Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Murach if it wasn't for
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
Murach if it wasn't for
" Murach an cat sin, a raibh sé de nós aige fanacht ag an bhfuinneog ní thabharfadh aon duine faoi deara go raibh tada as cor.
murach if it wasn't for the fact
" Ní bheadh Fianna Fáil ábalta é seo a dhéanamh murach go raibh an Lucht Oibre ann gach uair go raibh gá leo chun na figiúirí a dhéanamh suas.
murach an nua if it wasn't for the new
" Thar aon cheantar eile Gaeltachta tá Corca Dhuibhne tar éis an-mheascán den sean agus den nua a bhaint amach di féin agus murach an nua, seans nach mbeadh éinne ina chónaí ann ach lucht saoire samhraidh.
Murach If it wasn't for
" "Murach Aosdána, ní bheinn ag scríobh filíochta - fadó riamh, bheinn imithe ag múineadh.
murach if it wasn't for the fact
" Tá súil aige go léireoidh Binse Fiosraithe Flood an dochar a rinne na dlíthe clúmhillte agus go dtuigfidh daoine go mbeadh iriseoirí mar Frank McDonald agus Mark Brannock san *Irish Times* tar éis na scannail i gcúrsaí pleanála a thabhairt chun solais murach go raibh srian curtha orthu.
murach if it wasnt' for
" Thar na blianta tá a lán taifeadtaí déanta againn d'fhilí, scríbhneoirí agus amhránaithe sean-nóis nach mbeadh ar fáil choíche murach CIC.
Murach if it wasnt' for the fact
" Aird na nuachtán ======= Murach gur sheas a dheirfiúr d'uachtaránacht na hÉireann i 1997, is dócha go mbeadh de Róiste tar éis an eachtra ar fad a ligean i ndearmad.
murach é if it wasn't for him
" Cé go bhfuil deamhan déanta ag na meáin de Shipman, deir a lán daoine i Hyde nach mbeadh siad beo inniu murach é.
murach if it wasn't for
" De bharr chultúr imirceach na Stát Aontaithe, imíonn an chuid is mó den dream óg i bhfad ó bhaile, agus bogann go leor de chairde lucht pinsin go ceantar eile chomh maith; d'fhágfaí leo féin iad, mar sin, murach áiteanna mar The Villages.
murach seoltóir if it wasn't for a sailor
" Gach seans nach mairfeadh Hatch murach seoltóir ón Bhreatain darbh ainm Jack Corbett, a bhí mar chaomhnóir agus mar mheantóir ag Hatch.
Murach mé if it wasn't for me
" Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b'fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
murach if it wasn't for
" Agus, go deimhin, táim féin agus Pádraig ag obair don tSeirbhís Oidhreachta anois, cé gur doíchíde ná beadh aon aithne againn ar a chéile murach ár n-aithne ar Bharra.
Murach iad if it wasn't for them
" Murach iad, agus comharsana eile freisin, dheamhan a mbeadh deis ar bith aigesean.
Murach if it wasn't for
" Agus Murach go n-éisteann Willie Cunningham le 2FM agus é ag tiomáint ar fud na tíre ar nós an diabhail, a chos dheas ag preabadh le buille buile an cheoil mhire, ní thiocfadh leis an Stát seo méid a chuid costaisí a sheasamh.
Murach an ceol if it wasn't for music
" Murach an ceol ní dóigh liom go mbeadh Carna, Clonlaheen nó Mullahoran feicthe agam! AÓF: Cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire nuair nach mbíonn tú ag seinm? SJW: Is maith liom a bheith ag léamh, leabhair stairiúla, go háirithe.
murach í if it wasn't for it (reading)
" Ón léitheoireacht féin a fhaigheann sé an tuiscint sin agus murach í bheadh sé gan an scil a chuireann ar a chumas léamh ar an scéal.
murach na cuairteoirí as thar lear if it wasn't for the foreign visitors
" Olc is mar atá cúrsaí sna ceantair seo, bheadh siad i bhfad ní ba mheasa murach na cuairteoirí as thar lear.
Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom if it wasn't for the fact that the above-mentioned support was available to me
" Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom, is é mo thuairim nach mbeadh níos mó ná cúpla focal agam anois.
murach na mná if it wasn't for the women
" Gluais • Glossary athinsintretelling ar dhlúthchuid de theagasc na Súifeach iad tráthwhich were once an integral part of the Sufis' teachings an iomarca tráchtatoo much traffic ar bíson tenterhooks sceitimínírapturous excitement ar leathadhwide open as mo shlíout of my way a stumpa amadáinyou out-and-out fool ar iasachton loan is baolachI'm afraid ag grágaílbraying go frascopiously thar fóirover the top taibhreamhdream brímeaning i do dhúiseachtawake cóisirparty scata leaideannaa crowd of lads óinseachfoolish woman ag tagairt domsareferring to me stuaicsullen appearance ní nach ionadhnot surprisingly truapity murach na mnáif it wasn't for the women Sall leis.
murach if it wasn't for the fact
" Agus murach go raibh duine de na robálaithe dúr go leor le fianaise a fhágáil ina dhiaidh, bheimis fós dall go dtí an lá inniu ar cé a bhí freagrach as róbáil na mbanc seo.
Murach go if it wasn't for the fact that
" Murach go raibh beirt ghardaí ag ól an oíche úd a cailleadh Richie Barron nuair a bhí duine acu in ainm is a bheith ar diúite, níl a fhios agam an mbeadh gá le binse fiosraithe in aon chor.
murach if it wasn't for the fact
" ” Déanadh cur síos do na máirnéalaigh Éireannacha ar chúrsaí teilifíse na nOileán Faró, agus seans gur mar sin a d'fhágfaí rudaí murach gur casadh duine éigin orthu nuair a d'fhill siad ar Éirinn.
murach Seán if it wasn't for Seán
" Mar a dúirt mé chomh maith, murach Seán ní bheadh Conradh na Gaeilge ag feidhmiú i nGlaschú sa lá atá inniu ann.
Murach go if it wasn't for the fact that
" Murach go raibh beirt ghardaí ag ól an oíche úd a cailleadh Richie Barron nuair a bhí duine acu in ainm is a bheith ar diúite, níl a fhios agam an mbeadh gá le binse fiosraithe in aon chor.
murach an t-idirlíon if it wasn't for the internet
" Ach murach an t-idirlíon, ní chasfaí ar a chéile muid ar chor ar bith.
murach if it wasn't for the fact
" Agus mé i mbun taighde ar an Uasal Blaney, labhair mé le go leor daoine a chreid agus fós a chreideann ní hamháin go dtoghfaí Cathal Ó hEochaidh ina cheannaire ar an pháirtí murach gur sheas sé siar ar iarratas ó Shean Lemass, ach go raibh an rud céanna fíor i gcás Blaney freisin.
murach eisean if it wasn't for him
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
murach fhir an iarthair if it wasn't for the men from the west
" I ndáiríre, murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt.
murach eisean if it wasn't for him
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
Murach if it wasn't for
" Murach Acht na dTeangacha Oifigiúla an Aire Éamoin Uí Chuív, laistigh de ghlúin eile ní bheadh aon Ghaeilge fágtha sa státchóras.
Murach if it wasn't for
" Murach Acht na dTeangacha Oifigiúla an Aire Éamoin Uí Chuív, laistigh de ghlúin eile ní bheadh aon Ghaeilge fágtha sa státchóras.
murach TG4 if it wasn't for TG4
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
murach Charlie if it wasn't for Charlie
" Agus is cuma céard a deirtear faoi Charlie Haughey, murach Charlie ní bheadh an t-aerfort sin ann.
murach é if it wasn't for him
" Scóráil Maradona 34 cúl i 91 cluiche idirnáisiúnta ag imirt don Airgintín agus murach é ní bheadh an Airgintín ina gcuraí ar an domhan i 1986.
murach gur osclaíodh an scoil sin if it wasn't for the fact that that school was opened
" Ní bheinn ar aon mheánscoil riamh murach gur osclaíodh an scoil sin an bhliain sin mar ní fhéadfainn dul in aon áit eile.
murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid. if it wasn't for the fact that the military needed such a plane.
" Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
murach an righne sin if it wasn't for that stubborness
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
a bheadh caillte murach é. which would have been lost but for him.
" Caomhnóir agus cláraitheoir ab ea Morrison agus a bhuíochas dá chuid oibre tá fáil againn ar íomhánna a bheadh caillte murach é.
murach without
" Bhíodh ort táillí a íoc san uair sin dá dteastódh uait freastal ar an meánscoil, agus ní bheadh sé d’acmhainn ag mo thuismitheoirí mé a chur chun na scoile sin murach an scoláireacht a bheith faighte agam.
Murach sin, if it wasn't for that
" Murach sin, thiocfadh leadrán orm.
Murach a leithéidí, if it wasn't for the likes of those
" Murach a leithéidí, ní bheadh muid ann ar chor ar bith.
murach iad, if it wasn't for them,
" Bhí mé an-sásta sé gur thug sé an nod seo daofa, nó murach iad, ní bheadh muid anseo ar chor ar bith.
Murach iad, if it wasn't for them
" Murach iad, cén áit a ndéanfainn mo chuid cabaireachta maidineacha Máirt mhí Lúnasa?
Murach Bush were it not for Bush
" Murach Bush, ní bheadh Obama ann.
murach were it not for
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
Murach were it not for
" Murach Raidió na Gaeltachta, TG4, Foinse, agus an t-alt bídeach BEO seo againn féin leis, is beag aird a thugtar ar mhórócáid spóirt na nGael.
Murach go raibh were not it not for
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
murach go raibh if it wasn't for
" Bhíodh m’athair ag caint ar an gcluiche áirithe sin go minic agus mé óg, agus, dar leis, murach go raibh beirt nó triúr d’fhoireann Áth Cliath gortaithe lá cluiche ceannais na hÉireann go mbeadh an bua ag Áth Cliath.
Murach were it not for
" Murach an tAontas Eorpach, bheadh cumhacht na dtíortha seo – an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe – á imirt orainn ar chaoi ar bith.
murach were it not for the fact
" Céard a dhéanfadh muid murach Cumann Lúthchleas Gael? Bíonn cluichí den scoth le feiscint beo gach Domhnach ar an dteilifís.
murach iad were it not for them
" Tá muid an-bhuíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon, a bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu don tionscadal; murach iad, ní bheadh éirithe linn ClubLeabhar.
Murach san other than that
" Murach san, beidh rialtas le tromlach mór, ins an fhreasúra beidh na páirtithe a thosnaigh an polasaí úd agus dá bhrí sin, ní féidir leo súd cur ina aghaidh.
murach were it not for
" Blair === **SMM: Níl a fhios agam cé dúirt é blianta fada ó shin, murach vóta Labour in Albain agus sa Bhreatain Bhig nach dtoghfaí rialtas de chuid an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór in am ar bith; go raibh na huimhreacha sin ansiúd .
murach were it not
" Chomh maith leis sin, tar éis gur tháinig meath ar an nGaeilge sa Ghaeltacht le céad bliain, bhí an meath sin thar a bheith mall le hais mar a bheadh murach go raibh seasamh ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil.
Murach were it not for
" Murach na Gaeil a tháinig, is dócha go mbeadh na hAstrálaigh díreach cosúil leis na Sasanaigh.
Murach an ceol were it not for the music
" Murach an ceol, ní móide go gcasfaí mé i measc na ndaoine atá ag obair don chumann Barka.
murach were it not for
" Ní tharlódh a leathchuid de na himeachtaí seo murach ollamh amháin sa léann Éireannach in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, Tomás Ó hÍde, atá ag treabhadh leis go ciúin díograiseach le deich mbliana anois ag cur an léinn Éireannaigh chun cinn ar gach slí is féidir.
Murach iad were it not for them
" Murach iad ní bheadh mórán Ghaeilge ag na gasúir scoile taobh amuigh den Ghaeltacht.
Murach peannaireacht ghéarchúiseach were it not for the sharp pen
" Murach peannaireacht ghéarchúiseach Sorrentino agus scil Penn, ní dóigh liom go ngéillfinn gan troid do chonsaeit an scannáin – racréalta spíonta sa tóir ar Neatsaí.
murach na Gaeil were it not for the Irish
" Bhain sí scairteadh gáire as an gcuideachta nuair a mhaígh sí: murach na Gaeil, bheadh an Astráil go díreach mar an gcéanna leis an Nua-Shéalainn! Moladh do na Gaeil cinnte, ach masla dár gcomharsana tras-Tasmáine.
murach were it not for the fact
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
Murach deis an fhéinfhoilsithe were it not for the opportunity of self-publishing
" Murach deis an fhéinfhoilsithe a bheith agam, ní bheadh Tchouhov, Sapkota ná scata eile againn sa Ghaeilge.
nach ndéanfaí murach which wouldn’t be made were it not for (TG4)
" Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha? Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4.
Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo but for this unskilled bull of an Irishman
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.
murach were it not for
" Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.
murach rud were it not for something
" ' Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea, agus an chontúirt maolaithe go maith, murach rud a rinne an dara fear, duine ó cheantar Chor an Dula, dar leis an scéalaí, agus gan aon tuiscint aige ar chúrsaí bádóireachta.
murach í sin if it wasn’t for her
Leas Sóisialach murach social welfare were it not for
" Agus táim cinnte go ndéanfadh Fine Gael tuilleadh ciorruithe ar an Leas Sóisialach murach an Lucht Oibre.
Murach were it not for
" Murach na damhsóirí óga sin agus a dtuismitheoirí, ní thiocfadh linn a leithéid a dhéanamh.
Murach a thacaíocht were it not for his support
" Murach a thacaíocht agus tacaíocht an United Irish League, is beag seans go mbeadh na comhairlí contae sásta scoláireachtaí a dhiúltú do mhic léinn san NUI, mar a bhagair siad a dhéanamh mura mbeadh an Ghaeilge ina ábhar riachtanach.
murach gur cuireadh moill air had he not been delayed
" Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d'ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air.
murach an chonspóid go léir if it wasn't for all the controversy
" An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?
murach were it not for the fact
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.