Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tArd-Aighne The Attorney General
" Trialacha rúnda ======= Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
an tArd-Aighne the Attorney-General
" Ach caithfear an cheist a chur na laethanta duairce faiteacha seo: céard a tharlódh in Éirinn dá dtarlódh tubaiste mhór ag Sellafield? Ceist í seo a chuir an tArd-Aighne, Ruairí Ó Brádaigh, nuair a sheas sé suas sa gcúirt idirnáisiúnta sa Háig an mhí seo caite.
Ard-Aighne Attorney General
" Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin.
Ard-Aighne na hIndinéise the Indonesian Attorney General
" An tAthmhachnamh Chomh luath is a daoradh na fir chun báis scríobh Alexander Downer, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, chuig Ard-Aighne na hIndinéise le cur in iúl dó, “that the Australian Government was opposed to the death penalty.
Ard-Aighne Attorney General
" Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions éirí as a phost.
Ard-Aighne Attorney General
" Chuir an rialtas náisiúnta é ar ais chuig a thír féin, áfach, mar gur mhaígh Ard-Aighne na hAstráile gur theip ar an dochtúir sa “*character test*”.
Ard-Aighne Attorney General
" An Pósadh mar a Bhíodh ============= Labhair Philip Ruddock, a bhí ina Ard-Aighne san iar-rialtas coimeádach, ar dtús in éadan an rúin, ag maíomh gurb é an pósadh traidisiúnta an t-aon chomhthéacs oiriúnach ina mbeirtear agus ina dtógtar páistí.
an tArd-Aighne the Attorney General
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
ina Ard-Aighne as attorney general
" Cé shamhlódh go mbeadh Caitliceach choíche ina Ard-Aighne ó thuaidh? Nó go mbeadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tuaiscirt ina Ghaeilgeoir Caitliceach - agus ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith! Tá aithne agam ar dhochtúir a dúirt liom nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann a mbíodh sé ag obair inti.
an Ard-Aighne of the Attorney General
" Sílim go mbaineann ceisteanna le ról Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus le ról an Ard-Aighne.
mura gcinneann Ard-Aighne na hAstráile if the Attorney General doesn’t decide
" Fágann an cinneadh seo nach bhfuil aon bhealach eile le hainmneacha an tSeisir a shaoradh mura gcinneann Ard-Aighne na hAstráile an cás a oscailt arís.
Ard-Aighne Thuaisceart Éireann NI Attorney General
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
Mhol an tArd-Aighne the Attorney General advised
" Tocht le hAitheasc ======== Mhol an tArd-Aighne san ACT, Simon Corbell, an bille sa tionól, ach ba ea an t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais, Andrew Barr, a tharraing aird an tslua agus na meán.
D’eisigh an tArd-Aighne the Attorney General issued
" D’eisigh an tArd-Aighne, an Seanadóir George Brandis, foclaíocht an leasaithe i mí an Mhárta agus thug sé ‘exposure draft’ air.