Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Aerfort Mhanchain Manchester Airport
" ** Éiríonn eitleán 747 den talamh ag Aerfort Mhanchain ar a bhealach go Nua-Eabhrac.
Aerfort na Sionainne Shannon Airport
" Is é an *Bertie Speak *a chuir ar chumas an Taoisigh ligean d'fhórsaí Mheiriceá Aerfort na Sionainne a úsáid agus, ag an am céanna, a rá thart ar mhí ó shin go raibh sé féin i gcónaí i gcoinne chogadh na hIaráice.
Aerfort Chnoc Mhuire Knock Airport
" A leithéid seo: Sinne a gclann, Is clann a gclainne, Dúinn is éigean Cónaí a dhéanamh I bhfad ó bhaile I lár an bhogaigh Ag Aerfort Chnoc Mhuire.
shuímh na n-aerfort iad féin the airports' own sites
" Chomh maith leis sin, is féidir eolas a fháil ar shuímh na n-aerfort iad féin agus ó na naisc thaistil atá acu.
Aerfort na Sionainne Shannon Airport
" Is spreagadh mór don iarthar bunáit nua Ryanair in Aerfort na Sionainne, agus a sheirbhísí nua go dtí an Iodáil, an tSualainn agus an Bheilg a thosófar i mí na Bealtaine, ach tá margadh den scoth faighte ag an aerlíne.
Aerfort na Sionainne Shannon Airport
" Ní hamháin go mbeidh Ryanair ag tosú a gcuid bealaí nua ó Aerfort na Sionainne, ach beidh cinneadh (beagáinín déanach) á dhéanamh ag an Rialtas faoi fhorbairt Aer Lingus, agus beidh na conarthaí a thacaíonn leis na seirbhísí idir na haerfoirt réigiúnacha agus Baile Átha Cliath le bronnadh as an nua.
plódaithe le hionadaithe aerlínte agus aerfort full of airline and airport representatives
" Ionad comhdhála ollmhór i Maidrid na Spáinne, agus an foirgneamh plódaithe le hionadaithe aerlínte agus aerfort ó gach cearn den domhan, gach éinne agus suaitheantas beag daite á chaitheamh aige - dath dearg i gcás lucht na n-aerlínte (agus tá 250 ann), dath bán i gcás gach duine eile.
mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort big road and airport building schemes
" Mar sin, roimh an bhliain 2015, beidh táillí plódaithe tráchta i bhfeidhm sna cathracha, agus cuirfear stop le mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort.
Aerfort na Sionna Shannon Airport
" Tá seirbhísí traenach réasúnta maith go dtí na bruachbhailte timpeall ar chathair Chorcaí, ar chathair na Gaillimhe, agus ar chathair Luimnigh (le ceangal idir Aerfort na Sionna agus mórlíne Chonair Iarnróid an Iarthair, atá an-úsáideach do mhuintir na Gaillimhe agus do mhuintir Chorcaí agus iad ag tógáil eitilte idir an tSionainn agus Dubai ag dul ar saoire dóibh).
sna calafoirt agus sna haerfoirt at the ports and airports
" Bhí scéal eile againn faoi na ciallachais mhóra a bheadh ag an ionsaí d’Éireannaigh a bhí ina gcónaí i Meiriceá go mídhleathach mar go mbeadh dianslándáil i bhfeidhm sna calafoirt agus sna haerfoirt agus go mbeadh ar fhostóirí cuntais chruinne a choinneáil ar gach duine a bhí fostaithe acu.
trácht na n-aerfort airport traffic
" Idir eitleáin mhóra turba-liáin, luaseitleáin á dtiomáint le hidrigin, agus lasteitleáin ollmhóra ag cur chun farraige, is dócha go mbeidh trácht na n-aerfort ilchineálach go leor sa bhliain 2030, agus go mbeidh na haerfoirt gnóthach go leor.
Aerfort na Sionainne, Shannon Airport,
" Ní fhéadfadh eitilt sceidealta Mheiriceánach tuirlingt ach i mBaile Átha Cliath nó in Aerfort na Sionainne, agus is gá do gach aerlíne an méid céanna tuirlingtí a dhéanamh sa tSionainn agus i mBaile Átha Cliath.
tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne a motion about Shannon Airport
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
Aerfort na Sionainne Shannon Airport
" Chuir easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain olc ar dhaoine sa chuid sin tíre.
go hAerfort na Sionainne. to Shannon Airport.
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
aerfoirt airports
" Tá cosán gluaiste ann, mar a bhíonn in aerfoirt, chun Beairic a thabhairt thart.
Sáinnithe in Aerfort cornered in an airport
" Sáinnithe in Aerfort ======= Idir an dá linn, ní fios cá rachaidh Snowden nó céard a tharlóidh dó.
aerfoirt na tíre the country’s airports
" Easnamh mór a bhaineann le stair na hÉireann ná go gceapann lucht a scríofa go minic go gcríochnaíonn a gcuid oibre ag calafoirt agus ag aerfoirt na tíre.
Aerfort na Sionna Shannon Airport
" Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.