Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spreagúil stimulating
" Cé a thabharfadh ábhar beo, spreagúil, conspóideach ar a leithéid sin de shúlach fuarbhlasta? Cé eile ach an t-eagarthóir tiúchraicneach sin Éamonn Ó Doornail agus a leathbhádóir leathchraiceáilte Leamh Ó Cuinneagáin, an bheirt atá taobh thiar d'iris seo na marbhán.
spreagúil inspirational
" Go mbeidh an Spíce spreagúil, álainn agus grástúil - rud a mheallfadh daoine in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus a bheidh mar phointe fócasach tarraingteach.
spreagúil exciting
" Is cinnte go bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an taispeántas amach anseo ach, ar an drochuair, go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar an pholasaí atá ag an Acadamh taispeántais chomh mór seo a chur ar siúl, leanfar ar aghaidh ag déanamh faillí i go leor saothar atá fiúntach agus spreagúil.
níos spreagúla more stimulating
" Bhí sé sin, b'fhéidir ar shlí, níos spreagúla agus níos tábhachtaí ar go leor slite ná go leor des na cúrsaí foirmeálta ach san am gcéanna bhí na cúrsaí teagaisc a bhí ag an Tuamach ana-neamhchoitianta ar fad.
spreagúil stimulating
" Is minic nach mbíonn aon oiliúint fhoirmeálta ag na daoine seo agus is dá bharr seo go bhfuil an saothar a dhéanann siad chomh spreagúil agus gan mhóiréis.
spreagúla stimulating
" " Daoine spreagúla ======= I ndiaidh na scoile bhí sé beartaithe aici dul ag múineadh, ach bhí sí seachtain ró-óg le háit a fháil i gColáiste Dhún Chéirí, mar sin chuaigh sí chun an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD) áit a ndearna sí BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
ana-spreagúil very stimulating
" Bhí sé i gceist foireann ollmhór a chur ag obair air agus, sna blianta tosaigh, "bhí atmaisféar ana-spreagúil san áit.
spreagúil exciting
" *Gore-fest *fuilchíocrach, frith-Sheimíteach, foréigneach, spioradálta, spreagúil agus cumhachtach… Sin roinnt aidiachtaí a bhí in úsáid ag léirmheastóirí le gairid le cur síos a dhéanamh ar scannán úr mór-ráchairte Mel Gibson, *The Passion Of The Christ*.
spreagúil motivating
" Is é aidhm na scoile ná oideachas foirfe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, in atmaisféar spreagúil agus cúramach.
cruinnithe spreagúla rousing meetings
" Bhíodh cruinnithe spreagúla ann i gcónaí nuair a bhíodh sé i láthair agus níor chuir sé fiacail ann riamh.
spreagúla stimulating
" Feictear an téama céanna á scrúdú go spraíúil aici sa tsraith a tháinig chun cinn sna nóchaidí agus inar baineadh úsáid go tairbheach as craiceann bó leasaithe chomh maith le nathracha stuifeáilte chun píosaí guagacha spreagúla ar nós *Shuttlecock* (1993) nó *Rugby Ball *(1994) a dhéanamh.
spreagúil stimulating
" Tá dul chun cinn iontach á dhéanamh agam mar tá sí foighneach agus spreagúil.
luas spreagúil rousing speed
" Níl a fhios agam ach gur chuidigh an luas spreagúil le mo ghiúmar beagán.
litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch a modern stimulating pioneering literature
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha stimulating and worthwhile careers
" Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
spreagúil stimulating
" (Anois sin agat lán béil d’fhocail a shásódh duine ar bith agus iad ar lorg díospóireachta!) Tá an méid seo scríofa ag Ó Cearnaigh agus Nic Pháidín: “Is léamh an-chúng ar an bprós é nach múintear leithéidí *Rince ar na Ballaí* le Dermot Somers nó *Seal i Neipeal* le Cathal Ó Searcaigh ar chúrsa spreagúil ollscoile.
óráid spreagúil stirring speech
" Níor cháin siad an “”Dodgy Dossier” a thug sé dóibh agus d’éist siad lena óráid spreagúil sa Pharlaimint.
an tréimhse nua, spreagúil this new inspiring period
" Ach den chuid is mó bhí mé ag tnúth go mór leis an tréimhse nua, spreagúil seo i mo shaol.
spreagúil, encouraging, inspiring
" Bhí an cúrsa spreagúil, taitneamhach, agus eagraithe go proifisiúnta.
spreagúil inspiring
" Níl aon dabht faoi ach gur ócáid mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil agus spreagúil a bhí sna Cluichí Oilimpeacha ar cuireadh clabhsúr leo ar an 24 Lúnasa.
óráidí spreagúla inspiring speeches
" Níl ach dhá mhí fágtha idir seo agus an 4 Samhain, an lá a bheidh an toghchán úd ar siúl – seo chugainn an bús! Agus súile na mílte ball dá bpáirtithe dírithe orthu, tabharfaidh ceannairí agus iarrthóirí óráidí spreagúla a bhrúfaidh na toghthóirí i dtreo amháin nó i dtreo eile.
spreagúil inspiring
" Is duine spreagúil í a chuireann in iúl dúinn go paiteanta an oiread agus is féidir le duine amháin a bhaint amach agus é ag feidhmiú faoi lánacmhainneacht.
spreagúil stimulating
" Bhí sé cineál “subversive” ag an am sin a bheith ag caint i nGaeilge, bhí an ceol traidisiúnta subversive nó a bheith ag tarraingt, bhí sin subversive fosta agus mhothaigh mé go raibh sé sin iontach spreagúil,” ar sé agus aoibh gháire air.
an-spreagúil very encouraging
" “Do bheadh sé an-spreagúil dóibh dá mbeadh deontas bliantúil le fáil acu, abair €50,000 ón Roinn.
aitheasc iontach spreagúil a wonderful encouraging speech
" Kennedy chomh mealltach céanna le Obama agus thug sé féin aitheasc iontach spreagúil ar ócáid a insealbhaithe inar dhúirt sé leis an domhan mór an méid seo leanas: “*my fellow citizens of the world, ask not what America will do for you, but what together we can do for the freedom of man*.
is spreagúla most inciting
" Amhairc suas leis an ailtireacht a fheiceáil agus téigh sa tóir ar na carachtair a chruthaíonn an spiorad, an bheogacht agus an t-atmaisféar a chuireann an chathair seo ar an léarscáil mar an chathair is spreagúla ar domhan.
spreagúla encouraging, enlivening
" Dá mbeadh an dream céanna daoine in ann oideachas a fháil, in ann a bheith i dtimpeallachtaí cearta spreagúla, bhainfeadh an tír seo tairbhe thar na bearta astu.
spreagúla inspiring
" Tá suas go dtí deireadh mhí Bealtaine ag Doire anois chomh maith leis na trí chathair eile Birmingham, Sheffield agus Norwich atá ar an ghearrliosta fosta, chun iad féin a chruthú ó thaobh oiriúnacht suímh de agus raon na n-imeachtaí spreagúla atá beartaithe acu.
spreagúil inspiring
" Tionsnamh dúshlánach atá ann, gan amhras, agus tá an-dóchas aige go mbeidh an cnuasach seo, ní hamháin físiúil agus spreagúil do thumadóirí mara, ach go mbeidh sé, de réir a chéile, ina dhúshraith do sceir choiréil nua.
spreagúla stirring
" Tugadh aithisc spreagúla sna hArdfheiseanna a leag polasaithe uaillmhianacha amach, ach i ndáiríre ba bheag cluas éisteachta a tugadh dóibh.
ba spreagúil it was encouraging
" Saothar trí Ghaeilge a bhí i gceist agus ba spéisiúil agus ba spreagúil a bheith ag éisteacht leo agus iad ag déanamh cur síos ar an obair a rinne siad.
spreagúil stimulant
" IN Éimin, is tionscal mór atá sa khat, druga spreagúil a dhéantar ón duilliúr a bhíonn ar sceach atá an-chosúil le crann an bhosca – boxplant.
spreagúil inciting
" Cuireann sé argóintí na teanga Gaeilge os ár gcomhair agus cé go dtuigimid go léir na constaicí agus na buanna ar fad a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa tír seo, pé sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht atáimid, agus cé go bhfuil cainteoirí Gaeilge ag snámh in aghaidh an easa don mhórchuid, cé go bhfuil sé sin ar fad ar eolas againn, tá rud éigin úrnua agus scléipeach, liriciúil, spreagúil, teann agus drámatúil cruthaithe ag Magan.
ré nua spreagúil agus spraíúil a new enlivened and inspiring era
" Tháinig na scríbhneoirí Beat chun cinn mar chuid den ghlúin Mheiriceánach sin a raibh súil acu le ré nua spreagúil agus spraíúil tar éis ghruaim an Dara Cogadh Domhanda.
ionad spreagúil a rousing spot
" Lonnaithe ar Chearnóg Mhuirfean i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, in áit bhríomhar, is ionad spreagúil agus iomlán éagsúil í oifig Raidió na Life.
Spreagúil encouraging
is spreagúla a chonaic mé riamh most inspiring I’ve ever seen
" Cé go bhfuil an feidhmchláirín seo bunúsach go maith, má chabhraíonn sé leat dreigechith a fheiscint is mór is fiú é - ceann de na radharcanna is spreagúla a chonaic mé riamh.
thug sí taispeántas spreagúil she gave an inspiring show
" Bhí duine de na scoláirí sa rang Gaeilge i gConamara ar chúrsa foghlaimeoirí an samhradh seo caite agus thug sí taispeántas spreagúil Powerpoint faoin taithí a bhí aicí don slua a bhí i láthair.
Bhí caint spreagúil á tabhairt ag was giving a spirited talk
" Bhí caint spreagúil á tabhairt ag Donncha Mac Fhionnlaoich, TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, ag Scoil Gheimhridh Cholm Chille i nGartán ar na mallaibh.
spreagúil encouraging
" “Léanmhar agus scanrúil” a thug sé ar an fhadhb agus "spreagúil" ar na daoine a bhí ag iarraidh theacht i gcabhair ar dhaoine.
B’fhiú go mór a mír spreagúil a léamh her inspiring piece is well worth a read
" B’fhiú go mór a mír spreagúil a léamh.
caint iontach spreagúil a wonderful and encouraging speech
" Bronnadh gradam saoil ar shárimreoir Chiarraí, Mary Jo Ní Chuireáin, agus ba í Joanne Ní Ríordáin aoi-chainteoir na hoíche a thug caint iontach spreagúil uaithi agus a mheall a raibh i láthair.
spreagúil inciteful
" Tá scéal mhuintir Uí Chathasaigh iontach suimiúil agus spreagúil agus tá an t-eolas ar fad sa leabhar ‘*The Legendary Casey Brothers*’ le Jim Hudson, in éineacht le Jim Casey, a d’athfhoilsigh *The Collins Press 2013*.
plé bríomhar, spreagúil a lively encouraging discussion
" Bíonn plé bríomhar, spreagúil gach Luain idir 8.
dreacha spreagúla. inspiring looks
" Is mór do dhaoine na nithe beaga a thugann misneach dóibh – na focail shéimhe, na dreacha spreagúla.
Cluichí spreagúla spleodracha lively spirited games
" Cluichí spreagúla spleodracha atá feicthe againn go dtí seo i mbliana agus tá Colm Mac Séalaigh sásta buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé a bhuafas na cluichí atá fanta le himirt.