Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Maítear it is stated
" Maítear ar an chéad leathanach go dtabharfaidh an iris cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil sé seo ag tarlú mar go bhfuil a fhios ag daoine anois na teorainneacha a bhaineann le WAP sna gléasanna reatha.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil pragmatachas ag baint leis an chuid is óige (agus is tallanaí) taobh istigh den DUP.
maítear it is claimed
" Arís, de réir na bhfigiúirí oifigiúla, maítear gur chuir 45 saighdiúir lámh ina mbás féin, ach maíonn comhfhreagraí an NIVA go bhfuil eolas aige ar sheachtar a mharaigh iad féin taobh istigh de bhliain amháin agus go gcaithfidh go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná cúig dhuine is daichead.
Maítear it is stated
" Maítear ar an suíomh go "scriostar seafóid agus creachadóireacht go tapa", agus iarrtar orthu siúd ar mian leo bheith ina n-eagarthóirí bheith "misniúil" agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar altanna.
maítear it is claimed
" Ar ndóigh, maítear go bhfuil níos mó bá anois ag an Rialtas seo leis an fhear bheag ná le comhlachtaí móra idirnáisiúnta, a bhuíochas do dheireadh seachtaine a caitheadh in óstán in iarthar Chorcaí mí Mheán Fómhair seo caite.
Maítear it is stated
" Maítear nach bhfuil córas ceart i bhfeidhm i gceantracha Protastúnacha le hairgead a fháil ón Eoraip, ach de réir *Scope*, chuir grúpaí Protastúnacha 31 iarratas ar mhaoiniú d’infrastruchtúr pobail isteach i gcomparáid le 30 ceann ó ghrúpaí Caitliceacha.
maítear it is claimed
" In alt ar *An Phoblacht*, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.
go maítear that it is claimed
" Dúnmharú eile I ráiteas a rinne Pat Rabbitte, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó dheas, sa Dáil ar an 25 Deireadh Fómhair 2005 dúirt sé go maítear gur earcaíodh Haddock i ndiaidh dó cailín óg Caitliceach a mharú le linn di bheith ar cuairt ag cara dá chuid i Mount Vernon i mí Eanáir 1993.
maítear it is stated
" **Gníomhach in eachtraí foréigin**I dtuarascáil an CNF, maítear go bhfuil baill de chuid an UDA gníomhach in eachtraí foréigin, iad seicteach nó ciníoch.
Cé go maítear go minic although it is regularly claimed
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
maítear it is stated
" De réir na tuarascála, tá seirbhísí á ndúblú nó á n-iolrú do phobail a bhfuil cónaí orthu taobh le chéile agus, mar shampla amháin, maítear go bhfuil 30,000 post caillte de bharr an iolraithe seo.
Maítear It is claimed
" Maítear gurbh é an IRA a mharaigh an fear óg agus más fíor é an líomhain sin, b’fhéidir go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ann don roinnt cumhachta ó thuaidh.
Maítear it is stated
" Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988 de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió.
Maítear ansin go neamhbhalbh: It is claimed openly there
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
MAÍTEAR it is said
" MAÍTEAR gur seanfhocal Sineach atá san abairt “*May you live in interesting times*” ainneoin nár thángthas ar an bhunleagan Sineach.
maítear it is claimed
" ” Tar éis dom slán a fhágáil le hEoghan, léim alt a bhí ar eagrán den iris Phoenix i lár na n-ochtóidí ina maítear gur scríobh Harris alt neamhshínithe ag rá go raibh Mac Aonghusa ag iarraidh ardú céime mar Cheannasaí Raidió na Gaeltachta a fháil dó féin.
Maítear go it is said that
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
Maítear it is said
" Maítear gur thug an t-impire Frederick the Great an chomhairle seo a leanas do cheann dá chuid Ginearáil i lár catha: “*The first step backward makes a poor impression, the second step is dangerous, and the third becomes fatal*.
maítear it is claimed
" Is ríléir go bhfuil cód foirgníochta níos láidre ag teastáil do na tithe nua, go háirithe mar go maítear go mbeidh tinte móra ar siúl sa bush abhus níos minice sa todhchaí mar gheall ar an athrú aeráide.
maítear it's claimed
" Tá an taispeántas Body Worlds le feiceáil go fóill ach cuirtear béim mhór ann ar chúrsaí eolaíochta anois agus maítear anois chomh maith go bhfuil na corpáin á dtaispeáint le cead na mbronntóirí.
Maítear it's claimed
" Maítear go mbeadh dealramh an-difriúil ar thábla Serie A dá mbainfí pointí d’fhoirne a bhuaigh cluichí de dheasca earráidí a rinne réiteoirí.
maítear it's claimed
" Diongónna a thugtar ar shleachta na madraí seo agus maítear gur de bharr iomaíochta le haghaidh bia leis na madraí nua a díothaíodh tílicín na hilchríche.
maítear it's claimed
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
Maítear it's claimed
" Maítear i dtuairiscí áirithe sna meáin go bhfuil mná agus páistí na gcomhphobal níos sásta ná na fir iontu leis an idirghabháil.
maítear it's claimed
" php?lang=13) I measc na gcúiseanna nár fuasclaíodh an t-eolas seo, maítear go gcuimsíonn an tuarascáil seo ábhar atá "faoi réir bhreithnithe leanúnacha ag leibhéal Roinne" nó "a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar obair na Roinne.
maítear it is claimed
" Ceann acu sin is ea an turasóireacht, cé go maítear i dtólamh go mbíonn an séasúr thar a bheith gairid agus nach dtig brath ar an aimsir! Ach ní gá gur mar sin a bheadh sé, ach leas a bhaint as áis atá againn go flúirseach – sléibhte áille na tíre.
Maítear it's claimed
" Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
Maítear uaireanta it's sometimes claimed
" Maítear uaireanta go bhfuil an comórtas faisin ag Flemington níos tábhachtaí ná an rás é féin.
Maítear its claimed
" Maítear gur spórt teagmháil coirp é sacar, ach i gcomórtas leis na trí chluichí peile proifisiúnta eile abhus tá an chuma ar an scéal gur spórt ‘bog’ é.
maítear it's claimed
" Chuir muintir dhúchais na hAstráile fúthu sa tír seo den chéad uair corradh is ceathracha míle bliain ó shin, de réir na fianaise seandálaíche, agus maítear go minic go bhfuil an tsaíocht bheo is ársa gan bhriseadh ar domhan acu.
Maítear it’s claimed
" Maítear anois gur chnoc oighir a chonaic sé, agus ceann mór ard ab ea é más fíor an cur síos a d’fhág Breandán againn.
Maítear it's claimed
" Maítear go mbeidh ‘príomhról’ ag an eagraíocht i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais.
maítear it’s claimed
" Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
Maítear it’s claimed
" Maítear go mbíonn leisce orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta a eascraíonn go rialta as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca airgid sna fearais chearrbhachais dá dheasca.
maítear it’s claimed
" Lena chois sin, maítear fosta gur phróiseas thar a bheith costasach atá ann agus nach bhfuil sé d’acmhainn ag daoine bochta ‘sárurghaire’ a lorg.
maítear gurb it’s claimed that
" (Féach ailt Bhriain Uí Bhroin agus Robert McMillen san eagrán reatha de Beo!) Soir uainn, maítear gurb é an KGB, > FSB na linne, a reáchtálann an Rúis agus a mharaíonn iriseoirí beag beann ar aon iniúchadh nó cáineadh.
maítear it’s claimed
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
Maítear it’s claimed
" Maítear ar shuímh idirlín na meán sóisialta mór uile, *Facebook* san áireamh, go gcaithfidh an t-aos óg a bheith os cionn 13 mbliana d’aois chun teacht ar a gcuid seirbhísí.
Maítear i gclár an rialtais it is claimed in the program for government
" Maítear i gclár an rialtais go raibh sciar mhaith den locht 'ar fhabhtanna i gcóras polaitíochta na tíre' as an ghéarchéim airgeadais ina bhfuilimid.
maítear it’s claimed
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
Maítear fosta it’s also claimed
" Maítear fosta go mbíodh sé ag goid chaoirigh na gcomharsan.
maítear, de chogar leochaileach it is quietly whispered
" Móramh Palaistíneach na linne seo, maítear, de chogar leochaileach, ina leith gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad agus gur iarsma dá mbealach ón Iúdachas is ea Clann Nasrani - Críostaithe na Palaistíne.
Crochadh é agus maítear he was hung and it was claimed
" Crochadh é agus maítear go raibh na focail dheireanacha cháiliúla seo aige: “Such is Life”.
Maítear it’s claimed
" Maítear gur i bhflaitheas naomh nó gur in altruistic society amháin a d’oibreodh córas den chineál sin.
maítear gurbh shin é an fáth that’s mentioned as a reason
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
Maítear it’s claimed
" Maítear gur córas caipitleach a bhí agus atá againn in Éirinn.
Maítear fosta it’s also claimed
" Pobal ar Aire ====== Maítear fosta gur tháinig feabhas ar an phóilíneacht.
maítear it is claimed
" Ach ansin maítear go gcuirfidh ‘an comhcheangal’ idir COGG agus an NCCA le cumas COGG ‘i ndáil leis an obair seo’ agus i dtaobh ‘comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge’.
maítear it’s claimed
" Mar fhreagra ar seo, maítear gur dúirt de Valera go mb'fhéidir gur ar chaighdeán agus ábhar na gcláracha a bhí an locht seachas ar an phobal a bhíothas ag iarraidh a mhealladh.
Maítear go mbeadh feidhmiú an chórais seo it’s claimed that the operating of this system would ag teacht leis an dlí conform with the laws
" Maítear go mbeadh feidhmiú an chórais seo ag teacht leis an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta, ach tá cúiseanna maithe le déanaí, san Eoraip is sna Stáit, le hamhras maidir le hiompar na n-údarás i leith sonraí pearsanta.
Maítear go mion minic it’s claimed very often
" Maítear go mion minic gur craiceann na Gaeilge atá ar Hiberno-English na hÉireann agus gurb í an chanúint sin ár mbronntanas cultúir flaithiúil i bhfoirm scríofa agus labhartha don saol mór.
Maítear it’s claimed
" Maítear gur Éireannaigh bunáite an ceathrú cuid de na Dubhchrónaigh a ‘throid’ in Éirinn.
Maítear it’s claimed
" Maítear go ndúirt an tiománaí, “Tá sibh sa Bhreatain anois, agus ba cheart Béarla a labhairt.
Maítear it’s claimed
" Maítear i bhFoclóir Mhic Guaire, an foclóir is údarásaí sa tír, go bhfuil sanasaíocht bhundúchasach ag an bhfocal, ach gan aon tagairt d’fhocail atá cosúil leis i dteangacha dúchasacha.