Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcéin abroad
" Ceol ======= Gidh gur beag am a bhí ag an Athair Mac Pháidín don cheol dúchasach ag deireadh an naoú céad déag, bhain an Píobaire Mór, Tarlach Mac Suibhne, clú agus cáil amach sa bhaile agus i gcéin.
ar an iasacht abroad
" Tá sé buíoch de Chló Iar-Chonnachta as ucht aistriúcháin a fháil déanta dá shaothar mar gur chruthaigh seo deiseanna nua dó a bheith ag léamh ar an iasacht.
thar sáile abroad
" Ní raibh aon rogha ag daoine ach imeacht thar sáile.
thar lear abroad
" Tá go leor thar lear chomh maith.
thar lear abroad
" I dTiobrad Árann agus sna contaetha láidre eile imrítear iománaíocht gach Domhnach i rith an tsamhraidh agus peil sa gheimhreadh don spórt! Ach i mBaile Átha Cliath is beag iomáint a imrítear sa samhradh, mar bíonn mic léinn thar lear agus daoine ar saoire.
thar sáile abroad
" Téann tú thar sáile agus bíonn teanga ag gach aon náisiún eile.
ón iasacht from abroad
" Ar an gcaoi seo, is féidir le lucht foilsitheoireachta i dtíortha go leor súil a chaitheamh ar leabhra ón iasacht, agus cuid acu a chur á n-aistriú, má thaitníonn siad leo.
thar lear abroad
" D'athraigh an áit go mór ó d'fhág mé í, agus bhí athruithe móra tagtha orm féin, mar a bhéifeá ag súil, tar éis tréimhse fhada thar lear.
thar lear abroad
" Mar sin féin, bím ag súil go mór le teacht abhaile freisin! AÓF: Cad é an rud is mó a mhothaíonn tú uait nuair a bhíonn tú i bhfad ó bhaile? OMD: Bím ag smaoineamh faoi na seisiúin iontacha nach féidir liom a bheith páirteach iontu in Éirinn, agus freisin bím croíbhriste gan comhluadar mo chailín! AÓF: Nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol, cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire? OMD: Tá an-suim agam sa pholaitíocht agus i gcúrsaí reatha sa tír seo agus thar lear.
thar sáile abroad
" Bhí sí ag smaoineamh ar a dhul thar sáile.
thar lear abroad
" Bhí na cailíní seo thar lear, i dtír dhifriúil, agus ní díol suntais a bhí ann dóibh go raibh teanga ar leith inti; ní raibh drogall ar bith orthu í a fhoghlaim ach oiread.
a oileadh thar lear who were trained abroad
" Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá? Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.
bhunmhúinteoirí a oileadh thar lear primary school teachers trained abroad
" I rith an tsamhraidh, bíonn réimse leathan cúrsaí Gaeilge ann do dhaoine fásta, ina measc cúrsa ar leith do bhunmhúinteoirí a oileadh thar lear.
thar lear abroad
" Ach thug mo chúraimí stáit orm tréimhsí a chaitheamh ag obair go déanach san oíche sa bhaile agus tréimhsí eile a chaitheamh ag obair thar lear.
gan trácht orthu siúd thar lear not to mention those abroad
" Is fíor nach raibh muid i láthair, ach ní raibh a fhios againne in Éirinn, gan trácht orthu siúd thar lear, go raibh a leithéid de phlean ag dul ar aghaidh.
thar lear abroad
" AÓF: An dtéann sibh thar lear go minic? MNA: Téimid thar lear timpeall sé huaire sa bhliain.
i gcéin abroad
" Caitear siar cúpla deoch sula dtéann an teaghlach a luí; bíonn meanma mhaith acu agus bíonn siad ag súil go mór leis na baill den teaghlach atá ina gcónaí i gcéin a theacht chun an bhaile don lá dár gcionn.
Gaeilgeoir i gcéin tipiciúil a typical Irish speaker abroad
" Ní chreidim gur "Gaeilgeoir i gcéin tipiciúil" mé féin, agus níl mé cinnte an bhfuil a leithéid ann ach oiread.
thar sáile abroad
" MOLLY: Tá sé ag dul thar sáile? DENIS: Ní hé.
thar lear abroad
" Bhí sí thar lear ar feadh bliana uair amháin agus bhí imní orm ag an am sin.
thar sáile abroad
" Ansin tháinig mórán fostaíochta le monarcha teicstílí Dewhurst, ina ndearnadh éadaí do Marks agus Spencer, ach tá an comhlacht sin imithe thar sáile anois.
ón iasacht from abroad
" Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh.
thar sáile abroad
" Ní nach ionadh, tá na difríochtaí costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic.
abhus agus i gcéin at home and abroad
" Tá bronntanas ar leith ag Balor do Dhaithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chónra na Gaeilge, é siúd a chuireann sé mhilliún teachtaireacht ríomhphoist amach in aghaidh an lae chuig muintir na Gaeilge abhus agus i gcéin.
ag bailiú leo thar lear heading off abroad
" Is beag deis atá le fáil sa lá atá inniu ann i réimse an bhéaloidis ach bhí cúrsaí ní ba mheasa arís ag tús na n-ochtóidí – bhí meathlú geilleagrach sa tír agus daoine go fóill ag bailiú leo thar lear ag lorg oibre.
ar an choigríoch abroad
" Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
thar lear abroad
" Sa Seanad, tá dhá shuíochán breise acu agus ní bheadh sé sin acu murach gur éirigh leo ceithre cinn de na sé suíochán thar lear a bhuachan.
i gcéin abroad
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
ar an choigríoch abroad
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
ní mór iad a sheoladh thar lear they must be sent abroad
" Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear.
gaolta nó cairde thar lear relatives or friends abroad
" Chomh maith leis sin, tá gaolta nó cairde thar lear ag go leor acu cheana féin.
ón choigríoch from abroad
" Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam! “Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
ón iasacht from abroad
" Deir seo nach mbeidh go leor Éireannach oilte ar fáil chun na folúntais ar fad a líonadh agus go dtiocfadh daoine ón iasacht anseo chun iad a líonadh.
thar lear den chuid is mó. abroad for the most part.
" Tá Ihimaera tar éis a chuid leabhar a scríobh thar lear den chuid is mó.
thar lear abroad
" Is dócha go bhfuil rud amháin nach mbraitheann na hÉireannaigh uathu agus iad thar lear: an drochaimsir.
tréimhse thar lear a period abroad
" Ní raibh aon amhras faoi – bhí mé ar ais sa mbaile anois! I mo thuairim féin, tugann tréimhse thar lear dearcadh nua duit ort féin agus ar dhaoine eile.
thar lear abroad
" Is éard ba chúis leis sin ná go rabhas thar lear ag an am – rud nár tharla dom riamh agus Craobh na hÉireann ar siúl.
thar lear, abroad
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Ní bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois tá an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.
ar fud na tíre agus thar lear. all over the country and abroad
" Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear.
i gcéin abroad
" Sna nóchaidí, bhunaigh sé Coolfin agus thaistil an grúpa sin go háiteanna i bhfad i gcéin mar an tSeapáin.
i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, as regards Ireland's image abroad,
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
thar lear abroad
" (Ní raibh a fhios ag an saol mór go raibh sé ann de bharr nach dtugann na meáin thar lear – go háirithe san Stáit Aontaithe – mórán airde ar chúrsaí Astrálacha.
ar an choigríoch abroad
" Chuir John faoi i Mín na Leice lena bhean i ndiaidh dóibh seal a chaitheamh ar an choigríoch agus ba ghnách leis a bheith ag obair i gColáiste Bhríde Rann na Feirste le linn an ama sin.
thar lear abroad
" 1991: "Is é stát na 26 Chontae an stát is mó atá chun tosaigh ó thaobh líon na n-eisimirceach de sa Chomhphobal Eorpach agus é go diongbháilte in éadan vótaí a thabhairt dá shaoránaigh thar lear.
ón iasacht from abroad
" Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste? Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu.
thar lear abroad
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
taisteal thar lear to travel abroad
" Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach.
Cogaíocht thar Lear war abroad
" Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010.
thar lear abroad
" **Oideachas an DFÉ** Leis an taithí blianta fada agat ar an tríú leibhéal in Éirinn agus thar lear, luaifidh mé cailín freastal beár leat a raibh céim ríomhaireachta aici tuairim is ceithre bliana ó shin ach ní raibh sí in ann post a fháil i saol na ríomhaireachta.
thar lear abroad
" Ní bheidh aon srian anois ar mo chuid téacsála ná ar na scairteanna abhaile is mé thar lear ar saoire, rud nach ligfidh dom gach aon ní (agus go háirithe an fón!) a scaoileadh uaim mar a dhéanainn tráth.
lasmuigh outside, abroad
" Tá comhlachtaí ag ullmhú tairiscintí don tionscnamh seo anois, ach níl cinnteacht ann a bhfuil taighde déanta ag aon cheann de na hiarrthóirí ar an chinéal nuachtáin, go díreach, a theastaíonn ó léitheoirí Ghaeilge in Éirinn agus lasmuigh.
thar lear abroad
" An maith leat taisteal thar lear? RMAB: Ba ghnách liom taisteal thar lear.
thar lear abroad
" Bunaíodh an eagraíocht seo sa bhliain 2000 agus eagraíonn siad coláistí deireadh seachtaine sa Bhreatain agus thar lear.
thar lear abroad
" Taispeánadh na gearrscannáin a stiúir Frank (*Fanatic, Boat Racing* agus *The Black Suit*) ag féilte scannáin in Éirinn agus thar lear.
ón iasacht from abroad, outside
" Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.
thar lear abroad
" Beidh an grúpa AITHEANTAS ag lorg lántacaíocht phobal na Gaeilge i rith na bliana 2011 in Éirinn agus thar lear, do Ghaelscoil Ráth Tó agus dá feachtas.
thar lear abroad
" Cruthaíodh an chuid is mó den slad a ‘tharla’ le linn an Drochshaoil, mar a cruthaíodh oiread sin tubaistí eile in Éirinn agus thar lear.
dul thar lear go abroad
" ” **Balor: “Comhaontú Pháirc an Chrócaigh atá i gceist agam! Ní bheidh múinteoirí ná gardaí ná altraí in innimh maireachtáil ar aon cheathrú den tuarastal beag laghdaithe atá acu faoi láthair!”** Enda: “Thig leo dul thar lear más maith leo.
ón iasacht from abroad
" Gheobhaidh muid go leor daoine ón iasacht lena gcuid jabanna a líonadh.
ón choigríoch from abroad
" Dála go leor cuairteoirí ón choigríoch, chaith muid an chuid is mó den am ag tabhairt cuairte ar cheantair ar an chósta, fráma an phictiúir ar a dtugtar Éire.
thar lear abroad
" Tá brú ag baint le gach cluiche i ndáiríre, ach ó thaobh Craobh na hÉireann de bíonn brú breise toisc go bhfuil súile mhuintir na tíre uile, idir an mhuintir thar lear, an dream atá i láthair, an mhuintir sa bhaile agus dar ndóigh, súil na teilifíse ort.
thar lear abroad
" An CRD ==== Agus coimhlint ag dul ar aghaidh céad míle suas an bealach, chinn Ruane agus scaifte eile daoine macasamhail na n-ionad a bhí á maoiniú ag Trócaire thar lear a bhunú, ach é a lonnú in iarthar Bhéal Feirste.
thar lear abroad
" Tá tuairim is 500 réad uathúla le feiceáil sa taispeántas, a bailíodh as iarsmalanna agus ó úinéirí príobháideacha fud fad na hAstráile agus thar lear.
thar lear abroad
" Rugadh níos lú ná cúig faoin chéad acu siúd thar lear.
thar lear abroad
" Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear.
thar lear abroad
" Mar a thuigfí, níl rófhonn ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe rialú sa chás seo, ó rugtar an méid sin Meiriceánach thar lear cheana féin agus a dtuismitheoirí ag freastal sna fórsaí míleata.
thar lear abroad
" Cuireann na meáin chumarsáide sa tír seo dallach dubh orthu féin i gcónaí faoi chearta sibhialta anseo - creideann siad gur máthair na bparlaimintí atá i Westminster agus go bhfuil an tír go hiomlán daonlathach - bíonn cos ar bolg i dtíortha thar lear, ní bhíonn anseo.
Anró Sráide thar Lear hardship abroad
"Anró Sráide thar Lear agus sa mBaile ================== Chas mé beagán ceoil don chuideachta, ach ba bheagán é.
thar lear abroad
" Bhíodh cuid mhór mac léinn ón Ollscoil ag dul thar lear ag staidéar sna nóchaidí, gan aon duine acu ag teacht go hÉirinn.
ar Deoraíocht abroad, emigrated
" Muintir na hÉireann ar Deoraíocht ================ **SÓC: Ag leanúint leis an diaspóra, inis dom faoi Chumann na gCurach i Milwaukee, an Cumann gníomhach iad?** JG: Tá a lán daoine as Conamara ina gcónaí i Pittsburgh agus bíonn siad ag iomramh curachaí ansin.
as an gcoigrích from abroad
" Ní hamháin gur tháinig na scoláirí úd as an gcoigrích, ach tháinig pobal Gaeilge na cathrach féin amach freisin.
ball clainne thar sáile family members abroad
" Tá cásanna sonraithe ag léiriú go mbíonn a fhios ag ball clainne thar sáile scéal nuachta sula mbíonn a fhios ag an duine ag baile fiú.
Tráchtar ar a gcuairteanna i gcéin their visits abroad are mentioned
" Tráchtar ar a gcuairteanna i gcéin, ar na haíonna a bhíonn ar cuairt acusan abhus, agus ar laetha cinniúnacha a ré.
is mó trácht ó thar sáile highest traffic from abroad
" Is fíor gur muid an suíomh idirlín taobh istigh de bhratacha raidió RTÉ is mó trácht ó thar sáile.
thar lear (while) abroad
" ) Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh gur thréithe deasa a shamhlófaí leis thar lear, má chuimhnítear ar an fhód iathghlas thar lear ar chor ar bith.
thar sáile abroad
" Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí *The Dubliners*, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile.
thar lear abroad
" An rud is aistí agus is follasaí idir an samhradh in Éirinn agus an samhradh thar lear, dar liom, ná a laghad páistí a bhíos le feiceáil ag imirt taobh amuigh i lár an lae, iad ag béiceadh agus ag screadach, ag carnadh cuimhní órga na hóige don saol fada atá rompu.
seachas ar an gcoigríoch rather than abroad
" Dá mba in Éirinn seachas ar an gcoigríoch a chaithfeadh an duine sa triúr an tsaoire, d’fhéadfaí 40,000 post a chruthú, dar le Mike Webster, príomhfheidhmeannach GoIreland.
ar an gcoigríoch abroad
" Is fada fiannach an lá ó tosaíodh ar iontas a dhéanamh den rath atá ar cheol agus ar rince 'traidisiúnta' (fág gur téarma achrannach é) na hÉireann ar an gcoigríoch.
as tír i gcéin from abroad
" Ach oiread le Os Fillos A Coruña (ar scríobhas fúthu cheana féin), is iad an mhuintir dhúchais baill na gcumann seo, maille leis an gcorrdhuine eile as tír i gcéin.
san iasacht while abroad
" An té a bheadh siúlach in Éirinn sna hochtóidí, bhí ceist mhór amháin ina chroí: ‘cén fáth a mbíonn na daoine ag marú a chéile?’ Is ceist é a cuirtear orm féin fós ó am go chéile san iasacht: ‘cén fáth a mbíodh na Críostaithe ag marú a chéile?’ arsa Muslamach liom uair, ‘nach mar a chéile iad?’ Nuair a shíl mé mo dhóthain aithne a bheith agam ar Jaques, chuaigh mé sa seans ar an gceist chéanna.
Bhog an tromlach na ndaoine in achan teaghlach thar lear the majority in every household moved abroad
" Bhog an tromlach na ndaoine in achan teaghlach thar lear mar ní raibh aon obair ná tithe ar fáil acu abhus agus an cleas is mó a bhí ag na haontachtaithe a bhí i gceannas ná, cé go raibh tromlach náisiúnaíoch sa chathair, b'éigean iad a chur faoi smacht agus rinne siad sin fríd an chlaonroinnt.
roinnt le do mhuintir i bhfad i gcéin share with your family abroad
" D’fhéadfá do mhaidin Nollag a roinnt le do mhuintir i bhfad i gcéin.
thar sáile abroad
níor ghá dóibh dul thar sáile they didn’t have to go abroad
" Ach níor ghá dóibh dul thar sáile chun cultúr na hÉireann a bhlaiseadh mar bhí trí chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair agus, chomh maith le sin, d’eagraigh sagairt céilithe go rialta sna hallaí paróistí.
thar lear abroad
" Ar an Domhnach 13 Eanáir d’fhoilsigh an *Sunday Independent* forlíonadh speisialta in éineacht leis an nuachtán Domhnaigh faoi chúrsaí spóirt in Éirinn agus thar lear.
thar lear abroad
" Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge in Éirinn agus thar lear le blianta beaga anuas.
agus mé thar lear while I was abroad
" Thosaigh mé ag leanúint GAA i Meiriceá, ach is dóigh, agus mé thar lear, gur mhothaigh mé go raibh rud éigin in easnamh ionam, mo theanga dhúchais, b’fhéidir.
thar lear abroad
" (sna naisc ar dheis) Is cinnte gur ghoill a bhfaca Mhic Róibín thar lear uirthi, sa tSomáil go háirithe.
tionsclóirí ón iasacht a mhealladh enticing industrialists from abroad
" Chomh maith leis na tionscail traidisiúnta a fuair Ghaeltarra mar oidhreacht, bhí ag éirí le Gaeltarra tionsclóirí ón iasacht a mhealladh le lonnú sa Ghaeltacht.
le himeacht chun na coigríche to go abroad
" Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.
aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch to travel abroad
" Is é is mó is cúis le daoine aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, ar ndóigh, ná an easpa deiseanna dul chun cinn ina dtíortha breithe.
thar lear abroad
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
thar lear abroad
" Coinsias an Duine ======== Is léir go mbeadh níos mó saoirse agat dá mbeifeá i do pholaiteoir thar lear ar cheist tábhachtach mar an ginmhilleadh, - ar cheist choinsiasa.
muintir ón iasacht people from abroad
" ” “Ach, nach dtuigeann tú, a bhean,” arsa Balor, “gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn; gur ón Eoraip a tháinig na piontaí sin atá tú ag ól, agus gur muintir ón iasacht atá ag seinm ceoil agus ag labhairt Gaeilge bhlasta thart ort sa teach tábhairne seo?” Ach ní raibh cluas le héisteacht ar an bhean, agus d’imigh sí léi ag lorg comhluadair eile.
iad a chur thar sáile or send them abroad
" Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair.
a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht more visitors from abroad
" Beidh a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht meallta isteach ag cultúr na tíre anois, agus an cultúr sin in ann dul i bhfeidhm orthu ar bhealach úrnua.
san iasacht abroad
" Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol 's atá anois.
ar an gcoigrích abroad
" Ná Déan Nós is Bris Muinéal ========== Níor chaith mé tréimhse ní b’fhaide ná aon bhliain amháin ar an gcoigrích agus dá bharr sin ní dóigh liom go bhfuil an t-údarás céanna agam is atá ag Hijmans le bheith ag trácht ar an suaitheadh saíochta, ach fós féin tá ruainne beag de airithe agam.
thar lear abroad
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.