Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go measann tú, that you think,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
Measann estimate
" Measann an PSNI go bhfuil tuairim's ar 300 ball ag na heasaontóirí.
measann feel
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
Measann estimates
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
Measann estimates
" Measann an Banc Domhanda go maireann 456 milliún Indiaigh faoi bhun líne an bhochtanais, ’sé sin, go maireann siad ar $1.
measann reckons
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
Measann reckons
" Measann Noel Pearson, duine de na ceannairí mhuintir dhúchais is clúití sa tír, go bhfuil an cineál aigne a bhaineann le leas sóisialach ag déanamh an-dochar dá mhuintir.
Measann feel, are of the opinion
" Measann go leor daoine gur ar an ábhar sin a chuir a pháirtí, Páirtí na nOibrithe, iarrthóir nach bhfuil aghaidh dá cuid féin aici chun tosaigh – Rousseff.
measann an eite dheis the right wing thinks
" Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu! Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn.
Measann sé he feels
" Measann sé gur fo-aicme dearmadta atá san aicme oibre aontachtach ainneoin go bhfuil daoine aonair i ngach ceann de na páirtithe atá ag déanamh obair mhóir ar an heastáit tithíochta dílseacha ach ní theann siad i bhfeidhm ar chor ar bith ar cheannaireacht a bpáirtithe, dar leis.
measann siad they feel
" Cinnte, tá dul chun cinn na Shinners ina ábhar buartha acu, ach ar an taobh eile, measann siad gurb é Fine Gael an páirtí “is Aontachtaí” ó dheas.
measann think
" Bhí cúpla imeacht eagraithe ag an CRD sna féilte luatha - measann daoine gurbh í an chéad stiúrthóir í ach bhí Deirdre McManus, Danny Power agus Kate Pickering gníomhach sa ról roimpi.
Measann are of the opinion
" Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.
Measann an tuairisc seo this report estimates
" Measann an tuairisc seo go mbeidh gá le 290,000 cuairteoir in aghaidh na bliana má tá Ionad Titanic le teacht slán ó thaobh ioncaim de agus tá amhras ar an Oifig Iniúchóireachta go sroichfear an sprioc sin go fadtéarmach agus nach bhfaighfidh cuairteoirí luach a gcuid airgid as.
Measann reckon
" Measann na hAstrálaigh go bhfuil a gcomharsana tras-Tasmáine in airdeoga agus leithleach, an-chosúil le muintir Shasana, agus tugann siad ‘South Sea Poms’ orthu.
measann siad they reckon
" Ach is mian le gach duine acu go mbeadh siad ina gcónaí i gceantar atá slán, sábháilte agus measann siad nach féidir sin a dhéanamh i limistéar ina bhfuil cuid mhór daoine den treabh eile agus anuas ar sin, tá fadhbanna ar leith i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Measann feels
" Ach an eagraíocht í an PSNI an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann? Measann Ó hEára go bhfuil cuid mhaith daoine ann ar daoine maithe iad atá ag iarraidh tús úr a chur le cúrsaí póilíneachta mar a dúirt Patten, ach go bhfuil "roinnt bheag" daoine ann go fóill a bhfuil an "seanaigne" acu.
Measann feels
" ) Measann an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga.
Measann is of the opinion
" Measann Seamus Heaney go bhfuil an tuaisceart tréigthe go brách in agallamh a thug sé an tseachtain seo do Times Londain.
Measann estimates
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
Measann feels, thinks
" Measann Róisín (agus a máthair) gurb é an t-oideachas, fiosracht faoin saol agus uaillmhian gan a bheith ardnósach, tréithe an-luachmhara.
Measann Aontachtaithe go fóill Unionists still feel
" Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus “Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann.
measann thinks
" Forbairt Earnála ======= Cé gurb é an chéad uair don stiúrthóir a bheith ag obair le haisteoirí (go leor acu aitheanta ó chompántais ardáin), measann Daniellou go bhfuil gaol faoi leith idir an fhinscéalaíocht agus faisnéis: “is dhá thaobh den chur chuige céanna iad d’fhonn teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana.
measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil constitutional law experts feel
" Chuir rialtas slacht ar fhoclaíocht an bhille chun é a neartú in éadan dúshláin, ach measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil go bhfuil cinneadh na hArd-Cúirte idir dhá cheann na meá.
measann saineolaithe go leor quite a few experts estimate
" Níor foilsíodh torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite agus measann saineolaithe go leor gur féidir an t-eolas thuas a fháil gan an t-ainmhí mara a mharú.
Measann sise she reckons
" Measann sise go bhfuil sé ag iarraidh uirthi theacht chuig cóisir leis ach nuair thuigeann an tOráisteach lách, cineálta seo, iompaíonn sé.
Measann reckons
"Measann Guillermo gur chóir go mbeadh níos mó ann, mar beag beann ar na fadhbanna leis an gheilleagar, tá postanna ar fáil sa tír agus deiseanna chun gnó a thógáil.
Measann estimates
" Agus as an eolas seo atá anois ag an PSNI, an bhfeicfidh muid daoine á gciontú? Measann Moloney gur beag an seans.
measann siad they reckon
" Mar a bheifeá ag súil leis, tá na heaglaisí Críostaí go hiomlán in éadan eotanáise mar go measann siad go dtiocfadh sí salach ar ‘naofacht an tsaoil’.
Measann thinks
" Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
Measann holds the opinion
" Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal .