Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achomharc appeal
" Chuir a dhlíodóir achomharc faoi bhráid na cúirte ar an toirt agus ligeadh Morrison amach ar bannaí $50,000.
achomharc appeal
" Bhí achomharc déanta ag Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus ag an ngrúpa pobail Alternative to Poles and Pylons (ATP) in aghaidh an iarratais pleanála.
achomharc appeal
" Dúirt BAT go ndéanfaidís achomharc.
achomharc appeal
" Thug sé a chúl leis na póilíní nuair a bhí siad ag iarraidh labhairt leis faoi chásanna eile agus deir siad go bhfuil sé ag obair ar achomharc faoi láthair," a dúirt sé.
achomharc appeal
" B'éigean dom a lán ama a chaitheamh ar achomharc chuig an phríomhoide agus sa deireadh, tar éis éisteachta fada, foirmiúla, fuair mé an t-ardú pá.
achomharc appeal
achomharc appeal
" Déanadh achomharc sa gCúirt Chuarda faoin toradh ach d'fhan rudaí mar a bhí agus an suíochán ag John Bonham.
achomharc appeal
" Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh deis acu filleadh ar scéal Corby - beidh achomharc ar siúl faoi cheann cúpla mí.
achomharc appeal
" Ní gan dua a cuireadh a leithéid de Acht i bhfeidhm agus tá 458 achomharc déanta cheana féin ag úinéirí atá ag lorg díolúine uaidh.
achomharc appeal
" Rinne an fhondúireacht a bhí i bhfeighil na talún achomharc chuig an Chúirt Uachtarach agus chaith siadsan breith na hArd-Chúirte i dtraipisí i mí Feabhra na bliana seo.
achomharc appeal
" I gcás eile in oirdheisceart na hÁise, daoradh Nguyen Tuong Van as an Astráil chun báis agus theip ar a achomharc i Singapore le gairid.
achomharc appeal
" Mar a tharlaíonn sé, tá achomharc déanta ag *The Sunday Tribune* chuig Coimisinéir na Faisnéise faoi iarratas eile faoin Acht um Shaoráil a rinne siadsan ar an ábhar céanna.
an Chúirt Achomhairc the Court of Appeal
" Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair.
sa Chúirt Achomhairc Choiriúil in the Court of Criminal Appeal
" Bhí cúigear fear as Cathair Luimnigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an 26 Iúil.
forais achomhairc grounds for appeal
" Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach.
ag achomharc na ndúnmharfóirí the appeal of the murderers
" Mar sin, bhí ionadh ar go leor daoine, na meáin ach go háirithe, nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh cearta na meán á gcosaint ag an mBreitheamh Nicholas Kearns agus é ag labhairt ag achomharc na ndúnmharfóirí as Luimneach ag deireadh mhí Iúil.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
faoi achomharc being appealed
" Tá cúig eastát faoi réir ag Comhaontaithe faoi Alt 47 den Acht Pleanála ach tá dhá cheann acu siúd faoi achomharc i láthair na huaire agus níl tús curtha le forbairt i gcás na trí cinn eile.
achomharc in aghaidh cinntí appeal against decisions
" Mar thoradh ar an bpolasaí seo, ní raibh na teifigh in inmhe achomharc in aghaidh cinntí a dhéanamh trí chúirteanna na hAstráile.
na hachomhairc the appeals
" ” Ní bheidh sé i bhfad anois go dtí go ndéanfar cinntí ar na hachomhairc a rinne an triúr smuigléirí Astrálacha thuas in éadan a mbreitheanna.
achomharc an appeal
" Tugadh an t-eolas seo dom mar fhreagra ar achomharc a rinne mé in éadan cinneadh na Roinne gan mórán eolais a chur ar fáil dom ar an ábhar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
achomharc an appeal
" Tugadh an t-eolas seo dom mar fhreagra ar achomharc a rinne mé in éadan cinneadh na Roinne gan mórán eolais a chur ar fáil dom ar an ábhar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
achomharc appeal
" Bhí Paddy McIlkenny (nach maireann), deartháir Richard (nach maireann), ó Sheisear Birmingham, i Londain roimh an achomharc san Ard-Chúirt ansin agus rinne mé agallamh leis.
achomharc appeal
" net/ Cén t-ionadh? Níorbh aon ionadh é mar sin gur mhol Coimisiún na hAlban um Athbhreithniú Cúiseanna Coiriúla i 2007 gur chóir achomharc eile a thabhairt do al Megrahi.
achomhairc appeal
" com/video/x3h5vh_enquete-sur-le-meurtre-du-prefet-er_news) Gearradh téarma príosúin dhá bhliain is fiche ar Colonna níos luaithe i mbliana tar éis achomhairc.
achomharc appeal
" Ach rinne an rialtas achomharc ar an chinneadh chuig an Chúirt Uachtarach.
achomhairc appeal
" Tá an chosúlacht ar an scéal, áfach, go mbeidh an stát ag déanamh achomhairc in aghaidh na breithe.
hachomhairc appeals
" Cé gur thóg sé fiche bliain dul tríd na hachomhairc go léir, thograigh na húdaráis an daorbhreith a choinneáil.
achomhairc appeal
" Íslíodh an píonós go 14 bliana déag tar éis achomhairc.
achomharc an appeal
" 2m de chostais dlí a bhí mar thoradh ar an chaingean áirithe sin go dtí seo agus tá achomharc ar an bhreithiúnas ar na bacáin.
chúirt achomhairc appeals court
" Seo mar a labhair an Breitheamh Lane sa chúirt achomhairc faoi na ráitis a rinne na póilíní faoin Cheathrar: *“a fabrication from start to finish, invented by some fertile constabulary mind.
achomharc appeal
" Chuirfeadh an méid a dúirt sé, breithiúnas an Tiarna Denning ar achomharc Sheisir Bhirmingham i gcuimhne do dhuine faoi *“such an appalling vista that every sensible person would say, 'It cannot be right that these actions should go any further.
achomharc os comhair an appeal before
" Chuir an pobal a bhí i gcoinne na muilte seo achomharc os comhair An Bhoird Phleanála, agus tá súil le cinneadh an Bhoird gan mhoill.
d’achomharc a deineadh with an appeal made
" ” Baineann an comhad ó Oifig an Ard-Aighne le hullmhúchán an stáit don chás Ard-Chúirte agus d’achomharc a deineadh ina dhiaidh sin chuig an Chúirt Uachtarach.
achomharc chuig an appeal to
" An Chúirt Uachtarach =========== Mar a tharlaíonn sé, theip ar an dúshlán Ard-Chúirte agus rinne an tUasal Ó Monacháin achomharc chuig an Chúirt Uachtarach.
achomharc ó bhreithiúnas an appeal against the decision
" Rinne Ghandi Mallak achomharc ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte agus ghlac an Chúirt Uachtarach le hargóintí an tSiriaigh ag tús mhí na Nollag.
aon sásra achomharc neamhspleách any independent appeals mechanism
" Ós rud é nach bhfuil aon sásra achomharc neamhspleách chun cinntí inimirce a athbhreithniú, téann daoine nach n-éiríonn lena n-iarratais chun na gcúirteanna d’fhonn cead isteach chun na tíre a fháil dá ndaoine muinteartha.
d’iarr sé achomharc he sought an appeal
" Shéan an t-imreoir go ndearna sé an gníomh a cuireadh ina choinne agus d’iarr sé achomharc.
Reáchtáladh achomhairc éagsúla various appeals were run
" Reáchtáladh achomhairc éagsúla ar chás Sheisear na Cróite thar na blianta, an ceann is deireanaí in Ard-Chúirt NSW cúpla mí ó shin.
achomharc ina éadan an appeal against
" Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan.
tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh I intend to appeal
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc delaying in handling the appeals
" A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
oiread is achomharc amháin as much as one appeal
" Níor chaill Airdeall oiread is achomharc amháin os comhair an Bhord Pleanála maidir le scéimeanna tithe a bheith á gceadú ag Comhairlí Contae éagsúla gan aird acu ar riachtanais teanga sna coinníollacha.
achomharc ar an mbreithiúnas an appeal against the judgement
" Ceartaiseacht agus Cinsireacht? ========== Cé nár iarr Bolt ná an nuachtán achomharc ar an mbreithiúnas, mhaígh siad go raibh siad ina n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil agus go raibh cinsireacht pholaitíochta i gceist.