Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amhráin dhúchasacha native songs
" Club amhránaíochta atá ann a thugann deis do dhaoine amhráin dhúchasacha a chloisteáil agus a chasadh.
chumadóir amhrán songwriter
" Tá Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar chumadóir amhrán le blianta fada anois agus deir sé nár éirigh leis ach fíorbheagán airgid a dhéanamh riamh.
a rogha amhrán any songs he liked
" Deir Spillane go raibh saoirse iomlán aige a rogha amhrán a chur ar an albam ach gur mhol an comhlacht léiritheoir dó.
an líon céanna amhrán the same number of songs
" Is é an t-albam is mó dá cuid go dtí seo a raibh éileamh air ná *A Stór is a Stóirín* de bharr réimse chomh leathan sin amhrán a bheith le fáil air, ocht n-amhrán déag do pháistí agus an líon céanna amhrán do dhaoine fásta.
cumadóir amhrán song writer
" " Chuir Peadar Tadhg Mac Dhonnagáin as Maigh Eo, cumadóir amhrán do dhaoine fásta agus do leanaí, i dteagmháil le Nikki i 1998.
na hamhráin ab ansa léi the songs she liked best
" " Gan mhoill i ndiaidh a bua san Oireachtas, rinne Gearóidín na hamhráin ab ansa léi a thaifeadadh agus d'eisigh Cló Iar-Chonnachta iad ar an albam *Ar Fhoscadh na gCnoc*.
a chumadh amhráin who used to write songs
" Agus na hamhráin a tháinig ón áit sin bhídís á gcanadh i gCúil Aodha agus bhí daoine i gCúil Aodha leis a chumadh amhráin, mar sin de bhí an traidisiún dátheangach ann.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
Cumann tú amhráin freisin you also write songs
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
ag comhscríobh amhrán co-writing songs
" " Chomh maith le bheith ag cumadh dánta, tá de Paor ag comhscríobh amhrán lena sheanchara scoile, an t-amhránaí John Spillane, le roinnt mhaith blianta anois fosta.
an gComórtas Amhrán Eoraifíse The European Song Contest
" Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha.
chumadóirí amhrán songwriters
" Fuair sé tairiscint ón gcomhlacht ceirníní ollmhór Sony tar éis dó a bheith ag seinm ag ceann d'oícheanta Dave Murphy do chumadóirí amhrán san International Bar i mBaile Átha Cliath.
ag canadh amhrán seicteach singing sectarian songs
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh an t-abhcóide conspóideach (agus leaschathaoirleach Rangers), Donald Findlay, a thaifeadadh ag canadh amhrán seicteach ag cóisir.
na hamhráin a dheisiú to fix the songs
" Jaib s'agamsa, sin a thabhairt le chéile - na hamhráin a dheisiú nó a leigheas, mar a déarfá.
stór ollmhór amhrán massive store of songs
" Thug sé cuairt ar amhránaí aosta de chuid an oileáin, Séamas Ó Mianáin, i 1984 agus chuir sé iontas an domhain air an stór ollmhór amhrán a bhí aige.
téim ar thóir leaganacha den amhrán I go looking for versions of the song
" Tugaim taitneamh d'amhrán a chloisim agus téim ar thóir leaganacha den amhrán.
amhrán áithrid a certain song
" Nuair a bhím ag caint le duine ar amhráin agus molann duine amhrán áithrid, as feabhas a chuid filíochta nó an t-ábhar nó an fonn atá ag gabháil leis, téim ar thóir leagain den amhrán sin.
do chuid féin a dhéanamh d'amhrán to make a song your own
" AÓF: An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? ÉÓD: Ní thógann sé achar ar bith an t-amhrán a fhoghlaim mar phíosa filíochta ach is scéal eile ar fad do chuid féin a dhéanamh d'amhrán go mbeidh tú in ann é a fhuint agus a chasadh ar do chompord agus go nádúrtha, agus áilleacht an amhráin a thabhairt chun tosaigh.
ag roinnt amhrán sharing songs
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
stór breá amhrán a fine store of songs
"stór breá amhrán aici agus múineann sí na hamhráin do pháistí an cheantair.
an t-amhrán is ansa liom my favourite song
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith a sciobann do chroí? ÉÓD: "Eileanóir na Rún" an t-amhrán is ansa liom.
is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama there will be more interest in the songs with the passing of time
" Is breá le daoine amhráin agus is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama.
ag tochailt amhrán digging up songs
" Téim ag tochailt amhrán as mo cheantar ó fhoinsí éagsúla, cartlann cheoil RTÉ, abair, Raidió na Gaeltachta agus dá réir sin.
a chum amhráin who wrote songs
" Ach tá muid ádhúil go bhfuil agus go raibh filí ealaíonta againn a chum amhráin agus a d'fhág oidhreacht chomh luachmhar sin againn.
amhrán náisiúnta national anthem
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
cumadóir amhrán composer of songs
" Labhair **Colm Ó Dúlacháin** leis an mhúinteoir ceoil, fidléir cáiliúil, cumadóir amhrán, agus scríbhneoir drámaí agus geamaireachtaí seo le gairid.
an t-amhrán ab áille the most beautiful song
" Mheas mé gurbh é an t-amhrán ab áille agus ba bhrónaí dár chuala mé riamh, ach níorbh fhéidir liom focal de a thuiscint, dar ndóigh.
mhórchuid na n-amhrán a scríobhaim most of the songs I write
" Baineann téamaí mhórchuid na n-amhrán a scríobhaim leis an gceantar sin, mar aon le troid na mbundúchasach i gcomhair féinrialtais, agus oidhreacht an Ghorta Mhóir i gCeanada.
cumadóir amhrán song-writer
" Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/cumadóir amhrán Peter O'Hanlon.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí songs function as vehicles
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil the unofficial national anthem
" Is leis an traidisiún céanna a bhaineann "Waltzing Matilda", an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil faoi ghadaí caorach a bháigh é féin i bpoll uisce nuair a bhí na póilíní sa tóir air.
na hamhráin luaidh the waulking songs
" Ach tá na hamhráin luaidh anois go mór i gceist agam.
mo rogha de thogha na n-amhrán grá my choice of the best love songs
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
abair amhrán sing a song
" “abair amhrán” an teideal a bhí air, is dóigh liom.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith ann a thaitníonn go mór leat thar aon cheann eile? MÓS: Táim an-mhór le “Róisín Dubh”.
níl aon bhaol ar na hamhráin the songs are not in danger
" Chomh fada is a dhéantar é sin, níl aon bhaol ar na hamhráin.
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: Mar éisteoir, an bhfuil aon amhrán ar leith a thaitníonn go mór leat? LÓM: Is breá liom a bheith ag éisteacht le hamhránaíocht ar an sean-nós, ar an raidió, nó ar téip nó dlúthdhiosca.
an-chuid amhrán a lot of songs
" AÓF: An raibh ceol ag do mhuintir féin, nó cé a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú i do ghasúr? CÓD: Níor sheinn mo thuismitheoirí, ach mhúin mo Mham an-chuid amhrán dúinn, ar scoil (múinteoirí bunscoile ab ea iad beirt) agus sa bhaile.
dosaen amhrán grinn a dozen humourous songs
" Tá cuid mhaith cumtha agat thar na blianta, nach bhfuil? CÓD: Tá dosaen amhrán grinn cumtha agam le tríocha bliain.
an t-amhrán ab ansa leis an bPápa the Pope's favourite song
" Ag deireadh craolta i Lublin d’fhan na sluaite le “Barka”, an t-amhrán ab ansa leis an bPápa, a rá.
an t-amhrán ab ansa leis an bPápa the Pope's favourite song
" Ag deireadh craolta i Lublin d’fhan na sluaite le “Barka”, an t-amhrán ab ansa leis an bPápa, a rá.
na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil to translate and understand the songs
" Bíonn siad ag iarraidh a bheith ábalta na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil.
bíonn athrá sna hamhráin go minic the songs often contain repetition
" Is iontach an rud é téama éigin, mar shampla, an grá, a leanúint trí na hamhráin chun stór focal a aimsiú nó a leathnú, mar bíonn athrá sna hamhráin go minic; cloistear na frásaí céanna arís agus arís eile.
riar amhrán a good number of songs
" Scríobh sé riar amhrán tráth, agus eisíodh caiséad dá chuid thart ar scór bliain ó shin.
rogha ceoil agus amhrán choice of music and songs
" AÓF: Le filleadh ar ais ar an dlúthdhiosca nua seo: Inis dom beagán faoin rogha ceoil agus amhrán atá air.
bunbhrí na n-amhrán the basic meaning of the songs
" Mhaígh a chuid cosantóirí gur chuir iriseoirí áirithe bunbhrí na n-amhrán as a riocht d’aon ghnó.
déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! he designs them himself and sings the songs between the lessons!
" Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! Ar bhord dhá eagraíocht Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
casann sí cúpla amhrán she sings a few songs
" Seinneann Siobhán O'Donnell as Sligeach an bodhrán agus casann sí cúpla amhrán freisin.
an rogha amhrán the choice of songs
" Maidir le Barry Gleeson, is breá liom an rogha amhrán atá aige ar a albam siúd, cuid acu nár chuala mé riamh cheana.
go mbíodh amhráin á gcumadh agam that I used to write songs
" Dúirt mo mháthair go mbínn ag canadh i gcónaí nuair a bhíos i mo pháiste agus go mbíodh amhráin á gcumadh agam an t-am ar fad.
comórtas cumadóireachta amhrán. a songwriting contest.
" Is dócha gur thuigeas go rabhas ábalta amhráin a chumadh nuair a bhíos trí bliana déag, nuair bhuaigh mé comórtas cumadóireachta amhrán.
amhráin a thaifeadadh to record songs
" uk/)) an stiúideo taifeadta is mó taobh amuigh de Londain agus rinne bannaí ceoil mar New Order, Pulp, The Charlatans agus The Beautiful South amhráin a thaifeadadh ansin.
ag canadh amhráin a chum sé don ócáid. singing a song she wrote for the occasion.
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
neart amhrán plenty of songs
" Bhíodh neart amhrán sa bhaile agus sa charr freisin.
amhrán a chumadh to write a song
" An bhfuil sé deacair amhrán a chumadh nó cén chaoi a dtugann tú faoi?* ENíC: Táim fós ag iarraidh freagra na ceiste sin a fháil! Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé.
Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach. I'm trying to let the song come out.
" AÓF: Nuair a bhíonn tú ag canadh céard leis a mbíonn tú ag éisteacht, taobh istigh de d'intinn féin? ENíC: Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach.
mothúcháin an amhráin the emotions of the song
" Bím ag iarraidh seasamh siar agus scéal nó mothúcháin an amhráin a ligean amach.
ar an amhrán cáiliúil on the famous song
" Chan mé agus sheinn mé ar a album *Innocence* agus tá sé féin ag canadh agus ag casadh an ghiotáir ar m’albamsa ar an amhrán cáiliúil de chuid Sandy Denny “Who knows where the time goes”.
an cosc ar chasadh an amhráin úd the ban on the playing of that song
" Ach bhí daoine eile a labhair faoi thuismitheoirí agus faoi ghaolta a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola agus a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse ar son na Poblachta, agus a dúirt, cuid acu ar aon nós, go raibh an t-am tagtha an cosc ar chasadh an amhráin úd a ardú.
amhrán poblachtánach a republican song
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin the local songs about their own area
" Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”.
gur chóir dúinn béim a leagan ar amhráin áitiúla that we should place the emphasis on local songs
" Ba é Paddy Berry a mhol i dtús ama gur chóir dúinn béim a leagan ar amhráin áitiúla mar gurbh iad sin na hamhráin a raibh spéis ag na páistí iontu.
focail a gcuid amhrán féin the words of their own songs
" D'iarr muid ar na hamhránaithe focail a gcuid amhrán féin a chur chugainn le cur i leabhrán.
Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca we recorded the songs on two CDs
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
an bailitheoir amhráin traidisiúnta, the traditional song collector,
" Ba é Hamish Henderson, an bailitheoir amhráin traidisiúnta, a mhol gur cheart di Robertson, sloinne a hathar, a úsáid.
bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc. including big ballads, humorous songs and love songs.
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
ag lorg amhrán, looking for songs,
" Ach nuair a thosaigh an Bothy Band agus nuair a bhí Tríona ag lorg amhrán, ag an phointe sin dúirt m’athair, ‘Gabh suas chuig Neilí go bhfeice tú - tá neart amhrán ag Neilí.
neart amhrán plenty of songs
" Ach nuair a thosaigh an Bothy Band agus nuair a bhí Tríona ag lorg amhrán, ag an phointe sin dúirt m’athair, ‘Gabh suas chuig Neilí go bhfeice tú - tá neart amhrán ag Neilí.
stór mór amhrán a great store of songs
" “Bhí stór mór amhrán ag a haintín, Máire John.
in ainm is an t-amhrán a chanadh supposed to sing the song
" Bhí Mícheál agus Dáithí in ainm is an t-amhrán a chanadh ach d’athraigh siad an cóiriú agus mheas siad go mbeadh sé níos fóirsteanaí do Mhaighread.
na cearta do na hamhráin the rights to the songs
" ” Chuir sé iontas ar Mhaighread go raibh na comhlachtaí ceoil ar fad sásta na cearta do na hamhráin a chur ar fáil don albam nua seo.
cén chaoi a gcumann Slide a gcuid amhrán. how Slide write their songs.
" ” Bhí spéis ar leith agam fáil amach cén chaoi a gcumann Slide a gcuid amhrán.
ag fiach amhrán hunting songs
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
amhrán náisiúnta national anthem
" amhrán náisiúnta na Nua-ShéalainneCé go smaoinítear ar an haka go príomha mar amhrán náisiúnta na tíre seo, tá dhá cheann oifigiúla acu, "God defend New Zealand" agus "God save the Queen".
amhrán de chuid na bhFear Buí, one of the Orangemen's songs,
" Thug sé caint i mBéal Feirste blianta fada ó shin inar léirigh sé go raibh Gaeilge in amhrán de chuid na bhFear Buí, Lilly Bolero: “lilí, ba léir ó, b’againn an lá.
cruth an amhráin the shape of the song
" Deacair orainn cruth an amhráin a tharraingt chugainn i gceart, áfach.
a d'aithin mé féin san amhrán that I recognised myself in the song
" Bíonn sé mar aidhm agam i gcónaí an mothúchán agus an tuiscint ar an gceol a d'aithin mé féin san amhrán a chothú i mo leagan féin.
go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil that songs from the various areas are more readily available
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
Spreagtar mé chun amhrán a fhoghlaim I'm motivated to learn a song
" Spreagtar mé chun amhrán a fhoghlaim ó bheith ag éisteacht leis an mothú, leis an mbrí, agus leis an gceangal atá idir scéal agus ceol an amhráin.
ag cur isteach ar an amhrán interfering with the song
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
cruth na n-amhrán the shape of the songs
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
amhrán searbh feargach a bitter angry song
" Is amhrán searbh feargach é agus tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de.
D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge. I grew up with songs in Irish.
" D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge.
go háirithe amhráin an tuaiscirt especially the songs of the north
" AÓF: An bhfuil aon amhrán Béarla cloiste agat ba mhaith leat a fhoghlaim? LMacM: Tá mé gafa ag cúpla ceann acu le déanaí, go háirithe amhráin an tuaiscirt - "Craigie Hill", mar shampla.
Foghlaimíonn siad na hamhráin, They learn the songs,
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile. while listening to the football song of their university.
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, a song whose title I cannot remember now
" Tá amhrán de chuid Led Zeppelin, amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, ar siúl sa chúlra.
An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú would you say that it is the native songs of Ireland only you sing
" AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú, nó an mbíonn tú ag casadh i stíleanna eile freisin? GB: Bím, go minic.
Bhí stór amhrán den scoth aici she has an excellent repository of songs
" Bhí stór amhrán den scoth aici cionn is go raibh feirm ag a teaghlach agus bhíodh daoine as achan cearn den tír agus as Albain i gcónaí ag teacht agus ag imeacht le bheith ag obair uirthi.
Thug na daoine seo amhráin leo these people brought songs with them
" Thug na daoine seo amhráin leo agus ba uathasan a fuair sí cuid de na hamhráin a bhí aici.
ar amhrán dúchasach de chuid Shasana é which was a native English song
" Amhrán Albanach is ea ‘A Beggar, A Beggar’, a cheolann Lizzie Higgins agus tá amhrán amháin ó Mheiriceá dar teideal ‘Henry Lee’, ar amhrán dúchasach de chuid Shasana é sular thrasnaigh sé an Atlantach.
ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin about the stories behind the songs
" Bhí suim mhór aige sa cheol agus san amhránaíocht, agus bhí eolas mór leathan aige ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin.
a bhí luaite sna hamhráin who were mentioned in the songs
" Bhí tuiscint aige ar na mothúcháin a bhí sna hamhráin go mór mór, agus d'amharc sé ar na daoine a bhí luaite sna hamhráin mar dhaoine a bhí beo agus a d'inis scéalta fríd amhráin.
iompróir amhrán carrier of songs
" B’ealaíontóir é Joe Éinniú agus bhí mise ag breathnú air mar amhránaí agus mar iompróir amhrán agus mar charachtar a bhí sách láidir leis na hamhráin seo a chur os ard, ar fud an domhain, d’fhéadfá a rá.
cúlra na n-amhrán a inseacht to tell the background to the songs
" Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine', mar a rinne sé go minic, 'a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig', rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.