Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón bPolainn from Poland
" Tháinig mo theaghlach ar imirce go Ceanada ón bPolainn nuair a bhí mé trí bliana d’aois.
iar-ghlór na Polainne Poland's former glory
" Cúpla seachtain ó shin bhí mé i siopa bláthanna agus nuair a d’aithin an freastalaí orm nach de bhunadh na háite mé rinne sé iar-ghlór na Polainne a mhíniú dom.
nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa when Poland was wiped off the map of Europe
" “Ba mhórchumhacht í an Pholainn,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air, amhail is go mbeadh cuimhne aige fós ar an aimsir sin, cé gur tháinig deireadh léi breis is dhá chéad bliain ó shin nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa i 1795.
géilleadh an Pholainn do Stalin Poland was yielded to Stalin
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid Poland will not let down an ally of hers
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
tréigeadh an Pholainn Poland was abandoned
" Ach ina ainneoin sin, tréigeadh an Pholainn ag deireadh an chogaidh agus rinneadh í a íobairt do Stalin.
ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne referring to this misfortune of Poland's
" Polaiteoir sinsearach Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne.
ón Pholainn from Poland
" Ach ní bheidh mórán le déanamh aici sa bhaile, ach oiread, nó beidh *au pair* ón Pholainn ag gach teaghlach leis an chuid is mó den obair sa bhaile a dhéanamh.
daoine as an Pholainn people from Poland
" “Le cois muintir Ghlaschú, tá muintir na hÉireann agus daoine as an Pholainn ag freastal ar na ranganna fosta!” San iomlán, tá sé rang ag ceithre leibhéal éagsúla ar fáil faoi láthair: ceithre rang oíche Dé hAoine agus dhá rang oíche Dé Céadaoin.
ar nós na hEastóine agus na Polainne, like Estonia and Poland,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
an Pholainn, Poland,
" An bhfuil an Léann Éireannach folláin faoi láthair? Deir sé go bhfuil sé ag fás i gcónaí, é ag leathnú amach i Meiriceá agus i gCeanada, agus fiú in áiteanna san Eoraip mar an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir.
i ndeisceart na Polainne, in the south of Poland,
" “Rugadh mé in Zabkowice Slaskie, baile beag i ndeisceart na Polainne, tuairim is 20 nóiméad ón teorainn le Poblacht na Seice.
gan trácht ar an bPolainn féin not to mention Poland itself
" Mar a dúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam riamh Zabkowice a fhágáil, gan trácht ar an bPolainn féin – bhí post maith agus árasán deas agam.
laistigh de theorainneacha na Polainne inside the bordes of Poland
" Bhí aon sluachampa dhéag ar thalamh atá laistigh de theorainneacha na Polainne mar atá siad inniu agus ba de réir ordú Heinrich Himmler, an Naitsíoch a bhí i gceannas ar an SS agus ar an Gestapo, a cuireadh Majdanek ar bun.
a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. which drew the attention of Europe onto Poland
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn No penalty was given to those who ruled Poland
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil. Poland gained a reputation for being disagreeable and contentious
" Chuir coimeádachas agus diúnas an chúpla Kaczynski isteach go mór ar na baill eile den Aontas Eorpach agus tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil.
gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha that Poland would go against the treaty
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
atá i ndán d'iompar na Polainne which is in store for the behaviour of Poland
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda Poland suffered greatly because of the world wars
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn it could be fixed in Poland
" 'B'fhéidir go bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn.
bhí mo sheal caite my time (in Poland) was up / spent
" Ach bhí mo sheal caite sa bPolainn sular éirigh liom cúnamh a fháil léi.
Oirdheisceart na Polainne south-east Poland
" Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh.
atá ag cur faoi sa Pholainn who is living in Poland
" Tá sé tugtha faoi deara ag Alan Desmond, atá ag cur faoi sa Pholainn, gur minic a dhéanann muintir na tíre tagairt d’éagóracha a rinneadh orthu san aois seo caite.
reiligí na Polainne the cemeteries of Poland
" Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
muintir na Polainne people of Poland
" Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas.
shainchomharthaí na sean-Pholainne distingushing signs of the old Poland
" Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.