Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an ghaoth a chur aníos to wind him
" Mhínigh Nuala di gur cheart cúpla ionsa bainne a thabhairt dó agus ansin é a chur ina shuí suas agus iarracht a dhéanamh an ghaoth a chur aníos.
síos agus aníos dhá thaobh an tábla along both sides of the table
" " Shuigh an t-athair agus an mháthair ag dhá cheann an tábla agus cuireadh na cuairteoirí agus an chlann síos agus aníos dhá thaobh an tábla.
ag séideadh aníos tríothu blowing up through them
" Bíonn an fharraige ag séideadh aníos tríothu sa gheimhreadh.
a bhrúchtann aníos which wells up
" "Is rud neamhaí í an fhilíocht," a deir sé, "a bhrúchtann aníos nuair is mian le duine rud éigin álainn a chur in iúl.
ag éirí aníos growing up
" " Tá go leor eachtraí a tharla dó féin agus dá chairde agus iad ag éirí aníos i gcathair Chorcaí le fáil sa leabhar áirithe seo.
ag éirí aníos growing up
" Is í an Chantainis teanga dhúchais m'athar, ach níl sí ar a toil ag mo mháthair agus, dá bhrí sin, labhair an bheirt acu Béarla liom agus mé ag éirí aníos.
ag fás aníos growing up
" Ní raibh aon teagmháil agam leo ag an am sin, agus mé ag fás aníos i mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach.
á dtarraingt aníos pulling them up
" Bhí sí ag casadh os íseal in éindí liom, na focail ag teacht ar ais chun cuimhne di de réir a chéile, a cuid beola á dtarraingt aníos ó dhuibheagán na hintinne.
ag éirí aníos growing up
" Cé nach as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mhaebh, ní raibh sí rófhada uaidh agus í ag éirí aníos.
ag éirí aníos growing up
" Ní raibh ach baint an-bheag agam leis an nGaeilge agus mé ag éirí aníos amuigh anseo san Astráil.
ag gobadh aníos cropping up
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go leanfaidh a leithéid de thurasóir air ag teacht anseo ar mhaithe leis na hóstáin mhóra atá ag gobadh aníos go flúirseach ar fud na tíre mar a bheadh aicne ar éadan déagóra.
ag éirí aníos growing up
" ” Nicholas féin, bhí suim aige sna *showbands* agus sa phopcheol agus é ag éirí aníos ach ba mhó an dúil a bhí aige i mbuíonta céilí na linne agus, ina dhiaidh sin, The Clancy Brothers agus na grúpaí a lean iad.
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, growing up in west Belfast,
" Nuair a bhí mé féin ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael.
ag fás aníos growing up
" Bhí mé ag foghlaim na dteangacha sin agus mé ag fás aníos agus chuir mé suim ar leith sa teangeolaíocht agus sa litríocht.
ag éirí aníos. growing up.
" Is fidléir cáiliúil é siúd anois ach bhí píosaí d’fhidleacha agus de rudaí a bhain le fidleacha i gcónaí ar fud an tí nuair a bhí mé ag éirí aníos.
D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge. I grew up with songs in Irish.
" D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge.
ag éirí aníos growing up
" * Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
éirí aníos grow up
" Caithfidh muid éirí aníos go measartha gasta má tá muid chun todhchaí níos fearr a chruthú dár bpáistí.
ag éirí aníos growing up
" Tá cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
fás aníos growing up
" Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.
thig aníos arise
" Ina dhiaidh sin arís, tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad.
aníos from below
" Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.
Ag fás aníos growing up
" Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
aníos leis up along with it
" Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith.
fás aníos to grow up
" Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach.
ag teacht aníos ar catching up on me
" Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl.
céim aníos progress
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
ghlinneáil aníos to wind up
" Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
tháinig aníos le suggested, came up with the idea
" Is dóigh, mé féin a tháinig aníos le *Route 66* a dhéanamh mé féin, mar sin, .
Éalaíonn siad aníos they slip in
" Éalaíonn siad aníos as fo-chomhfhios an bhreathnóra.
aníos up
" Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu.
aníos cothrom le dáta up to date
" ) Níl mórán idir na teachtaireachtaí seo agus stádas a thabhairt aníos cothrom le dáta ar *Twitter*, nó ar *Facebook*, le difríocht tábhachtach amháin: láithreacht an úsáideora.
ón bhun aníos from top to bottom
" Séard atá i gceist, go n-athrófaí an córas geilleagair ón bhun aníos.
Ghlúin Aníos next generation
" An Ghlúin Aníos De réir mar a chuirfear le líon na gcainteoirí agus na léitheoirí Gaeilge, ardóidh líon an chodáin bhig sin a cheannós nuachtán Gaeilge.
fás aníos growing up
" Is cuimhin leis gur labhair a sheanmháthair agus na seandaoine eile a dteanga féin nuair a bhí sé ag fás aníos, ach gur athraigh siad go Béarla nuair a tháinig sé isteach sa seomra.
d'fhás aníos grew up
" Domsa, Eorpach a d'fhás aníos in Éirinn agus a raibh trí bliana caite aige sa Ghearmáin agus i Sasana, ní raibh amhras ar bith orm go mbeadh iompar poiblí Mheiriceá ar comhchéim le córais na hEorpa.
Tháinig tú aníos leis an tuairim you came up with the idea
" **SMM: Tháinig tú aníos leis an tuairim gur cheart rud éigin a eagrú sa Gyreum i gCo.
ag fás aníos growing up
" (Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin scéal do lá éigin eile.
éirí aníos to rise up
" An Chéad Toghchán eile ============== Tá ré chumhachta Fhianna Fáil thart ach d’fhéadfadh an Lucht Oibre deis a thabhairt dóibh éirí aníos arís trí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
ag fás aníos growing up
" Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.
éirí aníos to rise up
" An Chéad Toghchán eile ============== Tá ré chumhachta Fhianna Fáil thart ach thug an Lucht Oibre deis dóibh éirí aníos arís trí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael an iarraidh seo.
tháinig siadsan aníos they came forth
" Bunaíodh Coiste na Gaeilge agus tháinig siadsan aníos le moltaí conas dul i bhfeidhm ar an lucht gnó agus ar cheann de na moltaí sin, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge.
fhásfas aníos grow up
" Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear.
an ghlúin aníos the next generation
" Ach teangacha a bheith acu, in áit na haon teanga amháin, ní fios an leas a dhéanfaidh an ghlúin aníos don tír seo.
ag fás aníos grow up
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
fás aníos growing up
" Faoin am a bhuaileamar aeir ar RTÉ a hAon bhí tuiscint níos fearr agam ar chumhacht na hócáide tar éis fás aníos ó na putóga ionam.
ghlúin aníos next generation
" Ach chuir seanaois agus na tríoblóidí nua stad leis an traidisiún stairiúil seo thart ar 1970, cé go n-eagraíodh an ghlúin aníos deasghnáth iad féin, anois is aris.
Daonlathas ón mBonn Aníos democracy from the ground up
" Athnuachan Ghaeltachta agus an Daonlathas ón mBonn Aníos =============================== Má tá an Ghaeilge le tarrtháil mar theanga laethúil i measc an phobail, theastódh athnuachan sa Ghaeltacht ón mbonn aníos.
aníos from below
" Is aníos atá an t-éileamh ag teacht.
atá ag teacht aníos which you pick up, record
" Anois is scéal eile ar fad má théann tú amach ar an tsráid, caithfidh tú an rud a thógáil atá ag teacht aníos.
ag gobadh aníos projecting up
" Níl fúm ach scamaill agus sléibhte géara ag gobadh aníos as cosúil le hoileáin i bhfarraige bán, agus é seo go léir níos mó ná cilimeadair fúm.
ag fás aníos growing up
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
an ghlúin Gaeilgeoirí aníos the next generation of Irish speakers
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
ghlúin aníos generation growing up
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
tháinig aníos arose
" *“What is the charades action for video game?”* Ceist mhaith a tháinig aníos inár dteach lá Nollag.
Chaith seisean aníos he vomited
" Chaith seisean aníos iad ach níor chaith mise mé féin aníos.
dreapadh aníos climb out
" Ghortaigh buama Gearmánach cosa Jack agus ní léir go mbeidh sé in ann dreapadh aníos as an bpoll.
a d’eascair aníos which arose
" Thug Peter Johnston, Stiúrthóir BBC Uladh, an príomhaitheasc agus labhair sé faoi na dúshláin a bhí roimh na meáin chumarsáide faoi láthair agus an tábhacht a bhain leis an chraoltóireacht a d’eascair aníos ó fhoinsí dúchasacha.
ag fás aníos growing up
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
naisc aníos (throw) up links
" Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
scaoileann siad uisce aníos they leak
" Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc: - i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.
nach súnn uisce aníos which don’t soak up water
" Is daighsíní na gairis ii) - v) agus tuigimid nach mbeidh siad fadsaolach, má oibríonn siad ar chor ar bith, ach bheifeá ag súil le bróga a cheannach in Éirinn nach súnn uisce aníos den talamh ar nós múscáin, ar €140 go háirithe agus go fiú ar €70 féin fosta.
ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos drawing both heart and breathe up
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
aníos trí chláracha an urláir up through the floor boards
" Ag a naoi a’ chlog an oíche sin, aníos trí chláracha an urláir, céard a chloisfinn ach dordghlórtha doimhne buíon fear ag fonnadóireacht sa mbeár.
sa chaoi go dtiocfaí aníos léi in a way that she could be approached
" D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di, in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi.
atá ag teacht aníos which are due to happen
" Séard atá i gceist leis ná go roinneann a n-úsáideoirí eolas faoi imeachtaí atá ag teacht aníos.
ag fás aníos growing up
" ) Ní iontas rómhór é sin do bhall d'Eaglais na hÉireann ag fás aníos mar John Casey ag deireadh an 19ú haois i gceantar bocht Shr.
tíocht aníos le to come with
" Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar *Stillwater Communications* (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.
ag fás aníos growing up
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
fhás m’athair aníos my father grew up
" Creidim gur fearr i bhfad í Éire na linne seo ná an tír inar fhás m’athair aníos sna daichidí.
fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh we shall leave to the next generation
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.
agus mé ag fás aníos while I was growing up
" “Cumannaigh a bhí i m’athair agus i mo sheantuismitheoirí, mar sin ní raibh Críostaíocht de chineál ar bith sa teach agus mé ag fás aníos.
ag iarraidh mo chuid gasúr a thógáilt aníos ann trying to raise my children in
" Nuair a thosaigh mé ag déanamh obair pobail, nuair a bhí gasúir a’m féin, thosaigh mé ag breathnú thimpeall orm féin a rá, “ab ’eod é an cineál tíre a bhfuil mé ag iarraidh mo chuid gasúr a thógáilt aníos ann?” Mar gheall ar an aithne a bhí a’m ar Michael D.
atá ag teacht aníos which is in the offing
" Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
gur féidir níos mó a mhothú aníos ón mbóthar one can feel more of the road coming through
" Seachas sin is beag locht atá uirthi ó thaobh tiomána de – cé gur féidir níos mó a mhothú aníos ón mbóthar ná mar is ceart.
agus mé ag fás aníos as I was growing up
" "Thuig mé riamh anall agus mé ag fás aníos go raibh nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a bhí againn i mBéal Feirste, a raibh mé féin mar chuid agus mar dhéantús de, agus streachtailt na teanga sa Cheis Fhada agus an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar an chlaochlú phobail a tharla i ndiaidh na stailceanna ocrais,” a dúirt sé liom.
d’fhéach sé aníos orm he looked up at me
" Chuir sé a dhá láimh thart ar mo ghlúin agus d’fhéach sé aníos orm agus dúirt: “Céad míle fáilte go hÉirinn.
bhrú aníos to press up
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar snippets showing up on fcbook
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
aníos faoin ghaosán before our two eyes
" Tá an Seoiníneachas ceart go leor ina áit féin – i bhfad uainn - agus ní gá don chuid eile againn glacadh leis aníos faoin ghaosán, sna meáin chumarsáide.
tháinig aníos chugam came up to me
" “Is cuimhin liom go maith gasúr beag amháin a tháinig aníos chugam nuair a bhí mé ag déanamh ‘míreanna ceamar “piece to camera” a rachadh amach ar Nuacht a Seacht ar TG4, agus dúirt sé “come over here, come over here, there's bodies behind my house,” agus thaispeáin sé olluaigh dúinn a bhí ar chúl a thí.
tháinig sé aníos arís it arose again
" Cé gur buaileadh na hoibrithe i 1913 agus gur briseadh an ITGWU, tháinig sé aníos arís de bharr an ganntan saothair a bhí ar fáil le linn an Chogaidh Mhóir (1914 – 18).
Cé gur fhás sé aníos although he grew up
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
D'fhás Bashar aníos saibhir B. grew up rich
" D'fhás Bashar aníos saibhir i nDamaisc gan mórán foinn seilbh a ghlacadh ar chumhacht.
clúdaithe óna bhun aníos covered from top to bottom
" Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos that a boat native to K. went up through O C. St.
" Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san.
níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir he’d probably ascend quite rapidly
" Agus más bád ar déanamh na curaí a bhí aige, tóin mhín leathan uirthi seachas an droimlorga, níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir, agus an churach a iompar san áit a bhfuil eas agus mearuisce in Cenarth agus Caisleán Nua Emlyn.
ag teacht aníos a d’fhreastail ar coming up who attended
" “Anois tá daoine óga ag teacht aníos a d’fhreastail ar Diwan (scoileanna tumoideachais Briotáinise) nó ar Div Yezh (scoileanna dhátheangacha) agus daoine a bhfuil cúrsa STUMDI (eagraíocht ranganna do dhaoine fásta) déanta acu.
D'fhás Úna aníos i dteaghlach a thuig Una grew up in a household which understood
" D'fhás Úna aníos i dteaghlach a thuig cad é bhí tábhachtach sa tsaol seo.
ar fhás sé aníos ann where he grew up
" Tuigeann sé nach mbeadh an scéal úd oiriúnach do chomhrá tigh a mhuintire, an teach ar fhás sé aníos ann ach nach mbraitheann sé ar a shuaimhneas ann a thuilleadh.
ag fás aníos grew up
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
an dordán aníos as a rising murmur
"an dordán aníos as mo dhá chois ag éirí níos callánaí.
an ghlúin aníos i mo dhiaidh fosta the generation following me also
" De bharr an cheoil bhí sé in ann teach a cheannach agus rugadh agus tógadh mé féin sa teach chéanna agus an ghlúin aníos i mo dhiaidh fosta.
agus mé ag teacht aníos as I grew up
" Fuaireas a lán tacaíochta ó mo Dhaid agus ó mo mháthair agus mé ag teacht aníos.
agus mé ag fás aníos as I was growing up
" Bhí cur amach agam ar chúrsaí ceoil tríd an gclár raidió agus sheinntí ceirníní Ghael Linn sa bhaile go minic agus mé ag fás aníos.
ag gobadh aníos pushing up
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
ag sú na maitheasa aníos taking up their sustenance
" Tá córas fréamhacha curtha síos acu agus tá siad ag sú na maitheasa aníos as an phuiteach cois srutháin.
tagann gach ré duine aníos chugam every second person comes up to me
" Mar sin féin, tagann gach ré duine aníos chugam le cuma imníoch ar a n-aghaidh agus na focla “Usudu, usudu, usudu” rud a chiallaíonn, “tá sí preáchtaíthe, tá sí preáchtaíthe”.
a tháinig aníos leis an choinceap who came up with the concept
" Antain a tháinig aníos leis an choinceap agus is é Noel Ó Briain a bhí mar eagarthóir scripte.
d’fhás sí aníos in teach s’againne she grew up in our house
" Tháinig sise ag obair le mo mhuintir nuair nach raibh sí ach seacht nó ocht mbliana déag agus d’fhás sí aníos in teach s’againne.