Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achainí a iarraidh make a request, a wish
" D'éiligh an *witch doctor* a bhí lena thaobh buidéal Quetzalteco orm (bíonn tart millteanach ar Maximón, ní foláir) sular ligeadh dom aon achainí a iarraidh.
achainí thrócaire mercy petition
" Shínigh 60,000 duine achainí thrócaire ach crochadh é i Melbourne i mí na Samhna, 1880.
achainí petition
" Baineadh siar as muintir Hyde nuair a ghabh na póilíní Harold Shipman agus shínigh Joyce achainí a chuaigh thart ag iarraidh go saorfaí é.
achainí entreaty
" Cé go raibh toradh uafásach ar agóid seo an bháis "ba sórt achainí é a bhí dírithe ar an bpobal: féach seo é ár gcás, tabhair tacaíocht d'ár gcás, leigheas ár gcás.
achainí appeal
" Mhothaigh mé gur achainí a bhí i gceist agus í dírithe ormsa go pearsanta, agus an traidisiún agus an tógáil a fuair mé ó mo mhuintir.
achainí request, petition
" Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.
achainí appeal
" Bhíothas tar éis de Róiste a chaitheamh amach as an arm gan deis a thabhairt dó é féin a chosaint ná achainí a dhéanamh.
lena achainí to his entreaty
" Is beag an seans, dar le Balor an Bhéil Bhinn, go n-éistidh na déithe lena achainí nó níor éist siad riamh lena chuid achasán.
achainí petition
" Tá Netaid agus an 94 milliún duine a shínigh an achainí ag rá leis an ngrúpa G8 nach leor na focail bhreátha, go bhfuil gníomh dearfach de dhíth freisin.
achainí appeal
" Sna seachtainí a lean rinne an tAire, An Taoiseach agus fiú an Coimisinéir David Byrne achainí ar an Choimisiún ceadúnas a thabhairt don bhád ach fós dhiúltaigh an Coimisiún é sin a dhéanamh.
Ar achainí on appeal
" Ar achainí beartaíodh go dtabharfaí ísliú pá don bheirt.
achainíocha appeals
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
achainí appeal
" Dá mbeadh croílár an Rialtais i gcroílár na tíre bheadh sé i bhfad níos éasca ag an bpobal i gcoitinne taisteal chuig an lárionad cumhachta nuair ba ghá chun achainí a dhéanamh nó eolas áirithe a lorg.
achainí appeal
" Ach má ghlacann sé le hachainí an NRA, fágfaidh sin go dtosófar láithreach ar na láithreáin seandálaíochta a aimsíodh go dtí seo a scrúdú agus is é seo, thar aon rud eile, atá ag cur imní ar dhaoine, agus cúis mhaith acu.
achainí petition
" D'admhaigh Andy Hull, an fear a scríobh an achainí, gur macasamhail dhlí na hÉireann é.
achainí appeal
" Seachtain i ndiaidh na léachta, vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon agus chuir siad achainí chuig an Pharlaimint i Westminster ag lorg Acht Parlaiminte Áitiúil chun a bheith ábalta an cosc a chur i bhfeidhm de réir dlí.
Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach the victims' pleadings were ignored
" Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach agus caitheadh go suarach leo.
achainíocha appeals
" Níor thug rialtas Singapore aon aird ar na hachainíocha sin.
achainí appeal
" Chuir muid achainí isteach, ach thóg sin míonna, agus cé go bhfuil Paul ina Ghobharnóir anois, tá an coláiste tite i bhféimheacht agus tá an dífhostaíocht i ndán dúinn uilig.
achainí ar líne online petition
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
achainí appeal
" Rinne Wiesel achainí nach ndéanfaí dearmad go deo ar an gcoir a rinneadh in Auschwitz.
achainí, petition,
" Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.
achainí bheag a small request
" B’fhéidir go bhfuil achainí bheag ag an duine a d’fhág ansin é! Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
achainí idirlín internet petition
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
achainí petition
" Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
achainí phearsanta personal petition
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
cé mhéid achainí how many petitions
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
achainíocha requests or pleas
" Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”! Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850.
achainí plea
" An bhféadfadh an rialtas cabhair a thabhairt? Má bhí an triúr i Washington tapaidh ina n-achainí, ní bhfuair siad an freagra a raibh siad ag súil leis.
n-achainí pleas
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
achainí pleading
" ” Ach cad a déarfadh sí dá dtiocfadh Eamon Gilmore féin anuas ar a dhá ghlúin ag achainí uirthi glacadh le hainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre mar iarrthóir? “Déarfainn nach bhfuil suim agam ann.
achainí plea, request
"achainí ullmhaithe ag Guth na Gaeltachta ina míníonn siad an tábhacht a bhaineann le cosaint na gcúig phrionsabal seo a leanas: 1.
n-achainí plea
" An dara ciall sin a thiomáin Cumann na Múinteoirí chun tosaigh lena n-achainí (RnaG, 8.
achainí a plea
" I measc na leasaithe tá: - deireadh a chur le Seanad Éireann- 15 TD a roghnú de réir córas nua liosta (fíorchosúil leis an chaoi atá sa Ghearmáin)- aitheantas bunreachtúil a thabhairt do cheithre choiste dála- téarma oifige an uachtaráin a laghdú go 5 bliana- ceart chun achainí a dhéanamh os comhair na Dála Feicim go bhfuil roinnt mhaith daoine ag scrúdú an chórais lochtaigh atá againn faoi láthair.
achainí plea
" Tá Lochlannaigh Inis Tuile - na hÍoslannaigh - ag rá anois nár chuala siad achainí na dtíortha sin i gceart.
achainí request
" Bhíomar lánsásta géilleadh don achainí sin.
achainíocha requests
" Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
achainí petition
" Agus fiche bliain le sleamhnú thart i mbliana ó ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe Conradh na nOibrithe Imirce ar 18 Mí na Nollag 1990, tá feachtas achainí ar siúl ag eagraíochta éagsúla atá ag iarraidh ar gach ceann de 27 ballstát an Aontais an Conradh a dhaingniú.
a n-achainí their plea
" Maslú Pobail le Cúpla €uro a Tharraingt ================ D’iarr muintir dhúchais an cheantair ar chuairteoirí gan an charraig a dhreapadh blianta fada ó shin, ach thug go leor acu neamhaird ar a n-achainí.
achainíocha petitions
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
achainí shéimh fine plea
" Is deacair uaireanta an chuid seo de leabhar Faulks a dhíleá gan cuimhneamh ar Ulysses de chuid Joyce, ach go háirithe an achainí shéimh sin a dhéanann duine amháin sa scéal sin ar a spéirbhean, *“Touch me.
ag cur achainíocha le chéile formulating petitions
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
rinne siad achainí ar they pleaded with
" Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.
achainí a shínigh a petition signed by
" Bhronn MRCI ar an Aire Dlí is Cirt, i mí Iúil, achainí a shínigh 4000 duine ag lorg stádas ar son na 30,000 inimirceach ar fir, mná is leanaí iad atá ag cur fúthu in Éirinn gan cead.
d’achainí na dtíortha Iartharacha the western countries request
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
Achainí ar Aontas na hEorpa a request to the EU
" Achainí ar Aontas na hEorpa: ============ Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh.
bronnadh achainí ar a petition was presented to
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
achainí ar chúirt a plea to a court
" Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘*facial challenge*’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh gan dochar éigin a dhéanamh.
Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór while he pleaded with his almighty father
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
an achainí a shínigh the plea which .... signed
" Cuirim i gcás an achainí a shínigh 24,000 Caitliceach Éireannach i Learpholl (leath den mhéid Éireannach a bhí sa chathair i 1842) chuig an *Vatican*.
Rinne siad a n-achainí dheiridh they made their last request
" Rinne siad a n-achainí dheiridh in 2009 leis an Taoiseach a bhí ann ag an am, Brian Ó Comhain.