Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go hachomair in brief
" Is é *raison d'être* an ghearrscéil scéal a insint go hachomair.
achoimre bheag little summary
" Seo achoimre bheag ar Kings, scannán Gaeilge atá i mbéal an phobail anseo in Éirinn ach atá ag tarraingt airde air féin i Meiriceá fosta.
achoimre summary
" Is cosúil ó mheamram a d’ullmhaigh Martin Hanevy agus Eamon Stack ón roinn ar an 4 Aibreáin 2007 -- meamram a thugann achoimre ar chonclúidí an chruinnithe a bhí acu leis an aire an lá roimhe sin -- gur aontaíodh gur chóir bunús dlíthiúil a chur faoin churaclam: *“It is proposed to proceed as follows: .
Mar achoimre in summary
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
go hachomair briefly
" Labhair an t-iaruachtarán Jimmy Carter go hachomair leis an slua.
achoimre ghairid short summary
" Anseo thíos tá achoimre ghairid ar mo thuras seachtaine.
ní holc an t-achoimre é it’s not a bad summary
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
achoimre a short recap
" - (d)“Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do chustaiméirí go bhfuil ar a laghad smaointí úra le fáil sa siopa gach lá, bídís ina smaointí faoi conas béile ar leith a chur le chéile, nó an treocht is déanaí a chaitheamh, nó achoimre den phlé ar líne faoi tháirge nua atá ar fáil.
achoimre synopsis
" Chuir sé lúcháir orm nuair a chéadléigh mé achoimre ar thorthaí an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2002.
achoimre summary
" ” Míshocair, malartú, comórtas; nach achoimre críochnaithe na focail seo ar ghreann ar leith an Tóibínigh?
Go hachomair in short
" Go hachomair, seo mar atá… Mac Winslet (bróicéar airgidis) agus Waltz (abhcóide) a thug sceilp do mhac Foster (scríbhneoir páirtaimsireach) agus Reilly (fear díolacháin chrua-earraí).
achoimre a synopsis
" Oscail do chlab! Tabhair achoimre dom ar Ealaín na Filíochta le Harry Statal.
achoimre chumasach ar an éagóir úd a capable summing up of that injustice
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
Achoimre a synopsis
" Trí íosluchtú is féidir leat cnagadh ar dhoras PoetryBeo, agus b’fhéidir go n-osclófaí fós ‘do intinn féin agus do chló ceart’ Gnéithe de PoetryBeo: ========== Téacs – buntéacs an dáin i nGaeilge Míniú – an dán mínithe i nGaeilge duit Achoimre ar an dán Ceisteanna Samplacha – samplaí de na sóirt ceisteanna Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil a bhíonn ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta Gluais– foclóirín ina bhfuil eochairfhocail mínithe as gach dán agus as na nótaí a ghabhann leo Nóta faoin bhFile – cuntas gearr ar shaol an fhile Meabhráin – meabhráin a chabhróidh leis an mac léinn, chun ábhar na ndánta a thabhairt chun cuimhne go tapaidh ag an neomat deiridh Iarnótaí – nótaí a thugann léagas breise duitse ar ghnéithe den dán agus a chabhraíonn leat anailís a dhéanamh ar ealaín na filíochta Fís – físeáin fotheidealaithe i nGaeilge ina bhfuil na dánta á léamh sna canúintí inar scríobhadh iad (PoetryBeo) agus á dtabhairt chun beochana dá bharr sin, gné den aip a chabhróidh leis an mac léinn atá ag ullmhú don scrúdú cainte agus don chluastuiscint Fuaim – fuaimrianta de na dánta á léamh sna trí mhórchanúintí Gaeilge ag na léitheoirí céanna atá ar na físeáin gan chabhair na bhfotheideal sa chás seo Cluiche – cluiche idirghníomhach a thástálann do chuid eolais ar dhánta Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a spreagann tú chun bunleagain na ndánta sin a léamh go cúramach líne ar line
achoimre iontasach ar an leadóg a wonderful recap on the tennis
" Fé dheireadh déanann Wallace achoimre iontasach ar an leadóg; cluiche is ea í a thugann deis don áilleacht an chumhacht a shéimhiú beagáinín: “*even just to see, close up, power and aggression made vulnerable to beauty is to feel inspired and (in a fleeting, mortal way) reconciled.
ag déanamh achoimre ar a chuid mothúcháin summarizing his feelings
" Agus Holmes ag déanamh achoimre ar a chuid mothúcháin nuair ba léir do chách go bhfaighfeadh sé bás ag cath Ball’s Bluff, scríobh sé: *“It is curious how rapidly the mind adjusts itself under some circumstances to entirely new relations.
an achoimre ar the snippet, recap of
" Bhí an seó sna cinnlínte nuachta cionn is gur chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar an achoimre ar an Bhíobla, baill den DUP ag seasamh na fóide ar son na Críostaíochta agus in éadan an Diamhaslaithe.
molann achoimre suímh an the summary on the (LCS) site recommends
" Mar shampla, molann achoimre suímh an LCS (cód 000190) na cineálacha éagsúla féir atá le fáil sa cheantar, mar shampla féar caorach agus luachair gabhair.