Pota Focal Intergaelic
mor | mar | | mór- | móra
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
moll mór airgid a pile of money
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
lear mór a lot
"lear mór strainséirí ag cur fúthu sa Rinn, cliamhaineacha isteach ina measc, agus cé go bhfuil cuid acu 'níos Gaelaí ná na Gaeil féin', caithfear a rá nár dhein cuid mhaith acu mórán d'iarracht leis an teanga.
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
mór le rá important
" 'Is cóir cuidiú a thabhairt d'fheirmeoirí beaga agus d'fheirmeorí tionónta ach ní do dhaoine saibhre,' a dúirt an tUasal Watts, atá ina chathaoirleach ar ghrúpa feisirí ó iarthuaisceart Shasana agus atá mór le rá sa pháirtí.
beairic mhór de chuid na bpéas beairic de chuid na bpéas: a police barracks
"beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna.
Castar cuid mhór daoine orm I meet a lot of people
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
scáthláin mhóra large screens
" In amanna cuireann siad scáthláin mhóra in airde fosta, iad greamaithe do leoraithe míleata.
néalta móra toite large clouds of smoke
" Cúpla lá ó shin, bhí néalta móra toite ag éirí i dtreo na spéire.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
móra musacha big and baggy
" Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
móra musacha big and baggy
" Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta.
móide as well as
" Bíodh dátaí socraithe do na clubanna freisin, mar shampla idir Meán Fómhair agus Aibreán, móide tréimhse anseo is ansiúd sa samhradh.
na boic mhóra the big bucks
" Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
líon mór eachtrannach a large number of foreigners
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
chloigeann mhór big head (as in hungover)
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
téann sí i bhfeidhm chomh mór sin she makes such an impression
" Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
chloigeann mhór big head (as in hungover)
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
Is mór sin ort big deal, tough
" " "Is mór sin ort," arsa Deirdre.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh The North Atlantic Drift
" Tagann Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh aniar aneas timpeall ar an oileán, rud a fhágann an aimsir gan bheith róthe ná rófhuar, agus rud a fhágann caipín ceo ar chnocaibh Chléire go minic.
boic mhóra the big bucks
" "Sa phríobháidiú is mó a deineadh sa tír seo, Telecom Eireann, tá sé soiléir anois gur ar mhaithe leis na boic mhóra a deineadh é agus gurb iad na daoine beaga, an lucht oibre, atá agus a bheas thíos leis.
a bheag nó a mhór more or less
" Ach tá difear tábhachtach ann idir an dá phobal sa chás seo: tá an chuma chéanna ar na hÉireannaigh agus ar na Sasanaigh, a bheag nó a mhór, agus tá an blas céanna ag an dara glúin, cé go mbíonn siad ag ócáidí sóisialta Éireannacha agus mar sin de.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
moll mór a large heap
" Chaith sé amach na rudaí nach raibh de dhíth air agus chuir sé moll mór eile acu i bhfolach ar chúl na cathaoireach móire.
Is mór an gar it's very fortunate that
" "Is mór an gar go bhfuil mé réidh, sin a dtig liom a rá.
píosaí móra sreinge big pieces of wire
" Chuaigh mé isteach agus bhí fear óg ann ag obair le píosaí móra sreinge.
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP an election would suit the DUP very well
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
Is mór an gar It's a good thing
" "Is mór an gar," arsa Sinéad.
an fia mór Éireannach the great Irish deer
" Bhí an béar, an mamat, an réinfhia agus an fia mór Éireannach i measc na n-ainmhithe is luaithe.
go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór that this could be greatly increased
" Deir Fionnuala go saothraíonn Raidió na Life idir £25,000-30,000 sa bhliain ar fhógraíocht ach tá sí den bharúil go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór dá mbeadh bainisteoir fógraíochta fostaithe ag an stáisiún (í féin a dhéanann an obair sin faoi láthair).
na boic mhóra the bigwigs
" Ní hiad na boic mhóra amháin a bhíonn ag gabháil d'iompar mí-eiticiúil nó mí-ionraic.
a mbunús mór most of them
" Ó thaobh na bparamíliteach de, ó thús na bliana seo caite go dtí tús mhí Lúnasa 2001, caitheadh 134 buama píopa (ar phléasc 50 acu), a mbunús mór ar thithe Caitliceacha.
comharthaí móra easláinte big signs of ill-health
" Tá an phrognóis dóchasach, ainneoin comharthaí móra easláinte.
nach raibh tú mór leo that you weren't friends with
" * Ach i ndiaidh tamaill ba chuma leat cad é a déarfadh daoine nach raibh tú mór leo ar scor ar bith.
bhoc mór bigwig
" D'fhoghlaim Balor faoi bhoc mór sin na sean-Róimhe, *Janus* an Dá Éadan, a bhfuil an mhí seo ainmnithe ina onóir.
mór a dhóthain big enough
" "Níl seisean mór a dhóthain le troid a chur ar Shílteach De Valera.
Mothaím go mór trína chéile I feel terribly upset
mionna mór swear-word
" " Bhí mionna mór ar bharr a theanga ag Cian ach shlog sé é.
moll mór airgid a pile of money
" Ach ansin arís má chaith sé moll mór airgid uirthi bheadh sí ag déanamh go raibh léithi.
gur mhór an gar that it was a good thing
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
a leabhar mór-ráchairte his book that is in heavy demand
" Rowling a leabhar mór-ráchairte *Harry Potter*, agus b'fhéidir go dtiocfaidh cuid den draíocht sin chugamsa fosta.
chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala he greatly influenced Nuala
" Ní raibh mo mhuintir aon phioc sásta ach bhíos ag rá liom féin 'Cad ina thaobh go gcaithfinn mo shaol le rud nach bhfuil suim dá laghad agam ann?'" Bhí an file Seán Ó Ríordáin ag obair san ollscoil ag an am agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala agus ar mhic léinn eile de chuid na Gaeilge, leithéidí Michael Davitt agus Liam Uí Mhuirthile, agus spreag sé iad le dul i mbun na scríbhneoireachta.
d'athródh mo phearsantacht go mór my personality would change greatly
" Dá bhfanfainn ann, d'athródh mo phearsantacht go mór dá bharr agus an duine a dhéanfaí díom, ní dóigh liom gur mhaith liom an duine sin in aon chor.
le cur fúthu ar tír mór to settle on the mainland
" Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.
nach mór nearly
" Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh.
níos cáidhí go mór far dirtier
" " Ní ag tagairt do lábán shuíomh na tógála i mBaile an Aba atá sé, ach do chlábar atá níos cáidhí go mór.
ag goilleadh go mór ar greatly vexing
" Bhí easpa urlabhra an easpaig seo, a mbíodh go leor le rá aige fá chúrsaí eile, ag goilleadh go mór ar fhear na súile nimhe.
impireacht mhór gnó a riar to manage a large business empire
" , ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach.
leabhair mhór-ráchairte popular books
" Is é úinéir an fhoilsitheora is mó san Iodáil, Mondadori, comhlacht a fhoilsíonn leabhair mhór-ráchairte, nuachtáin agus irisí, agus a bhfuil 20% den mhargadh foilsitheoireachta inmheánach aige.
a bheag nó a mhór more or less
" Athraíonn na ceisteanna ó sheachtain go chéile ach deirtear liom gurb iad na freagraí céanna iad a bheag nó a mhór.
chúis mhór teannais a big cause of tension
" Braitheann tú ón mhéid atá le rá ag Spillane go mb'fhéidir gur chúis mhór teannais an teip chéanna le linn an taifeadta.
go mór mór especially
" " Ganntanas múinteoirí ======= Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht.
réimse mór talún a large tract of land
" Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall.
bod míl mhóir whale penis
" Ceart go leor is tósta a fhaighimid - seachas bod míl mhóir nó a leithéid.
sluaite móra big crowds
" Chomh maith leis sin tá lucht gnó, go mór mór lucht tithe tábhairne agus óstán sna bailte móra ar fud na tíre, buíoch go maith den CLG as ucht na sluaite móra a théann chuig na cluichí i rith na bliana.
Is bean mhór léitheoireachta mé I'm an avid reader
" Is bean mhór léitheoireachta mé agus is aoibhinn liom teangacha eile a fhoghlaim, teangacha atá difriúil ar fad ó mo theanga dhúchais.
bhí náire mhór orm I was really ashamed
" Bhí Béarla líofa agam ach ní féidir liom a rá go raibh mé iontach sásta leis sin - bhí náire mhór orm gan a bheith ábalta aon fhocal Gaeilge a labhairt.
faoi thionchar athruithe an domhain mhóir under the influence of world trends
" Maidir leis an iascaireacht, tá sé suimiúil a fheiceáil go raibh an tionscal seo faoi thionchar athruithe an domhain mhóir mar atá tionscal na ríomhaireachta sa lá atá inniu ann.
gur measa go mór a n-iompar that their behaviour is much worse
" Mar dá olcas mhí-iompar na nGardaí in áiteanna poiblí, is féidir a bheith cinnte gur measa go mór a n-iompar laistigh de bhallaí sábháilte teolaí an stáisiúin.
ina sluaite móra in big numbers
" Tháinig daoine den lucht oibre anseo ina sluaite móra sa naoú haois déag mar go raibh na mílte post le fáil sna muilte lín, sna dugaí agus sna longlanna.
Ní fhéadfá níos mó a iarraidh You couldn't ask for anything better
" "Ní fhéadfá níos mó a iarraidh," ar seisean.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
sa tréimhse is mó idéalachais dá saol in the most idealistic period of their lives
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
cúisíodh níos mó ná leath more than half were prosecuted
" Sa bhliain 2000 gabhadh 62,000 duine; astu sin cúisíodh níos mó ná leath.
i gcaifí na Mór-roinne in cafes on the Continent
" De réir an Bhille, beidh cead cosc a chur orthu ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag a bheith in aon áit in aice leis an áitreabh inar tharla an trioblóid as ar cúisíodh iad Is é an chaint is deireanaí ón rialtas ná go bhfuil siad chun bille nua a thabhairt isteach a thabharfaidh cead do thábhairneoirí páistí a choimeád amach, seachas cultúr nua uile-aoiseach a chothú inár dtithe tábhairne, mar atá le fáil i gcaifí na Mór-roinne.
nach mór ullamh nearly ready
" Le cúig bliana anuas, tá cúig cinn de theidil foilsithe againn, agus tá an séú ceann nach mór ullamh.
an Mór-Roinn the Continent
" Ba mhinic thall mé cheana ar cuairt ag cairde, ar ghnó, nó ar mo bhealach le "fíorchultúr" a bhlaiseadh ar an Mór-Roinn.
foirne mór le rá notable teams
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
rírá mór a great hubbub
" Céard a chiallaíonn an ceiliúradh seo ar fad chomh fada is a bhaineann sé linne anseo in Éirinn? Cén fáth gur eisceacht í ár bhfoireann sacair nár bhuaigh aon chomórtas riamh? An t-aon spórt geall leis nár éirigh linn comórtas idirnáisiúnta ar bith a bhuachaint ann, déanaimid mar náisiún ceiliúradh agus comóradh agus rírá mór mar gheall air.
Is mór an gar it's fortunate/just as well
" " Is mór an gar gur ól an seanphéire deoch nó beirt, ar an laghad bhí caolsheans ann go mbainfeadh siad sult as an lá nuair a thiocfadh sé.
lear mór daoine a great number of people
" Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
d'oir sé go mór dom it really suited me
" Céim Ghaeilge agus Fhraincise atá á déanamh agam sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar sin d'oir sé go mór dom dul chuig coláiste ina bhféadfainn feabhas a chur ar mo chuid Fraincise gan ligean do mo chuid Gaeilge dul i ndearmad.
saothar mór great effort
" Bíonn ar na léachtóirí saothar mór a chaitheamh chun na mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh sna ranganna agus mar sin de ní bhacann a bhformhór leis seo a dhéanamh mar gur dóigh leo gur am amú é.
mhachairí móra fairsinge great wide plains
" Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas.
slám mór a great number
" Tá bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim.
go tír mór to the mainland
" Bhí baicle daoine as Toraigh i láthair a tháinig go tír mór go speisialta le John Beag a chloisteáil.
dáimh mhór great affection
" Neipeal ======= Tá dáimh mhór ag Cathal le Neipeal.
lastas mór leabhartha a big load of books
" Chaith mé ceithre lá i mBaile Átha Cliath i lár mhí Iúil i mbliana, agus ar ndóighe, tháinig mé abhaile le lastas mór leabhartha - thar aon rud eile, an chéad chuid de "Scríbhinní Mháire", sraith atá Nollaig Mac Congáil a chur in eagar fá láthair, nár lagaí Dia a lámh.
meancóg mhór big mistake
" Tá sé dochreidte, ach tá meancóg mhór ar an fhístéip a dtiocfadh léi daoine a chur i mbaol ar na sléibhte agus bhí an BMC ar nós cuma liom nuair a chuir mé sin in iúl dóibh.
impleachtaí móra great implications
" Is conspóid í seo ar fiú súil a choinneáil uirthi mar go bhfuil impleachtaí móra i gceist ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta agus an baol ann go gcothófar deighilt níos mó idir muintir na tuaithe agus pobal cathrach na tíre.
hócáidí móra big occasions
" Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.
Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. The language made a big impression on me.
" Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm.
moladh mór high praise
"moladh mór ag Nikki don dream atá i mbun an ionaid sin, go háirithe do Leo Walsh atá ina stiúrthóir ar an Roinn Imeachtaí Cultúrtha.
chumhachtaí móra power brokers
" Níor éirigh leis sa toghchán, ach bhain sé post rialtais amach ina dhiaidh sin sa chathair, agus bhí sé ar dhuine de chumhachtaí móra Tammany Hall.
fulaingt mhór great suffering
" Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh.
dhá bhíoma mhóra solais two great beams of light
" Bíomaí ======= "Ar an 11 Márta, leathbhliain i ndiaidh na n-ionsaithe ar na túir, caitheadh dhá bhíoma mhóra solais suas i spéir na hoíche i suíomh cóngarach don áit ar sheas na túir.
Fhrithdhúnadh Mór The Great Lockout
" Tá Larkin, a bhí ina cheannaire sa Fhrithdhúnadh Mór i mBaile Átha Cliath i 1913, mór le rá go fóill i measc na nÉireannach agus na gceardchumannaithe ar Merseyside; bhí Jimmy Nolan, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh fada sna dugaí i Learpholl 1995-1998, mar aoi-chainteoir ag an slógadh roimh an pharáid.
impleachtaí móra big implications
" Níl *Beo!* sásta a rá le haon duine cén tslí ar cheart dó vótáil i Reifreann Nice ach measann muid go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí na hargóintí ar an dá thaobh a mheas go cúramach agus gan a bheith ar nós cuma liom faoi chinneadh a mbeidh impleachtaí móra aige, ní hamháin dúinne in Éirinn ach do na milliúin eile ar fud na hEorpa.
boic mhóra big bucks
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
méadaithe go mór greatly increased
" Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.
a chorraíonn an croí go mór which moves the heart greatly
" Ní raibh ach thart fá deichniúr eile i láthair, agus is mór an trua sin mar gur scannán é a chorraíonn an croí go mór.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
raic mhór big racket/fuss
" Bhí raic mhór ann nuair a thosaigh Dara agus Cuán s'againne ar scoil an mhí seo caite.