Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
Bhí sé seo amhlaidh this was so
" Bhí sé seo amhlaidh de bharr go raibh cáil bainte amach ag Simpson mar imreoir proifisiúnta peile den scoth agus mar aisteoir.
go bhfuil sé sin amhlaidh that that is the case
" Is léir go bhfuil éasclínte sa chóras rialtais i Sasana agus ní ar na hÉireannaigh atá an locht go bhfuil sé sin amhlaidh!
déanamh amhlaidh do the same
" Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas? Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
tá sé seo amhlaidh this is the case
" Nuair a bhíonn daoine go mór faoi mhíbhuntáiste agus beo ar an ghannchuid, is minic a théann siad i dtuilleamaí na coireachta agus tá sé seo amhlaidh i gcás na nAlbánach go háirithe, a bhfuil a *mafia* gach pioc chomh dainséarach leis an cheann dúchasach Iodálach.
Más amhlaidh atá if that's the case
" Más amhlaidh atá, sílim féin go pearsanta gur seo an míbhuntáiste is mó a d'eascair ó thoradh an toghcháin agus dúnmharú Pim Fortuyn.
níl sé seo amhlaidh this is not so
" níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
amhlaidh the same
" isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001.
déanamh amhlaidh to do the same
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
ní hamhlaidh atá sé it's not the same
" Ach ó thaobh na cánach de, ní hamhlaidh atá sé nó tá na comhlachtaí ollmhóra mar Siemens agus BMW saor ó cháin.
Más amhlaidh if it is the case
" Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
Rinne muid amhlaidh we did so
" Rinne muid amhlaidh ar mhaithe le roinnt léitheoirí a bhfuil a gcáiréis féin acu.
amhlaidh true
" Tá an rud céanna amhlaidh i gcás mhuintir na Gaeltachta - tá timpeall 25% a labhraíonn í go laethúil; 30% a mbíonn teagmháil acu léi ó thaobh raidió agus teilifíse de agus a dhéanann cumarsáid inti anois is arís; an chuid eile, ní labhraíonn siad í beag ná mór.
amhlaidh the same
" Bhí an scéal amhlaidh 40 bliain ó shin agus, in ainneoin iarrachtaí agus scéimeanna fánacha idir an dá linn, is beag atá tar éis athrú.
An bhfuil sin amhlaidh is that so
" An bhfuil sin amhlaidh i gcás Neil Martin? An bhfuil an próiseas cruthaitheach chomh simplí sin? "Ní shílim go gcumtar ceol amach as folús," ar sé.
is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat it becomes clearer that you have little understanding of it
" "Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
go bhfuil cúrsaí amhlaidh that things are so
" Níl locht ar Chill Chainnigh go bhfuil cúrsaí amhlaidh.
amhlaidh the same
" Tá cuntais agus scéalta le fáil a chruthaíonn go raibh an Ghaeilge á labhairt ag muintir na hÉireann i Meiriceá thar na cúpla céad bliain seo a chuaigh thart, agus tá an scéal amhlaidh sa lá inniu.
Ach an amhlaidh atá sé? But is that how things are?
" Ach an amhlaidh atá sé? Éileamh ======= De dhéanta na fírinne, tá an-éileamh ar cheol i nGearmáinis riamh anall ach é a chur ar fáil don lucht éisteachta.
Is amhlaidh an scéal it's the same story
" Is amhlaidh an scéal don lucht gnó, ar a laghad lucht ghnó na heitlíochta.
ní hamhlaidh atá it is not the same
" B'fhéidir go bhfuil a gcuid gunnaí tugtha uathu ag an IRA, ach ní hamhlaidh atá i gcás dílseoirí paraimíliteacha ar chabhraigh baill áirithe de sheirbhísí rúnda na Breataine leo líon mór arm a thabhairt isteach sna hochtóidí.
rud nach raibh amhlaidh something which was not true
" ) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan – rud nach raibh amhlaidh – agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
amhlaidh the same
" AÓF: Is féidir leis an amhránaí a bheith i bhfoirm mhaith nó i ndrochfhoirm sna cúig nóiméad atá aige/aici leis an amhrán a chasadh, ach nach féidir le rudaí a bheith amhlaidh don mholtóir chomh maith céanna? An gceapann tú go mbíonn daoine ag súil leis an iomarca ó mholtóirí scaití, is é sin go mbeidís foirfe i gcónaí? LÓM: Aontaím leat ar fad.
amhlaidh the same
" Is dócha go mbeidh an scéal amhlaidh don eaglais i dtíortha eile má chuirtear an treoir i bhfeidhm, mar nach féidir léi riail amháin a bheith aici sna Stáit Aontaithe gan í a leagan síos mar threoir i ngach áit eile.
Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh? How can that be so?
" “Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh?” a d’fhiafraigh mé dó.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
ní hamhlaidh don aos óg it is not so in the case of the young people
" Fiú má tá Gearmáinis ag an tseanghlúin, ní hamhlaidh don aos óg.
Má dhéanann muid amhlaidh if we do that
" Má dhéanann muid amhlaidh, ní bheidh muid ach ag aisíoc na fáilte a cuireadh romhainn féin nuair a bhí muid i bhfad as baile, dearóil go minic agus gan dóchas.
Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? Why was this so?
" Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? “Easpa tuisceana ar an meán féin.
Ní bheadh sé amhlaidh it wouldn't be so
" Ní bheadh sé amhlaidh gan stailc ocrais 1981.
An amhlaidh an cás sna ranna eile? Is the situation the same in the other departments?
" An amhlaidh an cás sna ranna eile? Más ea, níl ann ach gur fhill an feall ar an fheallaire.
déanfaidh siad amhlaidh they will do so
" Tá sé de nós ag go leor daltaí scoile aicearra a thógáil ó thaobh staidéir de más féidir leo; má chiallaíonn sin teanga nó teangacha a fhágáil ar leataobh, déanfaidh siad amhlaidh.
amhlaidh so
" Bhí a mhacasamhail de scéal amhlaidh ó thuaidh le linn na dTrioblóidí.
Níl sé sin amhlaidh i gcás na teanga. That's not so in the case of the language.
" Níl sé sin amhlaidh i gcás na teanga.
go bhfuil sé sin amhlaidh that that is so
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil sé sin amhlaidh na go bhfuil an eaglais agus an reilig á n-úsáid go fóill.
bíodh amhlaidh let that be so
" Má chuireann seo iontas ar an léitheoir, bíodh amhlaidh.
amhlaidh the same
má leanann an scéal amhlaidh if things continue like that
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
Ach ní hamhlaidh atá ag an móramh. But that's not the case with the majority.
" Ach ní hamhlaidh atá ag an móramh.
thar am déanamh amhlaidh about time to do the same
" Ós rud é go bhfuil a leithéid de chosc i bhfeidhm in Éirinn, san Iodáil, sa bhFrainc agus i dtíortha nach iad, cheap a lán daoine go raibh sé thar am déanamh amhlaidh sa nGearmáin.
amhlaidh the same
" An raibh sé amhlaidh do Martin agus é ag fás aníos san Oileán Úr? “Bhuel, ní raibh an pacáiste iomlán agam,” ar sé, “mar gur bhog m’athair ó áit go háit cuid mhór mar gheall ar a chuid oibre.
is amhlaidh an scéal it's the same story
" Intreoir atá i gceist le sraith sin na máistrí agus is amhlaidh an scéal i gcás leabhar Mhic Uistín.
Dhein amhlaidh. That's what happened.
is gá é a bheith amhlaidh domsa. it needs to be like that for me.
" Ach cé go mbíonn tú leat féin, is gá é a bheith amhlaidh domsa.
agus nach ndéanann siad amhlaidh and that they don't do the same
" É sin ráite, d’fhéadfaí cur i leith na meán go dtéann siad thar fóir go minic agus tuairisciú á déanamh acu ar thrialacha móra míchlúiteacha – agus nach ndéanann siad amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail.
Bhí cúrsaí amhlaidh Things were the same
" Bhí cúrsaí amhlaidh i ndiaidh an dara agus tríú poll.
Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? And why is it so
"Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
déanamh amhlaidh do the same
" Más féidir le Dempsey aerbhealaí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath a shábháil, cén fáth nach féidir leis déanamh amhlaidh i gcás na Sionainne? Mar a dúirt Michael Halpenny, ón gceardchumann SIPTU, le gairid: "Either the Government is powerless to protect our other major hubs or it can save Shannon.
An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? is it so that a decision was made not to do it
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
Rinne mise amhlaidh, I did that,
" Rinne mise amhlaidh, agus is cúis náire dom é.
Ní hamhlaidh an scéal it isn't so
" Ní hamhlaidh an scéal agus tugann Ware cur síos ar cad is fáidh ann: “ba é gnó an fháidh léirmheas a dhéanamh ar an tsochaí timpeall air .
is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh. the more it is clear to me that it will be that way
" Dá mhéad a smaoiním air, is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh.
a rinne mé amhlaidh that I did this
" Ba é seo an dara bliain a rinne mé amhlaidh agus is mór an onóir dom é cuireadh mar seo a fháil le bheith i mo mholtóir.
Má dhéanann tú amhlaidh, if you do that,
" Má dhéanann tú amhlaidh, ní bheidh an t-aisteoir compordach leis an méid atá ar siúl aige agus ní bheidh an greann chomh héifeachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith.
dá ndéanfaimis amhlaidh. if we did that.
" Leac chuimhneacháinNuair a d'iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt sé go mbeadh sé lánsásta dá ndéanfaimis amhlaidh.
An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor is it so that the product is not good enough
" Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.
dá ndéanfaimis amhlaidh! if we did just that!
" Bí ag caint ar fhéinmheas agus ar dhínit a chailleadh! Bhí cuid mhaith de na daoine a raibh mé in éineacht leo ag rá gur chóir dúinn é a dhéanamh nocht – ní bheadh sé mórán níos measa dá ndéanfaimis amhlaidh!Chlis an méid beag teicníce a bhí agam orm, agus cuireadh i rang mé.
gurb amhlaidh atá cúrsaí that things are the same
" Spórt na bhfear atá faoi chaibidil agam anseo, ach gach seans gurb amhlaidh atá cúrsaí ó thaobh spórt na mban de, cé go mb’fhéidir nach bhfuil feidhmeanna na mball leagtha amach chomh soiléir céanna i gcás na mban.
Is amhlaidh atá sé that is how it is
" Is amhlaidh atá sé i gcás Davecat, ar teicneoir saotharlainne é ó Detroit i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is amhlaidh atá sé it is the same
" Is amhlaidh atá sé i gcás an Spáinnigh.
go mbeadh sé sin amhlaidh. that that should be so.
" Tá sé riachtanach go mbeadh sé sin amhlaidh.
is amhlaidh is lú an seans there is less of a chance
" Dá laghad coisithe agus rothaithe atá ann, is amhlaidh is lú an seans go dtógfar cosáin nó lánaí faoi leith dóibh.
ba amhlaidh a bhí sé that was the way it was
" Go deimhin, ba amhlaidh a bhí sé i 1980 nuair a sheas Ted Kennedy in aghaidh Jimmy Carter d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh.
An amhlaidh was it that
" Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin? Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
Is amhlaidh go It happens that
" Is amhlaidh go bhfuair “an t-iarrthóir frithchogaidh” maoiniú flaithiúil ó mhuintir Crown as Chicago, a rinne cuid mhaith dá chuid $3.
Ba amhlaidh it was a case (of)
" Ba amhlaidh gur de bharr gur chairde leis a bhí iontu a ceapadh iad, a dúirt sé! Léargas grinn ab ea é sin den dóigh a fheidhmíonn boird stáit na tíre seo.
ní hamhlaidh not so
" Is as Éirinn atá mé ag scríobh i láthair na huaire, áit a mbíonn luas an tsaoil rud beag níos moille de ghnáth ná mar a bhíonn i SAM, ach mar atá a fhios againn ar fad, ní hamhlaidh a bhíonn an scéal um Nollaig.
amhlaidh so, such
" Rinneadh amhlaidh agus d’éirigh thar cinn leis an bplean.
tá an scéal amhlaidh it's still the same
" Dochar na heitilte Fiú amháin agus an geilleagar ag cúlú go géar, tá an scéal amhlaidh.
a bheith amhlaidh to be in
" Fágann sé sin go bhfuil Éire ag deireadh píblíne gháis as tír a bhfuil géarchéim fuinnimh inti féin nach mór, agus gan amhras, is guagach a bheith amhlaidh.
Rinne amhlaidh he did so
ach gur amhlaidh but it's the case
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
Is amhlaidh such is the case
" Is amhlaidh gur tugadh an dramhaíl don mafia Iodáileach lena chur de láimh go saor.
amhlaidh (just) the same
" An té a bhí ag éisteacht le Máire Ní Chochláin ag labhairt ar Morning Ireland an mhí seo caite, cheapfadh sé gur inné a tháinig sí i gcumhacht agus tá an chuid eile acu, go léir, amhlaidh.
is amhlaidh an scéal é it is so
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
Níorbh amhlaidh é it wasn't so
" Níorbh amhlaidh é do mhuintir na láimhe láidre, áfach.
amhlaidh similarly
" amhail is a rá, má tá an duine aonair ag déanamh go maith, tá an pobal ag déanamh amhlaidh.
amhlaidh similarly
" Ba é deonachán polaitiúla de chuid Haim Saban, toicí Iosraelach na meán cumarsáide, a bhí i gceist aige a tharraingt siar mura ndéanfadh Pelosi amhlaidh.
ní hamhlaidh it's not the case
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
nach amhlaidh that such is not
" Is soiléire ná riamh, áfach, nach amhlaidh atá an scéal.
Is amhlaidh it is (rather)
" Is amhlaidh go laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
níorbh amhlaidh was not the case
" ” Cé gur mó cailín óg a mbíonn sé mar bhrionglóid aici a bheith ina mainicín, níorbh amhlaidh d’Étaoin é.
Níorbh amhlaidh unlike
" Níorbh amhlaidh é do dhaoine eile.
Is amhlaidh gur it came about that
" Is amhlaidh gur ghlac na hImazighen páirt thábhachtach i gconcas Moslamach na Spáinne san 8ú haois.
más amhlaidh if so
" ” Seans go bhfuil daoine ann a chreideann a leithéid ach más amhlaidh atá an scéal, céard a thugtar ar cheantar tíre cosúil le Ros Muc nó Rann na Feirste, ceantar ina úsáidtear Gaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide i measc formhór an phobail, mar gur teanga na háite í? Fíric Féachta Dúirt ionadaí ón eagraíocht Pobal os comhair an Chomhchoiste, go mba ‘fíric’ é go raibh an Ghaeilge níos láidre in oirthear na tíre ná mar atá sé in iarthar na tíre.
tá sé sin amhlaidh it's the same
" Taobh amuigh de réimse na rómánsaíochta a bhí á chleachtadh ag scríbhneoirí a linne, leithéidí Phádraig Mhic Phiarais agus an Athar Peadar Ó Laoghaire, mhair an réalachas i gcónaí agus ba iad cúrsaí an tsaoil ba thábhachtaí do dhaoine; tá sé sin amhlaidh sa lá atá inniu ann freisin agus beidh go brách.
níl sin amhlaidh that’s not so
" Síleadh lá den tsaol go raibh leanaí óga neamhréasúnach agus mímhorálta, ach níl sin amhlaidh feasta.
Ní hamhlaidh not so
" Ní hamhlaidh le Brendan Behan, áfach, mar ní maith le Roddy Doyle a “íomhá” mar *“the hard drinking Irish writer.
amhlaidh in such manner
" Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh.
is amhlaidh is fearr é better again
" Dá mhéid an réimse atá ann is amhlaidh is fearr é, ach san am céanna tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán maith ann ó thaobh ábhar an leabhair, ó thaobh eagarthóireachta, ó thaobh dearadh agus más féidir, ó thaobh díolaíochta agus dáiliúcháin.
Is amhlaidh it’s a matter
" Is amhlaidh, áfach, nach gcosnaítear na cearta sin mar ba chóir.
amhlaidh in such manner
" Is cosúil go leanfaidh an scéal amhlaidh go dtí lár an chéid seo ar a laghad (ina dhiaidh sin ag Dia atá a fhios céard atá i ndán dúinn).
Ach is amhlaidh but in fact
" Ach is amhlaidh a bhaineas amach mo dheartháir, Dónall, thall i Sasana.
Is amhlaidh in fact
" Is amhlaidh gurbh í an stair a tharraing Anna i dtreo na Gaeilge ar an gcéad dul síos agus í ina hiníon léinn i gcathair Lublin in oirthear na Polainne.
Ní hamhlaidh not so
" Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.
amhlaidh the same
" Má tá Lynch agus a chomhleacaithe ciontach as an fheall sin a imirt, rinne Charlie McCreevy amhlaidh nuair a d’fhógair sé go gcaithfeadh sé a raibh aige.
nach amhlaidh atá that that isn’t the case
" Is léir ón bhorradh atá tagtha faoi líon na bpáirtithe beaga agus faoi líon na dTeachtaí neamhspleácha nach amhlaidh atá.
gurb amhlaidh an scéal that such was the case
" Ba léir óna chuid cainte nár chreid sé gur eisceacht a bhí sa Roinn Oideachais agus gurb amhlaidh an scéal i gcuid mhaith ranna rialtais agus eagrais stáit eile.
ag déanamh amhlaidh doing likewise
" Cé gur duine é seo a bhfuil an-eolas aige ar thimpeallacht na mara, facthas dom go raibh teaghlaigh agus daoine eile go leor amuigh ag déanamh amhlaidh, agus leis an líon sin oisrí a bhí os ár gcomhair, níor ghá le haon oiliúint faoi leith ach a bheith airdeallach ar an taoide.
déanfaidh siad amhlaidh they’ll do so
" A fhaid is a cheapann siad gur féidir an fhuil a shú as muintir na tíre seo, déanfaidh siad amhlaidh, agus an dream a thiocfaidh i ndiaidh Fianna Fáil agus na nGlasach, is cosúil gur Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bheidh sa rialtas, tá siad súd le leanúint ar aghaidh leis na polasaithe céanna.