Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tarbh bull
" Leanann sé seo ar aghaidh ar feadh cúpla uair an chloig go dtí go dtagann buaic na hoíche, *el torito *agus *el castillo*, an tarbh beag agus an daingean, go liteartha.
Fainic ar an tarbh! Mind the bull
" Tá fógraí le feiceáil thart fán áit, "Fainic ar an tarbh!" agus ní bolscaireacht fholamh í sin, mar chonaic mé féin tarbh mór matánach ina luí ar a sháimhín só agus a háram thart air.
ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir jumping around like bulls in heat
" Isteach leis sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar ocht míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé dhá thábla nach raibh leathamadáin inteacht in airde orthu, ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir.
i gcomórtas le tarbh, compared to a bull,
" Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d'admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!) B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí.
suite gar do Chluain Tarbh, located near to Clontarf,
" Bhuail mé le hIzabela in oifig i bPáirc Ghnó East Point, ceann de na páirceanna gnó is mó sa tír, atá suite gar do Chluain Tarbh, ar thalamh a athghabhadh ó Bhá Bhaile Átha Cliath.
an tsráid a ritheann na tairbh uirthi the street on which the bulls run
" Chonaic muid an *Plaza de Torres* agus an tsráid a ritheann na tairbh uirthi le linn na féile móire a bhíonn ar siúl in Pamplona gach samhradh.
nóisean an tairbh a bull's notion
" Tá glúin amuigh ansin ar tí pléascadh, nach bhfuil oiread agus nóisean an tairbh acu cad is údar don fhuinneamh scriostach seo laistigh díobh.
tarbh a bull
" Nuair a dhóim tarbh ar m’altóir sa ghairdín cúil, tá a fhios agam go bhfuil cumhracht na híobartha sin taitneamhach leis an Tiarna, ach cad é faoi na comharsana anseo i mBaile Átha Cliath 4? Ní maith leo an boladh, go háirithe mura nglanaim tóin an tairbh sula ndéanaim é a dhó.
súil an tairbh the bull’s eye
" Ach mar a bheadh súil an tairbh ar an ghiobal dearg, is ar léine bhándearg Mhicí Wallace a bhí súil nimhe Bhaloir ag tarraingt ag deireadh na míosa seo caite.
Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo but for this unskilled bull of an Irishman
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.