Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buailte ar an Aigéan Ciúin beside the Pacific Ocean
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
Aigéan Indiach Indian Ocean
" Bhí bád le 460 duine, arbh as an Afganastáin a bhformhór, san Aigéan Indiach ar a bealach ón Indinéis go dtí an Astráil.
Aigéan Ciúin the Pacific Ocean
" Tarlaíonn a mhalairt ar an taobh thiar den Aigéan Ciúin - triomach san Astráil, i bPapua Nua-Ghuine, san Indinéis agus sna hOileáin Fhilipíneacha.
is geall le hoileáin san aigéan iad they're like islands in the ocean
" Clocha aonair i ngairdín, ar sé, is geall le hoileáin san aigéan iad.
an Aigéin Chiúin The Pacific Ocean
" D'fhág sé Northam in iarthar na hAstráile ar an 19 Meitheamh, chuaigh sé soir trasna na tíre, trasna an Aigéin Chiúin, giota beag de Mheiriceá Theas, an tAigeán Atlantach Theas agus deisceart na hAfraice Theas.
ar an Aigéan marfach Atlantach on the deadly Atlantic Ocean
" Tá sé seo oiriúnach, fosta, de bharr go dtosaíonn scéal McAuley ar an Aigéan marfach Atlantach, a d'iompar oiread Éireannach agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe, agus a shlog go leor acu sular éirigh leo an áit a bhaint amach.
ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh on the shores of the Atlantic Ocean
" Is baile é a d'fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.
aigéan ocean
" Deirtear nach mbíonn an bua ag an duine uasal lách ariamh nó, mar a deirtear sa Bhéarla, "nice guys don't win"! Tá cuma nath cainte Meiriceánach air sin agus ní chuirfeadh sé ionadh orm má tháinig an ráiteas céanna anall thar aigéan chugainn am éigin sna blianta atá thart.
Aigéan Indiach Indian Ocean
" Tá níos mó na 17,000 oileán sa tír, a shíneann trasna 5,200 ciliméadar den Aigéan Indiach.
aigéan ocean
" Áilleacht nádúrtha ======= Thaitin an tírdhreach leis na hIodálaigh seo: an t-aigéan, na haillte, an cósta fiáin agus garbh.
ar imeall an Aigéin Atlantaigh on the edge of the Atlantic Ocean
" Is iariascaire é Mícheál Ua Ciarmhaic a chaith a shaol iomlán sa Ghaeltacht sin ar imeall an Aigéin Atlantaigh.
san Aigéan Indiach in the Indian Ocean
" Rinneadh an cleas céanna dhá bhliain ó shin ar Oileán na Nollag agus Oileán Cocos-Keeling san Aigéan Indiach.
san Aigéan stoirimiúil Atlantach in the stormy Atlantic Ocean
" Tá Oileáin Fharó suite san Aigéan stoirimiúil Atlantach, idir an Íoslainn agus Albain.
an Aigéan corraitheach Atlantach the exciting Atlantic Ocean
" Tá sé soiléir, áfach, gurb í an fharraige is mó a mhúsclaíonn a chuid suime, go bhfuil croí an fhir lártíre tógtha ag an Aigéan corraitheach Atlantach.
Aigéan Atlantach Atlantic Ocean
" Gearmánaigh Phrotastúnacha den chuid is mó a chuir fúthu i bPennsylvania, ag éalú ó dhlíthe frith-Phrotastúnacha nó ag cuardach saol nua ar an taobh eile den Aigéan Atlantach.
Straitéis Náisiúnta Fuinnimh Aigéin National Ocean Energy Strategy
" I mí an Aibreáin sheol Rialtas na hÉireann a Straitéis Náisiúnta Fuinnimh Aigéin.
an tAigéan Atlantach the Atlantic Ocean
" Ar thaobh amháin de Swakopmund tá an tAigéan Atlantach agus ar an taobh eile tá gaineamhlach na Namaibe.
an tAigéan Ciúin the Pacific Ocean
" Ní bhíonn an tAigéan Ciúin chomh ciúin sin i gcónaí.
airí gnóthaí eachtracha an Aigéin the foreign ministers of the Ocean
" Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal.
buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach, thankful of their new country west of the Atlantic Ocean,
" Mar a thug na hoilithrigh altú do Dhia as teacht tríd an gcéad bhliain i 1620, agus mar a thug Lincoln altú as teacht slán na hAontachta in 1863, spreagtar daoine anois le bheith buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach, cibé Dia nó té a dtugann siad altú dó.
ón Aigéan Atlantach from the Atlantic Ocean
" Éiríonn Sliabh Liag chóir a bheith 600 méadar ón Aigéan Atlantach agus tá an radharc óna bharr ar an radharc farraige is fearr in Éirinn.
chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad they used to be sent across the Atlantic Ocean
" Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas**.
os cionn an Aigéin Atlantaigh above the Atlantic Ocean
" Nuair a scriosadh eitleán de chuid Air India sa bhliain 1985 ag buama – agus é os cionn an Aigéin Atlantaigh timpeall céad míle ó chósta Chorcaí ar a shlí ó Montréal go Londain – ghlac Ceanada le freagracht an imscrúdaithe ós rud é gur imigh an t-eitleán ó Montréal agus de bhrí gur shaoránaigh de chuid na tíre sin iad cuid mhór de na paisinéirí a bhí ar bord.
Aigéan Indiach Indian Ocean
" Ba ghnách leis na gáinneálaithe na teifigh a fhágáil ar oileán éigin ar chósta thuaidh na tíre nó ar Oileán na Nollag, ar críoch de chuid na hAstráile é atá suite san Aigéan Indiach.
Aigéan Ciúin Pacific Ocean
" Tógadh na teifigh go háiteanna eile taobh amuigh de mhórthír na hAstráile le haghaidh “próiseála” – áiteanna mar Oileán na Nollag agus Nárú agus Manus san Aigéan Ciúin, cuir i gcás.
Réiteach an Aigéin Chiúin Pacific Solution
" De bharr gur tógadh formhór na dteifeach chuig oileáin san aigéan sin, tugadh “Réiteach an Aigéin Chiúin” ar an bpolasaí.
ag amharc amach trasna an Aigéin Atlantaigh looking over the Atlantic Ocean
" “Tá muid ar imeall an domhain!” a dúirt Anna Rudycheva, iníon léinn ón Rúis, agus í ina suí go sona sásta ar bharr Shliabh Liag, ag amharc amach trasna an Aigéin Atlantaigh.
Aigéan ocean
" De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.
oileáin an Aigéin Chiúin Pacifica islands
" Tá roghanna éagsúla ar fáil dúinn, ní hamháin san Astráil ach in oileáin an Aigéin Chiúin agus i dtíortha san Áise.
t-Aigéan Ciúin Pacific Ocean
" "Seo é an t-Aigéan Ciúin," ar seisean.
Aigéan Ciúin Pacific Ocean
" Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.
Ball Mór Bruscair an Aigéin Chiúin The Great Pacific Garbage Patch
" ” An Ball Mór Bruscair ======= Tugtar anois ‘Ball Mór Bruscair an Aigéin Chiúin’ *(Great Pacific Garbage Patch)* ar an limistéar seo, agus rinneadh cur síos air mar an ‘líonadh talún is mó ar domhan’.
Mórghuairneán an Aigéin Chiúin The Pacific Gyre
" Tarraingíonn guairneán mall mór, a dtugtar “Mórghuairneán an Aigéin Chiúin” *(The Pacific Gyre)* air, an plaisteach go léir san Aigéan Ciúin le chéile go dtí an áit seo.
Aigéin Chiúin Pacific
" Chuir an rialtas i bhfeidhm Réiteach an Aigéin Chiúin le dul i ngleic leis an ngéarchéim.
Aigéan Ciúin Pacific Ocean
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí muintir na mbád, mná agus páistí san áireamh, chuig “ionaid phróiseála” ar Nárú agus ar Manus, dhá oileán san Aigéan Ciúin.
an dá thaobh den Aigéan Atlantach both sides of the Atlantic
" Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
an Aigéin Chiúin the Pacific Ocean
" Tá an Astráil ag cur a ladair isteach i ngnóthaí tíortha eile de chuid an Aigéin Chiúin a bhfuil fadhbanna polaitiúla ag teacht chun cinn iontu.
Aigéan na hInde Indian Ocean
" Sin é is máthair leis an ‘bhfoghlú mara’ in Aigéan na hInde deir sé.