Pota Focal Intergaelic
acid | ad | aird | amid | arid
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trealamh céadchabhrach first-aid equipment
" Thug sé le fios nach bhféadfaí trealamh céadchabhrach a úsáid de bharr easpa soláthair leictreachais sa chontae.
chúnamh feidearálach federal aid
" Mhol an Seanadóir Chuck Schumer le déanaí gur cheart do Bloomberg $500 milliún de chúnamh feidearálach an 11 Meán Fómhair a úsáid chun arduithe pá an FDNY agus an NYPD a mhaoiniú.
teacht chun fóirithinte ar to come to the aid of
" Cleas suarach atá ann, sa gcomhthéacs sin, teacht chun fóirithinte ar dhaoine le bia i bhfoirm GMO amháin, agus úsáid a bhaint as ocras na mbochtán chun an bia nua seo a scaipeadh.
cúnamh dlí legal aid
" Ní raibh siad ábalta dlíodóirí a fháil mar nach raibh cúnamh dlí ar fáil.
teacht i gcabhair ar Mheiriceá to come to America's aid
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
teacht chun fóirthinte ar dhaoine to come to the aid of people
" Tá mé cinnte go mbeadh siad sásta teacht chun fóirthinte ar dhaoine nach bhfuil chomh hádhúil leo féin, dá n-iarrfaí orthu.
SEIF AIDS
" Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige).
cabhair aid
" Tháinig an t-airgead ó Pharlaimint na Breataine i ndiaidh don Eaglais cabhair a iarraidh.
SEIF AIDS
" Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige).
áis foghlamtha teaching aid
" “I gceann cúig bliana, ba mhaith liom go mbeadh ainm Raidió na Life aitheanta i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir óg agus aosta, go mbeadh a fhios ag an tsaol mór faoi agus go mbeadh sé in úsáid sna scoileanna mar áis foghlamtha.
cabhrach aid
" Iompar cabhrach go tíortha na hÁise Thoir Theas tar éis an súnámaí, mar shampla, nó (cás níos fadtéarmaí, is dócha) iompar innealra agus trealamh tógála go dtí an Iaráic.
SEIF AIDS
" Tá ráta an-ard SEIF sa tír; bhí 26% den daonra i mbaile amháin ina raibh mé buailte aige.
SEIF AIDS
" Tá an ráta SEIF as smacht sa tír, agus tá an geilleagar buailte go holc le tamall anuas.
ní raibh aon fhearas garchabhrach aige he had no first aid equipment
" Cé gur iarshaighdiúir a bhí ann, ní raibh aon fhearas garchabhrach aige agus thug mé féin garchabhair dó.
fearas garchabhrach first aid equipment
" D'amharc mé uirthi ag dul síos, agus nuair a bhí sí ar an talamh, scairt mé léi go raibh fearas garchabhrach i mo mhála ansin.
teastas garchabhrach first-aid certificate
"teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
Ó thaobh na garchabhrach de, in terms of first-aid
" Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
teacht i gcabhair orainn. come to our aid.
" Ar bhealach, tá an t-ádh linn gur compántas Gaeilge muid agus go raibh leithéidí an Fhorais agus an Údaráis in ann teacht i gcabhair orainn.
duine garchabhrach; a first-aid person;
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
SEIF AIDS
" Tá líon uafásach ard daoine sa tír a bhfuil an galar SEIF orthu – deirtear go bhfuil sé ar 23 faoin gcéad de phobal Nkhata Bay.
ionad tástála SEIF AIDS testing centre
" Sa bhaile Cape Maclear, áit a bhfuil thart ar 15,000 duine ina gcónaí, ní raibh ionad tástála SEIF ar bith ann go dtí gur osclaíodh ceann i mbliana mar chuid den ionad sláinte a bhunaigh Mags Riordan, bean ón Daingean, agus a carthanacht The Billy Riordan Memorial Trust (www.
cúnamh aid
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
cúnamh airgid financial aid
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
gharchabhrach first aid
" Bhí deis againn amharc isteach san inneall dóiteáin agus san fheithicil éigeandála, rud a bhí suimiúil domsa mar fear gharchabhrach (beo eagrán 81- Eanáir 08) Agus bhí imoibrithe tapaí de dhíth orm cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhuail an tacsaí sin mé.
teacht i gcabhair ar an bpáiste come to the child's aid
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
Ainneoin tacaíocht despite aid
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
cúnamh aid
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
le tacaíocht deontas by grant aid
" Anois Seoladh ANOIS mar pháipéar ildaite sa bhliain 1984 le tacaíocht deontas maith ón Stáit agus é á fhoilsiú ag Gael Linn.
cabhair deontais grant aid
" An bhfuil 100 duine ann a bheadh sásta €1,000 an duine a chur isteach san iontaobhas, le go bhféadfaí leanacht ar aghaidh le foilsiú nuachtán Ghaeilge, le cabhair deontais ó Fhoras na Gaeilge? Sin í an cheist.
tacaíocht aid
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
tacaíocht aid, support
" com/watch?v=qK3n_u7KkOY) Bóiscéalta na gCaorach Ós ag caint dúinn ar chaoirigh, tá muintir bhocht bhuailte an Chomhaontais Ghlais fós sásta tacaíocht a thabhairt do na distressed assets eile sa chomhrialtas.
tacaíocht aid
" Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
chúnamh airgid finincial aid
" Tá gach tacaíocht (idir chúnamh airgid is mórálta) dlite don dá fhoilseachán má táthar leis na cosa a thabhairt leo ón ghéarchéim reatha.
oibrí cabhrach aid worker
" Ní thiocfadh leis an chancrán is binbí a bheith míshásta leis an úsáid a baineadh as scairdeitleán an rialtais le déanaí leis an oibrí cabhrach Sharon Commins a thabhairt ar ais abhaile tar éis di 107 lá a chaitheamh i ngéibhinn sa tSúdáin.
taca míochaine medical aid
" Ní hann do bhonneagar stáit a chuirfeadh taca míochaine ar fáil, gan trácht ar thacaíocht aigneolaíoch.
fhóirithint aid
" Bhí córas na sainaicmí fós chomh mór sin i réim is nár ligeadh do na Dalit tairbhiú go hiomlán den fhóirithint anachaine a chuir eagraíochtaí carthanachta an domhain ar fáil dóibhsean a tháinig beo as an léirscrios a rinne súnámaí 2004.
fóirithinte aid
" Ba mhinic nár cheadmhach dóibh úsáid a bhaint as na campaí fóirithinte seifte a tógadh.
chúnamh forbartha development aid
" Dea-Mhéin an Aire ======= Níl iontas le déanamh de go raibh rud éigin le rá ag an Aire Inimirce faoin gcomhaontú seo agus an méid sin airgid á sheoladh abhaile ag inimircigh in aghaidh na bliana: 8 billiún €uro, suim is mó ná buiséad chúnamh forbartha na Fraince.
fóirithinte aid
" Deacrachtaí faoi Leith ========== Tá sé thar a bheith deacair teacht chun fóirithinte ar oibrithe baile a bhfuil a gcearta á sárú agus is gort oibre é an obair bhaile a bhfuil sé an-chasta monatóireacht a dhéanamh air.
teacht i gcabhair leat come to your aid
" Conas is féidir le teicneolaíocht teacht i gcabhair leat is tú ag cur na ndifríochtaí seo i bhfeidhm ar do chustaiméirí, fíora agus féideartha? Seo seacht nod don siopadóir, nó na rudaí a dhéanfainn féin dá n-osclóinn féin siopa amárach.
áiseanna aids
" Tá neart áiseanna ar líne chun nodanna agus spreagadh a thabhairt duit.
áiseanna foghlama learning aids
" Deirtear go gcuirfear ‘an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
thiocfadh i gcabhair uirthi would come to her aid
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
áis aid
" Ag deireadh mí Eanáir foilsíodh áis nua foghlama *QuickGuide™ Irish Grammar*.
ba chliste an áis é it was a smart aid
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
ag teacht i gcabhair ar coming to the aid of
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
aon chúnamh airgid any financial aid
" Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin! ================= Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí siad ag maíomh nár chóir go dtabharfadh an Fhionlainn aon chúnamh airgid don Phortaingéil, nó d’aon tír eile.
dtiocfadh sé i dtarrtháil ort he’d come to your aid
" Dá mbeifeá thíos leis an ghalar dhubh, cuirim i gcás, thiocfadh leat urraim a thabhairt do thaisí Naoimh Blaise, a bhí ina shaineolaí ar chneasú an ghalair áirithe, agus urnaí a rá go dtiocfadh sé i dtarrtháil ort.
fuair deontas i gcabhair obtained an aid grant
" Tá sé le léamh chomh maith go raibh Aire Airgeadais an ama go mór in amhras faoi chur chuige an Údaráis agus faoi inmharthanacht cuid de na comhlachtaí a fuair deontas i gcabhair uathu.
mar áis tuisceana as an aid to understand
" Tógaim mo cheap nótaí agus m'fhoclóir beag Sínis-Géarmáinis amach mar áis tuisceana agus tósaímid ar chomhrá.
ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht coming to aid citizenship
" Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais? An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht ===================== D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír.
le cúnamh aided by
" In earrach na bliana seo, le cúnamh an Tea Party, thug sé faoi Richard Lugar, seanadóir Poblachtánach an stáit sin ó 1977 amach, a raibh cáil an mheasarthaigh air.
mar áis sláinte is tú ag rith as a health aid as you run
" Is féidir é a úsáid mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin, mar áis sláinte is tú ag rith nó ag rothaíocht.
i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol to the aid of an endangered boat
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
mar áis teagaisc as a teaching aid
" Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.
pacáiste tacaíochta an aid package
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
lucht cabhrach an Treas Domhain those who aid the third world
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
Chuidigh agus ghníomhaigh an córas polaitíochta the political system aided and acted
" Chuidigh agus ghníomhaigh an córas polaitíochta leis na bainc sin agus thug tuilleadh airgid dóibh, airgead nár leis na bainc é.
tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge aids for teaching through Irish
" Ach ansin maítear go gcuirfidh ‘an comhcheangal’ idir COGG agus an NCCA le cumas COGG ‘i ndáil leis an obair seo’ agus i dtaobh ‘comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge’.
a bhí beartaithe mar chúnamh don iasacht sa tréimhse amach romhainn which was planned as future foreign aid
" 5b as an méid a bhí beartaithe mar chúnamh don iasacht sa tréimhse amach romhainn.
cuiditheoir le an aid of
" Ar maidin ar an 25ú lá d’Eanáir na bliana 1995 thug cuiditheoir le Boris Yeltsin an ‘mála cáipéisí’ eithneach dó.
cúnaimh fhlaithiúil generous aid
" Ach má d'eascair éirí amach na Siria as seo, táthar freisin go láidir den tuairim go raibh na ceannaircigh ag fáil cúnaimh fhlaithiúil ó rialtais an Iarthair freisin, rialtais arbh fhearr leo Assad a fheiceáil titithe.
ag fáil maoiniú stáit ar bith getting any state aid
" Ní raibh Foinse ag fáil maoiniú stáit ar bith agus d’fhág a gcinneadh nach raibh aon nuachtán clóite á fhoilsiú i nGaeilge a thuilleadh.
i gcabhair orainn to our aid
" Bhí brú orainn uair nó dhó i rith an tsamhraidh foireann a chur chun páirce nuair a bhí daoine ar saoire, ag obair, gortaithe is araile ach tháinig cuid de na peileadóirí i gcabhair orainn nuair ba ghá.
siondróm easpa imdhíonachta faighte SEIF AIDS
" In ainneoin gur dhílleachtaí cuid mhaith de na leanaí agus go raibh siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) ar chuid mhaith eile díobh, bhí cíocras léinn orthu uilig.
méid cabhrach amount of aid
" Sa lá atá inniu ann, baineann cuid mhór de na conspóidí sin le ceisteanna freagrachta agus leis an méid cabhrach a thug dreamanna nár cuireadh chun báis do dhaoine eile.
a sholátharaíonn áiseanna teagaisc which provides teaching aids
" (Beidh socraithe speisialta á ndéanamh le trí eagraíocht a airgeadú: Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Áisionad a sholátharaíonn áiseanna teagaisc trí Ghaeilge do scoileanna i dTuaisceart Éireann).
cuidíonn sé le geilleagar na háite it aids the local economy
" Tá turasóireacht leanúnacha (sustainable tourism) mar seo sláintiúil do dhaoine agus cuidíonn sé le geilleagar na háite.
a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh who came to the aid of the Irish
" Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
ag féachaint áis foghlama úr testing a new learning aid
" Bhí Sarah Ní Chonchobhair ag féachaint áis foghlama úr de chuid Gaelchultúr ar na mallaibh.
faoi áis nó dhó about an aid or two
" Tá comhairle mhaith ag Roseanne Smith don té a bhfuil a (h)aghaidh ar an ollscolaíocht i mbliana, comhairle faoi áis nó dhó a chaithfear a fháil ar ais nó ar éigean.