Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a aisíoc to repay
" Is minic nach dtugtar luach a gcuid airgid dóibh agus a ndiúltaítear táille a aisíoc leo nuair a chuireann siad in iúl nach bhfuil siad sásta le caighdeán cúrsa.
aisíoc cánach tax refund
" Bímid an-díomách nuair a theipeann ar ár lúthchleasaithe ag na cluichí Oilimpeacha, ach céard atá á ofráil ag an rialtas seachas staid mhór náisiúnta a bheadh in úsáid anois is arís i rith na bliana agus aisíoc cánach a bhronnadh ar *elite* gairmiúil? Is maith linn sa tír seo a mhaíomh go bhfuil an-dúil agus spéis againn i gcúrsaí spóirt agus creidimse go bhfuil.
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc to repay the interest on the new owners' loans
" Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc.
morgáiste mór millteach a aisíoc to repay a huge mortgage
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
aisíocann an Roinn Comhshaoil the Department of the Environment pays back
" Tar éis an tsaoil, aisíocann an Roinn Comhshaoil €250,000 le haon duine a n-éiríonn leis 12% nó níos mó de vóta an phobail d'fháil.
gur aisíocadh an t-airgead sin ar ais leo that they were repaid that money
" Anuraidh, gearradh barraíocht ar chustaiméirí áirithe as táillí fóin agus chinntigh an coimisiún gur aisíocadh an t-airgead sin ar ais leo.
ag aisíoc na tuaithe repaying the countryside
" D'fhéadfaí a rá mar sin nach bhfuil sa rud atá ag tarlú anois ach an chathair ag aisíoc na tuaithe.
a aisíoc to repay
" Ní fios, fiú anois, cé mhéad a chaithfidh an Stát a aisíoc le teaghlaigh na ndaoine seo ar caitheadh go héagórach leo.
gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh without taking into consideration your ability to repay
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
ag aisíoc na fáilte repaying the welcome
" Má dhéanann muid amhlaidh, ní bheidh muid ach ag aisíoc na fáilte a cuireadh romhainn féin nuair a bhí muid i bhfad as baile, dearóil go minic agus gan dóchas.
aisíoc a lorg ar to seek a refund
" Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.
n-aisíocfadh would repay
" Tá an banc ag iarraidh go n-aisíocfadh Drumm an t-airgead a fuair sé ar iasacht.
aisíoc re-imburse
" An chéad rud ar bhain sé sult ar leith as ná flaithiúlacht neamhghnách Sheosaimh Mhic Shlua Muirí, eagarthóir Beo Ar Éigean!, a gheall dó go ndéanfadh sé a chuid costas a aisíoc.
aisíoc repay
" Mar chuid den socrú, ní mór do na bainc an t-airgead atá ar iasacht acu ón BCE a aisíoc thar thréimhse.
aisíoc to pay back
" Faoin bhliain 2014 beidh ar rialtas na hÉireann €uro amháin as gach cúig a bhaileofar mar cháin a aisíoc ar na fiacha.
aisíoc to repay
" An Bhróg ag Teannadh ============ Mhaígh iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív sa Dáil ar an 14 Meán Fómhair go raibh dliteanas de tuairim is €100,000 ar MFG mar aon le hordú Ard-Chúirte go gcaithfí suim suntasach a aisíoc le hiarfhostaí dá gcuid.
gan sciar mhaith de bheith aisíoctha without paying back a large amount of the repayments
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
aisíoc ar repayment for
" Beidh orthu an farasbarr a thabhairt don bhanc mar a bheadh aisíoc ar an mhorgáiste.
gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt that he had to pay back
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
ag iarraidh í a aisíoc trying to repay it
" Déarfaidís i gcónaí go bhfuair siad an iasacht agus go bhfuil siad ag iarraidh í a aisíoc,” a deir sí.