshásamh a léiriú to show their dissatisfaction
" I Feabhra 2003, thug breis agus 100,000 duine aghaidh ar na sráideanna lena míshásamh a léiriú le seasamh an rialtais i leith an chogaidh in aghaidh na hIaráice.
ag léiriú ceirníní producing records
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
le léiriú to show
" Le cois an gealltanas a dhéanamh agus an cárta cúnaint a shíniú os comhair an phobail, caitheann na rannpháirtithe fáinne ar an cheathrú méar dá lámh chlé le léiriú go bhfuil siad meáite ar an ghealltanas a choinneáil.
ag léiriú a míshástachta showing their dissatisfaction
" An tseachtain ina dhiaidh sin bhí siad ag cruinniú i gCanberra ag léiriú a míshástachta agus ag lorg cúnamh $600 milliún (€360 m.
an tIonad Léirithe the Interpretative Centre
" D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh.
é a léiriú to produce it
" Bhí Philip King ag obair liom ag an am agus d'iarr mé air é a léiriú agus dúirt sé go mbeadh suim aige fein nó ag Sonny Condell é a dhéanamh.
léirítear Íosa Jesus is shown
" Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.
aon cheangal díreach a léiriú to show any direct link
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
á léiriú being shown
" Bhí Seán ina Stiúrthóir Bainistíochta cheana féin ar Zamano - comhlacht a chuireann seirbhísí SMS ar fáil - agus bhí Ruairí ar dhuine den ghrúpa a bhunaigh WonderText, iad siúd a chuireann *bustext *ar fáil - seirbhís téacsála trínar féidir fáil amach cathain a bheidh an chéad bhus eile de chuid Bhus Átha Cliath ag teacht i do threo! Go dtí seo tá na nuálaithe seo an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag pobal na Gaeilge i Rua.
go léireofar sa scéal that it will be shown in the story
" Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin dó - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an dá ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince.
léiriú illustration
" An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
léiriú illustration
" B'fhéidir gur léiriú é seo ar staid na hiomána i gCúige Laighean agus go bhfuil an ceart ag na saineolaithe atá ag rá le roinnt blianta anuas go bhfuil Cúige Laighean ag titim ar gcúl, taobh thiar de Chúige Mumhan agus Gaillimh.
an mheas a léirítear ar an mháthair i dtólamh the respect that is always shown to mothers
" Meas ar an mháthair ======= Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa go gcaitear saothar mór le Lá na Máithreacha i Meicsiceo nuair a smaoiníonn tú ar an mheas a léirítear ar an mháthair i dtólamh, go háirithe i measc na bhfear.
ag léiriú cláracha producing programmes
" Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá muid ag obair do TG4 le cláracha faisnéise agus ag léiriú cláracha drámaíochta.
Léiriú illustration
" Ionsaí ======= Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O'Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News.
nár léiríodh roimhe which was shown before
" " An tábhacht a bhaineann le Brennan, dar le John Boland, ná go léiríonn sí saol aicme áirithe in Éirinn nár léiríodh roimhe.
mo dhiosca a léiriú to produce my disc
" Nuair a chuala mé cúpla taifeadadh dá chuid féin, d'iarr mé ar Alan mo dhiosca a léiriú agus an cóiriú a dhéanamh.
a léiríonn an íomhá which show the image
" Is tréith thábhachtach é sin mar itheann na ceamaraí digiteacha cadhnraí - go háirithe toisc go mbíonn go leor cumhachta á shú ag an scáileán beag "teilifíse" ar na ceamaraí a léiríonn an íomhá.
a léiriú to show
" Tá macasamhail an nóis Mheiriceánaigh seo na nithe a gcreideann tú féin go pearsanta iontu a léiriú don saol mór le feiceáil sa chóras polaitiúil chomh maith; tá baill d'eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail páirteach sa rialtas, agus vótóirí aonair ag cur a gcuid tuairimí in iúl don phobal, ag súil gur féidir leo dul i bhfeidhm ar pholasaithe náisiúnta.
a léiríonn which shows
" Anuas air seo, tá Brainse Speisialta an Gharda Síochána tar éis a chur in iúl don Bhreitheamh Cory le déanaí go bhfuil eolas acu siúd a léiríonn gur eagraigh an IRA luíochán ar thrí bhóthar éagsúla an lá céanna agus, dá bharr seo, nach gá go raibh aon réamheolas ag an IRA maidir leis an mbóthar ar a bhfillfeadh an bheirt oifigeach abhaile.
Le taithí a pobail a léiriú to illustrate the experience of her community
" " Le taithí a pobail a léiriú, d'inis Armie finscéal beag dúinn a chum sí féin: "Tá bean óg ann atá ag obair mar striapach.
Léiriú illustration
" Ach Léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í.
nach léiríonn go soiléir who doesn't show clearly
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
a léirigh which showed
" Bhain sé sin leagan as daoine i bhfianaise an dá phobalmheas a foilsíodh le seachtain roimhe sin a léirigh gur chreid 60% den phobal gur bréagadóir é Howard.
a léirigh which showed
" I mí an Mheithimh 2003, áfach, d'fhoilsigh an t-eagras sin staitisticí a léirigh nach raibh fáil ar leathanbhanda ach ag .
léiriú inmheánach internal production
" Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
léiriú illustration
" Lena chois sin, i dteannta leis na cláracha feiceálacha ar RTÉ ar nós "Léargas", coimisiúnaíonn RTÉ neart cláracha speisialta in aghaidh na bliana (le craoladh ar RTÉ féin) ón earnáil neamhspleách léiriúcháin.
an oiread sin spéise léirithe so much interest shown
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
léiriú illustration
" B'fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese" *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí "sleán" nó "duileasc" san am a chuaigh thart.
léiriú illustration
" Is gá an cheist a chur anois: an léiriú iad cúpla siopa nua, nach cinn Éireannacha iad, go bhfuil deireadh ag teacht leis na hÉireannaigh mar phobal i Nua-Eabhrac? D'aontaigh Dennehy agus roinnt daoine eile a cuireadh faoi agallamh le gairid leis an tuairim nach bhfuil Nua-Eabhrac chomh tarraingteach céanna mar áit chónaithe do na hÉireannaigh is a bhí, ar chúpla cúis.
a léiriú to show
" Déanfaidh *The Knitting Map*, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú.
ag léiriú showing
" Bhí an tUasal Ahern ag léiriú don phobal agus don Tánaiste Mary Harney nach raibh Fianna Fáil ag brath ar na PDs le fanacht i gcumhacht.
a léiriú to illustrate
" In áit na ndathanna tarraingteacha geala a d'úsáid sé chun na hógánaigh leis na súile mealltacha a léiriú ina shaothar luath, thiontaigh sé ar dhathanna mar dhubh agus donn le saol duine croíbhrúite agus cráite a chur in iúl.
léirithe shown
" Deirtear go bhfuil suim mhór léirithe aige i gcúrsaí iascaireachta ach i mbeagán ábhar eile.
ag léiriú showing
" Is anseo a rinne sé líníocht agus péintéireacht ag léiriú saighdiúirí marbha agus Gearmánaigh a bhí ina bpríosúnaigh, chomh maith le portráidí de na polaiteoirí agus na ginearáil.
a léiriú to show
" DENIS: Faoi Dhia, cad é sin? MÁNAS: Tá, caithfidh muid a léiriú nach ndéanfaidh na tithe seo dochar ar bith don Ghaeilge sa cheantar.
léiriú illustration
" Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
léirithe produced
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
á léiriú being shown
" Ach chomh luath is a chríochnaigh an dara Cogadh Domhanda, agus a tháinig na nuachtscannáin isteach sna pictiúrlanna agus an t-ár sna campaí agus san Uileloscadh á léiriú iontu, tháinig deireadh leis na maslaí go léir.
léirithe staged
" Bhí os cionn 250 duine páirteach sna léirithe seo ar fad! Tá Gradam an Bhéil Bhinn bronnta ar thriúr éagsúla ó 2002: Hedley Wright (Deasún Mac an tSaoir), Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.
léiriú illustration
" Bhí droch-chaoi ar an scoil seo, léiriú eile ar an easpa airgid a bhí sa cheantar agus sa tír i gcoitinne ag an am.
a léirigh sé that he showed
" Moladh é as an mhisneach a léirigh sé thar na blianta; é ag cur i gcoinne *yuppies *ón bhaile isteach a bhí ag déanamh treaspáis ar a chuid talún ar a mbealach go Beann Gulbain.
Léiriú soiléir clear illustration
" Léiriú soiléir ar chomh láidir agus bhí an dearcadh seo i measc chosmhuintir Fhianna Fáil is ea an comóradh caoga bliain a d'eagraigh an páirtí i 1966 in onóir laochra na Cásca.
a léiriú to illustrate
" Ar an gcaoi chéanna, dar ndóigh, tá an t-idirlíon tar éis eolas ar agus úsáid na Gaeilge a scaipeadh ar fud an domhain – ní gá ach tagairt a dhéanamh do Beo! leis an méid sin a léiriú.
á léiriú being illustrated
" Chuige sin tá sraith scannán nó físeán gearr agus scil amháin á léiriú i ngach ceann acu.
a léiriú to show
" Pé cinéal atá agat, ní raibh sé riamh chomh furasta ár ndomhan a léiriú is atá sé anois leis an cheamara digiteach.
a léiriú to show
" Bhí sé seo ar cheann de na húdair imní a léirigh an Cigire Moore agus níl aon ghá measúnú riosca eile a dhéanamh chun é seo a léiriú.
an léiriú is láidre the strongest illustration
" Agus b’fhéidir gur sin an léiriú is láidre ar an gcumhacht atá an teicneolaíocht tar éis a thabhairt don phobal: tá an pobal féin in ann cabhrú leis na póilíní teacht ar na sceimhlitheoirí a d’ionsaigh iad.
á léiriú ar an cheol being shown for the music
" Tchifidh siad nach bhfuil meas á léiriú ar an cheol agus, chomh maith, bíonn sé doiligh na ceoltóirí a íoc.
a léiriú to show
" Pé cinéal atá agat, ní raibh sé riamh chomh furasta ár ndomhan a léiriú is atá sé anois leis an cheamara digiteach.
léiriú production
" com)) agus beidh an bhéim ar shaothair as Gaeilge, a dhéanfaidh an t-aos óg a léiriú don aos óg.
a léiriú to show
" Amach anseo, beidh níos lú airgid Eorpaigh ar fáil dúinn uilig, is dócha, chun imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl; cibé airgead Eorpach a bheas ar fáil, is cinnte go mbeidh sé ina bhuntáiste dúinn bheith ábalta a léiriú go bhfuilimid toilteanach bheith ag obair i bpáirt lenár gcomharsana.