Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An abrann siad do they say
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.