Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aeróg aerials
" Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
aeróga arda tall aerials
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
leis an aeróg is cóngaraí dó with the aerial nearest to it
" Go fiú nuair nach bhfuil glao á dhéanamh ó ghuthán, bíonn sé ag craoladh go rialta ag iarraidh dul i dteagmháil leis an aeróg is cóngaraí dó.
líon na n-aeróg the number of aerials
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
ag cur i gcoinne na n-aeróg seo objecting to these aerials
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
aerga aerial
" Ar an bhealach, bhuail siad isteach chuig Guernica, an sráidbhaile Bascach agus príomhchathair ársa Thír na mBascach, a d’fhulaing an bhuamáil uafásach aerga a rinne na Naitsithe sa bhliain 1937, buamáil a d’fhág 1,600 duine marbh.
aeróga speisialta special aerials
" (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.
Crann aerial
" An bhfuil aon difir idir é agus an graffiti thuasluaite? Luaigh mé in eagrán 101 fosta an Crann Cumarsáide atá tógtha thuas ar an Mhullach Dhubh (219 méadar), i gceantar Shliabh a Liag.
crann tarchuradóra broadcast aerial
" Ach bhí áiteanna ann ar mhian liom a fheiceáil: Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua mar shampla nó crann tarchuradóra Raidió na Gaeltachta i gCasla agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.