Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé is móite den Domhnach apart from Sunday
" Bheadh sé ag gearradh chuile lá fómhair, agus geimhridh, soineann is doineann, cé is móite den Domhnach, mar a rinne sé leis an liachtaí seo bliain, mura n-iarrfaí obair níos cruóige air.
seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh to take off on Sunday morning
" Le fírinne, bímse in éad leo sin a bhfuil sé d'acmhainn agus de shaoirse acu seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh (nó, níos fearr fós, maidin Dé Sathairn) agus aghaidh a thabhairt seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar cheann de mhórionaid Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre.
i gcuimhne Dhomhnach na Fola in memory of Bloody Sunday
" Bhí Colin ina bhall díograiseach den TOM, ag díol an nuachtáin *Troops Out* sna tithe tábhairne Éireannacha agus ag dul síos go Londain gach mí Eanáir don mhórshiúl i gcuimhne Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.
bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, the manager of the Bloody Sunday Trust,
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
Domhnach Cásca Easter Sunday
" Cuirfidh muid an nath sin ar mheirge an armshlua, an ceann a bheas á iompar trí lár Bhaile Átha Cliath Domhnach Cásca seo chugainn.
Domhnach Sunday(s)
" Fágann bád farantóireachta Fionnphort ar Oileán Muile gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt isteach ar Oileán Í, ach amháin ar an Domhnach.
domhnach Sunday
" Tá sé seachtaine déag i gceist, beo, agus tá sé sin traochtúil go maith mar tá tú beo gach domhnach.
an Domhnach beag seo this Sunday coming
" Toisc nach lá saoire é sa Fhrainc an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna, an lá ar a gceiliúrtar Lá an Bhuíochais sna Stáit Aontaithe, tá sé socraithe acu go gcaithfear an féasta an Domhnach beag seo.
Dhomhnach na Fola Bloody Sunday
" Thosaigh sé agus David Cameron ag déanamh leithscéal as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
" Ná ní luann siad Gluaiseacht Cearta Sibhialtachta sa Tuaisceart, Domhnach na Fola agus mar sin de.
ar an Domhnach on Sundays
" Ní Dominique Strass-Kahn atá mar ábhar na ngearán seo – nó tá seisean ag stopadh in áit nach bhfuil chomh galánta céanna – ach Richard Brutal agus a chairde sa Rialtas atá ag iarraidh an cúpla €uro sa bhreis a fhaigheann na glantóirí as a bheith ag obair ar an Domhnach a bhaint díobh.
gach ré Domhnach every alternate Sunday
" “Bíonn deasghnáth againn i seomra na n-ealaíon troda gach ré Domhnach.
Domhnach an Iomraimh Peregrination Sunday
"Domhnach an Iomraimh ====== Cúpla Domhnach ina dhiaidh sin, bhí mé féin i mo shuí sa seomra sin, mo chéad chupán den tae faoin bhfiacail agam (tá blas garg air.
fána gcultacha Domhnaigh in their Sunday attire
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
dTobar Rí an Domhnaigh Sunday’s Well
" Osclaíodh Páirc Mhic Gearailt i dTobar Rí an Domhnaigh i gCathair Chorcaí mar áis phoiblí i 1901 cúpla bliain gonta i ndiaidh an *Exposition universalle* de chuid mhuintir Phárais agus an tionól cáiliúil i Chicago Mheiriceá in 1893, an *World Columbian Exposition*, tionól dar chum an *Pledge of Allegiance* síoraí.
ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair seo chugainn on the first Sunday of next September
" An bhféadfadh sé go mbeidh buaiteoir seachas Cill Chainnigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair seo chugainn?
An Domhnach a ndeachaigh mise ann the Sunday I went there
" An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.
an Domhnach a bhí romhainn amach the following Sunday
" Is beag duine acu a raibh fhios acu mar shampla go mbeadh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ar siúl ar an Domhnach a bhí romhainn amach.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
Ní haon ghnáthmhaidin Domhnaigh not just your usual Sunday morning
Dhomhnach na Fola bloody Sunday
" Cad chuige? Cionn is go raibh caint ag dul go raibh an baol ann go gcuirfí an dlí ar na saighdiúirí a bhí freagrach as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola.