Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iompar lucht leanúna carrying supporters
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
ag cosaint mí-iompair defending misconduct
" Dá bhrí sin, is deacair gan teacht ar an tuairim go bhfuil a fhios go maith ag an Aire agus ag Ceannfort na nGardaí, mar atá a fhios ag *Beo!, *cérbh é an garda, agus nach bhfuil anseo ach sampla eile d’ár nAire Dlí agus Cirt ag cosaint mí-iompair i measc cheannasaíocht an Gharda Síochána.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ag iompar do shaothair carrying your work
" “An chomhairle a chuirfinn ar ealaíontóirí óga ná go gcaithfidh tú brú a chur ort féin dul amach ansin agus a bheith ceanndána agus tú ag iompar do shaothair thart ar na dánlanna,” a dúirt sé.
ag iompar clainne. pregnant.
" ” Baineann *Hush-a-Bye Baby *le cailín óg neamhphósta as Doire atá ag iompar clainne.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche inappropriate behaviour is accepted after midnight
" Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche mar gur “cuid den chraic” é.
ag iompar na bhfód ‘pushing up daisies’
" Ag ráta 100 saighdiúir marbh gach bliana, beidh 400 ball breise de arm Shasana ag iompar na bhfód faoin am sin.
ag iompar teaghlach transporting families
" Bhí tacsaithe uisce ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore.
ag iompar beart féir carrying a load of grass
" Is gearr go bhfaca mé bean ag iompar beart féir ar leathghualainn.
ag iompar clainne pregnant
" Sólás agus solas í dó cé gur thréig sí é cúpla mí roimis theacht an chogaidh i 1914 nuair a thuig sí go himníoch go raibh sí ag iompar clainne.
ag iompar ualach carrying the load
" An Dóchas agus an Duainéis ============= **SMM: An mbraitheann sibhse sna comhlachtaí go bhfuil sibh ag iompar ualach ‘cúis na Gaeilge’ i saol na meán úr mar a d’iompair an córas scolaíochta cúis na teanga nó cúis na Gaeilge i ndiaidh bhunú an tSaorstáit? An mbraitheann sibh, sna comhlachtaí, go bhfuil ‘dualgas aiséirí na Gaeilge’ oraibh?** CÓC: Braithimse! Mé féin go pearsanta agus tá go leor daoine a mbím ag obair leo a mbíonn an dearcadh céanna acub.
bhíonn á iompar ag being carried by
" Tá droim díomhaoin acu le hais an t-ualach uafásach sin a bhíonn á iompar ag muintir na hÉireann.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí Lindy ag iompar clainne arís faoin am seo agus b’éigean dí a dara hiníon a thabhairt do Michael nuair a saolaíodh í sa phríosún.
ag iompar cumhráin carrying perfume
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
ba léir dom go bhfuil sí ag iompar it was obvious to me that she’s pregnant
" An bhean a thug briseadh mo chuid airgid dom ag scipéad bialainne inné, ba léir dom go bhfuil sí ag iompar, rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte faoi cheann bliana.
de bharr a bheith ag iompar due to being pregnant
" Leis an éagóir sin a chealú, shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh ceart ag bean ginmhilleadh a bheith aici sa stát seo sa gcás go mbeadh a beatha féin i mbaol de bharr a bheith ag iompar, baol ón bhféinmharú san áireamh! B’ait an breithiúnas é, nuair a léann tú an fhoclaíocht in Airteagal 40.
ag iompar lucht tacaíochta carrying supporters
" An bhliain dár gcionn, tharla eachtra sáite ar thraein ar deineadh luíochán air agus a bhí ag iompar lucht tacaíochta Celtic go cluiche i bPàislig.
ag iompar a dhóthain meáchain carrying enough weight
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
bhfuil siad ag iompar na bhfód anois they're dead now
" An gá a rá go bhfuil siad ag iompar na bhfód anois? An bhfuil aon údar a cheapadh nach sa cheo chéanna a chaillfear a bhfuil fanta againn go dtí seo de thobar an dúchais?
nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne that a pregnant woman wouldn’t drown
" Bhí sé cloiste aici más fíor nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne, a dála féin, ach a cloigeann a choinneáil os cionn an uisce.
ag iompar clainne de dheascaibh ionsaí gnéis pregnant from rape
" B’é Brian Walsh againne a mhaígh i 1987: ‘*nowhere in the world is the right to personal liberty more fully protected than under the Irish Constitution*’, áiteamh a thug meas madra do chearta daoine homaighnéasacha, mná a bhí ag iompar clainne de dheascaibh ionsaí gnéis, nó d’íocóirí cánacha nár thug cead don Stát a gcuid airgid a thabhairt do fhorais chreideasa.
ag iompar málaí gailf an uasaicme carrying the nobility’s golf bags
" Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.