Pota Focal Intergaelic
ard | aid | air | aird- | airde | acrid
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éirí in airde airs
" Is minic a chloisfeá daoine a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad ag rá nár athraigh sí riamh, nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint léi in ainneoin go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici féin agus ag an ghrúpa.
aird attention
" Is minic a chloisfeá daoine a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad ag rá nár athraigh sí riamh, nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint léi in ainneoin go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici féin agus ag an ghrúpa.
a tharraing m'aird which drew my attention
" Clár faisnéise a chonaic mé ar an teilifís ag tús na bliana a tharraing m'aird ar Chúba ar dtús.
a n-aird a dhíriú focusing their attention
" ie/)) tar éis a n-aird a dhíriú ar Éirinn.
aird attention
" Ach ní nach ionadh, ba bheag aird a thugadh na daltaí scoile - an scór acu a bhí ann - ar Jeaic Sheáin Johnny ná ar a sheachrán sí má b'eol dóibh faoina leithéid.
a dhírigh aird which focused attention
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
aird attention
" "Ba mhaith liom aird daoine a tharraingt ar an áilleacht agus ar an tsamhlaíocht atá taobh thiar de na boinn seo," a dúirt Annette le *Beo!* le déanaí.
aird heed
" Bhí sé ina chogadh dearg sa cheantar agus bhí aird na tíre dírithe ar Bhoston ar feadh tamaill.
aird heed
" Níl aon aird acu ar na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na hÉireann le 20 bliain anuas.
aird ar leith special attention
" Tá rialtas na hÉireann ag tabhairt aird ar leith ar an ócáid le tamall anuas agus bíonn ionadaí polaitiúil acu ansin gach bliain.
le haird a tharraingt to focus attention on
" Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H.
aird attention
" Ba mhaith le Balor na Búidhe a bhuíochas a chur in iúl dá chairde uilig a sheol cártaí poist chuige agus iad féin ar a laethanta saoire sa bhaile agus thar lear i rith an tsamhraidh.
ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh paying attention to their demands
" Tá moladh tuillte ag Conradh na Gaeilge as ucht a bheith sásta leanúint ar aghaidh ag ardú na ceiste ar feadh na mblianta agus gan mórán ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh.
aird attention
" Tá príomhfhéile chultúrtha na Gaeilge faoi lán seoil sa Daingean an deireadh seachtaine seo agus is dóigh faoin am go mbeidh tusa á léamh seo go mbeidh an Rógaire Dubh é féin ina shuí cois cuntair, pionta fuar fada dubh ina dhorn aige agus é ag caint agus ag cabaireacht le cairde maithe.
ceithre troithe ar airde four feet in height
" Ós rud é go bhfuil Frongoch suite sa Pháirc Náisiúnta (agus mar gheall ar easpa airgid!), ní bheidh an leacht cuimhneacháin rómhór - cloch ceithre troithe ar airde a bheas i gceist agus na focail seo le feiceáil uirthi: "Bhí 1,800 Éireannach i ngéibheann anseo tar éis Éirí Amach na Cásca, Baile Átha Cliath 1916".
aird attention
" Tá an chontúirt ann go dtiocfadh leis an saothar a bheith mar cheiliúradh ar rudaí atá comónta ach éiríonn léi ár n-aird a dhíriú ar an áilleacht shimplí atá le feiceáil i gcruthanna agus i ndathanna atá thart timpeall orainn.
aird attention
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
aird focus, attention
" Is iondúil gur ar na cluichí móra peile agus iománaíochta idir-chontae a bhíonn aird an phobail agus na dtuairisceoirí dírithe.
aird attention
" " - *David Farrell, grianghrafadóir, Baile Átha Cliath* "An chúis go bhfuil an Turner Prize ann ná chun aird a tharraingt.
éirí in airde airs
" Is minic a chloisfeá daoine i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, ceantar dúchais an damhsóra Breandán de Gallaí, ag rá gur duine é nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint leis.
ar an luas ab airde at the highest speed
" Chuir sé na cuimilteoirí ar obair ar an luas ab airde, ach ní raibh maith dó ann.
aird attention
" Ach níl Sráid an Mhóta ag dréim go mbeidh na huimhreacha acu agus tá siad ag díriú a n-airde ar Quinn agus Lucht Oibre.
aird attention
" Tá dhá ghné de pholasaí an rialtais maidir le cúrsaí spóirt ag tarraingt aird an phobail i láthair na huaire agus tá an dá ábhar sin ag cur brú nach beag ar an gCumann Lúthchleas Gael ethos an chumainn a athrú ó bhonn.
ag siúl na gceithre hairde travelling all over the world
" Bhí a dheartháir ag siúl na gceithre hairde agus bhí seisean ina shuí ar a thóin sa bhaile.
airde attention
" Tá 34 dán scríofa aici ar na múracha le cúpla bliain anuas agus tá díomá uirthi nach bhfuil an oiread sin airde tugtha ag muintir na Gaeilge orthu.
ó na ceithre hairde from every part of the country
" Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall go "Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair" achan samhradh le freastal ar chúrsaí Choláistí Cholm Cille agus an Phiarsaigh.
d'aird a choimeád i gceart to focus properly
" Bíonn sé níos éasca d'aird a choimeád i gceart ar an gcomhlacht nuair nach bhfuil tú fós san ollscoil, áit a bhfuil do chairde ar fad fós.
airde attention
" Cúpla bliain ó shin bhí siad ag gearán faoin rialtas náisiúnta agus a laghad airde is a thug siad ar dheacrachtaí faoin tuath.
aird height, hillock
" Ach mar sin, tá Caisleán na mBrianach go buacach le feiceáil ar bharr an aird go dtí an lá atá inniu ann.
aird attention
" Is iad na hócáidí móra, i bPáirc an Chrócaigh, Stáid Semple, agus araile, a tharraingíonn an phoiblíocht agus aird na meán cumarsáide náisiúnta, ach gan obair agus díograis na gcumann ar fud na tíre, ní bheadh na himreoirí agus, dá bhrí sin, na hócáidí móra sin ann.
airde attention
" Tugaim faoi ndeara nach bhfuil éinne ag tabhairt mórán airde orthu.
an caighdeán is airde the highest standard
" Is duine é Mac Coille a chaitheann an-dua lena chuid oibre, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach.
aird attention
" Is duine é Mac Coille a chaitheann an-dua lena chuid oibre, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach.
airde attention
" Beidh níos mó airde á tabhairt ag pobal na Sé Chontae ar imeachtaí ó dheas.
easpa airde lack of attention
" Léirigh sí a míshástacht faoin easpa airde a thugtar ar cheoltóirí mar ealaíontóirí.
airde attention
" D'fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.
airde attention
" Bhí "An Taobh Tuathail" mar bhuaicphointe na seachtaine ag léirmheastóir de chuid an *Sunday Times* ag deireadh mhí Iúil agus fuair sé moladh ard san *Irish Examiner* an tseachtain roimhe sin, ach ag tarraingt airde ar an cheol amháin a bhí an dá phíosa sin.
aird heed
" " D'fhás cairdeas láidir idir é féin agus fear a casadh air in Katmandu, Prem, agus chabhraigh sé leis an fhear óg seo bean a roghnú, fiú amháin.
táirgiúlacht níos airde higher productivity
" Mar sin féin, tá an moladh atá déanta ag Méara Bloomberg faoi arduithe a bheith ceangailte le táirgiúlacht níos airde ag cur isteach go mór ar Lynch.
imlínte comh-airde contour lines
" Déanann siad ábhair éagsúla sa seomra rang, mar shampla uainiú, ag siúl le coiscéim thomhaiste agus imlínte comh-airde.
aird attention
" Ach bhí m'aird dírithe ar an spioradáltacht agus ar oilithreacht freisin.
aird tarraingthe ar attention drawn to
" Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail "puttan-tour", léarscáil den chathair orthu, aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
aird attention
" Tarraingíonn Don Mullan aird ar an gcaoi ar scoireadh de Róiste go gairid roimh an gcás cúirte agus ar an tslí nár bhac na Gardaí le haon cheann de na paisinéirí, de Róiste féin ina measc, a cheistiú.
airde attention
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
éirí in airde airs
" Ach ní raibh éirí in airde ar bith ann ina dhiaidh sin uilig.
aird attention
" Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach.
aird na ndlíodóirí the attention of the lawyers
" Ach is ar an dara tuarascáil - an ceann eacnamaíoch - is mó a bhfuil aird na ndlíodóirí dírithe.
ar chos in airde running at a gallop
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air because I didn't want to draw the attention of the English tabloids to him
" Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air.
aird na bhfógróirí the attention of the advertisers
" Tá rialachán Eorpach dar teideal "Teilifís Gan Teorainn" le leasú uaidh seo go 2004 agus is ar an réiteach don leasú seo is mó a bhfuil aird na bhfógróirí dírithe.
curtha in airde erected
" Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.
airde attention
" " Agus de réir mar atá ag éirí leis an gclár cur lena lucht féachana, tá níos mó airde á tarraingt chomh maith ar Hector féin.
aird attention
" (Ina dhiaidh sin, d'admhaigh siad go raibh an aird ar fad a bhíothas ag tabhairt orthu ag cur as dóibh, agus bhí cuid acu an-searbhasach mar gheall ar an dóigh a cuireadh cuid dá gcomhghleacaithe i láthair i scannán teilifíse a rinneadh faoin eachtra.
aird attention
" Mar sin féin bhí muintir an pharóiste fial fáilteach i gcónaí agus tá iarrachtaí á ndéanamh ag Comharchumann Dhún Chaoin aird lucht na dtithe saoire a dhíriú ar thábhacht ár dteanga dhúchais agus gach a mbaineann léi.
sé huaire níos airde six times higher
" Faoi dheireadh na míosa seo, beidh spíce caol ard, a bheas sé huaire níos airde ná Ardoifig an Phoist, ag síneadh i dtreo na spéire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
aird attention
" Faoi dheireadh na míosa seo, beidh spíce caol ard, a bheas sé huaire níos airde ná Ardoifig an Phoist, ag síneadh i dtreo na spéire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
aird attention
" Ach chuile bhliain socraíonn na hairí mara na cuotaí ag leibhéil atá i bhfad níos airde ná an méid a mholann na heolaithe.
aird attention
" Ach le ráiteas an Uasail Shaw i m'aigne, níl sé i gceist agam, agus mé ag breathnú siar ar nuacht na bliana, aon aird a thabhairt ar an scliúchas idir Roy Keane agus Mick McCarthy; ina ionad, féachfaidh mé ar na fíorscannail a nochtadh in 2002.
B'fhéidir go dtarraingeoidh sé aird orainn Maybe he'll draw attention to us
" B'fhéidir go dtarraingeoidh sé aird orainn.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe they couldn't agree on which way the wind was blowing
" An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
an iomarca airde too much attention
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
aird attention
" Is cuma céard é do mheas ar an Taoiseach, tugtar aird ar an méid a deir sé.
ár n-aird our attention
" Díríonn muid ár n-aird ar rudaí eile.
aird heed
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
aird attention
" Cé nach bhfuil an tSraith Náisiúnta ach díreach i ndiaidh tosú, is ar na comórtais chraoibhe is mó a bheidh aird daoine dírithe, go mórmhór ó Lá Fhéile Pádraig amach.
aird attention
" Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.
aird attention
" Cé go bhfuil Sky i gcoinne iarrachtaí iad a thabhairt faoi bhráid rialacha na hÉireann, b'fhéidir gur gá don rialtas anseo aird níos mó a thabhairt ar na seirbhísí atá á soláthar acu.
aird attention
" Tháinig sé chun solais go raibh suas le 700 duine i nGaoth Dobhair agus sna paróistí máguaird tar éis litir a fháil.
aird heed
" Chuir sé iontas ar mhórán de mhuintir na Spáinne agus ar dhaoine ar fud an domhain cé chomh láidir is a bhí Jose María Aznar, Príomh-Aire na Spáinne, ar son an chogaidh san Iaráic agus cé chomh cairdiúil is a bhí sé le George Bush agus le Tony Blair.
a n-aird their attention
" Ach is ar thuarascáil an choimisiúin faoi HIH a dhírigh cuid mhaith de na meáin chumarsáide anseo a n-aird le píosa.
Dhírigh sé m'aird ar he drew my attention to
" Dhírigh sé m'aird ar phíosaí adhmaid ar cheapach.
airde height
" "Ní hionann na crainn ó thaobh airde de, agus fásann súnna fiáine talún fúthu.
aird heed
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
cén aird a raibh an ghaoth ann which direction the wind was in
" Bhí sé ag tiontú a chinn soir agus siar mar a bheadh sé ag meas cén aird a raibh an ghaoth ann.
aird heed
" Nuair a chuir oifigigh chléireachais sa Roinn Talmhaíochta tús le haighneas tionsclaíoch ar an 18 Márta ba bheag aird a tugadh orthu ar dtús.
éirí in airde airs
" Agus mé ag éisteacht leis ag caint faoina shaol oibre, rith sé liom gur duine é atá an-fhéinmhuiníneach ach níl éirí in airde ná sotal dá laghad ag baint leis.
a n-aird their attention
" Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích ag an RPA, beidh siad ag díriú a n-aird ansin ar sheirbhís a fhorbairt idir lár na cathrach agus an t-aerfort.
aird attention
" Tá ceisteanna eile ag an gCeathrú Rua le díriú orthu agus is dócha gurb í cheist is mó a tharraing aird ar an mbaile le tamall ná ceist na tithíochta agus stádas na Gaeilge i gcúrsaí pleanála.
ar airde ceolchoirme in concert pitch
" Tá trí cinn agam faoi láthair - ceann ar airde ceolchoirme, ceann eile in E-maol agus an tríú ceann i B-maol.
aird attention
" Sa deireadh thiar thall, tá an chuma ar an scéal go bhfuil aird á tabhairt ar an fhadhb.
aird na meán cumarsáide the media's attention
" "An mbeidh Bolton Wanderers sa Premiership an séasúr seo chugainn?" - b'in an phríomhchúis go raibh aird na meán cumarsáide dírithe ar an bhaile seo i Lanchashire, go dtí an lá deireanach de mhí an Aibreáin nuair a scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair go moch ar maidin.
a haird ar fad all her attention
" Bhí uair an chloig curtha ar leataobh aici le labhairt liom, agus ón am a shroich mé an oifig dhírigh sí a haird ar fad ar an agallamh.
Tharraing sé m'aird ar he drew my attention to
" Tharraing sé m'aird ar rud dorcha a bhí crochta ó cheann de na crainn.
aird attention
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
bhí an coirice in airde aige his hackles were up
" " Bhí a fhios ag Máire gurbh fhearr neamhiontas a dhéanamh dó anois nuair a bhí an coirice in airde aige agus thosaigh sise a chóiriú an tseomra le cuma níos teolaí a chur air.
aird attention
" " Go hiontach - ní chaithfeadh mo chairde dul isteach i gclár na mionn agus bheadh an-chraic againn ag am lóin.
airde height
" Cuireann na custaiméirí sonraí maidir le hairde agus meáchan ar fáil - ceist eile cad é chomh cruinn is a bhíonn na sonraí seo - agus nuair a "cheadaíonn" dochtúir atá bainteach leis an suíomh an t-ordú, seoltar amach na drugaí de ghnáth an lá dár gcionn.
a tharraing m'aird ar who drew my attention to
" B'fhéidir gurb í mo bhean chéile a tharraing m'aird ar an dóigh a raibh ainm nua, Firefighter John P.
ar mhaithe le haird a tharraingt air for the sake of drawing attention to it
" Is teampall deas é a tógadh in 1829, ach tá sé coitianta go leor ó thaobh na hailtireachta de agus ní fiú radharc na réaltaí a scrios ar mhaithe le haird a tharraingt air san oíche.
aird attention
" Ach ar cheart bunreacht a thabhairt ar an doiciméad deiridh? An féidir le bunreacht a bheith ann gan stát? Is féidir má thuigtear nach mór - fad a bhaineann leis an Eoraip - aird a choimeád ar phearasantacht dhúbailte na hEorpa.
m'aird my attention
" An rud a tharraing m'aird an chéad uair ar an nGaeilge ná eachtra a tharla nuair a bhí mé ag staidéar san ollscoil.
aird daoine a tharraingt to draw people's attention
" Bíonn fógróirí i gcónaí ag iarraidh aird daoine a tharraingt - agus go minic cuireann sé sin bac ar an úsáid a bhí á baint as suíomh gréasáin.
aird attention
" I measc na n-imreoirí a tharraing aird orthu féin, bhí Diarmuid Ó Súilleabháin, Joe Ó Déin, Ollie Ó Cainín, Breandán Ó Cuimín, Labhrás Ó Murchú, Conal Ó Cianaigh, Stiofán Ó hAidhne, Máirtín Mac Cumascaigh, J.
ar an gcaighdeán is airde at the highest standard
" Sin é é mar sin - neart airgid le caitheamh ar an infrastructúr in oirthear na hEorpa, suimeanna eile ar fáil chun córas taistil an mhaorlathais sa mBruiséil a choinneáil ar an gcaighdeán is airde, ach gan pingin a bheith ar fáil chun feabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
muna bhfuil aird á tabhairt if attention is being paid to
" Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track? Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár.
in airde orthu up on them
" Isteach leis sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar ocht míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé dhá thábla nach raibh leathamadáin inteacht in airde orthu, ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir.
aird na meán the media's attention
" Cé gur ar an raic faoi tháillí bruscair i mBaile Átha Cliath is mó a bhí aird na meán le tamall anuas, tá an scéal seacht n-uaire níos measa taobh amuigh den chathair sin ná mar a thuigeann daoine go fóill.
aird attention
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
chun ár n-aird a tharraingt to attract our attention
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
aird attention
" Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.