Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leithscéalta excuses
" Sa bhliain úr beidh na póiliní ag tabhairt fianaise agus beidh sé suimiúil a gcuid leithscéalta a chloisteáil.
leithscéal excuse
" Ní bheidh leithscéal níos mó ag na múinteoirí bunscoile sa Ghaeltacht a deir nach mbíonn an Ghaeilge ag na páistí agus iad ag teacht chun na scoile.
leithscéal lag a weak excuse
" Ba léir go raibh na póilíní ag baint úsáide as leithscéal lag chun cosc a chur ar pharáid Lá Fhéile Pádraig.
le leithscéal a ghabháil to apologize
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
leithscéal apology
" Dúirt mise agus ceardchumannaí eile go raibh Griffiths go hiomlán as ordú ach ní raibh sé sásta leithscéal a ghabháil .
leithscéal excuse
" Anois, tá Trimble agus a chomhghleacaithe ag seachaint cainteanna ag Stormont oiread agus is féidir, ag cuartú gach uile leithscéal le fanacht ar shiúl.
leithscéal excuse
" Tá an falsóir fágtha gan leithscéal.
dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil that they felt they should apologise
" Chúlaigh an slua cúpla coiscéim siar uaidh go scanrúil amhail is dá mbeadh stangadh bainte astu, nó dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil faoina bheith ar an láthair.
Is gá leithscéal a ghabháil it's necessary to apologise
" Is gá leithscéal a ghabháil agus a bheith cinnte nach dtarlóidh sé arís.
leithscéal excuse
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
leithscéal apology
" D'admhaigh sé go raibh cuid maslaí Griffiths mícheart, agus ghabh sé leithscéal linn fúthu; ach dúirt sé nach raibh sé sásta pionós eile a ghearradh air ach go mbeadh siad ag eagrú "sensitivity training" dó.
leithscéal táiríseal abject apology
" B'éigean dúinn fanacht thart tamall fhad is a bhí siad ag scríobh a leithscéal táiríseal agus ansin bhí cúpla pionta againn le chéile sa teach tábhairne.
leithscéalta excuses
" Is iad na leithscéalta atá ag an lucht gnó ná go bhfuil méadú tagtha ar an árachas, go bhfuil rátaí pá ró-ard le híoc le hoibrithe agus go bhfuil costas bunábhar bia beagnach dúbailte le trí bliana anuas.
déantar leithscéalta ar a shon excuses are made on his behalf
" Déantar dearmad go minic ar an ghníomh ba chúis le díbirt an imreora agus déantar leithscéalta ar a shon.
leithscéal táiríseal abject apology
" Fuair mé £2,750 mar chúiteamh agus leithscéal táiríseal ón choláiste ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh, agus fuair mo cheardchumann, NATFHE, a thug tacaíocht dom, £400 mar chostaisí.
leithscéal excuse
" "Theastaigh uaim i gcónaí a theacht anseo, ach is duine mé a mbíonn leithscéal ag teastáil uaidh.
leithscéal a ghabháil le cách apologising to everyone
" Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag.
leithscéal excuse
" Ag an am céanna, bíonn faitíos orthu í a labhairt agus is é an leithscéal a bhíonn acu ná "Tá an teanga caillte agam".
Ghabh RTÉ leithscéal RTÉ apologised
" Ghabh RTÉ leithscéal agus d'admhaigh go rabhadar go hiomlán mícheart.
in ainneoin leithscéalta na heagraíochta despite the apologies of the organization
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
leithscéal excuse
" Níl leithscéal ar bith ag an NRA sa chás seo.
leithscéal excuse
" Ma aithníonn tú an t-ainm, b'fhéidir go bhfuil eolas éigin agat ar Pilsner Urquell, an bheoir is fearr ar domhan, b'fhéidir … ach ná ceap gur leithscéal dom an Ghaeilge le cuairt a thabhairt ar ghrúdlanna iontacha na tíre! Maidir liom féin anois, bhuel tá bliain go leith thar a bheith sásúil caite agam anseo, buíochas leis an nGaeilge.
leithscéal a ghabháil to apologise
" Fear freisin é a raibh ar chomhairleoirí a pháirtí féin leithscéal a ghabháil níos luaithe i mbliana thar a chionn as rudaí maslacha a dúirt sé faoi chomhairleoirí eile ar Chomhairle na Cathrach.
leithscéal excuse
" Lena chois sin, tá leithscéal maith aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht áirithe gach cúpla bliain chun cúrsa inseirbhíse a dhéanamh.
leithscéal excuse
" "Má theastaíonn uait rud éigin a dhéanamh, níl aon leithscéal agat.
leithscéal a ghabháil to apologise
" B'éigean don Uachtarán leithscéal a ghabháil as an dóigh ar chuir sí a smaointe chun tosaigh, agus glacadh go fonnmhar leis an leithscéal.
ghabh siad leithscéal they apologised
" Creidtear gur mharaigh an IRA é; ghabh siad leithscéal as dúnmharú Kathleen Feeney i nDoire i 1973, nuair a scaoil ball de chuid an IRA í le linn ionsaí ar Arm na Breataine.
leithscéalta excuses
" leithscéalta ======= Is gnó mór é an *canned hunting*.
ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh looking for an excuse to commit genocide
" “Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.
ag gabháil leithscéil apologising
" Maidir leis na AFP, tá siadsan ag rá nach mbeidh siad ag gabháil leithscéil ar bhealach ar bith faoin méid a rinne siad sa gcás seo agus go bhfuil sé de dhualgas orthu pobal na tíre a chosaint ó dhrugaí agus mangairí a chur faoi chois.
leithscéal a ghabháil leis to apologise to him
" B’fhearr dó a shíocháin a dhéanamh le hAlex Ferguson, leithscéal a ghabháil leis agus le daoine eile as rudaí a dúirt sé, agus dul ar aghaidh leis an gcuid eile dá shaol.
leithscéal excuse
" "Ní raibh mé ar bháirse riamh i mo shaol," an leithscéal a bhí aige, ach bhí mé féin an-tuirseach fosta agus thuig mé an fáth go raibh sé ag iarraidh síbe.
leithscéal excuse
" Ós rud é go bhfuil dlúthchara de mo chuid ina cónaí thall, bíonn leithscéal agam le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na Catalóine go minic.
leithscéal excuse
" Ós rud é go bhfuil dlúthchara de mo chuid ina cónaí thall, bíonn leithscéal agam le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na Catalóine go minic.
leithscéal excuse
" Bhí mise óg ag an am agus ghlac mé leis *matter-of-factly* mar go raibh leithscéal maith aige.
leithscéal excuse
" Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.
leithscéalta excuses
" leithscéalta agus finscéalta ======= Tharraing eachtraí na hÓmaí mórán cainte agus anailíse, mar is iondúil i gcásanna den sórt seo.
Ghabh siad leithscéal leis they apologised to him
" D’inis mé dó cad é a tharla dom agus chuir sé ceist ar na bairdéirí go feargach: “Is this true?” Ghabh siad leithscéal leis, dúirt nach raibh locht ar bith orthusan agus chuir siad an milleán ar “the security people”.
leithscéal breise an extra excuse
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
leithscéal i scríbhinn a ghabháil to apologise in writing
" Go gairid ina dhiaidh bhí ar an Athair Richard Goode, an tAthair Noel Hession agus an tAthair Iggy O’Donovan leithscéal i scríbhinn a ghabháil le hArdeaspag na hÉireann, leis an Nuinteas Aspalda agus le ceannasaí ord na nAgaistíneach agus ag am céanna geallúint phoiblí a thabhairt nach ndéanfaidís a leithéid arís go deo.
mar leithscéal don oibríocht as an excuse for the operation
" Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún.
leithscéal gan agús unreserved apology
" Tá an tUasal Arar ar ais i gCeanada anois, tar éis do rialtas Cheanada leithscéal gan agús a ghabháil leis.
Gabhaim leithscéal. I apologise.
leithscéalta leamha. lame excuses.
" Níl sna fáthanna ach leithscéalta leamha.
leithscéal excuse
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
Chualathas na leithscéalta arís the excuses were heard again recently
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
leithscéal excuse
" Thug *Fanny and Alexandra* leithscéal dóibh an rud ceart a dhéanamh, agus rinneadar.
mar leithscéal, as an excuse
" Dealraíonn sé nach féidir linn an bháisteach a úsáid mar leithscéal, mar sin! Sampla eile ná Portland, ar cathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é ina bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an rothaíocht.
leithscéal apology
" Agus é ag fágáil a phoist, ghabh Molloy a leithscéal leis an bpobal, ach ní bhfuair mo pháirtí leithscéal riamh.
leithscéal a ghabháil to apologise
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
leithscéal a ghabháil apologise
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
leithscéal excuse
" Agus ní dhéanfainn aon leithscéal di.
Ghabh sé leithscéal leo he apologised to them
" Ghabh sé leithscéal leo blianta fada ina dhiaidh sin, ach níl aon dul as ach gur bhain sé sochar polaitiúil as an méid a dúirt sé i 1988 ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin.
leithscéal gan choinníoll unconditional apology
" I measc na moltaí sin, mhol an Coimisiún go ngabhfaidís go léir leithscéal gan choinníoll go hoifigiúil leis na glúnta goidte, agus lena muintir, as ucht ar tharla dóibh faoin bpolasaí.
leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach to apologise to the gay community
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
gabhadh leithscéal le Gerry Adams! Gerry Adams was issued with an apology!
" Cén tionchar a bhí ag alt Squinter? Baineadh an t-alt de shuíomh gréasáin an *Andersonstown News* agus gabhadh leithscéal le Gerry Adams! The Andersonstown News accepts that the tone and the timing of the Squinter article last week, during a period of community mourning, was inappropriate and unnecessary and apologises to Gerry Adams and our readers for any hurt caused – Ed.
chun leithscéal a ghabháil to apologise
" An lá dár gcionn, tháinig oifigigh chun leithscéal a ghabháil le *kaumātua* (seanóirí) na *Tūhoe* faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair.
na leithscéalta the excuses
" Bhí na leithscéalta ag teacht chomh fras le heascainí as béal an Taoisigh agus an Tánaiste.
mar leithscéal as an excuse
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
leithscéal excuse
" Bhí ceist amháin eile agam do Ní Mhearraí: Cad é a tharlaíonn i gcás mo leithéidse a bhfuil dhá chos chlé uirthi! “Iarraim orthu cos amháin a mhalartú le duine a bhfuil dhá chos dheasa air!” Le freagra mar sin, níl leithscéal ar bith agat gan triail a bhaint as! Má tá tú ag iarraidh a theacht ar rang oíche atá rud beag éagsúil, áit a gcasfar daoine úra aclaí ort, tig leat tuilleadh eolais a fháil ar (www.
leithscéal ar leathmhaig lame excuse
" ” Lean John McCain lorg fealltach a athar nuair a mhol sé The Liberty Incident, leabhar le Jay Cristol a foilsíodh i 2002 a thacaigh le leithscéal ar leathmhaig na n-Iosraelach.
Leithscéal an Chogaidh Fhuair the Cold War pretext
"Leithscéal an Chogaidh Fhuair Tá baint mhór ag stair na Somáile leis an bhfoghlaíocht mhara chomh maith, agus bhí ról nach beag ag na Stáit Aontaithe sa stair chorrach sin.
leithscéal excuse
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
ghlac sé leithscéal he apologised
" What reason can you see for there being tricolours up yesterday afternoon, a Sunday afternoon? None other than to get a reaction from the loyalist community, and they certainly got a reaction this time, which is very sad*,” arsa Feisire an DUP Adrian Mc Quillan, ráiteas ar ghlac sé leithscéal ar a shon níos maille mar “ní raibh a fios aige go raibh Kevin Mc Daid marbh ag an am.
Leithscéal excuse
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar Leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
leithscéal apology
" Ní dhéanann foireann Foinse aon leithscéal faoi gur togra gnó é atá ag iarraidh airgead a shaothrú.
leithscéal excuse
" Gearrtar fíneáil $20 ar dhaoine nach gcaitheann vóta mura bhfuil leithscéal inghlactha acu.
Cloistear gach leithscéal every excuse is heard
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
leithscéal excuse
" Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na cannaí ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le cuid de na hailt aisteacha in Beo Ar Éigean a léamh.
Gabh mo leithscéal excuse me
" ” “Gabh mo leithscéal, a Thaoisigh,” a dúirt Balor i nglór a bhí lán d’umhlaíocht agus d’uirísle, agus é á nochtadh féin don Taoiseach úr.
ghabh siad a leithscéal they apologised
" Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
Ba leithscéal were an excuse
" Ba leithscéal iad na tréithe ‘Gaelacha’ seo chun an coilíneachas a ‘cheadú’.
leithscéalta excuses
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
gabh mo leithscéal excuse me
" Bin Ó Loideáin ======= Chonaic an domhan is a mháthair Beairic ag ionsaí pionta Gnéas – ó gabh mo leithscéal, pionta Guinness, i dteach tábhairne Ollie Hayes i Muine Gall.
Lucht Tacaíochta an ‘Leithscéil those who support apologizing
" ”* Lucht Tacaíochta an ‘Leithscéil’ ================== Tá cuma réasúnta ar na focail sin, ar ndóigh, muna bhfuil eolas ag an léitheoir faoi chéard atá i gceist ag an ADL maidir le “díospóireacht mheasartha agus shibhialta.
leithscéal glan a proper apology
" Níl Winslet, máthair an chiontóra, sásta leithscéal glan a ghabháil thar cheann a mic (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir).
leithscéalta excuses
" Ar ndóigh níl sna deochanna seo ach leithscéalta chun turasóirí óga gan chéill a dheighilt lena gcuid airgid, ach más é saol an óil atá uait, ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar *Bourbon Street*.
mar leithscéal as an excuse
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
i measc na leithscéalta among the excuses
" Go deimhin bhí cuimhní cinn na seanmhná áirithe go hard i measc na leithscéalta a ríomh an t-iriseoir Frank McNally ina cholún clúiteach *“a history of Ireland in 100 Excuses.
thug sé an leithscéal céanna he gave the same apology
" ) Scríobh an tAire Ó Cuív chuig Emily O'Reilly an lá dar gcionn agus thug sé an leithscéal céanna di faoin mhoill.
chruthaigh mé an leithscéal I offered the excuse
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
amhail is go mba leithscéal é sin as if that was a (plausible) excuse
" Mar mhíniú dúradh liom go raibh na foirmeacha céanna á úsáid ar an gclár ‘Féilte’, amhail is go mba leithscéal é sin.
ag gabháil leithscéal iarbháis le to apologise posthumously to
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
le leithscéal a ghabháil le to apologise to
" Ritheadh an rún d’aon ghuth le leithscéal a ghabháil le Peter Norman, rábálaí Astrálach a tháinig sa dara háit sa rás dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo sa bhliain 1968.
leithscéal excuse
" 3 milliún Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Drochshaoil, agus ár ndóigh ‘feidhmniú fórsaí an mhargaidh’ an leithscéal a bhí ag Rialtas Shasana ag an t-am sin chomh maith.
bhí leithscéal glactha ag had apologised
" Bhí mé ag brath scríobh isteach an lá sin agus nuair a shuigh mé ar ais chuig an ríomhaire faoi cheann cúpla uair an chloig le scríobh, bhí leithscéal glactha ag té an ainm chleite leis an scríbhneoir.
Mar leithscéal the excuse being
" Mar leithscéal, dúirt tú go raibh cuimhne dornálaí agat.
leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil any excuse to organize a party
" 
Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon it’s not to be excused
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
iarracht leithscéal a dhéanamh do an attempt to excuse
" Rinne roinnt daoine iarracht leithscéal a dhéanamh do Suárez, á rá go raibh Ivanovic á ghríosadh agus á chiapadh le linn an chluiche, ach dáiríre, ní cóir agus ní féidir cás a dhéanamh ar shon iompair den chineál atá i gceist i gcomhthéacs spóirt.
iarrachtaí leithscéal a dhéanamh ar son attempts to excuse
" Rinneadh iarrachtaí leithscéal a dhéanamh ar son an imreora rugbaí de chuid na Mumhan agus na hÉireann, Pól Ó Conaill, tar éis dó cic dhamanta a thabhairt do chloigeann Dave Mac Cearnaigh de chuid foireann Laighean.
ag gabháil leithscéil as droch-chaint apologising about the bad language
" Bhí David Drumm ag gabháil leithscéil as droch-chaint na dtéipeanna.
Is í aidhm an leithscéil the apology is intended
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
gan bheann ar leithscéalta faoi regardless of excuses about
" Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’.
ngabhfaidh tú leithscéal le you apologise to
" Sin mar a bheas an scéal go dtí go ngabhfaidh tú leithscéal le Brennan go poiblí i d’alt sa liarlóg sin a mbíonn tú ag scríobh di.
Níor deineadh aon leithscéal ariamh the excuse was never given
" Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir.
an leithscéal the excuse
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi he had to apologize to her
" B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus faoin fáth a raibh sí gan dídean.
ach leithscéal feiliúnach just a suitable excuse
" Níl sa gcaint seo faoin dáiliúchán ach leithscéal feiliúnach do dhreamanna, go mb’fhearr leo nach mbeadh orthu bacaint le nuachtán clóite a chur ar fáil don dá thrian (68%) a bhfuil sin uathu.
is bocht an leithscéal é sin that’s a pretty poor excuse
" ” Ar ndóigh ní hé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon roinn stáit a ghlac le cúraimí nua le dornán blianta anuas agus is bocht an leithscéal é sin le droim láimhe a thabhairt dá gcuid dualgais reachtúla.