Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chumann Leasa na Síneach the Chinese Welfare Association
" Labhair Dean Lee ó Chumann Leasa na Síneach faoina phobal.
a shínigh an rialtas that the government signed
" Cé go bhfuil sé intuigthe go dteastódh ó chomhlacht a gcuid ríomhchlár a choimeád rúnda, tá sé riachtanach go mbeadh an córas toghchánaíochta trédhearcach agus ba chóir de sin a bheith mar chuid lárnach den gconradh a shínigh an rialtas.
bean Shíneach-Mheiriceánach Chinese-American woman
" Aisteach go leor, is bean Shíneach-Mheiriceánach mé nach bhfuil an tSínis aici, ach a bhfuil an Ghaeilge aici.
suathaireacht Shíneach Chinese massage
" Mar is eol do chách, tá cosc ar úsáid guthán póca agus trealamh leictreonach ar eitleáin – ach an raibh a fhios agat nach mbíonn cead agat Furbys a thabhairt leat ar Qantas? Agus turas 24 uair an chloig romham, chaith mé lá agus oíche i Singeapór chun codladh agus suathaireacht Shíneach a fháil.
linn géinte na Síneach in the Chinese gene pool
" Dúirt an *Fraulein* liom go dtabharfadh sí scáth fearthainne domh, ach tá scil amháin atá i linn géinte na Síneach nach bhfuil i gceann na nGael: a bheith ag rothaíocht agus scáth fearthainne i do lámh agat ag an am chéanna.
aon cheathrú Síneach, one quarter Chinese
" Tá sé aon cheathrú Síneach, aon leath Afracach, aon deichiú cuid Éireannach, trí fhichiú cuid Rúiseach, Spáinneach, Francach, Sasanach agus Gearmánach.
an ruaig a chur ar na Sínigh. to beat off the Chinese
" Ba í uasaicme na tíre – na Lámaí ina measc – ba mhó a chabhraigh le hiarracht fholaitheach na Stát Aontaithe an ruaig a chur ar na Sínigh.
deichniúr Síneach ten Chinese people
" Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin! Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.
tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh the Chinese have their fair share of detractors
" Cinnte, tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh, ach ní fhéadfadh duine ar bith a rá nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil.
faoi chionta na Síneach about the transgressions of the Chinese
" Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla.
Bheartaigh na Sínigh the Chinese decided
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
Síneach gan ainm anonymous Chinese (person)
" cá háit a rachadh sé? Beidh an Síneach gan ainm seo reoite mar seo go deo mar is marbhán é, cosúil leis an cheathrar déag eile atá le feicéail sa taispeántas scáfar seo.
t-easaontóir Síneach Chinese dissident
" Deir an t-easaontóir Síneach, Harry Wu, a chónaíonn i Washington DC, go bhfuil an bheatha ‘iontach saor’ sa tSín agus go bhfuil sé furasta corp marbháin a fháil as an charcair nó as an otharlann agus iad a úsáid mar ‘earraí’.
Shínigh signed
" Shínigh Thatcher agus Fitzgerald Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 - arís, in ainneoin na mná nach raibh le tiontú.
Níor shínigh didn't sign
" Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú.
Shínigh signed
" Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú.
Sínigh sign
" "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d'eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
shínigh signed
" Thart fá bliain go leith ó shin chuir mé deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh mé suas le Facebook (nó féach ‘Aghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí).
shínigh signed
" Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.
shínigh signed
" Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.
Sínigh Chinese
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
Sínigh Chinese
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
nead Síneach a Chinese hub
" Ar Son an Gheilleagair ======== Má tharlaíonn sé seo, nead Síneach i lár na hÉireann in am an ghátair, maolóidh sé an brú millteanach a cuireadh ar BÁC ó na 1990aí i leith, agus i ndiaidh an tsaoil, níl sé rófhada as an phríomhchathair ag an am chéanna.
shínigh signed
" Chuir an feisire de chuid an Pháirtí Ghlais in iúl a luaithe is a toghadh é go dtabharfadh sé tacaíocht don Lucht Oibre, agus shínigh an dá pháirtí comhaontú.
shínigh signed
" Agus nuair a dhúnmharaigh cománlaigh Iosraelacha Furkan Dogan, saoránach naoi mbliana déag d’aois de chuid SAM, ar chabhlachán Gaza, shínigh sí litir d’Uachtarán Obama ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint arís.
shínigh signed
" Nuair a theip ar aon pháirtí polaitíochta móramh a bhaint amach san olltoghchán san Astráil ar na mallaibh, shínigh Páirtí an Lucht Oibre comhaontú leis an bPáirtí Glas lena thacú a fháil.
Shínigh signed
" Shínigh 800 duine é.
shínigh dáréag twelve signed
" Cuireadh go mór le tionchar an ráitis nuair a shínigh dáréag é, dáréag duine a bhí ar a seal ina nAstrálach na Bliana, in amanna cheana.
shínigh siad they signed
" Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.
Síneach Chinese
" Tá an ceantar Gréigeach thoir, tá an ceantar Iodálach thiar agus ó dheas tá an ceantar Síneach.
shínigh autographed
" Ní cuimhin liom focal a dúirt sé ach is cuimhin liom sceitimíní an tslua, an t-ionadh ar aghaidheanna na bpáistí – Uachtarán na hÉirann ag bualadh isteach le labhairt linn! – nach raibh obair i bhfad níos tábhachtaí le déanamh aige ná a bheith teacht chun cainte le slua pléascánach páistí? Tar éis a chuid cainte sheas sé inár measc agus shínigh giotaí beaga páipéir a bhí muid ag síneadh ina threo.
shínigh signed
" Bhí a fhios ag an saol go raibh a phort seinnte nuair a dhiúltaigh Ardchúirt na Stát Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal ar an 20 Meán Fomhair, ainneoin achainí ar an stát a shínigh milliún duine.
shínigh signed
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre the sites of the crimes were nationwide
" Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh.
shínigh siad they signed
" Os rud é go raibh sé faoí 18 bliana d’aois go fóill, tháinig a thuismitheoirí in éineacht leis agus shínigh siad, agus Darach é féin, conradh dhá bhliain le *Blackburn Rovers* i Mí Áibréan 2011.
shínigh siad they signed
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
achainí a shínigh a petition signed by
" Bhronn MRCI ar an Aire Dlí is Cirt, i mí Iúil, achainí a shínigh 4000 duine ag lorg stádas ar son na 30,000 inimirceach ar fir, mná is leanaí iad atá ag cur fúthu in Éirinn gan cead.
don ealaíontóir easaontach Síneach of the Chinese dissident artist
" Tuigeann lucht ealaíne agus polaitíochta go bhfuil deiseanna bolscáireachta san amhrán seo lena gcásanna féin a chur os comhair an tsaoil agus is amhlaidh an cás don ealaíontóir easaontach Síneach, Ai Weiwei.
shínigh rialtóir an stáit sin the state governor signed
" D'athraigh sin i 2009 nuair a shínigh rialtóir an stáit sin, Arnold Schwarzenegger, dlí ag aithint ‘lánúnas’, ach gan an focal ‘pósadh’ a úsáid.
shínigh signed
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
Sínigh Chinese
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
an achainí a shínigh the plea which .... signed
" Cuirim i gcás an achainí a shínigh 24,000 Caitliceach Éireannach i Learpholl (leath den mhéid Éireannach a bhí sa chathair i 1842) chuig an *Vatican*.
Síneach tógtha amach as an bhochtaineacht of Chinese taken out of poverty
" 
Mar thoradh air seo, tá 300 milliún Síneach tógtha amach as an bhochtaineacht, a deir sí.
ar na Sínigh against the Chinese
" Níorbh fhada gur thosaigh an drochíde ciníoch ar an idirlíon, maslaí pearsanta ar Anna Lo, ar na Sínigh agus ar an dóigh a labhraíonn siad Béarla, rud a chuir alltacht ar dhaoine - seachas an DUP.
leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, The Chinese oppression of Tibetians' human rights
" Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.