Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
táirgí ainmhithe animal products
" Faoi láthair, tá tréidlianna na Roinne Talmhaíochta san airdeall ar an ghalar ag an teorainn, ag aerfoirt agus ag calafoirt, agus tá cosc ar iompórtáil ainmhithe agus táirgí ainmhithe.
hainmhithe crúbacha hoofed animals
" Is iad na hainmhithe crúbacha atá tugtha don ghalar seo: eallach, caoirigh, muca, gabhair agus fiara.
gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú that the remaining animals should be killed
" Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
ainmhithe creiche predators
" "Cuireann a bprompaí mearbhall ar ainmhithe creiche," a mhínigh Corinne.
ainmhithe na mara the sea animals
" Bhí thart fá thríocha againn ar an bhád agus an cuspóir a bhí ann ná amharc ar éin agus ar ainmhithe na mara.
ainmhithe dúchasacha native animals
" Tá imní ar lucht comhshaoil mar go bhfuil scrios déanta ag an mbuaf ar ainmhithe dúchasacha atá ar thóir an bhia chéanna.
ainmhithe maorga stately animals
" Níor thuig mé sin ar chor ar bith; cé nach bhfuil suim agam féin i gcapaill, caithfidh mé a rá gur ainmhithe maorga iad agus thapaigh mé an deis le hiad a fheiceáil chomh minic is a thiocfadh liom agus mé ag obair ag Aintree.
ag éileamh cearta d’ainmhithe demanding rights for animals
" 5 míle an rás is faide sa tír, agus bhí lucht agóide taobh amuigh ag éileamh cearta d’ainmhithe.
ainmhithe dúchasacha native animals
" Tá sé d’aidhm acu ar a laghad 1% den Astráil a bheith acu faoi cheann 20 bliain le gnáthóg agus ainmhithe dúchasacha a chosaint.
do na hainmhithe, for the animals,
" Bhí trí sheomra sna tithe seo: ceann amháin do na hainmhithe, ceann eile ar sheomra suí é agus tine ina lár, agus ceann eile ar sheomra codlata é agus seomra speisialta do chuairteoirí.
na hainmhithe is coitianta anseo the most common animals here
" Is iad na hainmhithe is coitianta anseo ná an t-éalann (an t-antalóp is mó ar domhan), an ruán, an *reedbuck*, an *bushbuck* agus an séabra, ach feictear liopaird, hiéanaí agus eilifintí ó am go chéile freisin.
na hainmhithe fiáine. the wild animals.
" Is féidir le haon duine dul ag marcaíocht idir uair an chloig agus sé huaire an chloig, agus radharc ar leith a fháil ar an tírdhreach agus ar na hainmhithe fiáine.
na hainmhithe ollásacha seo these magnificent animals
" Is féidir suí ar an gceann tíre agus na hainmhithe ollásacha seo a fheiceáil amuigh san aigéan, agus cuireann comhlachtaí áitiúla turais bháid ar fáil chun iad a fheiceáil amuigh san uisce.
olann agus seithí ainmhithe wool and animal hides.
" Onnmhairíodh bunábhair mar olann agus seithí ainmhithe agus allmhairíodh éadach agus só-earraí.
cén cineál ainmhithe what kind of beast
" Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
mar ainmhithe móra such as big animals
" “Is é sin, ní shílim go mbeidh teacht ar bith ar bheathraí mar ainmhithe móra nó a leithéid.
Maidir le hainmhithe with regard to animals
" Maidir le hainmhithe agus plandaí, tá stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.
i seilg ainmhithe móra in hunting big animals
" Dála a chara Bernhard agus cheannairí eile CFD, tá dúil mhór ag Diúc Dhún Éideann i seilg ainmhithe móra – tíogair, eilifintí, agus araile; na hainmhithe sin uilig ba chóir dóibh a bheith ag caomhnú.
ainmhithe coimhthíocha introduced animals
" D’fhoilsigh Roinn Chomhshaoil na hAstráile tuarascáil eolaíoch dhá bhliain ó shin ar an dochar uafásach don chomhshaol atá déanta ag ainmhithe coimhthíocha atá scaoilte amach san éiceachóras ar Oileán Mhic Guaire.
ainmhithe fiáine wild animals
" Meallann an féarach úr méith ainmhithe fiáine as an bhfásach freisin agus tá camaill go leor le feiceáil sna grinnill agus cois locha i láthair na huaire.
hainmhithe animals
" Bronnadh céad heicteár de thalamh mhaith churaíochta ar na hiarshaighdiúirí gorma gar do Asunción agus mar aon leis an talamh fuarthas na hainmhithe is an trealamh is gá chun feirmeoireacht a dhéanamh.
ainmhithe animals
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
hainmhithe animals
" Seal crua do na hainmhithe é an geimhreadh.
n-ainmhithe animals
" Thóg siad eallach isteach agus rinne innilt na n-ainmhithe seo an-dochar do na foinsí traidisiúnta bia a raibh an mhuintir dhúchais logánta ag brath orthu, go háirithe nuair a thit triomach amach sa limistéar tirim seo.
ainmhithe contúirteacha dangerous animals
" Tá clú – nó b’fhéidir droch-chlú - ar an Astráil mar thír a bhfuil ainmhithe contúirteacha go leor inti.
ríocht na n-ainmhithe the animal kingdom
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
hainmhithe allta wild animals
" Mheallfadh an radharc tíre mórthaibhseach agus na hainmhithe allta duine ar bith mar ní duine mór safari mise ar chor ar bith.
Cailleadh a lán ainmhithe a lot of animals died
" Cailleadh a lán ainmhithe agus rinneadh dochar millteanach do bhonneagar na habhantraí.
ainmhithe animals
" Thugtaí aitheantas don bheatha nua i lusanna agus sna ainmhithe agus a braitheadh i ngach neach beo.
ainmhithe boga, cosantacha soft defensive animals
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
gairdín na n-ainmhithe the zoo
" **LNC: Conas agus cathain ar tosnaíodh an ISS agus an féidir leat an obair á dhéantar anseo a mhíniú dúinn?** S: Bhí bunaitheoir an ISS, Brendan Price, ag obair mar mhaor ag gairdín na n-ainmhithe fiche cúig bliain ó shin.
cúrsaí ainmhithe de regarding animals
" Bhí an-eolas aige cúrsaí ainmhithe de ach tháinig sé ar rón a bhí an-tinn lá amháin agus ní raibh áit sábháilte ar bith ar fáil don rón.
d’ainmhithe na mara for sea animals
" As an lá cinniúnach sin, cuireadh tús leis an *“Irish Seal Sanctuary”* i 1986 i ngairdín Bhreandáin mar thearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe.
mórán ainmhithe many animals
" Tá go leor cineálacha éin ar an oileán ach, ar nós gach oileáin bhig, níl mórán ainmhithe air.
mar ainmhithe, sáinnithe i gcaighean like animals caught in a cage
" “Bhí muid mar ainmhithe, sáinnithe i gcaighean” dúirt mo dheartháir John liom.
ainmhithe, damháin alla animals, spiders
" Ligeann an chéad cheann don imreoir leanúint leis an tógáil gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae nó ó ionsaitheoirí cosúil le ainmhithe, damháin alla nó *zombies*.
Fásra agus ainmhithe flora & fauna
" Fuarthas go dtí seo: 1) Fásra agus ainmhithe (flora & fauna); 2) déantáin bhreochloiche; 3) cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu; 4) 50 lorg coiscéimeanna daonna.
cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu animal bones with cut markings
" Fuarthas go dtí seo: 1) Fásra agus ainmhithe (flora & fauna); 2) déantáin bhreochloiche; 3) cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu; 4) 50 lorg coiscéimeanna daonna.
ainmhithe feirme farm animals
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
Fhóirithint ar Ainmhithe animal rescue
" Bíonn breis is deich míle madra ar díol ar líne gach aon lá in Éirinn, dar le staidreamh ó Chumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe (CBFA).
chomhdháil um leas ainmhithe conference on animal welfare
" Tá na rialacháin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile, ach go dtí seo níl ach 67 ionad pórucháin cláraithe leis na húdaráis, dar le staidreamh a thug Brian Gillen, Príomhfheidhmeannach an CBFA ag an gcéad chomhdháil um leas ainmhithe a d'eagraigh an Roinn Talmhaíochta i mí Bealtaine.
dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile like the other alien animals
" Ní hamhlaidh an scéal, áfach, i dtaca le hainmhí andúchasach amháin, capall fiáin na hard-dúiche, agus é ag déanamh dochair as cuimse don chomhshaol dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile.
chuaigh na hainmhithe i gcion go mór orthu they became really fond of the animals
" Thug na coilínigh ‘*brumby*’ ar an gcapall fiáin agus ar chúiseanna áirithe chuaigh na hainmhithe i gcion go mór orthu.
líon na n-ainmhithe the numbers of the animals
" Baintear feidhm as slite éagsúla le líon na n-ainmhithe sa tuaisceart a laghdú agus ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid.
hainmhithe animals
" Maidir le hainmhithe agus lusanna, bhí stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.
chúram ainmhithe husbandry, animal care
" ie/en/blascaod/) ná an t-eolas ar fad faoi conas a mhair muintir na mBlascaod in áit chomh garbh is eascairdiúil: na sonraí beaga faoi obair tí is iascaireachta, faoi chúram ainmhithe agus faoi thograí móra ar nós tógáil curaigh.
hainmhithe animals
" Bhí Laoise Ní Chléirigh ag faire amach d’ealta an aeir agus do na hainmhithe le linn na drochaimsire.
aos grá ealtaí is ainmhithe bird and animal lovers
" An bhfuil Seán Greif ag iarraidh aos grá ealtaí is ainmhithe a chur le craobhacha, óir bhronn sé cead coise agus eite ar a pheata coiligh le taobh Loch Malawi.