Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amhraí noble, distinguished people
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
iontais agus amhraí agus míorúiltí móra wonders and marvels and big miracles
" “Agus tarlóidh i bhfómhar na bliana sin go bhfeicfear iontais agus amhraí agus míorúiltí móra in Éirinn iathghlas.
deireadh brónach le gairm amhra. a sad end to a distingushed career.
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
bréaga amhra enormous (Platonic) lies
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.