Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aistríonn sé it transfers
" Tógálach ======= Tá an galar crúibe agus béil an-tógálach mar aicíd agus aistríonn sé go gasta ó ainmhí go hainmhí; bíonn tréimhse goir idir dhá lá agus lá is fiche aige.
aistrithe transfered
" Chomh maith leis sin, tá baill aistrithe ag Flanagan ón Bhrainse go dtí ranna eile sa PSNI, ag cinntiú go mbeidh amhras ann i gcónaí maidir le modhanna oibre agus eiticí na ndaoine seo.
aistriú transfer
" Is deas an rud dúinn é gur tharla an t-aistriú seo agus go bhfuil an Ghaeilge á labhairt fós i gContae na Mí.
aistrithe translated
" Tá dánta de chuid Uí Shearcaigh aistrithe go cúig theanga dhéag anois, agus faigheann sé cuireadh go minic a shaothar a léamh ag féilte thar lear.
Aistríodh Mícheál Mícheál was transferred
" asp) Aistríodh Mícheál arís i 1981, an uair seo go Luimneach, a chontae dúchais.
d'aistrigh sé an Bíobla he translated the Bible
" Ceithre bliana is tríocha a thug sé ag obair san Ollscoil agus i rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge, d'aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d'oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge.
gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann that the ownership of Irish land was transferred
" Má chreidimid na leabhair staire, chinntigh feachtas Michael Davitt agus Chumann na Talún in 1879, agus na hachtanna a lean é, gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann ón tiarna talún go dtí an tionónta.
ag aistriú translating
" D'inis sí dom go ndearna an t-ollamh í féin cúrsa le hOideas Gael uair amháin agus anois go mbíonn sí ag aistriú leabhar ó Ghaeilge go hIodáilis.
tá súil againn aistriú ann we hope to move there
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
ag aistriú raidhse mhór cáipéisí translating a large volume of documents
" Ach ar an taobh eile de, ba leasc liom daoine a chur ag aistriú raidhse mhór cáipéisí go Gaeilge nach mbeadh éileamh orthu fiú ag Gaeilgeoirí féin.
gcumas aistrithe ability to translate
" Ní mór dom a rá, áfach, gur chuir sé ionadh orm a luaithe is a d'éirigh le cuid mhaith acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge, agus go háirithe lena gcumas aistrithe.
aistriú to switch
" Sa bhosca sin bíonn eolas gramadaí, aistriúchán Béarla agus leaganacha gramadaí éagsúla den bhfocal.
aistrithe translated
" An t-aon cheann nach bhfuil aistrithe againn ná "An tSeanbhean Bhocht" (tá leagan Béarla de seo tugtha agam).
á aistriú being transferred
" Gabhadh arís é tamall ina dhiaidh sin ach an uair seo, agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise, deineadh botún in ordú aire agus bhí sé saor arís.
ag bagairt go n-aistreoidh siad threatening that they'll move
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
ag aistriú go háit chónaithe eile moving to another living place
" " Tá sí féin agus a fear céile ag aistriú go háit chónaithe eile, mar nach bhfuil siad sábháilte san áit ina bhfuil siad.
d'aistriú cumhachtaí póilíneachta for the transfer of policing powers
" Tá Adams agus ceannaireacht an pháirtí ag iarraidh go mbeidh dáta leagtha síos d'aistriú cumhachtaí póilíneachta sula mbeidh siad réidh le déileáil leis an DUP.
ag aistriú moving
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
comhlachtaí aistrithe removal companies
" Ach deir roinnt comhlachtaí aistrithe Éireannacha go bhfuil siad gnóthach ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine.
aistriú change
aistriú transfer
" Seans gurb é a dhéanfaidh mo dhuine agus a leithéid ná aistriú chuig club áitiúil san áit ina bhfuil cónaí uirthi; agus cé gur bronntanas iontach a bheas ansin don chlub áitiúil, buille mór a bheas ann don chlub i mBaile Átha Cliath a thug traenáil agus oiliúint dóibh ar feadh na mblianta.
ag aistriú cáipéisí translating documents
" Tá a fhios agam go gcosnódh sé airgead, ach b’fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a chur amú ag aistriú cáipéisí nach léifidh duine ar bith, go Gaeilge.
a aistriú to move
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
á n-aistriú being translated
" Foirmeacha á n-aistriú nach líonfar as Gaeilge go deo.
nach bhfuil ar a chumas aistriú that it can't be transmitted
" Is é an t-ábhar dóchais is mó faoin ngalar seo nach bhfuil ar a chumas aistriú ó dhuine go duine nó, má tá, nach leathann sé go héasca.
aistriú move
" “Bhí an t-ádh orm gur éirigh liom an t-aistriú a dhéanamh.
aistríodh go Gàidhlig iad they were translated to Gaelic
" Canadh na sailm i mBéarla ar dtús, ansin aistríodh go Gàidhlig iad.
á n-aistriú being transferred
" Tá postanna á n-aistriú ón Státseirbhís go dtí earnálacha an rialtais áitiúil, an oideachais agus na sláinte.
na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil to translate and understand the songs
" Bíonn siad ag iarraidh a bheith ábalta na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil.
á n-aistriú being transferred
" Is go Cill Áirne, i ndáilcheantar an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O’Donoghue, mar shampla, a bheas sciar de phostanna na Roinne sin á n-aistriú agus is go Baile Dhún na nGall, i ndáilcheantar Mary Coughlan, a bhí ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ag an am, a bheas os cionn dhá chéad duine sa Roinn sin lonnaithe amach anseo.
a aistriú to translate
" “Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin.
aistriú suímh change of location
Aistríodh ceithre amhrasach déag fourteen suspects were transferred
" Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
vótaí aistrithe transfers
" Go deimhin, níl líon na suíochán atá acu ag teacht leis an sciar den vóta atá á fháil acu, cé go mbíonn deacrachtaí acu vótaí aistrithe a ghnóthú.
aistríonn daoine people change
" Is ceantar dátheangach é seo, ina labhraítear Iodáilis agus Gearmáinis, agus aistríonn daoine ó theanga go teanga an t-am uilig.
ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, in which policing and justice powers will be transferred,
" Éilimh Shinn Féin Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.
go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú that they were going to transfer some of their operations
" Fhad is a bhí muintir Chorcaí ag teacht chucu féin ó nuacht Motorola, baineadh geit as muintir Luimnigh nuair a d’fhógair Thomson Scientific go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú go dtí an Ind.
sular aistrigh siad before they moved
" Ach is leor sin de chaint faoin seó - cad faoin chluiche féin? Agus cad faoi na foirne? Thosaigh na Colts in Baltimore sular aistrigh siad go Indianapolis i 1984.
aistrithe ag Tadhg féin translated by Tadhg himself
" Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
aistriú ó chomhthéacs Maorach to switch from a Maori context
" “Nuair a thosaigh mé ag scríobh, bhí mé ag iarraidh aistriú ó chomhthéacs Maorach go comhthéacs Pākehā.
aistrithe transferred
" Rugadh agus tógadh Colin i Learpholl agus fuair sé bás in ospidéal meabhairghalair Dhún Droma ar an 10 Deireadh Fómhair 1987, tar éis dó bheith aistrithe ansin ó Phríosún Phort Laoise dhá lá roimhe sin.
aistriú transfer
" Fuair sé aistriú go sciathán na Sealadach i mí na Bealtaine 1986 agus tháinig biseach ar a shláinte ansin.
aistriú vótaí votes transfer
" Ach cuireadh iontas ar go leor daoine an tseachtain seo nuair a foilsíodh pobalbhreith a thug le fios dá mbeadh toghchán anois ann, tar éis aistriú vótaí go mbeadh an rialtas in uachtar 57%-43%.
sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta in the Innovation and Technology Transfer Centre
" lonnaithe sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta sa choláiste (féach www.
aistríonn siad chuig spórt aonair they switch to an individual sport
" Maidir le daoine fásta os cionn 30 bliain, aistríonn siad chuig spórt aonair go minic i ndiaidh dóibh bheith críochnaithe le spórt foirne.
go bhfuil airgead á aistriú that money is being transferred
" Is féidir a rá go bhfuil airgead á aistriú ó dhaoine ar ioncam íseal go dtí daoine ar ioncam ard tríd an gcóras.
aistríodh an Bíobla the Bible was translated
" “Ó thaobh na staire de, ceann de na rudaí a tháinig chun cinn toisc gur tháinig an Protastúnachas ar an saol ná gur aistríodh an Bíobla go teangacha eile.
a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, that she used to change between writing and drawing,
" **Dúil mhór**Tugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an dá rud go nádúrtha réidh lena chéile.
agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile and that a lot of other flights would be transferred
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
ag aistriú ón iománaíocht go peil. changing from hurling to football
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
bhí orm aistriú I had to transfer
" Bhí mé ar mo bhealach go Nürnberg an-luath maidin amháin le gairid agus bhí orm aistriú in Dusseldorf.
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. that it pertains to the crossover between traditions
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
aistreofar go leor de chumhachtaí pharlaimintí na mballstát a lot of the parliamentary powers of the member states will be transferred
" I mbeagán focal, aistreofar go leor de chumhachtaí pharlaimintí na mballstát chuig forais na hEorpa.
a aistriú to translate
" Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine', mar a rinne sé go minic, 'a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig', rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.
a aistriú to move
" Cad é a spreag Warhol le tús a chur leis na taisceadáin todhchaí seo? Dar le Vincent Fremont – a d’oibrigh le Warhol ón mbliain 1969 go dtí aimsir a bháis – go raibh sé féin agus Warhol ag déanamh réidh le haghaidh an Factory a aistriú ó Union Square go dtí láthair níos mó.
aistriú transfer
" Bhí farasbarr de thimpeall 2,400 ag McKew, tar éis aistriú na vótaí.
aistrithe translated
" Agus caithfear glacadh leis go dtagann cuid de seo as an “OC”, agus gur *Chandlerisms* as “Friends” cuid de, ach é aistrithe go Gaeilge.
a aistríodh who were moved
" Sa tuarascáil seo, tugadh “na glúnta goidte” ar na páistí Bundúchasacha a aistríodh go hinstitiúidí agus go teaghlaigh eile in éadan thoil a muintire.
ag aistriú an téacs translating the text
" Níor thángthas ar an leabhar nó ar na plátaí, agus b'éigean do Smith éalú as Nua-Eabhrac go Pennsylvania, áit ar lean sé ar aghaidh ag aistriú an téacs go Béarla (mhaígh sé go raibh an bunleagan scríofa i dteanga ar thug sé “Reformed Egyptian” uirthi).
a aistriú ó Éigiptis to translate from Egytian
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
ag aistriú na liricí go Gaeilge ar an toirt, translating the lyrics to Irish on the spot,
" Bhí an t-amhrán sin ‘Take a Parachute and Jump’ le Something Happens le cloisteáil ar an raidió agus thosaigh muid ag aistriú na liricí go Gaeilge ar an toirt, go spontáineach agus go spleodrach.
aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt transfer of policing and justice powers
" Mar atá a fhios ag an domhan mór agus a bhean, is iad aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt, Acht na Gaeilge agus todhchaí an phríosúin, The Maze, na mór fhadhbanna atá le réiteach.
aistriú to translate
" De réir mar a bhog na compántais aisteoirí ó thír go tír, in áit na sceitseanna seo a aistriú ó theanga go teanga, bhaineadh siad úsáid as mímeoireacht chun an scéal a chur i láthair agus chuirtí béim chomh maith ar an amhránaíocht, ar cheol agus ar rince.
haistriú feidhmeanna change of functions
" Ní raibh ach 48 fágtha! Tugadh an míniú seo a leanas dom: “Faoi mar a cuireadh in iúl duit cheana féin, baineann formhór mór na dtaifead sa chás le caidreamh Thuaidh-Theas i gcomhthéacs na socruithe a bhí idir lámha maidir le haistriú feidhmeanna agus foireann Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge agus Colmcille a chur faoi choimirce Fhoras na Gaeilge agus Bórd na Gàidhlig in Albain.
aistriú to move
" Tá sé i gceist an t-airgead caipitil sin a aistriú ar ais go dtí an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta go luath le tabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
aistrítear are translated
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
aistrithe forthéacs translation hypertext
" Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
Aistreoidh shall change, move
" Aistreoidh mo vóta go Máire sa gcomhaireamh deireanach dá bharr sin.
n-aistreofaí would be moved
" Chiallódh sé seo go n-aistreofaí cúram chruthú fostaíochta Údarás na Gaeltachta go móreagraíocht amháin a bheas faoi scáth Enterprise Ireland.
n-aistreofaí would be translated
" “Is deacair seasamh air go n-aistreofaí gach foilseachán oifigiúil go Gaeilge mura bhfuil éileamh air, go háirithe agus gearrthaí siar á ndéanamh i ngach réimse eile.
aistriú to move
" * cúraimí Gaeilge a aistriú chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
n-aistreofaí would be moved
" Moltar ann go n-aistreofaí feidhmeanna Chiste na Gaeilge (trína mhaoinítear leithéidí an Taibhdhearc, Oideas Gael, Gaillimh le Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann srl.
aistríodh was translated
" Is cosúil gur ón sloinne Ó Tuathail a shíolraigh sinsear mo mhná, ach ag tráth éigin aistríodh an sloinne, nó traslitríodh ba cheart a rá, an sloinne go Béarla, mar a rinneadh le formhór na sloinnte.
aistriú málaí carriers
" I dtíortha eile, bíonn tionscail bheaga bunaithe ar a leithéid de chosáin, idir lóistín, bheatha, thaistil, lucht aistriú málaí srl.
D'aistrigh changed
" D'aistrigh mé chuig an mbus agus bhí mo cheann scríbe bainte amach agam níos lú ná uair an chloig tar éis dom tuirlingt, ar ocht dollar.
aistríodh were translated
" Tá a fhios agam go bhfuil dream an oirthir sin breá tógtha go minic le cultúr an iarthair, ach chuala mé anseo ar an oileán go raibh saothar Montgomery i measc cnuasach bídeach leabhar a aistríodh agus a foilsíodh sa tSeapáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
haistriú cumhachtaí exchange of powers
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
aistriú transfer
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
haistriú transfer
" stm) Ag tráth a bhfuil Peter Robinson ag iarraidh ceist na mórshiúlta Oráisteacha a instealladh san idirbheartaíocht maidir le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminister, léiríonn sé a chontúirtí is atá sé cúrsaí mórshiúlta agus cúrsaí cirt a nascadh le chéile.
t-aistriú shift
" Tugann an t-aistriú cumhachta seo le fios go bhfuil an ré seo ina hidirthréimhse idir an ré ina raibh na Stáit Aontaithe ollchumhachtach agus ré nua ina mbeidh trí no ceithre de chumhachtaí móra ann (tíortha a bhí an-lag ó thús na nua-aoise i leith).
Aistriú exchange
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
aistrítear are moved
" Nuair a aistrítear na cimí Corsacha uilig, seachas an ‘Don’ go daingean eile, fásann tionchar agus cumhacht an Arabaigh.
aistríodh was translated
" is léir tairbhe éigin sa leabhar toisc gur aistríodh é go.
aistriú translate
" Dúirt an Chúirt Uachtarach fosta nach bhfuil dualgas bunreachtúil ann Achtanna Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus gur leor an t-aistriúchán oifigiúil a fhoilsiú ‘a luaithe agus is féidir’ tar éis an bunleagan a bheith ar fáil.
aistrithe airgid money transfer
" Ag tús na míosa seo caite rinne *MoneyGram International*, ar comhlacht aistrithe airgid é, comhaontú le gnólachtaí Francacha a mhol Aire Inimirce na Fraince, Eric Besson.
Aistriú Cúraim change of duty
" Aistriú Cúraim? ======== Tá seans, áfach, nach de ghrá na n-inimirceach amháin atá a ladar curtha ag rialtas na Fraince sa scéal seo.
Aistreofar shall be transferred
" Aistreofar aon ghlaoch i nGàidhlig chuig an Prìomh-Aonad Fiosrachaidh chuig oifigeach atá ábalta í a labhairt.
aistrithe translated
" Tá a leabhar ‘Deireadh Seachtaine Craiceáilte’, faoi thriúr as Baile Átha Cliath ar turas go Learpholl , aistrithe ag Cathal Ó Manacháin, le fáil ó (newisland)(http://www.
aistriú to translate
" , chomh maith le saothair a aistriú.
aistrithe translated
" Tá roinnt de na scéalta a scríobh mé aistrithe, ach ní thabharfainn féin faoi iad a aistriú.
Ba dheasghnáth aistrithe saoil was a rite of passage
" Ba dheasghnáth aistrithe saoil é d’ógra geal na hAstráile le blianta fada an t-achar fada intíre a thaisteal leis an gcarraig a dhreapadh.
n-aistreofaí would be translated
" **CB: Tá A Thig, Ná Tit Orm aistrithe go Béarla? Ar mhaith leat go n-aistreofaí an chuid eile acu?** MDÓS: Ní chuireann sé aon mhairg orm.
‘n-aistriú’ being translated
" Bhí galldú ar siúl agus ainmneacha agus logainmneacha á ‘n-aistriú’, mar dhea, nó dá dtraslitriú, rud a chuireann craiceann níos casta ar scéal na n-ainmneacha in Éirinn).
aistriú to convert
" Is é an fhadhb a bheas ag an Lucht Oibre nach mbeidh siad in ann an vóta ard céad rogha in go leor Dáilcheantair chathrach a aistriú isteach sa tarna suíochán.
aistríodh was translated
" Bourgeois le chéile agus a aistríodh go Gaeilge ‘I dTreo Lánbhainistíocht Scoileanna Fraincise i dTimpeallacht Mhionlaigh’.
Aistríodh were moved
" Aistríodh cuid de na cluichí móra go dtí an Domhnach.
d’aistrigh muinn we moved
" **SMM: Is as California ó thús thú, a Shéamais, ach is as Árainn do shloinne, agus bhain taobh eile do mhuintire le Liatroim, nach ea?** SÓD: Rugadh i mBoston Massachusetts mé, ach d’aistrigh muinn, an teaghlach uiliug, go California nuair a bhí mé beagnach seacht mbliana d’aois.