Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Allmhairíonn import
" Allmhairíonn Cargills, comhlacht Meiriceánach, gráinne GM ó na Stáit Aontaithe tríd an mhuileann atá acu ag dugaí Learphoill agus bíonn léirsiú ansin go minic.
Allmhairíonn an tír seo this country imports
" Allmhairíonn an tír seo 90% dá cuid fuinnimh.
arm agus armlón a allmhairiú to import arms and ammunition
" An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú.
allmhairiú ceoil importing of music
" Sin é an bealach atáimid” a deir sí ag trácht ar an allmhairiú ceoil.
allmhaireofar shall be imported
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
allmhairiú to import
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
allmhairiú import
" Tharla doirtí móra ola a thruailligh uisce óil agus limistéir iascaireachta is feirmeoireachta, rud a d’fhág go raibh ar na hOgoni bia a allmhairiú.
allmhairiú import
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
allmhairithe imported
" Geallann na dathanna aduaine seo deireadh ár n-andúile i bhfoinsí fuinnimh allmhairithe, mar is íomhá dath bréige é seo a léiríonn cumhacht na dtonn timpeall chósta na hÉireann.
a allmhairiú to export
" Stáisiún Ginte Eithneach? ============ Má chuirtear chuige i gceart, an bhfuil aon chúis ar domhan ann nach féidir linn an bonneagar céanna a chur ar bun in Éirinn? Nó an é go bhfuil sé in am againn díospóireacht a bheith ann faoi stáisiún cumhachta eithneach a thógáil sa tír? Ní hamháin go bhféadfaí brath ar an soláthar fuinnimh dá mbeadh stáisiún eithneach dár gcuid féin againn ach ní bheadh orainn an méid céanna fuinnimh a allmhairiú.
allmhairí go leor many imports
" Ciallaíonn an athluacháil seo go bhfuil allmhairí go leor níos saoire ná táirgí áitiúla, agus go bhfuil na tionscail onnmhairithe faoi mhíbhuntáiste iomaíochta dá bharr.
don allmhairiú arm in the importation of arms
" De bhunadh Éireannach (Cúil Raithin) agus mac ministéara Preisbitéirigh, maíonn staraithe go raibh polasaithe an Pháirtí Choimeádaí idir 1912-1914 cóngarach do shárú bhunreacht (neamhscríofa) na Breataine, frí thacaíocht s'acu don UVF, don allmhairiú arm agus do Cheannairc an Churraigh.
fuinseog allmhairithe imported ash timber
" Táirgtear 350,000 camán in Éirinn gach bliain agus is as fuinseog allmhairithe a dhéantar 65% díobh.
allmhairíodh imported
" Go dtí 1865 (nuair a cuireadh deireadh le sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe i gcoitinne), allmhairíodh breis agus leathmhilliún sclábhaithe Afraiceacha go dtí ceantar na Stát Aontaithe.
allmhairiú saor cheap import(s)
" Baineann a dheacrachtaí féin le haon tionscal a thabhairt chun cinn go rábhach nó buailfear na tionscail eile in aice láimhe trí allmhairiú saor ina n-aghaidh, agus ar bhealaí eile, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil.