Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cumais acadúil academic ability
" Bhíodar ag cur i gcoinne na bpáistí a rangú de réir aoise, seachas de réir cumais acadúil.
na bliana acadúla the academic year
" Cé nach raibh Gaeilge líofa acu is mór an dul chun cinn a chonaic mé ag teacht orthu ón am a labhair mé leo den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus deireadh na bliana acadúla.
acadúil academic
" Déarfainn go mbeidh sé acadúil ar shlí ach, ar ndóigh, beidh sé ag caint le daoine go mbeidh eolas maith acu ar an ábhar.
ná na teoiricí acadúla a d'fhoghlaimíos that the academic theories I learnt
" Bhí triúr ag obair sa Scoil Ghnó a raibh Gradam Nobel san eacnamaíocht bronnta orthu agus bhí béim mhór i gcónaí ar chaighdeáin arda a bhaint amach i ngach gné den obair a bhí ar bun acu, rud a mheas Allen a bheith an-tábhachtach, "níos tábhachtaí b'fhéidir ná na teoiricí acadúla a d'fhoghlaimíos.
Ábhar acadúil amháin a bhí ann it was an academic subject only
" "Ábhar acadúil amháin a bhí ann agus bhí sé an-trom - ní raibh pléisiúr ar bith le baint as.
ciorcail acadúla academic circles
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
ceist acadúil academic question
" Is ceist acadúil anois í, ach cuir i gcás gur rug David Trimble agus a pháirtí ar a misneach agus gur ghlac siad le focail an Ghinearáil de Chastelain.
na caighdeáin acadúla the academic standards
" Nuair a fhiafraím de an mbraitheann sé go bhfuil na caighdeáin acadúla agus caighdeán na Gaeilge tar éis dul in olcas ó chuaigh seisean i mbun oibre mar léachtóir, cuireann a fhreagra iontas orm.
chomhairleoir acadúil academic advisor
" "Tá an tráchtas fós thuas san ailéar sa mbaile agus lá breá éigin tabharfaidh mé isteach go dtí mo chomhairleoir acadúil é!" Ní saol léinn a bhí i ndán do Bhríd mar bhí sé de rún i gcónaí aici dul ag obair i réimse na meán cumarsáide.
saol acadúil academic life
" " Bhí fuinneamh an fhir le feiscint fiú ag tús na n-ochtóidí, agus é sáite i go leor rudaí taobh amuigh den saol acadúil, "ag déanamh cúpla rud ag an am céanna".
lucht acadúil academics
" I gcás na Teamhrach, tá foláireamh tugtha go soiléir ag na seandálaithe, lucht acadúil agus ag muintir na háite sna haighneachtaí a rinne siad chuig an mBord Pleanála.
saol acadúil academic life
" Labhair sé le h**Éamonn Ó Dónaill** faoi scríobh an tsaothair seo, faoin saol acadúil agus faoin easpa measa atá aige ar an Aire Airgeadais agus ar bhaill eile de Rialtas na hÉireann.
aitheantas acadúil academic recognition
" Chomh maith leis sin, fuair muid amach go raibh na ranganna oíche seo saor in aisce (!) os rud é nach raibh aon aitheantas acadúil le fáil as freastal orthu.
gur oir an saol acadúil di that the academic life suited her
" " Agus mé ag caint le déanaí le hAngela i gcaife i Ranalach, an ceantar ina bhfuil sí tar éis cónaí don chuid is mó dá saol fásta, is léir dom ón méid a deir sí gur thaitin a laethanta scoile léi agus gur oir an saol acadúil di ón gcéad lá.
caighdeán acadúil academic standard
" Sílim go raibh an caighdeán acadúil níos fearr i gClochar Louis ach sílim go raibh mise ábalta saol níos fearr a bheith agam mar dhéagóir i mBaile Átha Cliath, ag dul ar scoil lae, agus thaitin sin liom.
hábhair acadúla academic subjects
" Thug mé faoi deara gur choinnigh roinnt aithreacha agus máithreacha buachaillí, go háirithe, ó mheánscoil ar fad, mar nach bhfaca siad aon mhaith ann do pháistí a raibh níos mó spéise acu san iascaireacht ná mar a bhí sna hábhair acadúla.
rudaí acadúla academic things
" "Ach ní raibh mo chroí i rudaí acadúla na laethanta sin," a deir sé.
próiseas foirmeálta léirmheasa acadúil a formal academic review process
" De bhrí nach bhfuil próiseas foirmeálta léirmheasa acadúil i gceist, a dúirt sé, tá éiginnteacht ann faoi bhfuil i ndán do Wikipedia.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
Chomhordaitheoir Acadúil Academic Co-ordinator
" Cén ról atá agat féin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (AOG) agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Chomhordaitheoir Acadúil san Acadamh le bliain nó mar sin.
oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil professional training and academic theory
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.
díospóireacht acadúil academic debate
" Chuir an díospóireacht acadúil seo ócáid nochta an leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 i gcuimhne dom.
oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil professional training and academic theory
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.
lucht acadúil academics
" Labhair Feisire an DUP, chomh maith le polaiteoirí eile, eaglaisigh, lucht acadúil agus go leor eile agus an t-aon teachtaireacht amháin á craobhscaoileadh acu.
chúlra acadúil academic background
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Is ó chúlra acadúil mé féin, agus tchím ó thosaigh mé ag obair go lánaimseartha in earnáil na Gaeilge nach bhfuil aon chúis imní againn mar Ghaeilgeoirí.
ardnósacht acadúil academic snobbery
" “Ar bhealach, is dóigh liom an rud atá ann ná go bhfuil ardnósacht acadúil ag baint le muintir na Sean-Ghaeilge go háirithe.
acadúil academic
" Theastaigh uaithi leanúint ar aghaidh leis an obair acadúil agus post a fháil i gcoláiste tríú leibhéal ach rith sé léi, agus an tráchtas curtha di aici, nach n-éireodh léi post mar sin a fháil.
as feabhas a chuid oibre acadúla for the excellence of his academic work
" Ní raibh sa scoláireacht seo ach an chéad duais a ghnóthódh an Coileánach as feabhas a chuid oibre acadúla.
an obair acadúil the academic work
" ” Post le Raidió na Gaeltachta Bhí fonn ar Ó Ciardha leanúint leis an obair acadúil ach deir sé nach raibh an tuarastal go maith, go háirithe don té a bhí ar tí pósadh agus clann a bheith aige.
obair acadúil academic work
" "B\'fheasach dom go raibh meas ag m\'athair ar obair acadúil agus marsin ba thábhachtach liom an saghas sin oibre chomh maith".
níor smaoiníodh riamh uirthi mar theanga acadúil. it was never thought of as an academic language.
" Labhair na daoine fásta í sa bhaile, ach ar scoil níor smaoiníodh riamh uirthi mar theanga acadúil.
i gcúrsaí acadúla. in academic matters.
" Ach níor bhreathnaigh Martin ar an cheol mar ghairm – bhí suim aige i gcúrsaí acadúla.
sa saol acadúil, in the academic life,
" Chaith Peter blianta sa saol acadúil, ansin deir sé go bhfuair sé “tairiscint níos fearr” ón earnáil phríobháideach – gnó a dhearthár le bheith cruinn.
acadúil. academic.
" D’fhéadfadh daoine áirithe beag is fiú a dhéanamh de na teoiricí seo mar “chaint san aer” acadúil.
fear acadúil academic man
"fear acadúil mise, ach fear gnímh.
dáiríre acadúil serious and academic
" In ainneoin an teidil, *Irish, Catholic and Scouse:* *The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939*, is leabhar dáiríre acadúil é saothar John Belchem.
ó thaobh chúrsaí acadúla de. in academic terms
" Bhí sé féin agus Oisín Ó Maolchatha ar na daoine ab fhearr sa rang ó thaobh chúrsaí acadúla de.
dul i muinín an bhéarlagair acadúil. to recourse to academic jargon
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
bainteach leis an saol acadúil involved with academic life
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
réimse acadúil academic field
" Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná sa tír a ceapadh ina habhcóide, agus bhain sí postanna sinsearacha amach sa réimse acadúil agus sna státseirbhísí stáit agus náisiúnta.
scileanna praiticiúla agus acadúla practical and academic skills
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
shaol acadúil academic life
" An bhfuil tú sásta leis an gcéim Fiontar? Tá mé níos mórtasaí as an gcéim sin ná aon ní eile a rinne mé i mo shaol acadúil.
acadúla academic
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
aos acadúil academics
" Gíog ná míog níor chualathas ó aos acadúil na Gaeilge ag an am.
bliana acadúla academic year
" Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
saol acadúil academic life
" Níorbh aon ionadh gurbh é an saol acadúil a bhí i ndán don bhuachaill óg, agus a mháthair ina dochtúir leighis, chomh maith le huncailí ag teagasc matamaitice dó.
saol acadúil academic life
" Bhain mé an dochtúireacht amach ag Stanford sa bhliain 1975, ach d’fhág mé an saol acadúil ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin agus chuaigh mé leis an nGaeilge! Bhí mé gníomhach i gcúrsaí Ghaeilge na hAlban chomh maith le Gaeilge na hÉireann, agus bhí mé ag múineadh Gaeilge agus ag foghlaim Gaeilge ar chuile bhealach.
t-aos acadúil academics
" Ní deireadh seachtaine acadúil a theastaíonn, ach tá sé tábhachtach go mbeadh an t-aos acadúil chun tosaigh sna díospóireachtaí, chomh maith le hintleachtóirí eile, a mhúsclódh smaointí i mbealaí nua faoi thodhchaí na tíre i measc na ndaoine a bheadh páirteach.
sa saol acadúil in the world of academia
" Ollscoil Wisconsin ========= **SÓC:Cén uair ar thosaigh tú ag obair sa saol acadúil?** JG: Thosaigh mé ag obair i University of Wisconsin i 1986.
chomhdháil acadúil an academic conference
" Bhí mé i Nua-Orléans, nó san Óirín Úr mura miste leat, ag freastal ar chomhdháil acadúil de chuid an léinn Éireannaigh, a bhí ar siúl deireadh seachtaine na Féile Pádraig.
dá shaothar acadúil of his academic work
" Tá an chuid is mó dá shaothar acadúil dírithe ar an tsochtheangeolaíocht, idir theangeolaíocht na sochaí agus shocheolaíocht na teanga.
a cuid spéiseanna acadúla her academic interests
" Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.
thráchtas acadúla an academic thesis
" Tá neart bannaí is ceoltóirí ag iarraidh gealltáin a mheallú fá choinne taifid de cheol traidisiúnta, tá cúpla leabhar idir fhicsean agus thráchtas acadúla agus thogra amháin olla.
acadúil academic
" **SMM: An fear coláiste, acadúil é nó cad é?** AW: Ó is as Geansaí é nó as na hoileáin sin i Muir Bhreatan.
as an saol acadúil in academia, academics
" Bhí go leor daoine as an saol acadúil a bhí go maith as agus tugaimse ‘theoretical socialists’ nó sóisialaithe teoiriciúla orthu.
faoi choim i dtuairiscí acadúla hidden in academic reports
" Tá an ní is neafaisí, nó an bhréag féin, ina suí i lár an aonaigh agus tá an fhírinne faoi sholáthar na línte ola faoi choim i dtuairiscí acadúla, ar shiúl ó aird an duine.
mar ábhar acadúil as an academic subject
" Bhíos ag cur ana-spéis sa Ghaelainn mar ábhar acadúil, mar theanga agus ní raibh faic uaim ach a bheith aige baile, ag labhairt na Gaelainne agus i measc mo mhuintire féin.
taighdeoir acadúil a non academic researcher
" An méid atá ar an téip, níor taifeadadh é faoi rabhadh mar is gá má tá ráitis phóilíní le cur os comhair na cúirte; ní ráiteas faoi mhionn (a sworn statement) atá ann ach agallamh a rinne taighdeoir acadúil, ní ceisteoir de chuid an PSNI; agus níl fianaise tacaíochta ann, fianaise fhóiréinseach nó fianaise balaistíoch.
moltar do lucht acadúil academics are advised
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
chreidimh, acadúil nó eolaíoch religious, academic or scientific
" Ní bhainfí an t-alt nua le ‘focail, fuaimeanna, íomhánna nó scríbhneoireacht… (atá) mar chuid de dhíospóireacht phoiblí ar aon cheist pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha, chreidimh, acadúil nó eolaíoch’.
chun loinnir acadúil a chur ar to shine an academic radiance on
" Úsáideann Ignatieff leabhair sheanda Machiavelli, Castiglione, agus Max Weber chun loinnir acadúil a chur ar an bpraiseach aige.
béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha placing a clear emphasis on (Ignatieff’s own) natural academic company
" Ach thug na hainmneacha deis níos pearsanta dó freisin, ’sé sin a chuid léitheoireacht leathan a chur in iúl don léitheoir agus béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha Ignatieff féin.
acadúil academic
" Chaith an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín fiche bliain ag plé le hobair acadúil san Acadamh Ríoga, go dtí go bhfuair sí post mar Stiúrthóir ar Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1999.
i réimsí den léann acadúil in areas of formal study
" Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.