Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laochra heroes
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
laoch hero
" Ba é an RUC lámh láidir an *hegemony* seo, laochra áitiúla a choinnigh an sceimhle ón doras agus a lig do Phrotastúnaigh luí go suaimhneach ina leapacha.
laochra heroes
" Smaoinigh air: 10-15,000 ball den IRA ag siúl síos Sráid Uí Chonaill fána mbratacha ómóis do laochra agus gníomhartha Óglaigh na hÉireann.
laochra neamhleithleacha unselfish heroes
" Ach chuir na laochra neamhleithleacha seo comaoin mhór orainn go léir.
laoch hero
" Is ionann an t-imreoir idirchontae agus laoch áitiúil a aithníonn daoine mar dhuine dá gcuid féin.
laochra heroes
" * Aon uair a chloisim an curfá sin den amhrán "Mo Ghile Mear" cuimhním ar dhuine de na laochra móra amhránaíochta a bhí agam, Diarmuidín Ó Súilleabháin.
Laochra an Cheoil heroes of music
" Oíche Shathairn beidh ceolchoirm mhór ann agus ar an Domhnach ócáid speisialta ar a dtugann siad "Laochra an Cheoil" ina mbeidh laochra ar nós Paddy Fahy, Frank Gavigan, Kitty Hayes, Peter Horan, Paddy Mills, Jimmy Mullins, Joe Ryan, Johnny O'Toole agus Micil Quinn le cloisteáil.
laoch cróga brave hero
" Chuir comhghleacaí agus cara de chuid Driscoll, Joe McFadden - a bhfuil a bhreithlá ar 11 Meán Fómhair - síos ar a chara marbh, a rugadh ar 4 Iúil, mar laoch cróga.
laoch hero
" D'fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.
laochra áitiúla local heroes
" Cén t-aire Sasanach a thuigfeadh fadhbanna seanbhunaithe Bhóthar na Seanchille? Cé a thuigfeadh an meascán saoithiúil sin de laochra áitiúla agus coirpigh? "Tá muid ag bogadh ar shiul ó fhadhb amháin go dtí ceann eile, ach is iad na 'himreoirí' céanna ata páirteach," arsa Jack McKee.
agus cá háit ar ráinigh ár laoch and where did our hero arrive
" Ag tús na bliana chuir an Pápa é mar idirghabhálaí go dtí Bali Hi agus cá háit ar ráinigh ár laoch ach i mBaile Thaidhg! "Ní go Bali Hi a cuireadh mise, ámh, ach go Baghdad, fá choinne cruinnithe le Saddam Ó hOisín.
laochra heroes
" Tá an baol ann, áfach, go dtarraingeoidh an t-uafás sin, a bhí ar scála chomh mór sin, aird ó laochra eile a luann Golway, leithéidí John Bresnan.
ár gcuid laochra our heroes
" Ba iad na himreoirí peile agus iomána ár gcuid laochra, imreoirí ar nós Des Foley, Achill Boothman agus Fran Whelan as Áth Cliath, Ollie Walsh agus Tommy Walsh as Cill Chainnigh, Jimmy Doyle, Donie Nealon agus "Babs" Keating as Tiobraid Árann, Nicky Rachard agus "Hopper" McGrath as Loch Garman.
laochra heroes
" Ba ar an 2 Nollaig 1990 a fuair Diarmuid, duine de laochra móra an tsean-nóis, bás.
laochra heroes
" Ar ndóigh, chreid formhór na ndaoine i Nua-Eabhrac go raibh pá níos fearr tuillte ag na laochra seo in éide.
laoch hero
" Siúr, nach Culchie tú féin, a Chruiser, agus teach agat thuas ar an chnoc i mBinn Éadair in aice leis an Ghé Ó Broin?' "Is fíor duit, a Shodom," arsa Balor na Baothchainte agus an Mhílaochais.
triúr laochra three heroes
" Sa bhliain 1878 chuir triúr laochra as Fánaid deireadh lena chuid tíoránachta nuair a dhúnmharaigh siad é.
laoch hero
" Is dóigh go léiríonn sé meon áirithe i dtaobh cúrsaí spórt a deir gurb é an bua an rud is tábhachtaí agus mura mbíonn tú buacach is "*loser*" thú! Chloisfeá gasúir go fiú ag glaoch *loser *ar ghasúir eile uaireanta.
na laochra in éide uniformed heroes
" " Mar chomhréiteach, táthar ag moladh go dtógfaí leacht cuimhneacháin faoi leith do "na laochra in éide" i mBattery Park, atá in aice láimhe.
laochra heroes
" " Bhí an Gobharnóir Al Smith agus an maistín de mhéara Jimmy Walker i measc a laochra.
laoch an aontachtachais hero of unionism
" "'Bainfidh Trimble den 313ú huair, ach tiocfaidh Jeffrey ar ais ar an bhliain seo chugainn le é a dheánamh arís,' arsa urlabhraí de chuid an UUP sular bhris sé amach a chaoineadh!" Ach measann daoine gur laoch an aontachtachais é Emerson mar go léiríonn sé go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe, go n-aithníonn sé na lochtanna atá ar an dream a dtugann sé tacaíocht dóibh, oiread le héirí in airde Shinn Féin, agus na lochtanna atá ar phróiseas na síochána.
laochra heroes
" Ach níorbh iad na laochra atá imithe a bhí sa nuacht le gairid ach na caoirigh atá imithe - 57,000 acu.
laochra heroes
" Má deir an IRA go bhfuil an cogadh thart, thabharfadh sé buntáiste do Shinn Féin ar an SDLP, ach ag an am céanna (bhéarfadh sé deis) do na heasaontóirí poblachtánacha a rá go raibh an ceart acu an t-am ar fad, gur thréig na Sealadaigh prionsabail laochra 1916 agus na nglúnta a tháinig ina ndiaidh.
amhail is gur laochra iad uilig as if they're all heroes
" Níl aige ach meas agus urraim dóibh amhail is gur laochra iad uilig.
laoch hero
" Is é Fearghas Mac Lochlainn, bail ó Dhia air, cara mór liom agus laoch na lúibíní, a chumann na hagallaimh bheirte agus na lúibíní.
laoch hero
" Ba é marú Gregg, sceimhlitheoir fíochmhar a bhí ina laoch i measc dílseoirí míleata mar gur scaoil sé Gerry Adams, an dé deiridh do dhrong Adair.
Laoch star
" Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí Laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?).
laoch hero
" Fuair an laoch náisúinta, Nólsoyar Páll (1766-1808), inspioráid ó smaointe réabhlóideacha na Fraince agus Mheiriceá agus thosaigh sé feachtas i gcoinne mhonaplacht na Danmhairge i gcúrsaí trádála, rud a spreag an náisiúnachas tuilleadh sna hoileáin.
seachtar laochra seven heroes
" Mar shampla, deir David Brewster, iarbhall den pháirtí, go raibh seachtar laochra ag Trimble le linn na gcainteanna i 1996.
Laoch hero
" Laoch a bhí ann dúinne, mar go raibh na meáin chumarsáide agus na húdaráis an-dian ar dhuine ar bith a bhí in aghaidh pholasaithe Rialtas Shasana sa tír sin.
laoch hero
" Shíl mé go raibh mé sna flaithis; bhí mé ansin i stiúideo d'ardghrád le togha na gceoltóirí ó Scullion agus mo laoch Sonny Condell ar an taobh eile den fhuinneog!" Bhí próiseas difriúil ag baint leis an gcéad saothar eile.
laochra heroes
" AÓF: Cé hiad na laochra atá agat sa cheol agus san amhránaíocht? SJW: Is iad na laochra atá agam ná an fidléir John Carty, agus san amhránaíocht, Cór Chúil Aodha.
laoch na litríochta the literary hero
" Ar theacht an earraigh gach aon bhliain thig fonn caite ar laoch na litríochta, fonn nach furasta é a cheansú.
laoch hero
" Ar nós laochra na Féinne fadó, agus ar nós na n-ainrialaithe féin, tagann fonn air an phluais a fhágáil agus dul ar cuairt.
laoch hero
" An uair a bhí sé ag cleachtadh go laethúil le bheith ina laoch agus ina ridire, ní raibh a shárú sa cheantar.
laoch hero
" Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
laoch hero
" Dar lenár laoch nach dtuigeann sé meon lucht an rialtais.
laochra heroes
" Chuidigh an ceamara go mór chun aitheantas a thabhairt do na laochra úd a bhí ag imirt agus ag iomaíocht sa dara leath den 20ú haois, ach iad sin a mhair roimhe sin is beag ár n-eolas fúthu go minic.
laoch náisiúnta national hero
" Bailiúchán foirgneamh gealdaite neamhchoitianta atá ann - eaglaisí, Halla na Cathrach, tithe móra cúnga, agus dealbh mór a chomórann Jan Hus, laoch náisiúnta agus leasaitheoir eaglaise a dódh ag an stáca mar eiriceach i 1415.
laoch na nuachtóireachta the journalistic hero
" Síos go dtí lios ar leith i lár caoráin rúnda taobh amuigh de Thulach Mhór a chuir sé laoch na nuachtóireachta le cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Cainte a tionóladh ansin ar na mallaibh.
Chill Ó Laoch Killyleagh
" Bhuail muid le chéile ag cé gleoite darb ainm Ringhaddy, atá cúpla míle ó Chill Ó Laoch.
laoch hero
" Seans gur laoch a bheadh ann fiú toisc gur stop sé an fhoireann eile ag scóráil.
laochra heroes
" Lé linn cluiche ceathrú ceannais Chiarraí idir An Ghaeltacht agus Eiméid Lios Tuathail, is amhlaidh a bualadh Marc Ó Sé i dtosach agus Tomás ansin agus gurbh é deireadh an scéil gur tugadh Tomás chuig an oispidéal agus giall briste aige! Cé a cheapfadh go dtarlódh a leithéid, coicís i ndiaidh Chraobh na hÉireann? Ní aisling é ach tromluí! Ar bhealach, is scéal dochreidthe é go leagfaí ar lár le buille fealltach beirt de laochra an chontae chomh luath i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint agus Corn Sam Mhic Guidhir a bhreith ar ais go dtí "An Ríocht".
laoch hero
" McEneaney gur tháinig sé amach as an dóiteán scanrúil sin san Ionad Trádála Domhanda ar an 26 Feabhra, 1993 mar laoch.
laochra heroes
" D'fhág sé uacht dhochreidte ina dhiaidh, a dhaingníonn a sheasamh mar dhuine de laochra stair na healaíne.
laoch hero
" Scríobh mé féin alt do *Beo!* (eagrán 36) faoin laoch seo de chuid na Breataine Bige, gan fios agam go raibh sé ina chara mór de chuid Risteard II agus go raibh sé ar na hoifigigh sin de chuid arm an rí Shasanaigh úd nuair a rinne sé dhá ionradh gan rath ar Éirinn i 1394 agus 1399 (*Feasta*, Deireadh Fómhair 2004).
laoch hero
" “Deir tú nach laoch ar bith tusa, nach bhfuil ionat ach gnáthdhuine.
in onóir a laoich in honour of his hero
" Smaoinigh fosta ar an leasainm a thugann sé air féin in onóir a laoich – The Bull McCabe - ceann de na bligeaird is mó i litríocht na hÉireann! Mar is dual dó, chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach i rith an ama shuaite seo, nuair a thug sé le fios ar “Questions and Answers” ar RTÉ go raibh sé i gceist ag an rialtas cúiteamh airgid a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do dhaoine siúl ar a gcuid talún.
laochra na Cásca the Easter (rising) heroes
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
laochra heroes
" “Creidim gur laochra iad,” ar sé.
Laoch na Tuairisceoireachta the Hero of Reportage
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
laochra heroes
" Den chéad uair riamh, imríodh comórtais Chorn Uí Rinn agus Chorn Uí Riocaird, dhá chorn a ainmníodh in onóir beirt de laochra móra na hiomána, Criostóir Ó Rinn agus Nicí Ó Riocaird.
Laoch hero
" Tá na nuachtáin lán leis na scéalta seo agus cláracha raidió te bruite leo - daoine ag gLaoch isteach chun a dtuairimí a nochtadh, go mórmhór i dtaobh an Uasail Uí Chatháin.
Laoch peile football hero
" Clár ómóis ======= Laoch peile a sciob an bás leis go hóg i mí an Mhárta 2005 ab ea Cormac McAnallen agus é díreach tagtha i mbláth, in aois a cheithre bliana is fiche.
laochra na Fiannaíochta the heroes of the Fenians
" Scéalta Fiannaíochta ======= Ach cad é mar tharla sé go raibh ainm duine de laochra na Fiannaíochta ar fhear a rugadh sa Ghearmáin? Is scéal é sin atá lán chomh hiontach ina bhealach féin le scéal Fiannaíochta ar bith.
laoch náisiúnta national hero
laoch hero
" Snoíodh é as píosa amháin marmair atá 19 dtonna meáchain agus is léiriú fíorálainn cumhachtach é ar an laoch óg.
Laochra ar dualgas heroes on duty
" Laochra ar dualgas dá sladmháistir Slobodan Milosevic, Búistéir na mBalcán.
mhiotas “an laoich ar lár” the myth of 'the departed hero'
" Sin ráite, tá an baol ann i gcónaí sa taobh sin tíre go ligfí sceimhle Milosevic i ndearmad le himeacht aimsire, agus go gcothófaí cultas na mairtíreachta timpeall ar mhiotas “an laoich ar lár”.
laoch náisiúnta national hero
ár laoch our hero
" Thuas ar bharr an bhosca ina bhfuil dealbh an Chroí Ró-Naofa i lár na sráide a bhí ár laoch, agus bean chráifeach sin an phaidrín fhada agus an bhéil mhóir ag scairtí air in ard a cinn ó thús deireadh na paráide.
na laochra poblachtánacha the republican heroes
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
laoch thar laochra Éireann a hero above all heroes of Ireland
" “Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Cú Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Cú Chulainn.
laochra ceoil musical heroes
" AÓF: Cén hiad na laochra ceoil atá agat féin ar an gconsairtín? TC: Is breá liom Micheál Ó Raghallaigh agus Noel Hill ach, ar ndóigh, tá na céadta eile a thaitníonn liom freisin nach bhfuil chomh cáiliúil céanna.
laoch-adhradh hero worship
" Cad é faoi Bhalor agus Éamonn Ó Doornail? Níorbh fhada go raibh an bheirt againne sínte fosta – scaifte Meiriceánach fíorGhaelach ag brú deochanna orainn, ag stánadh ormsa agus laoch-adhradh ina súile, iad cinnte gur ag cumadh m’ailt do *Beo Ar Éigean* na míosa seo chugainn a bhí mé.
laochra heroes
" Níl sé i bhfad ó shin ó bhí laochra an chluiche thall ina Sasanaigh den chuid is mó, agus corr-Éireannach agus Albanach ina measc.
laoch hero
" Bhí sé de phribhléid agus d’onóir agam an sáriománaí agus an laoch Criostóir Ó Rinn a fheiceáil ag imirt uair amháin.
laochra, heroes,
" Imreoirí agus laochra, peileadóirí agus iománaithe, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, Nicky Rickard, Mícheál Ó Conaill agus Deasún Ó Foghlú, ba chúis cuid mhaith leis sin mar ní bhídís le feiceáil ar an teilifís faoi mar a bhíonn laochra an lae inniu.
na laochra mórchumhachtacha mascalacha sin. those mighty and manly heroes.
" Thig dinglis fós ar mo chraiceann nuair a chuimhním ar na laochra mórchumhachtacha mascalacha sin.
laoch osdaonna superhuman hero
"laoch osdaonna an figiúr seo ach ceann a múnlaíodh ar chorp fir meánaosta i monarcha tionscail, atá ag iarraidh fanacht ina sheasamh in éadan na farraige, a anáil a tharraingt agus a aghaidh dírithe ar bhun na spéire atá breac le loingeas tráchtála.
laoch mór iománaíochta big hurling hero
" Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”.
Laoch na Litríochta the Literary Hero
" Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán? Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin.
laoch hero
" Is laoch de mo chuid é agus is mór an onóir dom an duais seo a fháil.
Laoch hero
" **Laoch nua spóirt ag Éire**Ón 22 Iúil 2007 ann, tá Laoch agus éacht eile ag muintir na hÉireann le cur leis an liosta éachtaí a tharla gan choinne.
Laoch na Litríochta the Literary Hero
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
na laochra teilifíse the television heroes
" Is iad na laochra teilifíse atá agam ná Gráinne Seoighe agus David McWilliams agus teastaíonn uaim a bheith sa tír ina bhfuil siad ag obair.
ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte the mountains were gods and heros
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
laochra heroes
" Caithfidh Balor deireadh na míosa seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart, agus ní mó ná sásta a bheidh sé arís le hiompar roinnt de laochra is de shaoithe agus de mhaithe is de mhóruaisle shaol na Gaeilge, cé gur den chéad uair a bheidh muid cruinnithe le chéile sa bhaile beag sin ag bun Chruach Phádraig.
Laoch na Litríochta. the Literary Hero.
" “Chuirfeadh an fhéile sin samhnas ar asal,” a deir Laoch na Litríochta.
ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, to contradict the Long-Suffering Hero,
" Díreach chun ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, beidh athruithe móra ar Erectus Chathair na Mart, de réir réamhfhógra don phreas a d’eisigh an Coiste Náisiúnta ar na mallaibh, i gcomhair leis an Choiste Áitiúil, le caoinchead ón Bhuanchoiste, faoi scáth an Choiste Riartha agus le beannacht an Choiste Gnó.
i gcomparáid lenár laoch. in comparison with our hero
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
laoch hero
" Bhí a fhios ag Mick - a bhí ainmnithe mar lántaca ag na roghnóirí roimh an gcluiche - go mbeadh marcáil Eoin “Bomber” Liston, laoch agus gaiscíoch Chiarraí, faoina chúram.
go mbronnfaí stádas an laoich that hero status would be bestowed
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
laoch stailc na mianadóirí, the hero of the miners' strike,
" Bhí na cúntóirí chomh míshásta sin go raibh póstaer acu agus aghaidh Chaitríona Ruane agus Margaret Thatcher, laoch stailc na mianadóirí, air.
laoch hero
" Tuilleann laoch Dhoire, Hume, áit i measc na bhfíréan fosta.
laoch thar laochra hero of heros
" Ní raibh fágtha aige le ceacht a mhúineadh dó ach Huckabee Finn, laoch thar laochra na heite deise, Críostaí thar Chríostaithe.
Laoch hero
laochra heroes
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
laochra móra cheol na hÉireann big heros of the music of Ireland
" ”Sa bhliain 1970, fuair Lunny cuireadh a bheith páirteach i dtaifeadadh dara halbam Christy Moore, an t-amhránaí as Cill Dara a áirítear anois ar dhuine de laochra móra cheol na hÉireann san fhichiú haois.
Laoch na himeartha the playing hero
" John Gormley **(Lántosaí): Laoch na himeartha i rith an gheimhridh.
laoch tuisceanach understanding hero
" Ach caidé faoi Mharti Maranach Marbhánta Morrissey, laoch tuisceanach na gcomhfhreagraithe spóirt, a bhí ag cur agallaimh ar Phaddy ag an am agus a chinntigh go ndúirt Paddy an méid a dúirt sé faoi dhó agus faoi thrí go soiléir? Ba chuma gur ghlac Paddy go fonnmhar leis an bhonn ina dhiaidh sin agus gur chroch sé leis abhaile é go bródúil, bhí an méid a dúirt sé go borb agus go grod díreach i ndiaidh an bhabhta mar ábhar comhrá ag gach duine, a bhuíochas sin do Mharti Maranach Marbhánta Mearsmaointeach Morrissey.
laoch iomána hurling hero
" Criostóir Ó Rinn Tá iomrá i gcónaí ar Christy Ring mar ghaiscíoch spóirt, an laoch iomána ab fhearr riamh dar lena lán.
laoch na míosa hero of the month
" Breithiúnas ***** Rogha na nDVD’s Ós rud é gurb é Sorrentino laoch na míosa seo, is fiú go mór an dá scannán eile a léirigh sé, ‘*The Consequences of Love*’ (2004) agus ‘*The Family Friend*’ (2006) a chur ar an ndrisiúr, compánaigh bhreátha leapan ag feitheamh le ‘Il Divo’.
laoch ár linne our contemporary hero
" Seo mar a shamhlaíonn muid An tSúil Nimhe in eagrán mhí Lúnasa 2014: Chósta del Lager Lout Bhí Balor Bocht ar shiúl ar fud na bhfud an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse; laoch ár linne ag glacadh suaimhnis cibé ar bith áit a raibh sé le fáil agus é ar a chuid alcoholidays.
Laoch na Litríochta the literature hero
" Cuireann sé iad i gcomparáid le mún asail, cé gur cúis iontais é do go leor daoine go mbeadh fios a bhlasta sin ag Laoch na Litríochta.
a chuid laochra their heroes
" Tabharfaidh mé go cluiche iad nuair a bheas siad níos sine, le go mbeidh siad in ann an t-atmasfaer beo ag cluiche den Phríomhshraith a bhlaiseadh agus le go mbeidh siad in ann a chuid laochra a fheiscint ag imirt.
laoch hero
" Dúirt fear darb ainm Erich Zimmerman, fear an-spéisiúil, na blianta fada ó shin, “resources are not, they become” agus is laoch agam é i gcónaí.
laoch míleata military hero
" Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras? An Maréchal Pétain Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
Laoch hero
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.