Pota Focal Intergaelic
meáigh | | me | meán | ae | amen
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meá mead
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
idir dhá cheann na meá undecided, not knowing which way to jump
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
meá ar mheá break-even
" D'éirigh linn pointe meá ar mheá a bhaint amach thart ar shé mhí ó shin agus tá ag éirí linn na billí a íoc.
an scéal a mheá to weigh up the story
" ' Dúirt mise leo go rabhas ag obair anseo agus go gcaithfinn an scéal a mheá agus dúradar, 'You don't want the job, so.
ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha weighing the psychological implications
" Ag meá na n-impleachtaí ======= Bhí gach tráchtaire ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha a bheadh a baint lena leithéid de thoradh don phobal Protastúnach.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
Idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól, agus cé gur mí Lúnasa atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
an mheá a chothromú to balance the scales
" Bhí uachtarán Shinn Féin ag iarraidh dlús a chur faoin dímhíleatú, rud a chuideodh go mór leis an mheá a chothromú maidir leis na deonaigh, agus chonacthas an cruinniú mar chomhartha úr den mhuinín agus den chumhacht atá ag na poblachtánaigh.
mheá sheicteach sectarian balance
" Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
meá scales
" “Téigh ar aghaidh go dtí an Seomra meáite (Weighing Room),” a dúirt an bhean san oifig liom nuair a d'inis mé di gur freastalaí beáir a bhí ionam.
an ráiteas a mheá to weigh up the statement
" ’ Lean sé air sula bhféadfadh Liam an ráiteas a mheá i leith a athar.
agus na roghanna éagsúla á meá aige when he is weighing up the various choices
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
idir dhá cheann na meá, in the balance,
" Tá an Seanad fós idir dhá cheann na meá, agus is mar sin a bheidh sé go dtí lá an toghcháin féin.
idir dhá cheann na meá, in the balance,
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil gach teanga idir an dá ghrúpa sin idir dhá cheann na meá, an Ghaeilge ina measc.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Bhí todhchaí an gCluichí Oilimpeacha idir dhá cheann na meá ag an am sin agus bhí mugadh magadh ceart déanta don spiorad Oilimpeach.
Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá the future of America is hanging in the balance
" Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá mar gheall ar an gceist seo.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.
idir dhá cheann na meá in the balance
" Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Fuair páirtí an Congress an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.
meá measuring
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad.
sa mheá in the estimate
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Ach, bhí an t-aicsean ar an bpáirc iontach tarraingteach, an caighdeán peile go fíormhaith, an cluiche idir dhá cheann na meá agus an slua ar bís.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá ============ Nuair nach raibh tromlach ag aon mhórpháirtí sa teach íochtarach bhí an rogha ag an seisear feisirí eile ann tacú le ceann amháin acu le móramh a bhunú.
Idir dhá cheann na meá touch and go, in the balence
" Idir dhá cheann na meá, beidh 37 suíochán Seanaid (as 100), 39 gobharnóireacht, agus 435 suíochán sa Chomhdháil (’sé sin, iad go léir).
idir dhá cheann na meá touch and go
" Bhí todhchaí an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) idir dhá cheann na meá ón uair gur mhol Colm McCarthy agus a chairde ins an Bord Snip Nua fáil réidh leis.
ag meá reckoning
" ** RÓS: Tá mé ar Choiste Scór Liatroma agus táimid ag meá an scéil faoi dhá fhoireann peile le Gaeilge a bheith sa chontae le cur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, mar a rinne Béal Feirste agus mar atá ar na bacáin ag Baile Átha Cliath.
a mheá to estimate
" Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.
sa mheá chuige were weighted up in relation to it
" Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige.
nach féidir a mheá ná a thomhas which can’t be measured or weighed up
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
ag meá na ceiste weighing the question
" Thosaigh sé ag siúl go mall idir an dá bhealach ag meá na ceiste.
mheá sé he weighed up
" Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais.
le cur sa mheá to be considered along with
" Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheá nó thig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.
seal ag meá a while considering
" Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag meá ar tharla san olltoghchán is mó a reachtáladh ar an domhan chláir riamh.
meá measuring
" Chaith Alan Desmond seal ag meá cheist mhuintir mhear na machairí in oirthear domhain, an dream daoine a dtugtar na Uígir orthu.
meá (weighing) scales
" Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.
ag meá weighing
" Tá PJ Mac Gabhann ag meá cheist na glaine agus an chostais maidir le giniúint aibhléis na tíre.
mheá measure
" Tábhacht na hiomána i gcroí an duine óig, caithfear a aithint agus a thabhairt sa mheá más ag imeacht as Éirinn seal a bheas do thriall.
ag meá estimating
" Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.
ag meá na Dála úire estimating the new Dáil
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.
ag meá taking a look at
" Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá imeachtaí Fhianna Fáil a d'fhág gan frapa gan taca anois iad.
ag meá na ceiste sizing up the matter
" An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
ag meá cé a d’fhéadfadh sizing up who could
" Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
ag meá dhá thaobh an scéil weighing up all options
" Ar nós roinnt mhaith de Ghaeil na hAlban, tá sé féin ag meá dhá thaobh an scéil go fóill.