Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amanna áirithe certain times
" Ansin bhí orm an guthán a fhreagairt, agus bhí sé an-ghnóthach ag amanna áirithe den lá.
bhínn uaigneach in amanna I used to be lonely sometimes
" Ach bhíodh sé deacair orm bheith i bhfad ó mo mhuintir - bhínn uaigneach in amanna.
ag buaic-amanna féachana at peak-viewing times
" Tá sí dóchasach go gcraolfar na cláracha a dhéanfaidh an ciste a mhaoiniú ag buaic-amanna féachana.
amanna áirithe certain times
" Tuairiscítear, mar shampla, go bhfuil cinn i dTír Chonaill nach bhfuil ag oscailt anois ach ag amanna áirithe agus laethanta áirithe fiú.
ag amanna cinniúnacha, at crucial times,
" Bhí sé de mhí-ádh orthu go raibh triúr de na himreoirí ab fhearr in easnamh ag amanna cinniúnacha, go mór mhór i 1979 de bharr timpiste bóthair, imreoir curtha den pháirc agus imreoir imithe ag imirt le Manchester United.
casta in amanna, complex at times
" Tá na rialacha a bhaineann leis na raonta rothar sa tír seo casta in amanna, agus ní bhíonn sé soiléir cé aige a bhfuil an ceart slí Ní hamháin go gcuireann leagan amach na raonta rothar mearbhall ar dhaoine, ach bíonn sé doiléir freisin cad iad na hamanna ar féidir úsáid a bhaint astu.
amanna cúlaithe times of recession
" Deir an billiúnaí Warren Buffett gur in amanna cúlaithe mar seo, nuair a thránn an taoille airgeadais, go bhfaigheann muid amach cé a bhí ag snámh lomnocht.
in amanna by times
" Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.
amanna times
" Ach amanna nuair a bhím ag na margaí feirmeoirí, bíonn sé deacair meacain bheaga salacha a cheannacht, nach bhfuil fágtha ach dealgáin uair amháin a bhainfidh tú an lábán agus craiceann díofa.
in amanna at times
" Cuireadh go mór le tionchar an ráitis nuair a shínigh dáréag é, dáréag duine a bhí ar a seal ina nAstrálach na Bliana, in amanna cheana.
in amanna éagsúla at various times
" Ach in amanna éagsúla filleann Fionn Mac Cumhaill ag féachaint an bhfuil sé tráthúil do na Fianna teacht ar ais.
tochtmhar in amanna sad at times
" Bhí an chaint thar a bheith suimiúil agus tochtmhar in amanna agus í ag caint ar fhaopach mhná an Chongó agus in áiteanna eile ar fud na cruinne, An Tíomór Thoir, Peiriú, srl.
mar a bheirtear air in amanna as he’s sometimes called
" Apacailipsis Eoin is ea an leabhar sin, nó Leabhar na dTaibhreamh, mar a bheirtear air in amanna.
casta, in amanna complicated at times
" Bíonn sé casta, in amanna, nuair a cheannaíonn duine carr ar athláimh.
in amanna at times
" Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin in amanna leis an leagan éithigh seo a chur in iúl.
caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo we must change this word at times like this
" Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce ============= Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideora – fir amháin, mná amháin nó fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachta – agus a thugann rogha don úsaideoir – caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí nó le crois.
In amanna at times
" " In amanna, oibríonn an cheannródaíocht, amanna eile, ní oibríonn ach is éigean, agus tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine cosúil le hÚna sásta dul sa fhiontar.
amanna éagsúla various times
" Faraor, níor bhain Preston rud ar bith ón Chorn FA i 1938, ach tá neart staire ag baint leis an chumann, rud tábhachtach don iarsmalann! Tom Finney, Bill Shankly, Tommy Docherty, bhí siad uilig ar fhoireann ‘North End’ ag amanna éagsúla.
in amanna occasionally
" Tar éis an tsaoil, má chuaigh an rialtas seo amú in amanna, agus má bhí sé míchumasach go minic, ní féidir a rá faoi gur chuir sé an tír ar bhealach a scriosta.
thar a chéile in amanna overlap at times
" Cé nach bhfuil ‘stair i gcoitinne’ ag Éirinn agus Sasana, téann stair na dtíortha thar a chéile in amanna (dúirt sé).
cruinnithe boird in amanna board meetings at times
" Dá olcas caighdeán na díospóireachta ag na cruinnithe boird in amanna, ar a laghad bhíodh guth ag an phobal i roghnú na gcomhaltaí.