Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bís barely able to wait
" Is minic a théann foghlaimeoir chuig rang Gaeilge agus í lán fuinnimh, ar bís leis an teanga a fhoghlaim.
in inmhe é seo a chur ar fáil able to provide this
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
in inmhe able
" Thug an teanga deis domh a dhul áiteacha, agus castáil ar dhaoine suimiúla, rud nach mbeinn in inmhe a dhéanamh gan í.
in ann aire a thabhairt dó féin able to look after himself
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
Níorbh fhéidir liom I wasn't able to
" Ag an am bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith.
in ann muidinne a shárú able to beat us
" Bíonn na hÉireannaigh de shíor ag maíomh gurb iad an dream is fearr óil agus ceoil ach deárfainn féin go mbeadh na Meicsicigh in ann muidinne a shárú lá ar bith.
teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt I want to be able to play it
" Nuair a phiocaim suas uirlis eile teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt ach ní theastaíonn uaim na blianta de chleachtadh a chur isteach chun foghlaim conas é a sheinnt i gceart! AÓF: An bhfuil an cansairtín deacair mar uirlis cheoil? AL: Deir a lán daoine é sin liom.
in inmhe able
" Boc amháin atá breá ábalta é féin a chosaint, agus atá in inmhe tabhairt faoi dhaoine eile fosta, is ea mo sheanchara, Éamon Ó Druncaí.
Ní bheadh ionam á iompar I wouldn't be able to carry it
" Ní bheadh ionam á iompar a fhad leis an tseomra suí gan scíste a ghlacadh.
i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo a lot more easily than they used to [be able to
" "Agus ní cúrsaí tráchtála amháin (dlúthdhioscaí ar fáil go forleathan, daoine ábalta taisteal i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo, etc.
caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta we have to be able to broaden our aims as well
" Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta.
cumasach able
" Ní miste liom cad é chomh cumasach le fidléir nó le ceoltóir uirlise ar bith, tá an t-ionracas agus croí mór mar shlat tomhais agam! AÓF: Nár laga Dia thú a Mhairéad! Suíomh gréasáin: (www.
bhí mé in ann m'aigne a dhíriú ar rud I was able to concentrate on something
" "Sin bua a bhí agam, bhí mé in ann teacht ar chinneadh, bhí mé in ann m'aigne a dhíriú ar rud agus gan a bheith róbhuartha faoi ina dhiaidh sin.
cumasach able
" Ní gá dom a rá nár thuigeas focal den teanga mhistéireach theibí a bhí in úsáid aige, agus nár mhór an náire a bhí ormsa, an t-aon Éireannach sa halla, nuair a bhí orm iarraidh ar an gcailín Seiceach in aice liom mo rince náisiúnta féin a aistriú go Béarla agus a thaispeáint dom sa tslí is go bhféadfainn coinneáil suas leis na rinceoirí cumasacha timpeall orm! *Ar leanúint an mhí seo chugainn* Is as Ciarraí é Pádraig Ó Liatháin.
in inmhe smaointiú ar phort able to remember a tune
" "Cuireann sé as domh níos mó," a deir sé, "nuair *nach *mbím in inmhe smaointiú ar phort.
comharba cumasach able successor
" Is léir go ndearna Brian Cowan an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit.
in inmhe able
" Agus cad é faoin *Chinese take-away *oíche Shathairn? An mbeidh muintir Mhic Ghiolla Mháire in inmhe sin a dhiúl as an chaorán? Tá socrú déanta aici le ceann stáit eile - Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí.
daoine fíorchumasacha very able people
" “Tá daoine fíorchumasacha ag scríobh sna meáin chlóite Ghaeilge faoi láthair, daoine mar Chathal Mac Coille (a scríobhann do *Foinse*) agus Seán Tadhg Ó Gairbhí (eagarthóir *Foinse*).
sách ábalta able enough
" Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.
ní raibh mé in ann mo sháith a chloisteáil I wasn't able to hear enough
" Thit mé i ngrá léi láithreach agus ní raibh mé in ann mo sháith a chloisteáil.
is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh there's a danger that some won't be able to afford to make their repayments
" Bhí daoine breá sásta iasachtaí móra a ghlacadh bunaithe ar rátaí ísle úis ach anois is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh.
daoine an-chumasacha agus fláithiúla very able and generous people
" Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
in innimh able
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
in innimh able
" “Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.
bhíomar in ann éalú ón slua we were able to escape from the crowd
" Cé go raibh sé dubh le turasóirí, bhíomar in ann éalú ón slua síos sráideanna beaga cúnga, áit a raibh tithe gleoite agus radharc iontach ar an gcathair ar fad.
bhíomar in ann éalú ón slua we were able to escape from the crowd
" Cé go raibh sé dubh le turasóirí, bhíomar in ann éalú ón slua síos sráideanna beaga cúnga, áit a raibh tithe gleoite agus radharc iontach ar an gcathair ar fad.
in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana able to afford to travel from Ireland to England
" Ní raibh an chuid is mó acu in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana ach uair nó dhó sa bhliain, agus bhí sé deacair do theaghlaigh a raibh páistí óg iontu taisteal agus lóistín a eagrú.
ábalta dreapadh able to climb
" tá a fhios agam an rud atá ar bharr do theanga agat: níl crann ar bith in Inis Meáin agus ní bheidh na moncaithe ábalta dreapadh? Bhail, beidh cead a gcinn acu ar dhíonta na dtithe ceann tuí agus ar na coinnleoirí craobhacha san Áras nua-thógtha.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir. my people wouldn't be able to afford that
"Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir.
in ann teacht i dtír air sin able to take advantage of that
" Caillfidh Corcaigh luath nó mall, agus beidh na Déisigh in ann teacht i dtír air sin.
bhí muid in ann ár scíth a ligint we were able to take a rest
" Bhí an-spraoi againn á thaifeadadh mar go raibh an aimsir go breá ag an am agus bhí muid in ann ár scíth a ligint ar an trá tar éis laethanta fada a chaitheamh ag taifeadadh.
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró who are able to teach through Irish without difficulty
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró.
baicle bheag chumasach a small able group
" Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn.
ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh. she wasn't able to blink the same eye.
" Bhí *Bean Dubh an Ghleanna* ag éirí dubh sa ghnúis nó bhí súil s’aicise ar an leaid céanna ach ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh.
ní thig leis he's not able to
" Níl an Tíogar i dtaithí ar ghabháil abhaile gan rud inteacht ina ghlaic – corn, nó cúpla milliún dollar – is é an dá mhar an chéile dó sin é nó ní thig leis a chuid corn nó a chuid milliún a chuntas.
Níorbh fhéidir leo seoladh they weren't able to sail
" Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.
in ann maireachtáil able to live
" “Tá mé chun an lár seo a chruthú, agus an foscadh seo a dhéanamh chomh láidir go mbeidh féiniúlacht Nua-Shealánach in ann maireachtáil istigh ann.
is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil I was barely able to see anything
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
in ann a mhaíomh able to boast
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
mar dhuine nach raibh sé ar a chumas aige as a person who wasn't able
" Ba chuma cén comórtas gailf ar domhan a raibh sé páirteach ann, bheadh daoine ag cur na ceiste ar a chéile ar mhachairí gailf na tíre: "Cén chaoi a bhfuil ag éirí le Harrington?"Bhí an cháil ar Phádraig ar feadh na mblianta mar imreoir a chríochnaíodh sa dara háit go minic i gcomórtais ar fud an domhain agus mar dhuine nach raibh sé ar a chumas aige an chéad áit a bhaint amach, ach amháin go fíorannamh.
a bhfuil sé ar a gcumas teanga eile a labhairt. who are able to speak another language.
" Maidir leis na Nua-Shéalannaigh a rugadh sa tír, níl ach 10% san aoisghrúpa 15-64 a bhfuil sé ar a gcumas teanga eile a labhairt.
a mbeidh ar a chumas which will be able
" Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha.
mar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá ré. as one of the most able actors of his era.
" Samhlaigh seo fosta: Bhí clú ar John Wayne – nó Marion Michael Morrison! – mar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá ré.
nach bhféadfadh siad brabús a dhéanamh that they wouldn't be able to make a profit
" Thuig Southwest nach bhféadfadh siad brabús a dhéanamh ach amháin nuair a bhí a n-eitleáin ag eitilt.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
in ann taisteal able to travel
" Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor de bharr a chuid créachtaí.
níl sé ar a chumas he is not able
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád. maybe he would be able to retain some of his dignity.
" Dá n-éireodh sé as a oifig anois, seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád.
toilteanach agus ábalta willing and able
" Bhí mé ag lorg ceoltóirí a bhí toilteanach agus ábalta an t-amhrán a sheinm agus nach mbeadh ag iarraidh é a cheansú.
Ní raibh mé in ann análú, I wasn't able to breath,
" Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí, screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí.
in ann déileáil able to deal
" Mar sin, ní raibh siad in ann déileáil leis na fadhbanna a bhí rompu.
daoine a mbeadh sé ar a gcumas, people who would be able,
" Ghnóthaigh an scannán gradam an Directors Finders, mar shampla agus ag deireadh mhí Mheán Fómhair taispeánadh Kings i bpictiúrlann an Director’s Guild of America ar Sunset Boulevard in Los Angeles do lucht féachana ina raibh dáileoirí agus gníomhaithe – daoine a mbeadh sé ar a gcumas, b’fhéidir, an scannán a thabhairt chun na Stát Aontaithe agus sprioc gach léiritheora agus stiúrthóra a bhaint amach do Collins.
in inmhe able
" Ní gá gur tomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh, ach táirgeoirí atá in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú agus a chur le chéile.
an chaoi a raibh siad in ann the way they were able to
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
daoine maithe cumasacha good able people
"daoine maithe cumasacha de chuid Fhine Gael ina suí faoi láthair ar bhinse an fhreasúra – leithéidí Olwyn Enright, Alan Shatter agus Simon Coveney.
in acmhainn, able to afford,
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
a bhí in ann daoine eile a spreagadh who was able to inspire other people
" Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu ar chur chun cinn na Gaeilge.
in ann teacht air able to find it
" Táimid ag breathnú ar láithreacha ar Shráid Loch Garman, Sráid San Seoirse agus i mBarra an Teampaill faoi láthair, cuir i gcás, mar go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad thar a bheith feiceálach agus go mbeidh an pobal in ann teacht air go héasca.
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde who is well able to tackle his enemies
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
an-chumasach very able
" Bhí an Taoiseach féin agus Micheál Martin an-chumasach, ach eisceachtaí a bhí iontu siúd.
ábalta ag an amhrán able for the song
" Bhraitheas ar mo shuaimhneas á chanadh, bhraitheas ábalta ag an amhrán agus bhraitheas go raibh an sé oiriúnach domsa.
beimid in ann na costais sin a sheachaint we will be able to avoid those costs
" I gceann cúpla bliain, b’fhéidir, beimid in ann na costais sin a sheachaint trí úsáid a bhaint as léarscáileanna foinse oscailte.
nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú that they wouldn't be able to realise the Olympic vision
" É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.
nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa. that they wouldn't be able to survive in their absence
" Táthar ann a deir nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa.
in inmhe able to
" Fiú, nuair a fuair siad poist sa chathair agus in áiteanna eile sa choilíneacht go gairid ina dhiaidh sin, bhíodh tuairiscí sna nuachtáin go rialta ag maíomh nach raibh na mná in inmhe a ndualgais oibre a dhéanamh i gceart.
bhí in inmhe who were able
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
in ann siúl able to walk
" ” Ceol ó thús a hóige Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin.
in inmhe able to
" Déantar an fómhar le linn na dtréimhsí is teo abhus, agus níl a lán daoine in inmhe, nó toilteanach, an obair chrua seo a dhéanamh.
in ann able
" Bhí sé mealltach mar dhuine, ach bhí an cheist mhór ann, an mbeadh sé in ann an jab a dhéanamh.
in inmhe able to
" D’fhan sinne lenár dteach agus dá bhrí sin bhí muid in inmhe an tine i gclaí ár gcomharsan a mhúchadh agus, is dócha, an teach a shábháil.
bua na hoiriúnachta being able to fit in
" Tagann an duine is faití isteach ar seo go gasta, nó is é bua na hoiriúnachta atá i gceist sa chathair seo, dá bhrí sin ciceáil thusa tóin nó do cheannsa a bheas ciceáilte.
in acmhainn íoc able to pay
" An Tíosúlacht in áit na Caifeachta Má b’é teachtaireacht an Uachtaráin deiridh gur cheart don phobal dul ag siopadóireacht, bhí teachtaireacht eile ag Obama agus é faoi shúile na milliún: basta! Dar leis, díoladh an iomarca tithe do dhaoine nach raibh in acmhainn íoc astu, ceannaíodh an iomarca earraí le hairgead nach raibh ann, agus ní dhearnadh rialú ar aon rud.
in ann maireachtáil able to survive
" Tá daoine ann, a scríobh sé sa nuachtán Libération ar an 23 Feabhra, agus is ar éigean go bhfuil siad in ann maireachtáil ar an bpá íosta mhíosúil.
is féidir leo they are able
" Cónaíonn siad pé áit is féidir leo – i mbotháin trá nó i dtithe tréigthe, nó sa ‘dufair’ – an ceantar foraoise timpeall ar bhaile Calais – ar phailléid adhmaid faoi chlúdach plaisteach.
eolas fairsing wide(ly) knowledge(able)
"eolas fairsing ag na gasúir ar na imreoirí go léir sa Premier League, de bharr na hirisí a cheannaíonn siad.
in acmhainn able to
" Tá foirne Shasana ar na cinn is fearr ar domhan, mar gheall ar airgead go príomha: tá siad in acmhainn na himreoirí is fearr as tíortha eile a cheannach is a choinneáil.
in áit na garaíochta able to do things
" Tharla san EMU sinn agus gur i lár báire sinn, bhíomar in áit na garaíochta don dá thaobh i gcónaí agus rinneamar go maith as dá bharr.
cumasach able, solid
" Aire cumasach mar sin féin, ach nach bhfuil oiread toradh ar a cuid saothair is a measadh a bheadh.
in ann able to
" Polaiteoirí ar Díol Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.
in ann able to
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
is oilte most able
" Tá Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus ní féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana.
in innimh is able, fit
" Tá do charr in innimh dul faoin athscrúdú anois.
inmhe able
" Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges.
in inmhe able to
" Bhíothas dóchasach nuair a fuarthas ola agus gás faoin bhfarraige in aice Thíomór Thoir go gcuideodh an t-airgead sin le forbairt na tíre, go háirithe go mbeadh an rialtas in inmhe dul i ngleic le fadhb uafásach na dífhostaíochta.
in ann able to
" ’- Meán Fómhair 1846, scríobh Routh chuig Trevelyn as Sligeach nach raibh sé in ann a bharraíocht tuige a raibh easpa bia chomh mór san áit nuair a bhí ‘*the fields teeming with crops.
arb acmhainn dóibh who are able
" I gcás na Mandaean arb acmhainn dóibh €20,000 a íoc le lucht smuigleála, tá tíortha an Iarthair sroichte acu.
in inmhe able to
" D’éirigh cuid acu as an gcomhaireacht chúil ionas go mbeidís in inmhe vótáil in éadan an bhille.
de bhua ag are able
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
in inmhe able to
" Sa bhreis ar sin, thuig siad go raibh na dúshláin inmheánacha chéanna acu i ndáil le cúrsaí iompair, cumarsáide, trádála agus oibreachais.
inmharthana able to survive
" Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.
inniúil able
" Seo mar a fheicimse an scéal: faoi láthair, caitear méid áirithe acmhainní Stáit ag múineadh Ghaeilge le 90% de na scoláirí Ardteiste, gan ach thart ar 10% (+ 3%) inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bhliain.
acmhainn able
" Deir an Cumann Rugbaí áfach go gcaillfidh siad ioncam nach acmhainn dóibh a chailliúint toisc nach mbeidh RTÉ in ann a oiread céanna a íoc leo is d’íocfadh Sky Sports nó a mhacasamhail.
in inmhe able to
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
in inmhe able to
" Agus nuair a chonaic siad a gceannaire molfach mórchumhachtach mórghníomhach, dúirt siad d’aon ghuth nach raibh polaiteoir ar bith eile ar chlár na cruinne a bhí in inmhe a dhul chun spairne leis, gan trácht ar bhodach beag creatach meathánta as Contae na Mí.
in-inste tell-able
" Agus caithfear an scéal a bheith in-inste laistigh de na teorainn ama sin.
fíorchumasach very able
" Bhí na hAlbanaigh fíorchumasach ar phoc saor a thógáil ón talamh agus b’fhiú de réir na rialacha dhá chúilín gach poc saor a chuirfí thar an trasnán.
in innimh able to
" 5% de fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois.