Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aistriú transfer
" Is deas an rud dúinn é gur tharla an t-aistriú seo agus go bhfuil an Ghaeilge á labhairt fós i gContae na Mí.
ag aistriú translating
" D'inis sí dom go ndearna an t-ollamh í féin cúrsa le hOideas Gael uair amháin agus anois go mbíonn sí ag aistriú leabhar ó Ghaeilge go hIodáilis.
tá súil againn aistriú ann we hope to move there
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
ag aistriú raidhse mhór cáipéisí translating a large volume of documents
" Ach ar an taobh eile de, ba leasc liom daoine a chur ag aistriú raidhse mhór cáipéisí go Gaeilge nach mbeadh éileamh orthu fiú ag Gaeilgeoirí féin.
aistriú to switch
" Sa bhosca sin bíonn eolas gramadaí, aistriúchán Béarla agus leaganacha gramadaí éagsúla den bhfocal.
á aistriú being transferred
" Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.
ag aistriú go háit chónaithe eile moving to another living place
" " Tá sí féin agus a fear céile ag aistriú go háit chónaithe eile, mar nach bhfuil siad sábháilte san áit ina bhfuil siad.
d'aistriú cumhachtaí póilíneachta for the transfer of policing powers
" Tá Adams agus ceannaireacht an pháirtí ag iarraidh go mbeidh dáta leagtha síos d'aistriú cumhachtaí póilíneachta sula mbeidh siad réidh le déileáil leis an DUP.
ag aistriú moving
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
aistriú change
aistriú transfer
" Seans gurb é a dhéanfaidh mo dhuine agus a leithéid ná aistriú chuig club áitiúil san áit ina bhfuil cónaí uirthi; agus cé gur bronntanas iontach a bheas ansin don chlub áitiúil, buille mór a bheas ann don chlub i mBaile Átha Cliath a thug traenáil agus oiliúint dóibh ar feadh na mblianta.
ag aistriú cáipéisí translating documents
" Tá a fhios agam go gcosnódh sé airgead, ach b’fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a chur amú ag aistriú cáipéisí nach léifidh duine ar bith, go Gaeilge.
a aistriú to move
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
á n-aistriú being translated
" Foirmeacha á n-aistriú nach líonfar as Gaeilge go deo.
nach bhfuil ar a chumas aistriú that it can't be transmitted
" Is é an t-ábhar dóchais is mó faoin ngalar seo nach bhfuil ar a chumas aistriú ó dhuine go duine nó, má tá, nach leathann sé go héasca.
aistriú move
" “Bhí an t-ádh orm gur éirigh liom an t-aistriú a dhéanamh.
á n-aistriú being transferred
" Tá postanna á n-aistriú ón Státseirbhís go dtí earnálacha an rialtais áitiúil, an oideachais agus na sláinte.
na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil to translate and understand the songs
" Bíonn siad ag iarraidh a bheith ábalta na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil.
á n-aistriú being transferred
" Is go Cill Áirne, i ndáilcheantar an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O’Donoghue, mar shampla, a bheas sciar de phostanna na Roinne sin á n-aistriú agus is go Baile Dhún na nGall, i ndáilcheantar Mary Coughlan, a bhí ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ag an am, a bheas os cionn dhá chéad duine sa Roinn sin lonnaithe amach anseo.
a aistriú to translate
" “Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin.
aistriú suímh change of location
go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú that they were going to transfer some of their operations
" Fhad is a bhí muintir Chorcaí ag teacht chucu féin ó nuacht Motorola, baineadh geit as muintir Luimnigh nuair a d’fhógair Thomson Scientific go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú go dtí an Ind.
aistriú ó chomhthéacs Maorach to switch from a Maori context
" “Nuair a thosaigh mé ag scríobh, bhí mé ag iarraidh aistriú ó chomhthéacs Maorach go comhthéacs Pākehā.
aistriú transfer
" Fuair sé aistriú go sciathán na Sealadach i mí na Bealtaine 1986 agus tháinig biseach ar a shláinte ansin.
aistriú vótaí votes transfer
" Ach cuireadh iontas ar go leor daoine an tseachtain seo nuair a foilsíodh pobalbhreith a thug le fios dá mbeadh toghchán anois ann, tar éis aistriú vótaí go mbeadh an rialtas in uachtar 57%-43%.
go bhfuil airgead á aistriú that money is being transferred
" Is féidir a rá go bhfuil airgead á aistriú ó dhaoine ar ioncam íseal go dtí daoine ar ioncam ard tríd an gcóras.
ag aistriú ón iománaíocht go peil. changing from hurling to football
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
bhí orm aistriú I had to transfer
" Bhí mé ar mo bhealach go Nürnberg an-luath maidin amháin le gairid agus bhí orm aistriú in Dusseldorf.
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. that it pertains to the crossover between traditions
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
a aistriú to translate
" Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine', mar a rinne sé go minic, 'a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig', rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.
a aistriú to move
" Cad é a spreag Warhol le tús a chur leis na taisceadáin todhchaí seo? Dar le Vincent Fremont – a d’oibrigh le Warhol ón mbliain 1969 go dtí aimsir a bháis – go raibh sé féin agus Warhol ag déanamh réidh le haghaidh an Factory a aistriú ó Union Square go dtí láthair níos mó.
aistriú transfer
" Bhí farasbarr de thimpeall 2,400 ag McKew, tar éis aistriú na vótaí.
ag aistriú an téacs translating the text
" Níor thángthas ar an leabhar nó ar na plátaí, agus b'éigean do Smith éalú as Nua-Eabhrac go Pennsylvania, áit ar lean sé ar aghaidh ag aistriú an téacs go Béarla (mhaígh sé go raibh an bunleagan scríofa i dteanga ar thug sé “Reformed Egyptian” uirthi).
a aistriú ó Éigiptis to translate from Egytian
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
ag aistriú na liricí go Gaeilge ar an toirt, translating the lyrics to Irish on the spot,
" Bhí an t-amhrán sin ‘Take a Parachute and Jump’ le Something Happens le cloisteáil ar an raidió agus thosaigh muid ag aistriú na liricí go Gaeilge ar an toirt, go spontáineach agus go spleodrach.
aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt transfer of policing and justice powers
" Mar atá a fhios ag an domhan mór agus a bhean, is iad aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt, Acht na Gaeilge agus todhchaí an phríosúin, The Maze, na mór fhadhbanna atá le réiteach.
aistriú to translate
" De réir mar a bhog na compántais aisteoirí ó thír go tír, in áit na sceitseanna seo a aistriú ó theanga go teanga, bhaineadh siad úsáid as mímeoireacht chun an scéal a chur i láthair agus chuirtí béim chomh maith ar an amhránaíocht, ar cheol agus ar rince.
haistriú feidhmeanna change of functions
" Ní raibh ach 48 fágtha! Tugadh an míniú seo a leanas dom: “Faoi mar a cuireadh in iúl duit cheana féin, baineann formhór mór na dtaifead sa chás le caidreamh Thuaidh-Theas i gcomhthéacs na socruithe a bhí idir lámha maidir le haistriú feidhmeanna agus foireann Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge agus Colmcille a chur faoi choimirce Fhoras na Gaeilge agus Bórd na Gàidhlig in Albain.
aistriú to move
" Tá sé i gceist an t-airgead caipitil sin a aistriú ar ais go dtí an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta go luath le tabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
aistriú to move
" * cúraimí Gaeilge a aistriú chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
aistriú málaí carriers
" I dtíortha eile, bíonn tionscail bheaga bunaithe ar a leithéid de chosáin, idir lóistín, bheatha, thaistil, lucht aistriú málaí srl.
haistriú cumhachtaí exchange of powers
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
aistriú transfer
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
haistriú transfer
" stm) Ag tráth a bhfuil Peter Robinson ag iarraidh ceist na mórshiúlta Oráisteacha a instealladh san idirbheartaíocht maidir le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminister, léiríonn sé a chontúirtí is atá sé cúrsaí mórshiúlta agus cúrsaí cirt a nascadh le chéile.
t-aistriú shift
" Tugann an t-aistriú cumhachta seo le fios go bhfuil an ré seo ina hidirthréimhse idir an ré ina raibh na Stáit Aontaithe ollchumhachtach agus ré nua ina mbeidh trí no ceithre de chumhachtaí móra ann (tíortha a bhí an-lag ó thús na nua-aoise i leith).
Aistriú exchange
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
aistriú translate
" Dúirt an Chúirt Uachtarach fosta nach bhfuil dualgas bunreachtúil ann Achtanna Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus gur leor an t-aistriúchán oifigiúil a fhoilsiú ‘a luaithe agus is féidir’ tar éis an bunleagan a bheith ar fáil.
Aistriú Cúraim change of duty
" Aistriú Cúraim? ======== Tá seans, áfach, nach de ghrá na n-inimirceach amháin atá a ladar curtha ag rialtas na Fraince sa scéal seo.
aistriú to translate
" , chomh maith le saothair a aistriú.
‘n-aistriú’ being translated
" Bhí galldú ar siúl agus ainmneacha agus logainmneacha á ‘n-aistriú’, mar dhea, nó dá dtraslitriú, rud a chuireann craiceann níos casta ar scéal na n-ainmneacha in Éirinn).
aistriú to convert
" Is é an fhadhb a bheas ag an Lucht Oibre nach mbeidh siad in ann an vóta ard céad rogha in go leor Dáilcheantair chathrach a aistriú isteach sa tarna suíochán.
aistriú moved
" Cúram na Fiontraíochta ========= Tharraing na hathruithe atá beartaithe d'Údarás na Gaeltachta caint go leor le bliain anuas, go háirithe os rud é gur dúradh i bPlean Caipitil an Rialtais go mbeadh cúraim fiontraíochta is fostaíochta na heagraíochta á aistriú go Fiontar Éireann.
aistriú go cathracha moving to cities
" Tharla an t-athrú is mó mar gheall go raibh ar dhaoine Fraincis a úsáid san airm, agus leis na hathruithe eile sóisialta ag an am (raidió, aistriú go cathracha in ionad fanacht faoin tuaith), thosaigh daoine ag casadh i dtreo na Fraincise.
Aistriú changing
" An Taoiseach: Enda Kenny ========= Aistriú ó athair an tigh go máistir na tíre.
cáipéisí a aistriú to translate documents
" Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!” Spealadh na Neascóide ========= Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge.
ag beartú aistriú tí planning a house move
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
aistriú to translate
" An uair sin, le ciorruithe ar an mbealach, d’aontaigh Coimisiún an Tionóil, ar a bhfuil ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla ar fad, gan aistriúchán a dhéanamh sa chuntas ó Bhreatnais go Béarla, ar an údar go bhfuil an costas, timpeall £350,000 in aghaidh na bliain, ró-ard.
aistriú caipitil movement of capitol
" Bhí srianta daingne ar aistriú caipitil (infheistíocht trasteorann, ceannach scaireanna trasteorann, srl.
a fhoireann le haistriú isteach its staff to be moved into
" Tar éis scor an Choiste, bhí ráflaí ag dul thart go raibh an t-aonad aistriúcháin le scor agus a fhoireann le haistriú isteach i Rannóg an Aistriúcháin, agus go raibh an cháipéis a d’ullmhaigh an Coiste le bronnadh ar an Rannóg agus gurbh í a bheadh freagrach as a fhoilsiú (nó gan a fhoilsiú).
aistriú go Gaeilge translate(d) to Irish
" (Rinne an Giollánach an coinbhinsean féin a aistriú go Gaeilge gan aon chostas sa bhreis san aiste!).
ag aistriú na dtuarascálacha translating reports
" Ar an meán má chaitheann gach ceann acu €2,000 (meastúchán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha, na gcuntas airgeadais agus na doiciméidí ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’ mar a thugtar orthu san Acht, is ionann san agus €1,200,000 in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite ar bhealach sách seafóideach ag cur cáipéisíocht ar fáil i nGaeilge nach léitear.
agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as when removing children and pregnant women
" I dtuairisc ó Chigireacht na bPríosún sa Bhreatain anuraidh moladh do Ghníomhaireacht Teorann na Ríochta Aontaithe (GTRA) éirí as fórsa a úsáid agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as an tír.
aistriú go move to
" Bhí Fennell den tuairim go mba cheart do lucht na Gaeilge aistriú go Conamara, mar a rinne sé féin roinnt beag blianta roimhe sin.
ní mór d’imreoirí aistriú oifigiúil a fháil players must obtain an official transfer
" Tá gach duine cláraithe le Coiste Átha Cliath CLG agus ní mór d’imreoirí aistriú oifigiúil a fháil ón gcumann lena raibh siad ag imirt cheana más mian leo imirt.
ag aistriú cáipéisí dlithiúla translating legal documents
" Leis an 180 breise bheadh os cionn 200 le ardchumas Ghaeilge ag obair sa mBruiséal ag Coimisiún na hEorpa, ag aistriú cáipéisí dlithiúla ón Eoraip go Gaeilge.
Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta he himself used to translate stories
" Don chéad uair ariamh, chas mé le fear agus bhí sé ag smaoiteamh ‘ó, tá sé i nGaeilg, ach tá saol mór amuigh ansin! Cad chuighe nach mbeadh suim acu i scéalta s’againne?’ Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta as teangacha eile go Gaeilg agus dúirt sé leis féin, ‘táimid féin chomh maith céanna agus tá na scéalta s’againn féin chomh maith céanna.
an t-aistriú céanna the same move
" Ní raibh an t-airgead ag an gCine Gorm an t-aistriú céanna a dhéanamh, agus d'fhanadar i lár na gcathracha.
ag aistriú gach cáipéisíocht translating documentation
" (Tugaim faoi deara go bhfuil an triúr FPE de chuid Sinn Féin a bheas ag freastal ar an Eoraip ag iarraidh go gcuirfear airgead poiblí amú ag aistriú gach cáipéisíocht go Gaeilge sa mBruiséil, ach nach fiú dóibh airgead a chaitheamh ar bhileogaí beaga dhá theangacha a dháileadh sa Ghaeltacht.
aistriú translate
" Tá cinneadh déanta ag an Chúirt Uachtarach a chuirfidh teorann ar an mhéid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge de réir an léamh atá ag Breandán Delap ar bhreithiúnas a tugadh le gairid.