Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh brí míoltóige inti she had no energy at all (lit. there wasn't the strength of a midge in her)
" Shuigh Bróna síos nó cé nár thuirling sí ar thalamh ach deich mbomaite roimhe sin ní raibh brí míoltóige inti anois leis an teas seo.
ina ghlóire ar fad in all its glory
" Cá bhfuil an seomra folctha agus an cith? Ar ais amach sa chlós, isteach doras eile, agus sin é - ina ghlóire ar fad.
duine san iomlán in all
" Bhíomar páirteach sa cheolchoirm seo le seachtó duine san iomlán - rud mór a bhí ann.
i gcluiche leathcheannais na hÉireann in the All-Ireland semi-final
" Den chéad uair le fada chreid foireann as an Mhí go raibh siad chomh maith le foireann ar bith eile sa tír agus, cé gur bhuaigh Ciarraí orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann ina dhiaidh sin, bhí a lán acu cinnte go dtiocfadh a lá féin go luath.
faoina bhfuil i ndán dóibh about all that is in store for them
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach if he drank the rivers dry (lit. all the water in Loch Neagh)
" Chomh maith le bheith á leá leis an teas, bhí a theanga amuigh leis an tart agus ní thiocfadh leis a chosc dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach.
in ionad na gconarthaí uile in place of all the treaties/agreements
" Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.
dá mhéad a ghlóir in all his glory
" Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
i gcluiche leathcheannais na hÉireann in the All-Ireland semi-final
" Bhuaigh Cill Chainnigh ar Thiobrad Arann i gcluiche leathcheannais na hÉireann le 12 chúilín.
sna tithe breátha faiseanta in all the fine fashionable houses
" Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin.
as tíortha ar fad na hEorpa of all the countries in Europe
" Tógann muidne isteach an líon is lú d'inimircigh as tíortha ar fad na hEorpa.
sna meáin náisiúnta go léir in all the national media
" Pléitear é seo sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad.
Ní bhíonn aige ach caisleáin óir. He's all 'castles in the air'.
" "Ní bhíonn aige ach caisleáin óir.
Chaith sí deireadh isteach she threw it all in
" Chaith sí deireadh isteach i gciseán an níocháin, agus ar ais léi agus an folúsghlantóir léi.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
sna ceithre hairde in all corners of the world
" Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.
ar fud an domhain i dteangacha éagsúla. all over the world in various languages.
" Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.
Lena chois sin ar fad, in addition to all that,
" Lena chois sin ar fad, tá an tAire Sláinte Mary Harney ar tí tionscnamh a fhógairt a rachaidh chun sochair na seandaoine a bhfuil aire á tabhairt dóibh sa bhaile.
Bhlaiseamar go léir den chorn we all tasted what was in the cup
" Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann. in the All-Ireland football semi-final.
" Tríocha bliain ó shin d’imir Ciarraí i gcoinne Átha Cliath i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann.
ábhar na n-imleabhar uilig the material in all the volumes
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, and although they weren't all fluent in Irish,
" ” D’éirigh le Collins aisteoirí den chéad scoth a fháil don scannán, Colm Meaney, Dónal O’Kelly, Brendan Conroy agus Seán Ó Tarpaigh ina measc, agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, bhí go leor spéise acu sa tionscadal agus gnaoi acu ar an teanga le ham a chaitheamh i gConamara ag cur snasa ar a mblas.
Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, On top of all the problems which Aherns has in the Dáil,
" Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, tá sé truamhéalach anois go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin. not to put all our eggs in one basket.
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
i gcluichí ceannais na hÉireann in All-Ireland finals
" Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Mick mar pheileadóir a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann ar fhoireann Bhaile Áth Cliath sna blianta 1979, 1983 agus 1984, agus mar imreoir ionaid sa bhliain 1985.
Dar leis go bhfuil muid ar fad sa chac. according to him we are all in the shits
" Dar leis go bhfuil muid ar fad sa chac.
na táirgí ar fad a dhíoltar san AE, all the products sold in the EU,
" Ach lena gceart a thabhairt do na feirmeoirí Éireannacha, céard is fiú do chaighdeáin Eorpacha a bheith ann mura mbaineann siad leis na táirgí ar fad a dhíoltar san AE, is cuma cad iad na tíortha a dtagann siad astu? Is gá anois go mbeadh na rialacha céanna ann do gach dream.
Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad. They are all in for the fires of hell
" Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad.
in óstáin uilig chathair Chorcaí in all the hotels of Cork City
" Agus an t-óstán lán, bheadh níos mó daoine ag fanacht ann ná mar atá ag fanacht in óstáin uilig chathair Chorcaí in aon oíche.
blas in the slightest, at all
" ’ Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.
slán safe, all in one piece
" Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála.
ar fad entirely, in all
" Bhíodh sé saor ar fad ón tslabhra mhorálta a chuireann an pobal ar chosa an aonaráin.
bun agus barr all in all
" Is é gainne ábhair a chuirfeas lena luach Is é bun agus barr na seirbhísí seo agus ceist shíoraí ghnó an cheoil faoi láthair, ná conas saolré ghnó an cheoil a chothú.
slán all in one piece
" Tá Balor slán sábháilte sa bhaile arís agus soiprithe ina phluais cháidheach i ndiaidh dó éalú ó mhná allta na Stát Aontaithe.
Soir Siar in all directions
" Scaipeadh Soir Siar B’fhéidir nach ionadh mar sin nach bhfuil fágtha san Iaráic faoi láthair ach timpeall 5,000 Mandaean.
Slán all in one piece
" Jobs, Mac na hOibre Slán! Dúirt Jobs gur chuir an ráiteas thuas sa *New York Times*, faoi dhá leic Mhaois anuas den sliabh, meangadh ar a bhéal.
Tríd is tríd all in all
" Tríd is tríd, don té a bhfuil suim aige san iomáint nó i scéal fhoireann Phort Láirge le dhá bhliain déag anuas, ábhar léitheoireachta taitneamhach nach gcuirfidh stró ná dúshlán mór ar an léitheoir atá i ndírbheathaisnéis Dan Uí Sheancháin.
nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith that don't fit in with the surroundings at all
" Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith.
ag síneadh soir siar agus siar soir stretching in all directions
" Machaire lom curadóireachta faoi lus na mine buí ag síneadh soir siar agus siar soir.
Ar iompú na boise in no time at all
" Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom.
mbrídeach faoi ghradam bride in all her grandeur
" Isteach leis an mbrídeach faoi ghradam agus cuireadh tús leis an scléip.
nach bhfuil caoi ar bith air which is in no shape at all
" Tar éis obair Choimisiún na Gaeltachta (2000 - 2002) agus tar éis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa nGaeltacht (2004 – 2007) ní raibh le fógairt ag Dinny Mc Ginley sa deireadh ach Scéim Pleanála Teanga atá deartha sa gcaoi is nach bhféadfadh sé oibriú agus Clár Tacaíochta Teaghlaigh nach bhfuil caoi ar bith air.
fríd is fríd all in all
" Mar sin, fríd is fríd, tháinig feabhas ollmhór ar shaol an duine san Eoraip le céad bliain anuas.
scaipeadh soir siar scattered in all directions
" Bhí na cúraimí seo faoi bhagairt mhór ó mhol údair Thuarascáil an Bord Snip Nua go mbrisfí an tÚdarás ina ghiotaí agus go ndéanfaí a chúraimí a scaipeadh soir siar.
fríd is fríd all in all
" Ní raibh sé furasta comhlachtaí a mhealladh chuig cuid de na ceantair is imeallaí agus is scoite amach sa tír, gan bhonneagar sásúil, ach fríd is fríd, d'éirigh go seoigh leis an Údarás sa réimse seo.
tríd is tríd all in all
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine, ‘tá an iomarca spóirt agaibh’, nó ‘bíonn an iomarca ceoil agaibh’, ‘bíonn an iomarca cainte agaibh’, tá a dtuairimí féin ag daoine, ach tríd is tríd, agus gan ach an tsracfhéachaint déanta go fóill, tá sé thar a bheith dearfach.
dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu sadness in all of their hearts
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
i lár an aonaigh ann in the midst of it all
" **SMM: Chonaic tú Fleadh na hÉireann sa Chabhán, do bhaile féin, agus an dream óg chomh fuinniúil i lár an aonaigh ann.
go bpille tú slán follán may you return all in one piece
" **SMM: Go raibh míle maith a Bhen is go dté tú slán chun na dtíortha agus chun na dteangacha eile atá amach romhat agus go bpille tú slán follán go hÉirinn nuair is mian leat.
eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu tying all the eels together in a clove hitch
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh until he stepped ashore all in one piece
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
i bhfianaise na deacrachta ar fad in light of all the trouble
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
Cúigear san iomlán a maraíodh five in all were killed
" Cúigear san iomlán a maraíodh agus níor tháinig slán ón sléacht ach gasúr amháin, Patsy Joyce.
ar fad ar aon leic mhara all together on a rock in the sea
" ) Ach tá daonra mór ann: mar a bheadh muintir na Gaillimhe, muintir Luimnigh agus muintir Chorcaí ar fad ar aon leic mhara – gar don 400 míle duine.
tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi English is sweeping all in its way
" Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite.
Domhnach is Dálach, ó Cheann Ceann na Bliana day in day out all year round
" Domhnach is Dálach, ó Cheann Ceann na Bliana ============ **Balor: Tuigim, gan dabht a Chú Chulainn chróga, ach inis dom cén fáth gur thosaigh tusa agus do chairde ar an chraic seo faoin bhratach.
tá chuile chileán féithe den fharraige ann the sea in all its different aspects is there
" Tá an fharraige mhór thart anseobh againn agus tá chuile chileán féithe den fharraige ann.
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna in all its glory throwing colour and shade
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile giants of actors all in one small space
" Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile.
sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig lodged in the burden of all the noble enterprise
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
Dálta gach duine dá cúlra like all others in her background
" Dálta gach duine dá cúlra, ní raibh a dhath eolais aici ar an Ghaeilge ag fás aníos, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu in a way in which school children of all ages can can enjoy
" Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil for all they suffered in life
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
Tríd is tríd all in all
" Titim Staidrimh ar Fud an Bhaill =============== Tríd is tríd léiríonn na staidrimh go bhfuil feabhas ag teacht ar na rátaí coiriúlachta ó thosaigh an cúlú geilleagair.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Focal Mór agus Droch-Chur leis? ============= Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
tríd is tríd all in all
" Is léir gur tharla sé cúpla uair gur beag nár baineadh úsáid as na hairm uafásacha seo d’aon ghnó, cuirim i gcás Géarchéim Diúracán Chúba sna seascaidí, ach tríd is tríd, ba lia ar fad na himeachtaí a raibh fadhbanna teicniúla nó cumarsáide i gceist.
cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad it’ll help the caveman in all of us
" Más féidir an teicneolaíocht a úsáid gan stró, cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad ár ndúil a aimsiú.
gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa that all signs were written in Russian
" Rinne mé an turas ann le déanaí agus nuair a shroich mé a shéipéal in Demre rinne mé iontas gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa thart timpeall orm.
slán safe, all in one piece
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
gongannaí uilig na ceirde tuillte go maith aige he deserves all the gongs in the business .
" Agus beidh gártha molta an tslua agus gongannaí uilig na ceirde tuillte go maith aige.
ionainn go léir in us all
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
ina chíor thuathail in a quandary, all through other
" “Níl ann ach go bhfuil an domhan ar fad ina chíor thuathail agat agus tú i ndiaidh An Chrimé a tharraingt isteach sa Rúis.
Ní raibh acu tarraingt isteach all they had to do was pull in (to the bank)
" Ní raibh acu tarraingt isteach sa mbruach ar ndóigh, bhí siad i ndáil a bheith i nGaillimh, idir dhá bhruach san abhainn, sa gCaisleán Nua.
chuile rud isteach (threw) all in
" D’fhreagair Clarke an seic agus d’ardaigh sé é le €800,000 agus mar thoradh chaith Pollack chuile rud isteach agus casadh thart na cártaí sa deireadh thiar thall.
ceithre leagan ar fad four versions in all
" Phéinteáil an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch ceithre leagan ar fad den phictiúr cáiliúil An Scréach le linn a shaoil agus tá gadaithe tar éis ceann acu a ghoid - an dara huair a tharla sé seo le deich mbliana anuas.
slán safe, all in one piece
" Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am.
slán all in one piece
" Tá Balor, agus an Bould O Donoghuer, i ndiaidh pilleadh slán ó mhná fiánta Mhilwaukee ar ais.
in éineacht all in one
" Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.
fuadar faoi all go, in a rush
" Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
Níl fuadar ar bith faoin there’s no rush at all in regard to
" Níl fuadar ar bith faoin phróiseas le státseirbhísigh a cheapadh a bheadh ábalta feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla, dar le Breandán Delap