Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ultaise Ulster Scots
" Níl mórán airde ag Bríd ar "theanga" na hUltaise ach oiread.
Ultais Ulster Scots
" Agus coiste an Erectus ag iarraidh a bheith comhbhách, comh-mheasach, chomh hamaideach agus a thiocfadh leo a bheith, chuir siad na fógraí poiblí in Ultais! Anois, a léitheoirí, an dtuigeann sibh cad é an rud é Ultais? Ní thuigeann? Go maith! Nó ní thuigeann duine ar bith eile.
go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais that Irish influenced Ulster Scots
" Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
ag spré shoiscéal na hUltaise) spreading the Ulster Scots gospel)
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
aistriúchán Ultaise Ulster-Scots Translation
" Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
leagan Ultaise Ulster-Scots version
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
Ultais Ullans
" D’éirigh rudaí teasaí nuair a thug Ceannaire na n-Aontachach Ulaidh, David Trimble, le fios go raibh an t-aitheantas céanna dlite don Ultais: *“Bertie did not take quite the same relaxed view of the importance of Ullans as I did, suggesting that maybe David would like to speak some of ‘the fecking thing’ so we could hear what it sounded like; and David taking umbrage at the idea that the dialect was a Unionist invention, explaining solemnly and at length the Scottish roots of Ullans with all the sensitivity of a landowner talking to the village idiot.
Ultais Ulster Scots
" Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
ag déanamh taighde ar an Ultais doing research on Ulster Scots
" Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.