Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amhránaí aonair solo singer
" Bhí rud beag drogaill air a bheith ina amhránaí aonair, áfach, agus nuair a fuair sé cuireadh a bheith ina bhall de Nomos, an grúpa óg fuinniúil traidisiúnta a bhí lonnaithe i gCorcaigh, ghlac sé leis.
Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat name some singers that you like
" AÓF: Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat agus cad iad na saghsanna ceoil a thaitníonn leat? DNíS: Is breá liom na hamhránaithe Meiriceánacha cosúil le Emmylou Harris, Dolly Parton agus Alison Krauss, ach fós is breá liom Kate Rusby ó Shasana, Niamh Parsons ó Bhaile Átha Cliath agus Mairead Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Altan.
Amhránaí bailéad den scoth excellent ballad singer
" Amhránaí bailéad den scoth é John a chan amhráin mar "Three-leafed shamrock" agus "Mulroy Bay".
i gcomhluadar amhránaithe in the company of singers
" Tá ceoltóirí ann nach gcaitheann aon am i gcomhluadar amhránaithe.
amhránaithe áitiúla local singers
" D'fhoghlaimíos iad ó amhránaithe áitiúla.
mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann like a country singer
" Bíonn an teiripeoir seo gléasta go maisiúil, mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann.
i láthair an amhránaí in the presence of the singer
" Cé gur fearr i bhfad a bheith i láthair an amhránaí is iontach an rud é a bheith in ann éisteacht in am ar bith le dlúthdhiosca.
rinne na hamhránaithe sealaíocht the singers took turns
" ” Ag an cheolchoirm, rinne na hamhránaithe sealaíocht ar pháirt an réamhchántóra.
scoth na n-amhránaithe excellent singers
" Bíonn scoth na n-amhránaithe ag triall ar an gclub, daoine mar Dhiarmuid Breathnach, Liam Mac Con Iomaire, Sean Garvey, Peadar Ó Ceannabháin, Róisín Elsafty, gan ach cúpla duine a lua.
file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil poet, philosopher, singer and famous musician
" Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil – Bruce Springsteen na Seapáine.
mar amhránaí go príomha mainly as a singer
" An gciallaíonn sé sin go mbreathnaíonn tú ort féin mar amhránaí go príomha seachas mar fhidléir? ENíC: Táim ag casadh ceoil ar an bhfidil agus ag canadh ó bhí mé an-óg chomh maith le babhta ar uirlis eile.
go mbreathnaím orm féin mar amhránaí that I look at myself as a singer
" Is dócha go mbreathnaím orm féin mar amhránaí na laethanta seo níos mó.
leis an amhránaí cáiliúil with the famous singer
" AÓF: Inis dom faoi do chuid oibre leis an amhránaí cáiliúil Luka Bloom.
cóir agus amhránaithe choirs and singers
" Beidh ceiliúradh córúil sa mhainistir ar Oileán Í a mbeidh cóir agus amhránaithe as Conamara páirteach ann agus ina dhiaidh sin canfaidh salmóirí as Oileán Leodhais.
chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga. she greatly influenced young singers.
" Agus í sna daichidí, bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí agus chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga.
an t-amhránaí mór le rá the well-known singer
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
amhránaithe singers
" ” I measc na gceoltóirí eile a bheidh páirteach san oíche mhór seo beidh an t-amhránaí agus giotáraí Mick Hanly, a bhí sa ghúpa Munroe le Mícheál, an fidléir Paddy Glackin, ar dhlúthchara le Mícheál é, agus na hamhránaithe Mary Black, Máire Ní Bhraonáin as Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh ón ghrúpa Altan, a bheas mar bhean an tí ar an oíche.
gur fhorbair sí mar amhránaí that she developed as a singer
" Ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt suas ach ní bheinn ábalta é a dhéanamh anois!” Deir sí go raibh éad uirthi le Tríona agus Mícheál nuair a bhí siadsan sa Bothy Band ach deir sí fosta gur dóigh léi gur fhorbair sí mar amhránaí ó bheith ag canadh léi féin i gclubanna i mBaile Átha Cliath mar an Tradition Club agus i gcinn eile ar fud na tíre.
le hamhránaithe iontacha to great singers
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
amhránaí singer
" AÓF: Agus chas tú corramhrán freisin agus tú ansin! TC: Sin eolas rúnda agus ba cheart é a choinneáil faoi rún! Ní amhránaí mé ar chor ar bith, ach chan muid chomh maith agus muid ansin.
amhránaí singer
" Chuir mé eolas ar amhránaíocht as áiteanna eile níos moille, go háirithe amhránaíocht Bess Cronin as Contae Chorcaí.
amhránaí clúiteach, famous singer
" Amhrán mór de chuid thuaisceart na tíre is ea ‘The Lisburn Lass’ a bhí ag an amhránaí clúiteach, Geordie Hanna.
leis an iliomad bannaí agus amhránaithe. with many bands and singers.
" Is ball den bhanna ceoil Capercaillie é Shaw mar aon le bheith ina léiritheoir ceirnín a bhfuil obair déanta aige leis an iliomad bannaí agus amhránaithe.
an t-amhránaí the singer
" Tá iriseoirí, polaiteoirí, aos dána agus oideachasóirí faoi agallamh – Catherine Foley ón *Irish Times*, an t-amhránaí Áine Ní Cheallaigh, polaiteoirí ar nós Bhairbre de Brún agus Mary Hanafin agus an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen.
amhránaithe singers
" Beidh Daithí Ó Sé – atá chuile áit na laethanta seo, is cosúil – mar fhear tí ar an oíche, agus i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, beidh na hamhránaithe Declan O’Rourke agus Fiach agus an banna ceoil Lir.
Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Lunny got to know the singer and musician
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
beirt amhránaithe den scoth, two excellent singers
" Deir Lunny gur onóir mhór a bhí ann a bheith ag obair le beirt amhránaithe den scoth, mar a bhí Tríona and Micheál Ó Domhnaill.
Amhránaí den chéad scoth an absolutely excellent singer
" Amhránaí den chéad scoth atá ann.
amhránaí agus rinceoir den scoth an excellent singer and dancer
" Cé nach bhfuil sí ach ocht mbliana d'aois, is amhránaí agus rinceoir den scoth í a bhfuil mórán duaiseanna buaite aici.
amhránaí cúnta vocal backing
" com/watch?v=P66j6e1xEC0 agus déanann siadsan amhránaí cúnta di go minic.
amhránaí singer
" Thug Dáithí ardmholadh ag an bpointe seo do *Percy Sledge* mar dhuine agus mar amhránaí agus sinn ag caint de leataobh ó na ceisteanna.
amhránaí singers
" html) Eagraíonn Nikki Ragsdale, saineolaí ríomhairí agus amhránaí ar an sean-nós, cúrsa deireadh seachtaine gach bliain sa Lárionad do na scórtha i "gCeantar na Bá" gur suim leo an Ghaeilge.
amhránaí oilte a trained singer
"amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.
t-amhránaí singer
" Chuir an t-amhránaí radacach Paul Robeson aithne ar mhianadóirí ón Bhreatain Bhig le linn dó a bheith i Showboat i mBaile Thiar Londain i 1934.
amhránaí ceannais lead singer
" Agus cad faoi vignette sotalach Ross MacMahon - amhránaí ceannais an racghrúpa óig Éireannaigh ‘*The Pieces of Shit*’(sic) a iarrann ar an sean-racréalta Cheyenne (Seán Penn) díolaim a léiriú dóibh.
amhránaí na buíne the group’s lead singer
" ” ‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
amhránaí iomráiteach famous singer
" ie/) An Cheist ==== **Cén ‘t-aisteoir agus amhránaí iomráiteach’ a chuir clár raidió Ghael Linn i láthair ar Raidió Éireann ar feadh na mblianta sna seachtóidí/hochtóidí (1970-80aidí)?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
an t-amhránaí iomráiteach the famous singer
" Bhí Kiernan pósta le Delia Murphy, an t-amhránaí iomráiteach, agus chuidigh sé sin go han-mhór leis an bhfeachtas cáil na hÉireann a fheabhsú in Canberra.
amhránaí singer
" ” Is léir nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta … “Nílim róthógtha le comórtais – tuigim an gá a bhaineann leis an Oireachtas agus an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine, ach níor mhaith liom go mbeadh aicme ealaíne ar nós amhránaíocht ar an sean-nós ag brath chomh mór sin ar chomórtais.
amhránaí cáiliúil a famous singer
" Ach cé hí Adele, le fírinne? Is amhránaí cáiliúil í Adele a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar an nguth mín, cumhachtach atá aici.
amhránaithe sean-nóis de chuid na cathrach the city’s traditional singers
" Sin ráite, bíonn fáil ar amhránaithe sean-nóis de chuid na cathrach le linn na hoíche le haird an lucht féachana a dhíriú ar ais ar an tsaíocht Ghaelach dhúchasach.
mar amhránaí i láthair na huaire as a singer at present
" Bailiúchán ceoil is ea é a léiríonn – ar nós ‘portráide’ is dócha –cá bhfuilim féin mar cheoltóir agus mar amhránaí i láthair na huaire agus pé forbairt atá déanta agam sa dá réimse seo.
réimse leathan amhránaithe a wide range of singers
" : Is ‘folkie’ go bunúsach mé! Éistimse le réimse leathan amhránaithe ó na traidisiúin tíre éagsúla.
file agus amhránaí iomráiteach a poet and a famous singer
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
ghin an t-amhránaí lucht leanúna the singer generated a following
" De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha.
mar gheall ar fheabhas na n-amhránaithe due to the excellence of the singers
" D’éirigh thar barr leis an choirm seo fosta mar gheall ar fheabhas na n-amhránaithe, áilleacht na n-aistriúchán (tá cuid Rosenstock le feiceáil ag roghaghabriel.
Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe Sean-Nós Singer-in-Residence
" Tá Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
amhránaithe salm psalm singers
" Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.
píobaire, amhránaí agus damhsóir seite piper, singer and set dancer
" Is píobaire, amhránaí agus damhsóir seite é Terry Moylan, atá ag obair mar chartlannaí leis Na Píobairí Uilleann.
an t-amhránaí Albanach the Scottish singer
" Tá Liz Curtis an-tógtha le cuid amhránaíochta Jeannie Robertson, an t-amhránaí Albanach a fuair bás breis is tríocha bliain ó shin.
amhránaí singer
" D’eisigh Geraldine Bradley, amhránaí as Contae Ard Mhacha, albam nua dar teideal (i)From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin(/i) le déanaí.