Pota Focal Intergaelic
ais | aisc | is- | áis | áise
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar ais exposed
" Titeann do chroí agus fáisceann tú do chóta thart ort féin ag dúil nach dtabharfaidh sí faoi deara go bhfuil fáinne i d'imleacán agus do bholg ar ais nó tá bean de chuid na comharsan istigh agus tá a fhios agat go maith nach ligfear chun siúil tú go mbainfear cuid den ghus asat.
ar ais exposed
" Titeann do chroí agus fáisceann tú do chóta thart ort féin ag dúil nach dtabharfaidh sí faoi deara go bhfuil fáinne i d'imleacán agus do bholg ar ais nó tá bean de chuid na comharsan istigh agus tá a fhios agat go maith nach ligfear chun siúil tú go mbainfear cuid den ghus asat.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
le hais compared to
" San Astráil a rugadh 73% den daonra, le hais 75% i 1996.
le hais mar a bhídís compared to how they used to be
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
ag pilleadh ar ais ar a ndúchas returning to their roots
" Buíochas le Dia, tháinig biseach ar chúrsaí ó shin agus anois tá méadú de 50% sa daonra de bharr cuid de mhuintir an oileáin a bheith ag pilleadh ar ais ar a ndúchas.
go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo that they could rejoin limbs to live bodies
" Cinnte, bhí sé de cháil ar dhochtúirí go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo ach bhí an chos seo róbhrúite briste casta.
le hais compared to
" Sábhálfaidh an túr 700,000 tona de gháis cheaptha teasa in aghaidh na bliana le hais stáisiún guail.
ar ais nó ar éigean one way or another
" Cé go bhfuil sí ag fanacht le scéala ón chomhlacht árachais go fóill, tá sí ar bís faoin obráid agus tá rún daingean aici dul faoin scian, ar ais nó ar éigean.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais turning phrases back to front
" Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
coilíneacht droim ar ais' reverse colonialism
" "Thug Muiris Ó Laoire (teangeolaí as Ciarraí) ainm iontach suimiúil air: 'coilíneacht droim ar ais'.
le hais mar a bhíodh compared to how they used to be
" Feictear dom féin go bhfuil lucht rugbaí, cuir i gcás, tar éis éirí an-mhór ar fad agus téagartha le hais mar a bhíodh.
do mo thamhladh ar ais catapulting me back
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
le hais beside
" Bhí cnocán clochach le hais an locha a raibh ál coiníní dubha ann.
dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda if they decided to start fighting again
" Níl aon dabht ach go mbeadh an-chuid le cailliúint ag poblachtánaigh dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda.
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige that I would totally refuse to go back to
" D'oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
le hais mar atá siad anois compared to how they are now
" "Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois.
théinn ar ais I used to go back
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
rinne siad ar ais ar an oifig they headed back to the office
" "Nach sin mar atá muid uilig," arsa Risteard, agus rinne siad ar ais ar an oifig le tráthnóna oibre a dhéanamh.
Rinne sé ar ais ar Eilís. He headed back towrds Eilís.
" Rinne sé ar ais ar Eilís.
gur aisíocadh an t-airgead sin ar ais leo that they were repaid that money
" Anuraidh, gearradh barraíocht ar chustaiméirí áirithe as táillí fóin agus chinntigh an coimisiún gur aisíocadh an t-airgead sin ar ais leo.
Dom mo chuid airgid ar ais. Give me my money back.
" ráflarumour beirttwo (biscuits go callánachnoisily seanbhitseachold bitch an chailleach sinthat hag orlach féiran inch of grass Dom mo chuid airgid ar ais.
thar teorainn ar ais back over the border
" MÁNAS: Peaca a bheadh ann iad a chur ó dhoras, iad a chur thar teorainn ar ais.
a theacht ar ais chucusan to come back to them
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
Bhí a raibh aici ar ais. Everything she had was laid bare / to be seen.
" Bhí a raibh aici ar ais.
théimis ar ais we used to go back
" Níor labhair duine ar bith sa bhaile í agus díreach tar éis imeacht ón scoil gach lá théimis ar ais go dtí an Béarla.
le hais compared with
" 4% den daonra ach bhí méadú 40% tagtha ar an uimhir sin ó 1996 le hais méadú 5.
nuair a théinn ar ais when I used to go back
" Sular tháinig mé go dtí an Nua-Shéalainn, bhí neart failleanna agam cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh, ach ó tháinig mé anseo ba bheag seans a bhí agam sin a dhéanamh, ach amháin nuair a théinn ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire.
shleamhnaigh sé ar ais he slipped back
" Ach chomh héasca céanna shleamhnaigh sé ar ais chuig an bhfonn agus thángamar isteach leis mar a bhí beartaithe againn, le críoch a chur leis an bpíosa.
costas an turais fholaimh ar ais the cost of the empty journey back
" Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha.
le hais mar a bhíodh sé compared to how it used to be
" Tá áthas orm go bhfuil deiseanna foghlamtha agus acmhainní foghlamtha i bhfad i bhfad níos fearr ar fáil na laethanta seo le hais mar a bhíodh sé nuair thosaigh mé féin amach.
chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta to attract readers back regularly
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
le hais na feadóige compared to the whistle
" Tá réimse níos leithne nótaí le fáil ar an veidhlín freisin le hais na feadóige, rud a d’fhágfadh go mbeadh duine in ann port ar bith faoin spéir a chasadh uirthi.
chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta to attract readers back regularly
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
sular chasadar ar ais ó dheas before they returned back south
" Mar sin, ar feadh dhá mhí lean a arm ar aghaidh ó thuaidh, ag teacht i gcóngar cúpla míle do Harrisburg féin sular chasadar ar ais ó dheas.
brúdh ar ais iad they were pushed back
" Thógadar an cnoc a bhí mar sprioc acu, ach gan saighdiúirí chun é a choimeád, chailleadar arís láithreach é, agus brúdh ar ais iad.
sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua the slide back into the tune without the crowd noticing
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
le hais compared with
" Ní raibh sa tír ach 9 milliún duine (le hais 20 milliún anois) agus bhí sé d’aidhm ag an rialtas é sin a mhéadú go mór.
a mbeidís ar ais i gcumhacht that they would be back in power
" Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d'eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht.
le hais beside
" Tar éis cluichí sacair Chorn an Domhain, an rugbaí roimhe, agus le hais cuid de na cluichí sa pheil Ghaelach, is breá an rud é cluiche iomána a fheiceáil.
ar ais ar a sheanléim back to the way he used to be
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin compared to how it was ten years ago
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán that they would return with a total majority
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
dár mealladh ar ais abhaile. enticing us back home.
" Titeann báisteach – an aimsir dár mealladh ar ais abhaile.
ag cur an iolair mhara ar ais putting back the white-tailed eagle
" Bhí sé go hiontach an fásra agus ainmhithe na nAlp a fheiceáil, an marmat mar shampla, agus bhí áthas orm a chloisteáil le gairid go mbeadh Páirc Náisiúnta Chill Airne ag cur an iolair mhara ar ais sa cheantar sin roimh i bhfad.
a íoc ar ais to pay back
" Tá daoine eile ag rá nár chóir deontais a thabhairt ach iasachtaí agus gur chóir go mbeadh ar na feilméaraí an t-airgead a íoc ar ais nuair a thiocfaidh an bháisteach.
do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide being pulled back towards the street
" Bhí na sluaite ag doirteadh amach agus an líon céanna daoine ag iarraidh brú isteach ag an am céanna, rud a d'fhág gur dheacair uaireanta bheith cinnte an ag baint na ngeataí amach nó do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide a bhí tú.
dul thar n-ais to go back
" Bhíos féin ansin cúpla uair ag damhsa agus theastaigh uaim dul thar n-ais le grúpa ceoil.
ar ais ar a bonnaí back on its feet
" Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir.
sular bhog sé ar ais before he moved back
" Dúirt sé féin go ndeachaigh sé go Páras le bheith páirteach in agóid na mac léinn sna seascaidí agus ansin gur chaith sé am in Ollscoil Kiel sa Ghearmáin ag déanamh staidéir ar an fhisic sular bhog sé ar ais chun na Breataine le post a ghlacadh in Ollscoil Sussex.
ar ais, back,
" Ansin, nuair a tháinig mé ar ais, ba mhian le Margot Harkin dráma a bheadh suite i nDoire a dhéanamh.
ar ais liom chuig an nead. back with me to the nest
" AÓF: Agus tú ag seinm, céard é an rud is mian leat a bhaint amach? TC: Na fuaimeanna atá i m’intinn! Tá mé mar a bheadh snag breac ann, ag tabhairt rudaí beaga ó dhaoine eile ar ais liom chuig an nead.
a thagann ar ais chun cuimhne dóibh but which comes back to memory
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
a thabhairt ar ais. to reintroduce
" Chuir sé isteach ar Pholannaigh gur cháin a gceannairí polaitiúla an homaighnéasacht breis is uair amháin agus gur mhol a n-uachtarán go mba chóir pionós an bháis a thabhairt ar ais.
ar ais i gcumhacht, back in power
" Dá bharr sin, tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Labor Party) ar ais i gcumhacht, agus tá Kevin Rudd ag feidhmiú mar an séú príomh-aire is fiche sa tír.
ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: lamenting the days that won't come back
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
ar ais i mbun pinn arís. back writing again
" ”Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
bhí sé ar ais ar a sheanléim he was back to himself
" Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, bringing the language back into my life
" “Tá Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus tá leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.
caol díreach ar ais straight back
" Seoladh na teachtaireachtaí uilig a bhailigh Mars Express caol díreach ar ais chuig GSA agus chuir saineolaithe de chuid na heagraíochta sin an t-eolas ar aghaidh chuig NASA.
ar ais chun a dtíre dúchais back to their native countries
" Ní ba dhéanaí, tugadh cead do chuid acu cur fúthu san Astráil, ach cuireadh na daoine eile ar ais chun a dtíre dúchais.
le hais na suime in comparison with the amount
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur gearradh siar suntasach a bheas sa mhaoiniú seo le hais na suime atá á caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge faoi láthair.
a mheallann ar ais an t-oilithreach which entices back the pilgramme
" Tá rud éigin tarraingteach faoin gcineál seo saoire a mheallann ar ais an t-oilithreach bliain i ndiaidh bliana.
chasadh ar ais to play back
" ?! Caidé an cineál paradacsa sin? Corruair bheadh dúil agam Dictaphone a bheith agam agus an cineál seo ráitis a chasadh ar ais do na daoine a deir a leithéid.
droim ar ais vice versa
" Ach ansin, droim ar ais, buailfidh taom díoma thú go mbeidh ort aghaidh a thabhairt amach arís ar turas éigin eile.
le hais tubaiste an teaghlaigh as against the family tragedy
" nó nach bhfuil? An t-oibrí ar thug taobh an trinse uaidh sa mhullach air, an tiománaí bus a maraíodh faoi bhealach, an t-oibrí sa stáisiún cumhachta a maraíodh le linn oibre is a mhúch tithe dhá chontae thart air; – chuala mé siopadóirí ag casaoid ar an ‘terrible blackout is a disgrace’ gan chuimhne go mb’fhéidir gur chaill clann a n-athair ná bean a fear céile – níor thuigeadar comh-mheá tábhacht na míre nuachta dá saol féin ‘sa terrible blackout’, le hais tubaiste an teaghlaigh eile.
ar ais ar a seanléim in recovery
" Ní fios go fóill cé acu an éireoidh nó nach n-éireoidh le Barack Obama an tír a chur ar ais ar a seanléim, ach is cinnte gur ábhar maith ceannaireachta atá ann.
le hais as against
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
ar ais nó ar éigean by hook or by crook
" Is fearr gníomh ná caint is cár Rud eile atá foghlamtha agam anseo is ea gur cheart an tsoiniciúlacht a sheachaint ar ais nó ar éigean, go háirithe nuair a bhaineann sé leis an pholaitíocht.
Le hais na peile as against football (gaelic)
" Le hais na peile, tá éirim agus ealaín ag baint leis an sacar, mar atá leis an iomáint.
ní droim ar ais é not the other way around
" Is as muintir na háite iad féin a thiocfaidh an fhorbairt agus ní droim ar ais é, is é sin, ní as an bhforbairt a thiocfaidh muintir na háite chun cinn.
le hais na coda eile as against the other part
" An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht? Táim an-dóchasach.
ar ais ar a sheanléim as he always was
" LÉIRMHEAS NA MÍOSA - ‘*LOOKING FOR ERIC*’ CEANNLÍNETá Loach ar ais ar a sheanléim arís le ‘*Looking for Eric*’.
Ais axis
" Bush do “Ais an Oilc” don chéad uair.
Cumhachtaí na hAise the Axis Powers
" Bush gur bhain sé feidhm as an bhfocal “ais” mar cheap sé go raibh go leor cosúlachtaí idir Cumhachtaí na hAise -- an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin -- sa Dara Cogadh Domhanda agus “sceimhlitheoirí” an lae inniu, an Iaráin agus Hezbollah ina measc.
ar ais back, returned
" An chéad cheist a chaithfidh mé a chur ort a Bhláthnaid, mar is tábhachtach an cheist í, ní bheifeá ar ais ag obair ach go bhfuil tú bisithe go maith in do shláinte, bail ó Dhia ort, nach bhfuil? BNC: Táim, táim, is cinnte go bhfuil mé i bhfad níos sláintiúla ná mar a bhí.
le hais comparative to
" Airím, le hais an chaoi ar airigh mé, airím i bhfad níos fearr, fiú, i mo chloigeann agus gach rud, go deimhin.
dul thar n-ais to return
" Tá sé go deas a bheith i gcúl do chinn agat go bhfuil saghas rogha agat dul thar n-ais go Ciarraí.
ar ais back
" Tá roinnt siopaí rothair timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís.
sheinnt ar ais to playback
" Ceann de na gnéithe is spéisiúla faoi Wave, dar liom, ná an ghné a ligeann duit gach pointe eagarthóireachta a sheinnt ar ais (“Playback”).
le hais as against
" * Go bhfuil 42% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna gairmiúla, bainistíochta, nó teicniúla, le hais 27% dóibh siúd gan Ghaeilge * Nach bhfuil ach 12% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna neamhoilte, nó breacoilte, le hais 20% den phobal gan Ghaeilge Sin iad na fíricí loma don té a ghlacadh, gan cheist, leis na sainmhínithe a úsáideann na húdair.
Le hais compared to
" Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Tá muintir Dháil Éireann an-tugtha don spraoi,Ach is bacaigh iad uilig ’n diaidh dhá oíche nó tríLe hais Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.
Ais an Oilc axis of evil
" Ais an Oilc Ina aitheasc ‘Staid an Aontais’ i 2002, luaigh George W.
le hais as against, unlike
" Ach ar a laghad, bhí siad ar son PR ‘ i bprionsabal’ le hais na gCoimeádach, atá glan ina aghaidh.
le hais as against
" Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.
Le hais as distinct from
" Le hais na n-ainmhithe eile, bíonn óige an-fhada ag an duine, rud a chuireann ar ár gcumas seal fada a chaitheamh ag déanamh na dtástálacha seo agus ag cur eolas maith ar an domhain.
bhrú ar ais push back
" Is é ár mian, na haintoiscigh a bhrú ar ais.
le hais as against
" Focal nuachumtha i bPortaingéilis é ‘presidenta’ agus ‘uachtarán baineann’ an bhrí atá le baint as, le hais ‘presidente’, a chiallaíonn, go simplí, ‘uachtarán’.
droim ar ais right around, back to front
" Roth Mór 40 Bliain ======== Mhair an streachailt ar feadh 40 bliain, arsa Bernie, ag toiseacht amach mar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach, a d'iompaigh ina fheachtas míleata do chearta náisiúnta ach atá iompaithe droim ar ais arís.
ise an ais she’s the axis
" Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteann – ise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile.
íoc ar ais pay back
" Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí.
dul ar ais to go back
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
le hais beside
" Tógadh beagnach gach baile mór intíre in oirdheisceart na hAstráile le hais na n-aibhneacha seo.
le hais as against
" Chomh maith leis sin, tar éis gur tháinig meath ar an nGaeilge sa Ghaeltacht le céad bliain, bhí an meath sin thar a bheith mall le hais mar a bheadh murach go raibh seasamh ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil.
le hais as against, compared to
" Ach anuas ar sin, bhí an dara mí-ádh ar muintir na Brasaíle le hais mhuintir na hAstráile.
le hais as against
" Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe.
ar ais back
" Muna dtiocfaidh siad ar ais, a deir sé, cuirfidh sé iachall ar sheirbhís póilíneachta an stáit breith orthu agus iad a tharraingt ar ais dá ndeoin nó dá n-ainneoin.
ag iarraidh m'airgid ar ais looking my money back
" Thugas faoi chlár nó dhó a fheiceáil, agus tar éis dom iad a fheiceáil, ghlaos ar an óstán i mBaltimore ag iarraidh m'airgid ar ais.