Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buthal aigneolaíochta psychological fulcrum
" Cruthaíonn an bheirt sin an buthal aigneolaíochta ar a gcasann scéal Audiard.
aigneolaíochta phsycological
" Tuigeadh do Freud gur fuascailt aigne agus díbirt púcaí aigneolaíochta ba fheidhm don ghreann, ach mar a dúirt Ken Dodd tráth, “*the trouble with Freud is that he never had to play the old Glasgow Empire on a Saturday night after Rangers and Celtic both lost*.
haigneolaíochta psychology
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
aigneolaíochta psychological
" Ar dhá chúis: cúiseanna airgid - an duine a théann ar stailc, caillfidh sé lá pá; agus cúiseanna aigneolaíochta - tá an tuairim ann nach dtacóidh an pobal leis an lucht stailce san fhadtéarma.
aigneolaíocht bhunúsach basic psychology
" Mar a dúirt an tráchtaire polaitíochta, Fionnuala O Connor, bheadh athrú in aigneolaíocht bhunúsach an stáit.
na tréithe aigneolaíochta céanna the same psychological features
" html>) a leagann síos gurb iad na tréithe aigneolaíochta céanna a chruthaíonn cluichirí dírithe is a chruthaíonn “*gym rats*” dírithe.
an t-athrú aigneolaíochta the psychological change
" “Ar na rudaí is spéisiúla tá an t-athrú aigneolaíochta a tháinig orthu sin nach raibh Gaeilge ar bith acu roimhe ach i ndiaidh iad an teanga a fhoghlaim, chreid siad gur daoine difriúla iad nuair a bhí siad ábalta a bheith ag smaoineamh agus ag brionglóidí i nGaeilge.
go háirithe i réimse na haigneolaíochta particularly in areas of psychology
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann the psychological and sociological roots of Ireland’s predicament
" Theastaigh uaidh fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann tar éis 1945 a bhéimniú freisin.
baol easláinte agus aigneolaíochta a great danger to health and psychological well being
" Dar leis an Dochtúir Ní Anluain, “caithfimid mar thír an chontúirt seo atá mar mhaidhm sa mhullach orainn a mhaolú mar tá baol easláinte agus aigneolaíochta ag baint leis.
feidhm as léargais aigneolaíochta use of psychological insights
" com/tracks/152917796&auto_play=false&hide_related=false&visual=false&show_artwork=false&show_user=false"></iframe> Bhain an saineolaí béaloideasa Gearóid Ó Crualaoich feidhm as léargais aigneolaíochta de chuid Jung chun cultúr béil na hÉireann a scagadh ina leabhar tábhachtach, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer* (Corcaigh, 2004).
saineolaí aigneolaíochta agus údar a psychology expert and author
" De réir Pamela Mayer, saineolaí aigneolaíochta agus údar ‘*Liespotting*’, cloistear idir 10 is 200 bréag in aghaidh an lae (féach sna naisc ar dheis í).
faoi eiticí ionramháil aigneolaíochta about the ethics of mind management
" Bhí sé ina raic faoi céard is ciall do “*informed consent*” agus faoi eiticí ionramháil aigneolaíochta i ngan fhios do na úsáideoirí.
a chíorann aigneolaíocht which discusses the psychology
" Chonaic John-Paul Mc Carthy lón machnaimh i leabhar le Louis de Paor a chíorann aigneolaíocht Mháirtín Uí Chadhain.