Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aitheasc address
" Ina aitheasc, labhair an tOllamh Parks faoin gcaoi a raibh baint láidir stairiúil ag Coláiste na Máinlianna le cluiche náisiúnta na hÉireann.
aitheasc address, eulogy
" Bhí sé bródúil as a bheith ina phóilín," a dúirt McFadden ina aitheasc a bhí lán mothúchán.
aitheasc speech
" D'atóg muid rudaí roimhe seo, agus léiríonn aitheasc Tony Blair i mBéal Feirste an mhí seo caite go gcreideann sé go bhfuil muid ag tarraingt ar an bhunscríbe, an *endgame*.
aitheasc address
" Cnámh spairne ======= Ina aitheasc ag Ard-Fheis Shinn Féin ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Gerry Adams gurb í ceist na póilíneachta an chnámh ba mhó spairne sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
aitheasc speech
" Go deimhin, in aitheasc a thug sé ag Scoil Samhraidh Humbert in 2001, chuir Frank Fahey i leith lucht an fheachtais go raibh siad ag cur bac ar “dhul chun cinn”.
aitheasc address
" Ach d’fhéadfadh Patricia McBride aitheasc Shylock a aithris mar chúiteamh.
aitheasc a speech
" Thug an seandálaí agus staraí, Micheal Gibbons, arb as an gClochán i gContae na Gaillimhe dó, an spreagaitheasc in ar pléigh sé tionchar leantach an Ghorta Mhóir ar thírdhreach na hÉireann.
aithisc in éadan a speech against
" Is minic a thug urlabhraithe ar son rialtas na hAstráile aithisc in éadan phionós an bháis ag fóraim idirnáisiúnta, na Náisiúin Aontaithe san áireamh.
i mbun aithisc giving a speech
" Ar chlár raidió Phat Kenny, breis is bliain ó shin, a chéadchuala mé Barack Obama i mbun aithisc.
aitheasc iontach spreagúil a wonderful encouraging speech
" Kennedy chomh mealltach céanna le Obama agus thug sé féin aitheasc iontach spreagúil ar ócáid a insealbhaithe inar dhúirt sé leis an domhan mór an méid seo leanas: “*my fellow citizens of the world, ask not what America will do for you, but what together we can do for the freedom of man*.
aitheasc speech
" Ba ghnách don uachtarán Bush go dtí seo, gan aitheasc ar bith a thabhairt.
aithisc speech
" Go deimhin, beidh an tOllamh Ó Brolcháin ag tabhairt aithisc ar an ábhar le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach i gCo Thiobraid Árann an mhí seo chugainn.
aithisc of speech
" Ach tháinig sé amach ina dhiaidh sin gurb é an duine a chum an téarma seafóideach gríosaitheach sin ná David Frum, scríbhneoir aithisc Bush.
aithisc orations, speeches
" Baintear úsáid as an nGaeilge in aithisc, i dtuairiscí, ar shuímh idirlín agus eile.
aithisc speech
" Bhí urraíocht déanta ag Bord Soláthar an Leictreachais ar an gceolchoirm agus thosaigh Hayes ag tabhairt aithisc uaidh faoi leictreoin agus síoga! (http://www.
aithisc speech
" html) Cogadh Domhanda IV? Maidir le ‘néal an fhás aon oíche’ os cionn na hEorpa, an cuimhin le héinne ráiteas Condoleezza Rice mar gheall ar ‘bhagairt núicleach’ na hIaráice? Chum Michael Gerson, scríbhneoir aithisc do George Bush agus tacadóir mór le hIosrael, an ceann sin.
aitheasc a speech
" com/politics/story/29127316/the_great_american_bubble_machine) Scéal an dá fhoirceadal Ar an 16 Meán Fómhair, 2008 thug Gilad Atzmon aitheasc ag Fóram Cambridge i Sasana.
aitheasc a speech
" Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.
aithisc speech
" Cineál aithisc do mhuintir Mheiriceá, nó do mhuintir an domhain fhorbartha, a bhí ann trí bhíthin na gceamaraí teilifíse a bhí ann, chun an caint a chraoladh beo agus a thaifeadadh.
aitheasc speech
" Ais an Oilc Ina aitheasc ‘Staid an Aontais’ i 2002, luaigh George W.
aitheasc a speech
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
aitheasc speech
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
aitheasc speech
" Sa chéad aitheasc di tar éis a tofa, ghlac Rousseff buíochas le Lula agus dúirt go mbeadh sí ‘ag bualadh ar a dhoras ag lorg comhairle’ go mion minic.
aitheasc speech
" Thug Abbott a thacaíocht don ról atá ag na fórsaí Astrálacha san Afganastáin, ach mheas daoine go leor go ndeachaigh a chuid reitrice thar fóir nuair a mhaígh sé ina aitheasc go raibh an cogadh “the central front in the most important civilisational struggle of our time”, an feachtas in éadan “antoisceachais Ioslamaigh”.
aitheasc speech
" D’fhreagair Obama go raibh sé deacair an fhaitíos sin a thuiscint mar gur labhair sé i ngach aon aitheasc ar thug sé faoi “the unbreakable bond to Israel.
aitheasc speech
" Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: *‘The nation is beaten down, but not defeated.
aitheasc speech
" Ar an 19 Meán Fómhair 1796, foilsíodh “aitheasc chun slán a fhágáil” de chuid Washington, inar thug sé rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” do thír ar bith eile.
ina aitheasc in his speech
" Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
Sula ndearna sé a aitheasc deireanach before giving his last speech
" Sula ndearna sé a aitheasc deireanach i dTeach Laighean ar an 25ú Eanáir 2011, chonaic Michael D Páirtí an Lucht Oibre ag dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
an-aitheasc a great speech
" Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
aitheasc speech(s)
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
aitheasc speech
" Tá súil agam go raibh tú tógtha leis an aitheasc a thug mé sa Dáil agus lena bhfuil bainte amach agam do mhuintir na tíre seo ón Aontas feckin’ Eorpach.
m’aitheasc Dála my Dáil speech
" **Balor:** Agus caide a dhéanfaidh tú leis an Uachtarán atá againn faoi láthair? **Enda:** Bhuel, níl mé cinnte, ach ós rud é go bhfuil muid anois scartha leis an Róimh, i ndiaidh m’aitheasc Dála, b’fhéidir go gceapfaidh mé í ina ceann ar an Eaglais nua atá mé ag gabháil a bhunú.
t-aitheasc speech
" Tá cuimhne fós aige fosta ar na comórtais a bhíodh ar siúl idir é féin agus an fíor Joe Mac Donagh: an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an t-aitheasc ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
aitheasc speech
haithisc speeches
" Bhí sé ar cheann de na haithisc sin a thugann Robbo anois is arís lena thaobh bhaineann a léiriú - cineáltas, boige, comhbhá ach ní éiríonn leis an dóigh chéanna nach n-éireodh le Willie O Dea a bheith mar Rambo.
aitheasc a speech
" “Tabharfaidh Ivana Apparachik aitheasc i Seanad Éireann ina mbeidh sí ag éileamh go léifear an phaidir roimh obair an lae i nGaeilge nó nach léifear ar chor ar bith í.
aithisc speeches
" Chuir aithisc Abbot an lasóg sa bharrach, ach measadh go ndeachaigh sé thar fóir nuair a sheas sé ag léirsiú amháin agus an mana “Ditch the Witch” scríofa ar chlár taobh thiar de.
le linn a aithisc during his speech
" Íocaíochtaí neamhdhlisteanacha atá á ndéanamh le bainisteoirí foirne timpeall na tíre atá i gceist agus bhí alt agam cheana (Bealtaine 2011) ar an ábhar tar éis d’Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Criostóir Ó Cuanaigh, ‘ailse atá ar fud na heagraíochta’ a thabhairt ar an gcleachtas seo le linn a aithisc ag Comhdháil Bhliantúil an CLG a tionóladh sa Mhuileann Gearr anuraidh.
dá aitheasc his speech
" ” Ag tagairt dá aitheasc Dhuais Nobel na Síochána – “Inaction tears at our conscience and can lead to more costly intervention later” – mhol an litir deireadh a chur le réimeas Muammar Qaddafi gan a thuilleadh moille.
aitheasc croíléiseach a light-hearted speech
" D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr! Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna ================= Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana.
haithisc fhíorfhada really long speeches
" Ach ní furaist an rud é iarsma na radacachta a bhlaiseadh insna haithisc fhíorfhada seo ó Mheiriceá.
ina aitheasc Nollag in his Christmas address
" Thagair an rí, más go cliathánach féin é, do chás Iñaki Urdangarin ina aitheasc Nollag, agus béim á leagan aige ar chothroime an dlí.
aitheasc a speech
" Is lúthchleasaí díograiseach é Tangi, a bhfuil go leor ciliméadar rite aige don Redadeg i mBrest, i bPorspoder, i Landerne agus i nDouarnenez! Ag deireadh an reatha i nDouarnenez, thug Michel Le Boulanger, stiúrthóir cultúrtha na Comhairle Ceantair, aitheasc agus rinne an scríbhneoir Mich Beyer amhlaidh.
sna haithisc in the speeches
" Luadh cearta daonna go rialta sna haithisc a thug príomhairí éagsúla agus iad ag maíomh go raibh misean an Airm cóir agus ceart.
n-aitheasc fadálach the long speeches
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
I ndeireadh na n-aitheasc after the orations
" I ndeireadh na n-aitheasc, bíonn gach éinne, an té is díchreideamhaí ina measc fiú amháin, ina seasamh le chéile ag canadh is ag glaoch.
le linn a aitheasc during his speech
" Mar a dúirt sé le linn a aitheasc i nGairdín na Rósanna, “is Meiriceánaigh iad na daoine óga seo ina gcroí, ina n-aigne, i ngach uile shlí ach amháin ar pháipéar.
chothódh aitheasc an Aire the minister’s speech would have engendered
" Tráth dá raibh chothódh aitheasc an Aire ag moladh inimirce ón Áise díospóireacht bhinbeach abhus ina choinne, ach ní sin an chosúlacht a bhí ar an scéal an iarraidh seo.
ab ea an t-aitheasc gruama seo was this gloomy speech
" Osna Chalvineach ab ea an t-aitheasc gruama seo dar leis an scoláire Lincoln is fear sa lá atá inniu ann, Allen C.
aithisc speeches
" Tabharfaidh leithéidí an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh agus an Tiarna Alton aithisc agus eagrófar turas go Mám Trasna.
haithisc speeches
" Ócáid mhór a bhí ann, le ceol, rince agus le haithisc ó Tom Garry, Ard-Rúnaí SIPTU (cumasc idir dhá cheardchumann a bhunaigh Larkin : ITGWU agus FWUI) agus Niall Irwin ó Chomhairle na Ceardchumann Baile Átha Cliath.
tar éis an aithisc after the homily
" Bhí tocht ar go leor acu tar éis an aithisc agus tugadh bualadh bos don chónra nuair a iompraíodh amach é.
aitheasc a speech
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.
roinnt aithisc some speeches
" Thosaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Manuel Borroso, agus Luca Jahier, Uachtarán Ghrúpa 3 den EESC, roinnt aithisc le Gaeilge.
le haitheasc ciníoch with a racist speech
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc he was particularly careful to mention in his speech
" Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.
san aitheasc in the speech
" Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas! Folly agus Fallaí ======= D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta.
ina haitheasc mór in her important speech
" D’fhéach sí ar an gclár agus thug sí cead dá comhairleoir an íomhá sin a úsáid ina haitheasc mór.
idir choirm agus cheol, aithisc what with festivities, music, speeches
" Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine nó mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Marty Ó Muirgheasa.
d’aitheasc to the speech
" An té a thabharfas cluas d’aitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, cluinfidh sé gur duine é a thuigeann an gortú a chuireann an bhochtaineacht ar chroí an duine.
Tocht le hAitheasc move by a speech
" Tocht le hAitheasc ======== Mhol an tArd-Aighne san ACT, Simon Corbell, an bille sa tionól, ach ba ea an t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais, Andrew Barr, a tharraing aird an tslua agus na meán.
ba ea an t-aitheasc it was the speech
" Tocht le hAitheasc ======== Mhol an tArd-Aighne san ACT, Simon Corbell, an bille sa tionól, ach ba ea an t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais, Andrew Barr, a tharraing aird an tslua agus na meán.
thosaigh sí a haitheasc she started her speech
" Bhíothas ag súil leis an chuairt seo tar éis cuairt na Banríon Eilís ar Éirinn sa bhliain 2011, nuair a thosaigh sí a haitheasc i gCaisleán Bhaile Átha Cliath leis na focail: “A Uachtaráin agus a chairde…” Samhaltas a bhí ann, ár ndóigh, mar lean sí ar aghaidh i mBéarla, agus dúirt: *“What were once only hopes for the future have now come to pass; it is almost exactly 13 years since the overwhelming majority of people in Ireland and Northern Ireland voted in favour of the agreement signed on Good Friday 1998, paving the way for Northern Ireland to become the exciting and inspirational place that it is today.
ní thugann siad aithisc fhada they don’t give a longwinded speech
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
chuid aitheasc parlaiminte parliamentary speeches
" A Thionchar in Éirinn ====== Fiú sular tugadh na postanna sinsearacha cáiliúla sin do Jenkins idir 1964 agus 1970, thaispeáin sé éirim agus cur chuige neamhchoimeádach ina chuid scríbhínní agus ina chuid aitheasc parlaiminte.
a aitheasc faoi his speech about
" Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
D’admhaigh sé ina aitheasc he admitted in his speech
" D’admhaigh sé ina aitheasc nuair a d’fhógair sé sonraí na cáinaisnéise go mbeadh sí crua ar mhuintir na hAstráile ach go raibh an dualgas ar gach Astrálach ‘cuid chothrom den ualach a iompar’, mar a thug sé air, leis an ngeilleagar a chur ina cheart.
In aitheasc in a speech
" In aitheasc a thug Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin, dúradh go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar na hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil =========== Ina áit na Gaeilge éigeantaí, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige.
Ina aitheasc oscailte in his open address
" Ina aitheasc oscailte thug an Cathaoirleach áitiúil, Joe Steve Ó Neachtain, le tuiscint do na daoine a bhí i láthair céard a bhí bainte amach ag an gceantar.
macalla an aithisc an echo of the speech
" Seans go mbeidh macalla an aithisc a thug Joe Steve Ó Neachtain ag Fáiltiú an Oireachtais i ’74, le cloisteáil ar an Aoine 26 Meán Fómhair, nuair a chuirfear tús le hOireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.
gona gcuid aitheasc áille with their beautiful speeches
" Higginses gona gcuid aitheasc áille – ‘*advocating peace*’ – agus ag insint dúinn céard a dhéanfaidh siad, ach nuair a bhaineann siad cathaoir na cumhachta amach, ní dhéanfaidh siad a dhath.
San aitheasc in his speech
" San aitheasc a thug John Redmond, an laoch atá ag Bruton, i Woodenbridge ar an 20 Meán Fómhair, 1914, dúirt sé go mba mhór an náire don tír mura mbeadh ‘*young Ireland*’ sásta dul ag troid in Arm na Breataine, (agus daoine a mharú ar ndóigh), ‘*not only for Ireland itself, but wherever the fighting line extends….
aitheasc speech
" Chruthaigh Uachtarán úr Mheiriceá thar cinn dá íomhá, dó féin is dá thír ó thosaigh sé deireadh na míosa seo caite lena aitheasc do Theach na Comhdhála.
aitheasc speech
" Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d'Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
aitheasc speech
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.
tagairtí ar leith sna haithisc particular references in the speeches
" Shonraigh John-Paul Mc Carthy tagairtí ar leith sna haithisc a thug an tUachtarán Michael D.