Pota Focal Intergaelic
ad | ado | aid | ald | and
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
agus go gcuirfidh sé lena saol and that that will add to their lives
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Ag leibhéal simplí, bunúsach is é an fhís atá agam ná go mairfidh an teanga, leis an saibhreas atá aici faoi láthair, agus go mbeidh mo pháistí féin in ann tarraingt ar an saibhreas sin, agus go gcuirfidh sé lena saol, sa chaoi chéanna is atá an Ghaeilge tar éis cur le mo shaol féin.
cuireann sin leis that adds to it
" Ach leis an fhírinne a rá, an fonn is mó a tharraingíonn m'aird; caithfidh sé a bheith tarraingteach, ceolmhar agus má tá na focail deas, bhuel, cuireann sin leis.
cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe add to the attempts to tackle the depopulation of the countryside
" Dá léireodh an Rialtas ceannaireacht áirithe sna cúrsaí seo, d'fhéadfaí foinsí beaga ioncaim agus cumhachta a scaipeadh fud fad chósta iarthar na hÉireann, cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe sna ceantair chúlráideacha, agus dúshlán na mórchomhlachtaí ola a thabhairt.
chuirfeadh sé leis an gcluiche it would add to the game
" Ach imreoir ag rith go tapa agus ag cromadh le lámh amháin chun an pheil a cheapadh - bheadh sin ina scil iontach agus chuirfeadh sé leis an gcluiche.
tábhacht bhreise added importance
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
ag cur go mór lena n-eitiltí adding greatly to their flights
" Loingeas úr Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr dá bharr.
cur leis an réaltacht, to add to the reality,
" Ar ndóigh, is iarracht é seo cur leis an réaltacht, agus éiríonn leis mar sheift.
mar bharr ar an mí-ádh, to add to the bad luck,
" Agus mar bharr ar an mí-ádh, rinne réiteoir praiseach de chluiche ceannais eile.
nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu. which don't add to our knowledge of them.
" Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu.
a chuir leis an mhuintearas who added to the friendship
" Cé is mó a chuir leis an mhuintearas idir Éirinn agus an Bhreatain i rith na bliana atá díreach thart? Cé eile ach Laurel agus Hardy na Sé Chontae – an Brit dúchasach sin (dar leis féin) Ian Paisley, agus an tseoid sin de dhúchas na hÉireann (dar leis féin) Máirtín McGuinness.
chuirfeadh leis would add to
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
cur leis a bheifí one would be adding to it
" Dá mbeadh córas ‘Glór an Phobail’ forbartha, ní hionann sin agus iarracht deireadh a chur leis an chóras mar atá, ach cur leis a bheifí, agus iarracht a dhéanamh cinntiú go mbeadh an daonlathas ag feidhmiú gan ansmacht ardoifigí na bpáirtithe polaitiúla i mBaile Cliath 4.
féadaim a rá I may add
" Tá an-acmhainn sa tír seo, acmhainn nó tréithe atá i muintir na tíre seo ó dhúchas, féadaim a rá.
féadaim a rá I may add
" As a gcreideamh láidir ‘daonnachta’ níos mó ná ‘Críostaíochta’, féadaim a rá, nach nglacann siad leis.
chur leis to add to
" Tá mé in ann sé ainm eile a chur leis an ghinearál.
comhairíonn siadsan they add up, count, matter
" Fiú amháin ar Podge and Rodge aréir, dúirt na lads “Dáithí, conas tánn tú”, píosaí beaga mar san, agus comhairíonn siadsan ar fad.
bhratfhógraí cover adds
" Cliceálfaidh siad ar bhratfhógraí, uaireanta de thaisme admhaíonn sé, ach cliceálann siad.
Má thugtar san áireamh if one adds in
" Má thugtar san áireamh nach fada go mbeidh sí ina ceann stáit ar Oileán na Naomh, na nOllamh is na nIarbhaincéirí, mar a fógraíodh sa liarlóg seo an mhí seo caite, is fiú cúpla focal a scríobh mar gheall uirthi féin: an cineál duine atá inti, mar a chonacthas do Bhalor í i gCill Airne.
chur le hoidhreacht s’acusan add to his heritage
" Mhothaigh sé nach raibh tada sa bhreis ann a dtiocfadh leis a chur le hoidhreacht s’acusan.
cur go mór leis to add greatly to
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí.
cur go mór leis to add greatly to
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí mar a bhí.
ag cur lenár adding to our
" Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta.
earraí breisluacha added value goods
" Tiocfaidh na cathracha slán de réir a chéile: nuair a thosóidh an t-inneall geilleagrach ag casadh arís, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí airgeadais, ar earraí breisluacha, agus ar fhoirgníocht.
An Luach Bhreise added value
" Tá go leor féidireachtaí ag baint le ceantair iargúlta agus tuaithe: turasóireacht a bhaineann le cúrsaí cultúrtha nó le gníomhaíochtaí (chomh maith le gnáththurasóireacht na ngleannta is na sliabh); bia ‘ceardúil’ nó bia ‘glas’, ’sé sin, bia aiceanta ar ardchaighdeán atá úr agus slán; talmhaíocht orgánach nó ardchaighdeáin; An Luach Bhreise a Fhorbairt ============== Beidh sé fíorthábhachtach athrú ó tháirgí príomhúla go táirgí breisluacha, faoi mar a rinne tionscadal na hiascaireachta sna Cealla Beaga, áit a bhfuil béim an-mhór faoi láthair ar luach breise a chruthú trína táirgí éisc a phróiseáil agus a phacáistiú.
táirgí breisluacha value added products
" Tá go leor féidireachtaí ag baint le ceantair iargúlta agus tuaithe: turasóireacht a bhaineann le cúrsaí cultúrtha nó le gníomhaíochtaí (chomh maith le gnáththurasóireacht na ngleannta is na sliabh); bia ‘ceardúil’ nó bia ‘glas’, ’sé sin, bia aiceanta ar ardchaighdeán atá úr agus slán; talmhaíocht orgánach nó ardchaighdeáin; An Luach Bhreise a Fhorbairt ============== Beidh sé fíorthábhachtach athrú ó tháirgí príomhúla go táirgí breisluacha, faoi mar a rinne tionscadal na hiascaireachta sna Cealla Beaga, áit a bhfuil béim an-mhór faoi láthair ar luach breise a chruthú trína táirgí éisc a phróiseáil agus a phacáistiú.
chuir leis an teannas added to the tension
" Bhí 5,000 trúpaí ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
cur leis an tionscal físe add to the visual production industry
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
le cur leis an gconamar to add to the bit
" Sa scoil bheag a bhfuilim ag obair inti, bíonn go leor daoine ag freastal ar ranganna Béarla san oíche, le cur leis an gconamar beag a thugadar leo sa mheánscoil.
sheirbhís bhreisluacha an added value service
" *SmartyPig* ==== Tá cúpla seirbhísí mar seo agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt bainc thraidisiúnta ag breathnú ar an múnla seo mar sheirbhís bhreisluacha.
ag cur leis an tuairim is adding to the opinion
" Fiú más í an Ghaeilge teanga an chumann peile nó teach an phobail, tá iompar na nGardaí ag cur leis an tuairim gurb é an Béarla teanga an státchórais agus teanga na cumhachta.
feoil ar an tuairim sin added credence to that view
" Chuir Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, feoil ar an tuairim sin nuair a dúirt nach dtig postanna sa Ghaeltacht a shéanadh ar dhaoine gan Ghaeilge siocair go mbeadh a leithéid ag sárú dlithe na hEorpa.
chuirfeadh le daonlathas na tíre which would add to the country’s democratic process
" Tá súil agam go gcíorfar an cheist seo i gceart nó d’fhéadfadh feidhm fhiúntach a bheith ag an tSeanad a chuirfeadh le daonlathas na tíre.
le cur lena to add to
" “Tá an Ghaeilge ar a thoil aige anois, ach beidh air teacht ar ais an bhliain seo chugainn le cur lena bhfuil foghlamtha aige,” a mhaígh Ó Cuinneagáin.
breiseáin extras, add-ons
" Tá comhlachtaí móra ann cosúil le Salesforce agus Hubspot agus tá breiseáin ann do Facebook, Wordpress agus Drupal.
cur go mór lena árachas taistil add on big time to his travel insurance
" B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.
go rithfeadh leasú ar that an amendment would be added to
" Thug an Geographic Board de chuid na Nua-Shéalainne, nó Nga Pou Taunaha o Aotearoa, tacaíocht don fheachtas tamall de bhlianta ó shin, ar an gcuntar go rithfeadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar.
ag cur le híomhá na mí-éifeachta adding to the image of in-efficiency
" D'éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.
cur leis an líon de mhílte adding to the miles
" Is deas liom a bheith ag rothaíocht ar Tow Path an Lagáin agus cur leis an líon de mhílte a dhéanaim gach seachtain.
cuir leis add to
" Cláraigh le Gaeilge Amháin agus cuir leis an 2,500+ atá ann cheana féin.
gcuireann imircigh le forbairt emigrants add to the development
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
le cumas (add) to the ability
" Ach ansin maítear go gcuirfidh ‘an comhcheangal’ idir COGG agus an NCCA le cumas COGG ‘i ndáil leis an obair seo’ agus i dtaobh ‘comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge’.
chun fógraí a thaispeáint to show adds
" Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.
trí cur le líon by adding the number
" Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir.
chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra she added insult to injury
" Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas! Folly agus Fallaí ======= D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta.
chuireann go mór le tarraingt an duine add a lot to one’s attractiveness
" Is fíor nach féidir féachaint ar ghluaiseachtaí nó gothaíochta an duine leis an áis – rudaí a chuireann go mór le tarraingt an duine – ach mar sin féin, tugann grianghraf de dhuine an-chuid eolais mar gheall ar an duine sin agus is féidir cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an méid a fheiceann tú den phearsantacht sa ghrianghraf.
chun cur leis an gcomhluadar sóisialta to add to the social circle
" Níor cheart go mbeadh an áis in ionad an ghnáthshaoil ar aon nós, ach go mbeadh sí mar rud breise ann chun cur leis an gcomhluadar sóisialta atá agat.
rud a chuirfidh téagar breise sa táirge something which shall add to the product
" Anois nach mbeidh an costas sin ann, beidh níos mó airgid ag an eagarthóir le caitheamh ar scríbhneoirí agus ar iriseoirí físe, rud a chuirfidh téagar breise sa táirge.
Chun cur leis an dúshlán to add to the challenge
" Chun cur leis an dúshlán, tá teannas ag éirí idir Mark agus muintir Gwen, atá ag iarraidh síneadh a ngnó oisrí amach i bpáirc mara cosanta, rud a ruaigfeadh na geabhróga.
Cuireadh go mór leis was greatly added to
" Cuireadh go mór leis an bhfeachtas nuair a rinneadh pósadh comhghnéis dleathach sa Nua-Shéalainn i mí Aibreáin na bliana seo agus thug lánúineacha comhghnéis Astrálacha áirithe aghaidh ar ár gcomharsa béal dorais lena mbainis a reáchtáil ann dá bharr.
cur le tionchar an Bhéarla to add to the influence of English
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre such would add to the workload
" Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre ar oifigigh na ranna sin, dar leo.
chur le do chuid nuashonrúchán add to your contact details
" Mar shampla, más ortsa an fhreagracht laethanta saoire sa Ghaeltacht a chur chun cinn, d’fhéadfá #holiday a chur le do chuid nuashonrúchán.
ag cur leis an gheilleagar adding to the economy
" Dúirt an tAire Foster: "Is ceann de na rásaí rothaíochta is ceannasaí é an Giro d’Italia, an turas ab íocónaí do rothaithe na cruinne agus lucht leanúna an spóirt…mar thoradh ar an ócáid seo a reáchtáil beidh muid ag neartú feidhm iomaíoch na turasóireachta agus ag cur leis an gheilleagar san am i láthair agus san am atá amach romhainn.
d'fhógraí rangaithe classified adds
" Thit an clampar amach ar líne ó d'iarr an CBFA ar an suíomh gréasáin d'fhógraí rangaithe DoneDeal.
ag cur lena gcuid eolais adding to their knowledge
" Tá muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina 'n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile' mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin.