Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
airíonna aistarraingte withdrawl syntoms
" Gheobhadh Pobal Dílis Thuaisceart Bhéal Feirste bábóga gléasta in éide Scoil Cailíní Ard Eoin le go dtiocfadh leo seilí a chaitheamh leo i rith laethanta saoire na Nollag, ar eagla na n-airíonna aistarraingte agus an scoil druidte.
airí ministers
" Ag an am chéanna, tá baill den UUP ina suí ar an Choimisiún Dílseach, ar a bhfuil, dar le tráchtairí poblachtánacha, an lámh in uachtar ag an UDA/UFF, an dream a mharaigh Gerard Lawlor an mhí seo caite.
airí ministers
" Ach deir sé mura bhfaigheann sé é, go dtarraingeoidh sé a chuid airí amach as an Fheidhmenannas ó thuaidh.
na hairí mara the marine ministers
" Ach chuile bhliain socraíonn na hairí mara na cuotaí ag leibhéil atá i bhfad níos airde ná an méid a mholann na heolaithe.
na hairí talmhaíochta the agriculture ministers
" Nuair a rinne na hairí talmhaíochta an socrú nua, ag deireadh na míosa seo caite, bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil (agus iaraire sóisearach talmhaíochta) Ned O'Keeffe le cloisteáil ag tabhairt amach go glórach faoi ar an raidió.
i measc na n-airí among the ministers
" Tá céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
na hairí ar fad all the ministers
" Litreacha ======= Tá litreacha scríofa ag grúpa s'againne chuig na hairí ar fad atá bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach.
airí áirithe certain ministers
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
an t-athrú airí the cabinet reshuffle
" Nuair a rinne Bertie Ahern an t-athrú airí ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d'fhág an tAire Noel Dempsey carn amháin fadhbanna ina dhiaidh i réimse an oideachais chun glacadh le carn eile fadhbanna.
airí ministers
" Ach, ní chiallaíonn sé sin go n-airím go bhfuil sé de chead agam stop a chur le duine éicint eile.
airí rialtas government ministers
" Ó 2003 anall, mar shampla, táthar ag diúltú eolas a chur ar fáil faoi chinntí a dhéanann airí rialtas.
ceapachán na n-airí sóisearacha the appointment of the junior ministers
" Láimhsigh sé ceannairc inmheánach a chúlbhinseoirí go paiteanta ach ba go tuathalach a dhéileáil sé le ceapachán na n-airí sóisearacha.
airí gnóthaí eachtracha an Aigéin the foreign ministers of the Ocean
" Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal.
ar Chomhairle na n-Airí on the Council of Ministers
" Toghfar uachtarán, mar shampla, ar Chomhairle na n-Airí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (cé go mbeidh cead é/í a athcheapadh ar feadh tréimhse amháin eile).
na hairí the ministers
" Is é an dara céim ná go rachaidh na hairí a thuigeann tábhacht na Gaeilge – agus a thuigeann gur gá fógairt go cothrom – i bun gnímh.
ceathrar airí four ministers
" Anois, tá Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire agus tá ceathrar airí acu as an dáréag atá san Fheidhmeannas ó thuaidh.
ar chóir a bheith ag airí that ministers should have
" Is maith leis nach bhfuil mórán den bhréagchráifeacht ag baint léi, ná mórán den chur i gcéill, ná mórán den eolas sin ar chóir a bheith ag airí faoi chúrsaí na hEorpa.
na n-airí of the ministers
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
hairí is sinsearaí most senior ministers
" Bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil ag an am san Astráil agus mhaígh an príomhaire, John Howard, agus triúr de na hairí is sinsearaí ina chomhaireacht, go ndearna cuid de na paisinéirí bagairt go gcaithfidís a gcuid páistí i bhfarraige mura dtógfaí ar bord na loinge iad.
hairí ministers
" Cuireann sé déistin ar an phobal nár admhaigh na hairí rialtais, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht le fada, go raibh siadsan in ainm is a bheith ag stiúradh na tíre le deich mbliana anuas agus go ndeachaigh siad amú.
hairí ministers
" Balor: Ach an fíor nach bronntanais a bhí iontu ag an tús, ach gur iarr tú two goats for two Irish government ministers? Deirtear nár thuig fear na ngabhar gur ag iarraidh na hairí a mhalartú ar na gabhair a bhí tú.
scaifte airí a group of ministers
" Tá ócáidí ann fosta nuair is siosmaidí agus nuair is saoire i bhfad scaifte airí agus a gcuid comhairleoirí is státseirbhísigh a eitilt in aon árthach amháin.
airí an rialtais government ministers
" Fágann sé fosta go mbíonn cead a gcinn ag airí an rialtais sa Dáil, rud a chuireann bac mór ar Theachtaí Dála cuntas a iarraidh ar an rialtas.
n-airí ministers
" Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú.
airí na láimhe the manual symptoms
" Is mó a shuim siúd gur theip an focal ‘aibhléis’ uirthi ina cur síos ar airí na láimhe.
airí rialtais government ministers
" Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus teachtaí Dála agus seanadóirí… Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann.
le hairí éagsúla at various ministers
" Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine.
airí agus feisirí áirithe ministers and particular MPs
" Ní hamháin go raibh airí agus feisirí áirithe sa pharlaimint ina mball den chlub, ach bhí na státseirbhísí náisiúnta ba cheannasaí agus ba chumhachtaí ar a bhord rialacháin.
na hairí agus na státseirbhísí seo these ministers and civil servants
" "Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach is a bhí na hairí agus na státseirbhísí seo in éadan na Gaeilge," ar sé.
airí mná san aireacht women ministers in cabinet
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
a roghnaíonn na hairí rialtais who chooses the government ministers
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
hairí sóisearacha junior ministers
" Níos mó Ban in Aireacht na hAfghanastáine ================== Sa dara leibhéal den aireacht atá an dream ar a dtugtar an aireacht amuigh, nó outer ministry, ina bhfuil na hairí sóisearacha, agus tá an dáréag ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte ag an leibhéal is ísle.
Airí Rialtais government ministers
" In ainneoin na mbagairtí ó Airí Rialtais, lá i ndiaidh lae tríd na meáin cumarsáide nuair a bhí an vótáil ar bun, níor glacadh le socrú Pháirc an Chrócaigh II, rud a bhain creathadh as Breandan Howlin go háirithe.
Airí na Marfachta the killer ministers
" Airí na Marfachta ====== Cháin an tAire Iompair agus Poist agus Teilegraif, Jim Mitchell go láidir an moladh go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge roimh 1987.
bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu they’d cut the government ministers’ salaries
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
Ceapadh beirt airí sóisir úr two new junior ministers were appointed
" Ceapadh beirt airí sóisir úra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ceann le Gaeilge líofa agus ceann gan Ghaeilge líofa.
airí ministers
" Tá dúshlán mór roimh go leor de na hairí nua atá ceaptha ag Bertie Ahern, go háirithe do Mary Harney sa Roinn Sláinte.
le hairí Shinn Féin sa Tionól with Sinn Féin ministers in the Assembly
" Tá díomá ar go leor de phobal iarthar Bhéal Feirste le hairí Shinn Féin sa Tionól agus, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá fiú na cairde is dílse a bhí acu go dtí seo sásta an páirtí a cháineadh.