Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amhail is gur aisteoir amaitéarach é as if he were an amateur actor
" Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é.
stádas amaitéarach amateur status
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha professional and amateur artists
" Tá saothar ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha le feiceáil ann, rud a thugann an-deis dóibh siúd nach bhfuil fadbhunaithe a saothar a thaispeáint taobh leis an dream a bhfuil aitheantas bainte amach acu go forleathan cheana féin.
amaitéaracha agus gairmiúla amateur and professional
" Tá meascán d'ealaíontóirí amaitéaracha agus gairmiúla sa chumann agus idir Bhéarla agus Ghaeilge in úsáid ina gcuid tionscadal.
dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil amateur and professional boxing
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
grúpaí amaitéaracha amateur groups
" Cheana, bhíodh drámaí Gaeilge á léiriú ag grúpaí amaitéaracha, cumainn drámaíochta is a leithéid, a bhí an-mhaith ina slí féin ach dáiríre nach raibh an t-am acu is dócha barr feabhais a chur ar cheird na haisteoireachta.
amaitéaracha amatuer
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
amaitéaraigh amateurs
" ) ná an traenáil a dheineadh amaitéaraigh scór bliain ó shin, ach mar sin féin tá an t-athrú ar chruth na n-imreoirí an-suntasach.
péintéir amaitéarach amateur painter
" Bhí a hathair Mark, ar péintéir amaitéarach é féin, ag obair ar shaothar dá chuid agus thosaigh an lapadán ag léiriú suime ann.
éiteas amaitéarach amateur ethos
" Beidh sé deacair éiteas amaitéarach a chothú san atmaisféar sin.
cuma an-amaitéarach very amateurish appearance
" ” Dúradh i go leor de na léirmheasanna go raibh cuma an-amaitéarach ar an chlár, i gcomparáid lena mhacasamhail sa Bhreatain.
mar dhornálaí amaitéarach. as an amateur boxer.
" Cé go raibh bua na líníochta aige, bhí postanna éagsúla aige i dtús a shaoil; chaith sé seal ag obair mar bhaincéir, cuir i gcás, mar scríbhneoir drámaí agus mar dhornálaí amaitéarach.
iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach. professional and amateur journalism.
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach.
amaitéarach amateur
" Tá sé ráite acu siúd atá eolach mar gheall ar dhornálaíocht na mban gurb í Katie an dornálaí amaitéarach mná is fearr, punt ar phunt, ar domhan.
taiscéalaithe amaitéaracha amateur prospectors
" Ní hamháin sin, ach thosaigh taiscéalaithe amaitéaracha ag tochailt go rúnda ar a fheirm agus iad ar thóir an leabhair úd.
cuma amaitéarach an amateur appearance
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain the British amateur boxing champion
" Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain.